12 1928


Uimhir 12 de 1928.


ACHT AINMHITHE MARBHTHA (CÚITEAMH), 1928.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN CISTE DO BHUNÚ, DO CHIMEÁD SUAS AGUS DO BHAINISTÍ CHUN CÚITEAMH D'ÍOC LE hÚNAERÍ EALLAIGH STUIC ÁIRITHE A hEASPORTÁLTAR AS SAORSTÁT ÉIREANN AGUS A MARBHUÍTEAR FÉ ÚDARÁS DLÍ AG PORT SA BHREATAIN MHÓIR TOISC GALAR COISE AGUS BÉIL DO BHRISE AMACH NO AMHRAS DO BHEITH ANN GO bhFUIL SÉ TAR ÉIS BRISE AMACH NO GO mBRAITHTEAR GUR BAOLACH GO mBRISFE SÉ AMACH, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH MAIDIR LE MODH SCRÚDUITHE AGUS SOCRUITHE ÉILITHE AR CHÚITEAMH DEN tSÓRT SAN. [17adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Tailte agus Talmhaíochta, foluíonn an focal “eallach” tairbh, ba, bulláin, seafaidí agus gamhna,

foluíonn an focal “caoirigh” reithí, fóisceacha. moltacháin agus uain,

foluíonn an focal “muc” collach, cráin, muc ramhar, no banbh,

foluíonn an focal “eallach stuic” eallach, caoirigh agus muca,

foluíonn an focal “ainmhithe” aon tsaghas eallaigh stuic,

foluíonn an focal “long-únaer” máistir aon luinge agus gach éinne eile dá mbeidh sé údaruithe gníomhú mar ghníomhaire d'únaer na luinge sin no a bheidh i dteideal an luach fartha, an liúntas moille, no éilithe eile i dtaobh na luinge sin d'fháil,

cialluíonn an focal “údaráis Bhriotáineacha” an tAire no an t-oifigeach no an duine eile ag á mbeidh údarás dlí de thurus na huaire sa Bhreatain Mhóir é dhéanamh oblagáideach ainmhithe do mharbha toisc galar coise agus béil do bhrise amach no amhras do bheith ann go bhfuil sé tar éis brise amach no go mbraithtear gur baolach go mbrisfe sé amach, agus

cialluíonn an focal “Achtanna Galar na nAinmhithe” na Diseases of Animals Acts, 1894 to 1914.

Na hIontaobhaithe Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh).

2. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so bunófar do réir an Achta so cólucht ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm na hIontaobhaithe Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh) (dá ngairmtear na hIontaobhaithe san Acht so).

(2) Beidh na hIontaobhaithe ina gcólucht corparáideach agus síor-chomharbas acu agus féadfid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fén teideal agus fén ainm sin adubhradh.

(3) Soláthróidh na hIontaobhaithe agus beidh acu có-shéala, agus deimhneofar an séala san le sighniú éinne de sna hIontaobhaithe, no le sighniú rúnaí na nIontaobhaithe agus údarás cuibhe aige uatha chuige sin.

(4) Tabharfidh gach cúirt bhreithiúnais áird ar shéala na nIontaobhaithe i gcúrsaí breithiúnais agus glacfar i bhfianaise gach scríbhinn a thabharfidh le tuisgint í bheith séaluithe le séala na nIontaobhaithe agus an séala san deimhnithe do réir an ailt seo agus gan a thuille cruthúnais tuigfar, mara gcruthuítear a mhalairt, gur scríbhinn í do tugadh amach le húdarás no fé údarás na nIontaobhaithe.

Na hIontaobhaithe do cheapa.

3. —(1) Seisear líon na nIontaobhaithe agus isé an có-ghléasa ar a dtugtar do ghnáth an National Executive of the Irish Live Stock Trade (dá ngairmtear an Coiste Náisiúnta san Acht so) a cheapfidh iad uile fé mar a bheidh gá leis sin.

(2) Fianófar tré scríbhinn fé láimh chathaoirleach an Choiste Náisiúnta gach ceapachán a dhéanfidh an Coiste Náisiúnta fén bhfo-alt san roimhe seo.

(3) Isé bheidh mar Chathaoirleach ar na hIontaobhaithe ná pé ball de sna hIontaobhaithe a ainmneoidh na hIontaobhaithe o am go ham chuige sin.

(4) Pé uair a bheidh Cathaoirleach na nIontaobhaithe mí-ábalta go sealadach ar a dhualgaisí do chólíona mar Chathaoirleach den tsórt san toisc é bheith breoite no toisc gan é bheith i Saorstát Éireann, féadfidh na hIontaobhaithe aon bhall de sna hIontaobhaithe d'ainmniú chun bheith ina leas-chathaoirleach le linn mí-ábaltachta no nea-láithreachta san Chathaoirleach na nIontaobhaithe agus é do chur as an oifig sin aon uair, agus faid a bheidh gach leas-chathaoirleach den tsórt san ina leas-chathoirleach beidh comhachta agus dualgaisí uile Chathaoirleach na nIontaobhaithe aige agus chuige sin déanfar gach tagairt atá san Acht so (lasmuich den alt so) do Chathaoirleach na nIontaobhaithe do léiriú mar thagairt a fholuíonn an leas-chathoirleach san.

Cáilíocht na nIontaobhaithe.

4. —(1) Beidh gach ball de sna hIontaobhaithe ina dhuine a chomhnuíonn do ghnáth i Saorstát Éireann agus 'na mbíonn ar siúl aige an gnó san eallach stuic d'easportáil as Saorstát Éireann.

(2) Beidh ceathrar ball ar a laighead de sna hIontaobhaithe ina ndaoine 'na mbíonn ar siúl acu an gnó san eallach agus caoirigh no ceachtar acu d'easportáil as Saorstát Éireann agus beidh ball amháin ar a laighead de sna hIontaobhaithe ina dhuine 'na mbíonn ar siúl aige an gnó san muca d'easportáil as Saorstát Éireann.

Téarma oifige na nIontaobhaithe.

5. —(1) Fé réir na bhforálacha den alt so i dtaobh daoine a ceapfar chun foth-fholúntaisí, marab éag, cirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do beidh gach ball de sna hIontaobhaithe i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san ar feadh téarma deich mblian a háireofar, i gcás na gcéad bhall, o bhunú na nIontaobhaithe agus, i gcás gach baill ina dhiaidh sin, o dheire téarma oifige an té do bhí roimhe.

(2) Ball de sna hIontaobhaithe a ceapfar chun foth-fholúntais imeasc na nIontaobhaithe, beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhícháilíocht.

(3) Féadfidh ball de sna hIontaobhaithe aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú chun na nIontaobhaithe agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe de sna hIontaobhaithe a thosnóidh tar éis do sna hIontaobhaithe an t-eirghe as san d'fháil.

(4) Tiocfidh ball de sna hIontaobhaithe chun bheith dícháilithe chun oifige mar bhall den tsórt san ar thuitim amach d'einní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) an ball san do bheith as láthair o cheithre gnáthchruinnithe i ndiaidh a chéile de sna hIontaobhaithe, no

(b) an ball san do scur de sna cáilíochta do bheith aige is gá do réir an Achta so do dhuine chun bheith ina bhall de sna hIontaobhaithe.

(5) Beidh gach ball de sna hIontaobhaithe ion-athcheaptha ar scur dá bhallraíocht tré imeacht aimsire.

Cruinnithe na nIontaobhaithe agus an nósimeachta.

6. —(1) Comórfar an chéad ghnáth-chruinniú de sna hIontaobhaithe ar dháta nách déanaí ná mí tar éis na céad Iontaobhaithe do bheith ceaptha agus comórfar gach gnáthchruinniú ina dhiaidh sin de sna hIontaobhaithe pé uaire (nách annamhaí ná uair i ngach tréimhse de thrí mhí i ndiaidh a chéile) a cheapfidh na hIontaobhaithe go generálta no d'aon ghnáthchruinniú áirithe.

(2) Déanfidh Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta an chéad ghnáth-chruinniú de sna hIontaobhaithe do ghairm tré fhógra do chur tríd an bpost agus é dírithe chun gach baill fé leith de sna hIontaobhaithe ag á ghnáth-áit chomhnaithe agus déanfidh Rúnaí na nIontaobhaithe gach gnáth-chruinniú ina dhiaidh sin de sna hIontaobhaithe do ghairm sa tslí a bheidh orduithe chuige sin le rialacha a dhéanfidh na hIontaobhaithe fén Acht so.

(3) Féadfar cruinniú speisialta de sna hIontaobhaithe do chomóra chun aon chríche chun ar gá no chun ar bhfearr agus aon uair is gá no is fearr, dar le Cathaoirleach na nIontaobhaithe, cruinniú speisialta de sna hIontaobhaithe do chomóra agus déanfidh Rúnaí na nIontaobhaithe gach cruinniú den tsórt san do ghairm sa tslí a bheidh orduithe chuige sin le rialacha a dhéanfidh na hIontaobhaithe fén Acht so.

(4) Is do réir rialacha a dhéanfidh na hIontaobhaithe fén Acht so a stiúrófar nós-imeachta na nIontaobhaithe ag á gcruinnithe agus eile.

(5) Triúr ball de sna hIontaobhaithe a bheidh mar quorum ag aon chruinniú de sna hIontaobhaithe.

(6) Ag gach cruinniú de sna hIontaobhaithe beidh Cathaoirleach na nIontaobhaithe, más i láthair do, mar Chathaoirleach ar an gcruinniú no, má bhíonn Cathaoirleach na nIontaobhaithe as láthair, isé bheidh mar Chathaoirleach ar an gcruinniú ná pé ball de sna hIontaobhaithe a thoghfidh na baill de sna hIontaobhaithe a bheidh i láthair an uair sin.

(7) Beidh vóta breise no vóta réitigh ag an gCathaoirleach ag cruinniú de sna hIontaobhaithe.

(8) Féadfidh na hIontaobhaithe gníomhú d'ainneoin folúntas do bheith ina mballraíocht.

Rúnaí na nIontaobhaithe.

7. —(1) Ceapfidh na hIontaobhaithe duine ceart oiriúnach (nách ball de sna hIontaobhaithe) chun bheith ina rúnaí do sna hIontaobhaithe.

(2) Íocfar le rúnaí na nIontaobhaithe, amach as na cistí a bheidh ar a gcur ag na hIontaobhaithe fén Acht so, pé luach saothair (nách mó ná dhá chéad punt sa bhliain) agus costaisí (más ann dóibh) a shocróidh na hIontaobhaithe.

An Ciste Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh) do bhunú.

8. —(1) Déanfidh na hIontaobhaithe ciste ar a dtabharfar an Ciste Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh) (dá ngairmtear an ciste cúitimh san Acht so) do bhunú, do chimeád suas agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Cuirfidh na hIontaobhaithe i gcreidiúint don chiste chúitimh gach airgead a gheobhaid fén Acht so agus íocfar amach as an gciste sin—

(a) gach cúiteamh is iníoctha fén Acht so, agus

(b) gach airgead is gá chun airgead a gheobhaidh na hIontaobhaithe ar iasacht fén Acht so d'aisíoc no chun ús d'íoc ar an airgead san, agus

(c) gach suim a orduíonn an tAcht so do sna hIontaobhaithe d'íoc amach as na cistí a bheidh ar a gcur acu fén Acht so, agus

(d) gach costas fé n-a raghaidh na hIontaobhaithe i bhfeidhmiú an Achta so.

An scála d'éilithe.

9. —An té gur leis aon ainmhithe a seachadfar ar an lá ceaptha no dá éis sin do long-únaer le hiompar ar bord luinge o aon phort i Saorstát Éireann go dtí aon phort sa Bhreatain Mhóir, íocfa sé leis na hIontaobhaithe ar na hainmhithe sin agus maidir leo, sa tslí a foráltar leis an Acht so, na héilithe oiriúnacha do réir an scála so a leanas (dá ngairmtear an scála d'éilithe san Acht so), sé sin le rá:—

(a) suim dhá phingin go leith ar gach ceann callaigh,

(b) suim leathphinge ar gach caora,

(c) suim pingne ar gach muic.

Modh íoctha na n-éilithe.

10. —(1) Na héilithe is iníoctha fén Acht so leis na hIontaobhaithe ag únaer aon ainmhithe íocfar iad tríd an únaer sin do cheannach o sna hIontaobhaithe no o n-a ngníomhairí stampaí greamathacha a sholáthróidh na hIontaobhaithe fén Acht so agus a bheidh den luach is oiriúnach do shaghas agus do líon na n-ainmhithe 'na mbeidh na héilithe sin iníoctha ortha agus maidir leo mar adubhradh.

(2) Chun críche an Achta so cuirfidh na hIontaobhaithe fé ndeár go n-ullamhófar agus soláthróid agus cuirfid ar díol i pé áiteanna agus i pé caindíochtaí is oiriúnach leis na hIontaobhaithe stampaí greamathacha de pé luachanna is oiriúnach leis na hIontaobhaithe ag féachaint dóibh don scála d'éilithe a socruítear leis an Acht so.

(3) Má dhineann éinne samhail fhallsa no bhréagach d'aon stampa a sholáthruigh na hIontaobhaithe fén alt so no má dhineann sé aon stampa is col do a bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach d'aon stampa do soláthruíodh amhlaidh d'úsáid, do dhíol, no do thaisbeáint no do thairisgint chun a dhíolta, ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú punt do chur air.

Ráiteas an únaera.

11. —(1) An té gur leis aon ainmhithe a seachadfar ar an lá ceaptha no dá éis sin do long-únaer le hiompar ar bord luinge o phort i Saorstát Éireann go dtí port sa Bhreatain Mhóir, ullamhóidh seisean no a ghníomhaire, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag na hIontaobhaithe, agus seachadfa sé don longúnaer sin ráiteas i scríbhinn (dá ngairmtear ráiteas an únaera anso ina dhiaidh seo) ina mbeidh na mion-innste seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) líon na n-ainmhithe sin (i scríbhinn agus i bhfigiúirí) agus tuairisc ortha do réir a lín agus a dtuairisce mar a thug an t-únaer sin iad san iarratas do dhin sé chun cigire sréidliaghachta na Roinne Tailte agus Talmhaíochta ar dheimhniú shláinte is gá i dtaobh na n-ainmhithe sin fé aon ordú do dineadh fé Achtanna Galar na nAinmhithe agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, agus

(b) ainm agus seola an únaera san.

(2) An té gur leis ainmhithe den tsórt san roimhráite greamóidh seisean no a ghníomhaire de ráiteas an únaera, sa tslí a bheidh orduithe ag na hIontaobhaithe, stampaí greamathacha den luach is oiriúnach don scála d'éilithe a socruítear leis an Acht so maidir le hainmhithe den tsórt san d'iompar ar bord luinge agus déanfar an greamú san sara seachadfidh an t-únaer sin no gníomhaire an únaera san an ráiteas san don longúnaer dá seachadfar na hainmhithe le n-a mbaineann an ráiteas san le hiompar ar bord luinge mar adubhradh.

(3) Déanfar gach ráiteas únaera a stampálfar do réir an ailt seo do sheachada don long-únaer sin san am gcéanna ina seachadfar don long-únaer sin an deimhniú sláinte i dtaobh na n-ainmhithe le n-a mbaineann an ráiteas san.

(4) An long-únaer dá seachadfar ráiteas únaera fén alt so déanfa sé deimhin de dho féin, sara dtógfa sé ar bord na hainmhithe le n-a mbaineann an ráiteas san, go bhfuil sa ráiteas san na mion-innste is gá do réir an ailt seo do bheith ann agus, ag féachaint do líon agus do shaghas na n-ainmhithe le n-a mbaineann an ráiteas san, go bhfuil greamuithe dhe go cuibhe stampaí greamathacha den luach is oiriúnach do réir an scála d'éilithe a socruítear leis an Acht so.

(5) Más deimhin leis an long-únaer—

(a) ráiteas an únaera, do scachadadh do fén alt so, do bheith gan na mion-innste ann is gá do réir an ailt seo do bheith i ráiteas an únaera, no

(b) go bhfuil na mion-innste ann nea-chruinn no mí threorach in aon phonc táchtach no nách leor iad ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, no

(c) ná fuil an ráiteas san stampálta go cuibhe do réir an ailt seo,

ansan agus in aon chás den tsórt san féadfidh an long-únaer diúltú do sna hainmhithe le n-a mbaineann an ráiteas san do thógaint ar bord.

(6) Má thógann long-únaer aon ainmhithe ar bord gur gá do réir an ailt seo ráiteas únaera ina dtaobh do sheachada dho agus má thógann sé ar bord iad amhlaidh gan ráiteas únaera agus é stampálta go cuibhe do réir an ailt seo do bheith seachadtha dho, dlighfidh an long-únaer sin iomlán na n-éilithe is iníoctha fén Acht so maidir leis na hainmhithe sin no pé méid de sna héilithe sin ná beidh íoctha leis na stampaí a bheidh greamuithe ar ráiteas an únaera san, pe'ca aca is gá sa chás, d'íoc leis na hIontaobhaithe agus beidh na hIontaobhaithe i dteideal iad do bhaint den long-únaer sin mar fhiacha síbhialta.

(7) Gach ráiteas únaera a seachadfar do long-únaer fén alt so coinneoidh an long-únaer sin é go ceann tréimhse sé mí o dháta an tseachadtha san agus déanfidh an long-únaer sin, i rith na tréimhse sin, an ráiteas san do thaisbeáint do rúnaí na nIontaobhaithe chun go n-iniúchfidh seisean é má iarrann agus pé uair a iarrfidh an rúnaí sin air san do dhéanamh.

Cúiteamh in ainmhithe marbhtha.

12. —Pé uair a déanfar ainmhithe do heasportáladh ar an lá ceaptha no dá éis sin as Saorstát Éireann go dtí port sa Bhreatain Mhóir do mharbha, le linn a gcoinneála ag an bport san, mar gheall ar a n-éileoidh na húdaráis Bhriotáineacha toisc galar coise agus béil do bhrise amach no amhras do bheith ann go bhfuil sé tar éis brise amach no go mbraithtear gur baolach go mbrisfe sé amach, beidh teideal ag únaer na n-ainmhithe sin, fé réir forálacha an Achta so, cúiteamh sa mharbha san d'íoc leis fén Acht so de pé méid a measfar fén Acht so agus dá réir.

Coistí meastóirí.

13. —(1) Gach éileamh a déanfar ar chúiteamh fén Acht so i marbha aon eallaigh no caorach scrúdófar é ag coiste meastóirí a bheidh có-dhéanta de thriúr agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh baill cháilithe de sna hIontaobhaithe ar fáil, beidh an triúr san ina mbaill de sna hIontaobhaithe agus ceapfar iad ag na hIontaobhaithe agus, mara mbeidh no sa mhéid ná beidh baill cháilithe de sna hIontaobhaithe ar fáil, beidh an triúr san ina ndaoine 'na mbíonn ar siúl acu an gnó san eallach agus caoirigh d'easportáil as Saorstát Éireann agus ceapfar iad ag an gCoiste Náisiúnta ar iarratas na nIontaobhaithe, ach ní bheidh ar aon choiste meastóirí den tsórt san ball de sna hIontaobhaithe do hainmníodh chun bheith ina bhall amhlaidh toisc go mbíonn ar siúl aige an gnó san muca d'easportáil as Saorstát Éireann.

(2) Gach éileamh a déanfar ar chúiteamh fén Acht so i marbha aon mhuc scrúdófar é ag coiste meastóirí a bheidh códhéanta de thriúr agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh baill cháilithe de sna hIontaobhaithe ar fáil, beidh an triúr san ina mbaill de sna hIontaobhaithe do hainmníodh mar bhaill den tsórt san toisc go mbíonn ar siúl acu an gnó san muca d'easportáil as Saorstát Éireann agus isiad na hIontaobhaithe a cheapfidh chun an choiste sin iad agus, sa mhéid ná beidh baill cháilithe de sna hIontaobhaithe ar fáil, beidh an triúr san ina ndaoine 'na mbíonn ar siúl acu an gnó san muca d'easportáil as Saorstát Éireann agus ceapfar iad ag an gCoiste Náisiúnta ar iarratas na nIontaobhaithe.

(3) Einne go mbeidh leas airgid aige in éileamh ar chúiteamh fén Acht so beidh sé dí-cháilithe chun bheith ina bhall den choiste mheastóirí a scrúdóidh an t-éileamh san.

(4) Ceapfar coistí meastóirí chun crícheanna an ailt seo ag na hIontaobhaithe agus ag an gCoiste Náisiúnta ar iarratas na nIontaobhaithe fé seach mar agus nuair is gá é no is dó leis na hIontaobhaithe gur bhfearr an ceapa san do dhéanamh.

Luach ainmhithe do mheas.

14. —(1) Pé uair a thiocfa sé in eolas do sna hIontaobhaithe gur dineadh aon ainmhithe do heasportáladh ar an lá ceaptha no dá éis sin as Saorstát Éireann go dtí port sa Bhreatain Mhóir do mharbha, no go bhfuiltar chun a marbhtha, ag an bport san mar gheall ar ar éilimh na húdaráis Bhriotáineacha toisc galar coise agus béil do bhrise amach no amhras do bheith ann go raibh sé tar éis brise amach no gur braitheadh gur bhaolach go mbrisfadh sé amach, raghaidh coiste meastóirí, a ceapfar fén Acht so agus a bheidh cáilithe chun éilithe ar chúiteamh fén Acht so i marbha na n-ainmhithe sin do scrúdú, go dtí an port san láithreach agus measfid san áit sin cad is luach, chun crícheanna an chúitimh sin, do sna hainmhithe uile do marbhuíodh no a bheidh le marbha amhlaidh agus go bhféadfí no go mb'fhéidir go bhféadfí éilithe ar chúiteamh den tsórt san i dtaobh a marbhtha do chur ar aghaidh fén Acht so.

(2) Bainfidh na forálacha so a leanas le meas do dhéanamh fén Acht so ar luach ainmhithe do marbhuíodh no a bheidh le marbha, sé sin le rá:—

(a) déanfar luach ainmhithe do marbhuíodh no a bheidh le marbha mar gheall ar ghalar coise agus béil do bheith ortha do mheas mar a bhí sé an t-am díreach sara dtáinig an galar san ortha;

(b) déanfar luach ainmhithe do marbhuíodh agus gan an galar san ortha do mheas mar a bhí sé an t-am díreach sarar marbhuíodh iad;

(c) déanfar luach ainmhithe a bheidh le marbha agus gan an galar san ortha do mheas mar a bheidh sé am an mheasa san;

(d) ní tabharfar aon áird ar laigheadú luacha ná beidh de chúis leis ach na hainmhithe do bheith no iad do bheith tar éis bheith i líomatáiste ina rabhdar í mbaol galar coise agus béil do theacht ortha.

Breith do thabhairt ar éilithe ar chúiteamh.

15. —(1) Nuair a bheidh luach aon ainmhithe measta fén Acht so ag coiste meastóirí scrúdóidh an coiste sin sa Bhreatain Mhóir no i Saorstát Éireann, pe'ca áit aca is oiriúnaighe dhóibh, gach éileamh ar chúiteamh fén Acht so i dtaobh na n-ainmhithe sin agus socróid, maidir le gach éileamh den tsórt san, ce'ca tá an t-éilitheoir i dteideal an chúitimh sin no ná fuil agus i gcás ina socróidh an coiste sin go bhfuil aon éilitheoir den tsórt san i dteideal an chúitimh sin socróidh an coiste sin méid an chúitimh sin ag féachaint dóibh do luach na n-ainmhithe le n-a mbaineann an t-éileamh mar a bheidh an luach san measta acu agus do pé nithe eile a thabharfidh an t-éilitheoir os a gcóir.

(2) Tuairisceoidh gach coiste meastóirí do sna hIontaobhaithe láithreach a mbreith ar gach éileamh, ar chúiteamh fén Acht so, a scrúdóid agus méid an chúitimh (más ann do) a shocróid a bheith iníoctha fén Acht so in aghaidh an éilimh sin.

(3) Féadfidh coiste meastóirí le haontú únaera aon ainmhí go mbeid tar éis a luach do mheas fén alt so conablach an ainmhí sin do dhíol agus íocfidh an coiste sin tora an díola san isteach sa chiste chúitimh.

(4) Má dhiúltuíonn únaer aon ainmhí den tsórt san roimhráite d'aontú le coiste meastóirí do dhíol conablaigh an ainmhí sin fén alt so ní bheidh an t-únaer sin i dteideal cúitimh fén Acht so i marbha an ainmhí sin.

(5) I gcás ina dtuairisceoidh coiste meastóirí do sna hIontaobhaithe fén alt so éilitheoir cúitimh fén Acht so do bheith i dteideal an chúitimh sin íocfidh na hIontaobhaithe leis an éilitheoir sin, amach as an gciste cúitimh, méid an chúitimh sin fé mar do shocruigh an coiste sin é.

(6) An bhreith a thabharfidh coiste meastóirí fén Acht so ar éileamh ar chúiteamh fén Acht so, beidh sí, maidir leis an gceart chun an chúitimh sin agus le n-a mhéid (más ann do), ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

Cúiteamh i gcásanna speisialta.

16. —(1) Einne is saoránach de Shaorstát Éireann agus adéarfidh go mba leis no gurb é is ionadaí pearsanta don té go mba leis aon eallach le n-a mbaineann an t-alt so féadfa sé cúiteamh san eallach san d'iarraidh ar na hIontaobhaithe.

(2) Nuair a gheobhaidh na hIontaobhaithe o éinne den tsórt san roimhráite iarratas fén alt so ar chúiteamh agus tar éis pé fiosrú is oiriúnach leis na hIontaobhaithe do dhéanamh, féadfid, más oiriúnach leo é, cúiteamh d'íoc leis an duine sin, amach as an gciste cúitimh, i ngach ceann no in aon cheann den eallach le n-a mbaineann an t-iarratas san, pé cúiteamh is dó leis na hIontaobhaithe is ceart ag féachaint dóibh do gach ní a bhaineann leis an gcás.

(3) Baineann an t-alt so leis an eallach uile—

(a) do heasportáladh as Saorstát Éireann pe'ca tré phort atá laistigh de líomatáiste údaráis Shaorstáit Éireann é no tré phort ná fuil laistigh den líomatáiste údaráis sin, agus

(b) do marbhuíodh, aon uair roimh rith an Achta so, ag port sa Bhreatain Mhóir mar gheall ar ar éilimh na húdaráis Bhriotáineacha i gcás den tsórt ina mbeadh cúiteamh iníoctha ag na hIontaobhaithe, amach as an gciste cúitimh, le húnaerí an eallaigh sin fén Acht so dá mba tar éis rithte an Achta so a déanfí an marbha san agus go n-íocfí ar an eallach san na héilithe a forchuirtar leis an Acht so maidir le heallach a heasportálfar ar an lá ceaptha no dá éis sin as Saorstát Éireann go dtí port sa Bhreatain Mhóir.

Eilithe do chur ar fiunraoi.

17. —(1) Pé uair a bheidh an ciste cúitimh chó mór le suim fiche míle punt (agus an chuid de a bheidh súncálta d'áireamh do réir phraghsanna reatha an mhargaidh) no is dó leis na hIontaobhaithe gur leor an ciste cúitimh ansan chun íoctha gach muirir go mbeidh sé réasúnta bheith ag coinne é bheith iníoctha amach as i rith na sé mí díreach ina dhiaidh sin, cuirfidh na hIontaobhaithe an méid sin in úil don Aire láithreach, agus leis sin, maidir leis na héilithe go gceangailtear leis an Acht so ar únaerí ainmhithe a heasportálfar go dtí an Bhreatan Mhór as Saorstát Éireann iad d'íoc ar na hainmhithe sin, féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, tré ordú do dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis na hIontaobhaithe, íoc na n-éilithe sin do chur ar fiunraoi go ceann pé aimsir, o dháta an orduithe, a bheidh luaidhte san ordú.

(2) Féadfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do leasú, do cheiliúra, no do bhuanú le hordú ina dhiaidh sin a dhéanfidh an tAire ar iarratas na nIontaobhaithe.

(3) Ní dhéanfidh aon ordú a déanfar fén alt so duine do shaora o fhiachas ná do chur fé fhiachas éilithe d'íoc fén Acht so ar ainmhithe a heasportáladh as Saorstát Éireann roimh dháta an orduithe sin.

Comhachta chun iasachtaí d'fháil.

18. —Féadfidh na hIontaobhaithe airgead d'fháil ar iasacht i gcóir an chiste chúitimh pé uair agus chó fada le pé méid agus ar pé téarmaí a mheádhfid a bheith ceart.

An ciste cúitimh do shúncáil in urrúis iontaobhais.

19. —(1) Pé méid den chiste chúitimh gur dó leis na hIontaobhaithe nách gá é láithreach, de thurus na huaire, chun suimeanna is iníoctha amach as an gciste sin fén Acht so d'íoc. déanfidh na hIontaobhaithe é do shúncáil in urrúis ina mbeidh sé údaruithe d'Iontaobhaithe, do réir na dlí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, cistí iontaobhais do shúncáil.

(2) Féadfidh na hIontaobhaithe o am go ham, do réir a dtoile féin, gach airgead a súncálfar fén alt so d'atharú no d'aistriú chun súncálanna eile a bheidh údaruithe fén alt so agus chun an t-atharú no an t-aistriú san do dhéanamh, no chun an chuid shúncálta den chiste chúitimh do chur in úsáid chun crícheanna an Achta so, féadfid gach súncáil no aon tsúncáil a dhéanfid fén alt so do dhíol agus airgead do dhéanamh di aon uair.

(3) Íocfar isteach sa chiste chúitimh gach dividendum agus ús a gheobhaidh na hIontaobhaithe ar shúncálanna a dhéanfid fén alt so.

Costaisí taistil agus liúntaisí.

20. —(1) Iocfidh na hIontaobhaithe amach as na cistí a bheidh ar a gcur acu fén Acht so leis na baill de sna hIontaobhaithe ar son bheith ag cruinnithe de sna hIontaobhaithe costaisí taistil agus liúntas cothuithe do réir pé rátaí agus pé scálaí a shocróidh an Coiste Náisiúnta o am go ham.

(2) Iocfidh na hIontaobhaithe amach as na cistí a bheidh ar a gcur acu fén Acht so leis na baill de choistí meastóirí (pe'ca baill de sna hIontaobhaithe na baill sin no nách ea) ar son iad súd do chólíona a ndualgas mar bhaill den tsórt san fén Acht so costaisí taistil agus liúntas cothuithe do réir pé rátaí agus pé scálaí a shocróidh an Coiste Náisiúnta o am go ham.

Cuntaisí agus iniúcha.

21. —(1) Laistigh de mhí tar éis deire na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1929, agus laistigh de mhí tar éis deire gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin ullamhóidh na hIontaobhaithe cuntas a thaisbeánfidh gach íocaíocht a cuireadh isteach sa chiste chúitimh agus gach íocaíocht a tugadh amach as agus gach súncáil, díol súncála agus deighleáil eile a dineadh leis an gciste cúitimh i rith na bliana airgeadais le n-a mbaineann an cuntas san.

(2) Déanfidh iniúchóirí a cheapfidh na hIontaobhaithe chuige sin gach cuntas a hullamhófar fén alt so d'iniúcha laistigh de mhí tar éis a ullamhuithe agus íocfidh na hIontaobhaithe costaisí iniúcha gach cuntais den tsórt san amach as na cistí a bheidh ar a gcur acu fén Acht so.

(3) Ar a iarraidh sin d'éinne 'na mbíonn ar siúl aige an gnó san eallach stuic d'easportáil as Saorstát Éireann, tabharfidh rúnaí na nIontaobhaithe don duine sin, gan aon phrémium ná táille d'fháil uaidh, cóip d'aon chuntas do hullamhuíodh agus do hiniúchadh fén alt so.

An lá ceaptha.

22. —(1) Chó luath is bheidh caoi ann chuige sin ceapfidh na hIontaobhaithe lá chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) Déanfar gach tagairt san Acht so don lá cheaptha do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don lá a cheapfidh na hIontaobhaithe fén alt so.

Rialacha a fhéadfidh na hIontaobhaithe a dhéanamh.

23. —Féadfidh na hIontaobhaithe rialacha do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) cruinnithe de sna hIontaobhaithe do ghairm,

(b) nós-imeachta na nIontaobhaithe ag á gcruinnithe, maraon leis an modh ar a socrófar ag na cruinnithe sin nithe is gá a shocrú ag na cruinnithe sin,

(c) fuirm agus modh déanta iarrataisí ar chúiteamh fén Acht so,

(d) nós-imeachta coistí meastóirí a ceapfar fén Acht so, maraon leis an modh ar a socróidh na coistí sin nithe is gá dhóibh a shocrú,

(e) gach ní agus rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ag na hIontaobhaithe,

(f) éinní no aon rud eile a bhaineann leis na hIontaobhaithe d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so agus is dó leis na hIontaobhaithe is ceart do rialáil no d'ordú le rialacha.

Gearr-theideal.

24. —Féadfar an tAcht Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh), 1928 , do ghairm den Acht so.