An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.)

11 1928

ACHT AIRGID, 1928

CUID II.

Custuim agus Mal.

Diúité gluaisteáin.

11. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le trí triochad is trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach gluaisteán agus ar gach fíor-chuid de ghluaisteán agus ar gach cabhair do a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin.

(2) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so ach go mbeidh an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

(4) Ní héileofar ná ní gearrfar, ar aon earra is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so, na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1928, le halt 12 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ).

(5) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “diúité gluaisteáin” an diúité a forchuirtar leis an alt so, agus

foluíonn an focal “gluaisteáin” mótar-tharraicirí, mótar-rothair, agus mótar-rothair thréanacha, agus fós foluíonn sé feithiclí atá ceaptha, d'aon ghnó no go mór mór, chun iad do tharrac le gluaisteáin, le mótar-tharraicirí, le mótar-rothair, no le mótarrothair thréanacha no chun a gceangailte dhíobh san.

Ais-tarrac i dtaobh diúité ghluaisteáin.

12. —(1) Má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur híocadh diúité gluaisteáin go cuibhe ar aon earra agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann, lomhálfar ar an earra san, má easportáltar í mar áirnéis cheannaíochta, ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh.

(2) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin agus aon earra den tsórt san a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a heasportála amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh an earra roimh a heasportáil no nár lomháladh aon ais-tarrac diúité nuair a heasportáladh í no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim aon ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(3) Ní tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur hiomportáladh ná gur heasportáladh earraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach amháin ar turus fé bhanna.

Saoirsí ó dhiúité ghluaisteáin.

13. —(1) I gcás ina gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil gluaisteán déanta agus oiriúnach chun tiomáinte no chun tarraicthe ar ráil-rianta agus go bhfuiltar chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun tiomáinte no chun tarraicthe amhlaidh agus chuige sin amháin, no go bhfuil mótar-tharraicire déanta agus oiriúnach chun crícheanna talmhaíochta nách gá ina gcóir é d'úsáid ar bhóthar phuiblí agus go bhfuiltar chun é d'úsáid no gur húsáideadh é agus go bhfuil sé á úsáid chun na gcrícheanna talmhaíochta san amháin no, i dtaobh earra, gur fíor-chuid í d'aon ghluaisteán no mótar-tharraicire den tsórt roimhráite no gur cabhair do í agus go bhfuiltar chun í d'úsáid no gur húsáideadh í agus go bhfuil sí á húsáid mar fhíor-chuid no mar chabhair den tsórt san agus mar sin amháin, no go bhfuil earra de shaghas gur mar fhíorchuid de ghiuaisteán no mar chabhair do is mó a húsáidtear í ach go n-iomportáltar í chun í d'úsáid chun críche éigin eile, ansan, fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur maidir le duillín do chur ar an earra, le marcáil, le stampáil, le cruthúnas, le hurrús no le héinní eile, lomhálfidh na Coimisinéirí Ioncuim an earra d'iomportáil gan diúité gluaisteáin d'íoc no, i gcás in ar híocadh an diúité sin ar iomportáil na hearra, aisíocfid an diúité sin.

(2) Ar aon aistriú do dhéanamh ar únaeracht ghluaisteáin no fhíor-choda no chabhrach do leigeadh isteach fén alt so gan diúité gluaisteáin d'íoc no ar ar haisíocadh diúité gluaisteáin fén alt so, má éilíonn na Coimisinéirí Ioncuim air é tabharfidh an t-aistreoir fógra do sna Coimisinéirí Ioncuim láithreach i dtaobh an aistrithe sin agus i dtaobh ainm agus seola an aistrí.

(3) Más rud é, faid a leanfidh diúité gluaisteáin de bheith iníoctha, go scriosfidh éinne no go dtógfidh éinne duillín, stampa, no marc do cuireadh ar ghluaisteán no ar fhíor-chuid de ghluaisteán no ar chabhair do do réir choiníollacha d'fhorchur na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, no go ndéanfa sé gluaisteán no fíor-chuid no cabhair do leigheadh isteach fén alt so gan diúité ghluaisteáin d'íoc no ar ar haisíocadh diúité gluaisteáin fén alt so d'úsáid chun aon chríche ach an chrích gur dineadh an leigintisteach no an t-aisíoc san mar gheall uirthi, no go dteipfidh air fógra do thabhairt, do réir éilimh do dhin na Coimisinéirí Ioncuim air fén alt so, i dtaobh aistriú do dhin sé ar ghluaisteán no ar fhíor-chuid de ghluaisteán no ar chabhair do no i dtaobh ainm no seola an té chun ar haistríodh é, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil do chur air a bheidh chó mór fé thrí le luach an ghluaisteáin no na fíor-choda no na cabhrach san, agus an diúité gluaisteáin is iníoctha air d'áireamh, no, más rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim é, fíneáil céad punt agus, in aon chás, geallbhruidfar an gluaisteán, an fhíor-chuid no an chabhair gur dineadh an cionta mar gheall air.

Saoirsí eile o dhiúité ghluaisteáin.

14. —(1) Féadfidh an tAire Airgid, le hordú, aon earra áirithe is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin do shaora ón diúité sin más deimhin leis, mar gheall ar a laighead is fiú an earra, ná fuil sé oiriúnach an diúité d'éileamh.

Féadfar orduithe do dineadh fé fho-alt (5) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do bhí i bhfeidhm an 25adh lá d'Abrán, 1928, do cheiliúra no do leasú le hordú a déanfar fén bhfo-alt so agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasú den tsórt san, bainfid le diúité gluaisteáin agus leanfid i bhfeidhm dá réir sin.

(2) Féadfidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh á fhoráil go dtabharfar ar feadh tréimhse teoranta saoirse o dhiúité ghluaisteáin, in iomlán no i bpáirt, do ghluaisteáin a tabharfar isteach i Saorstát Éireann ag daoine ná fanfidh ann ach tamall.

Féadfar rialacháin do dineadh fé fho-alt (6) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do bhí i bhfeidhm an 25adh lá d'Abrán, 1928, do cheiliúra no do leasú le rialacháin a déanfar fén bhfo-alt so agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasú den tsórt san, bainfid le diúité gluaisteáin agus le gluaisteáin is ionchurtha fén diúité sin agus leanfid i bhfeidhm dá réir sin.

Cáirde do thabhairt chun diúité gluaisteáin d'íoc.

15. —D'ainneoin éinní atá in alt 56 den Customs Consolidation Act, 1876, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon chassis gluaisteáin a hiomportálfar gan chabhail agus is ionchurtha fé dhiúité ghluaisteáin, a lomháil, fé réir pé coiníollacha is dó leo is ceart d'ordú i dtaobh urrúis ar íoc an diúité agus i dtaobh nithe eile, go ndéanfar íoc an diúité is iníoctha le ceart ar iomportáil an chassis sin do chur siar go ceann tréimhse nách sia ná ráithe ón dáta ar ar hiontráladh an chassis sin fé sna hAchtanna Custum.

Diúité ar bhuidéil ghloine fholmha agus ar chrúscaí gloine folmha.

16. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le trí triochad is trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach buideul gloine folamh agus crúsca gloine folamh den tsaghas a luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus ina raghadh cúig únsa fliuch no níos mó agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) gach buideul gloine folamh de shaghas a húsáidtear do ghnáth chun uiscí búird, mar a mínítear san le fo-alt (2) d'alt 7 den Finance Act, 1916, biotáille (nách biotáille chumhruithe ná biotáille leighis), fíon, beoir no lionn ubhall do chur isteach ann, agus

(b) gach crúsca gloine folamh de shaghas a húsáidtear do ghnáth chun subh, marmaláid, no géilé do chimeád ann.

(2) Más léir don Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ná dintar i Saorstát Éireann buidéil agus crúscaí de sna saghsanna a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus iad de ghloine bháin agus oiriúnach do riachtanaisí trádálaithe i Saorstát Éireann, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim a údarú tré cheadúnas, fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leo d'ordú agus a bheidh sa cheadúnas, go n-iomportálfar gan diúité d'íoc buidéil agus crúscaí gloine folmha de sna saghsanna a luaidhtear sa bhfo-alt san (1) agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí, déanta de ghloine bháin.

(3) Aon earra is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a heasportála amach as, beidh sí saor ón diúité sin má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim:—

(a) nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í, no

(b) gur roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, do céadiomportáladh an earra, no

(c) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no dá éis sin, do céad-iomportáladh an earra agus ná raibh sí ionchurtha fé dhiúité fé aon Acht den Oireachtas do bhí i bhfeidhm nuair a hiomportáladh í no go raibh sí ionchurtha fé dhiúité amhlaidh agus gur híocadh an diúité sin uirthi go cuibhe.

(4) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus í easportáil amach as mar earra ar turus fé bhanna ní tuigfar í bheith á hathiomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir bhrí an ailt seo.

(5) Má sháruíonn éinne aon choiníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fé sna Achtanna Custum agus raghaidh sé fé fhíneáil caoga punt in aghaidh gach cionta fé leith agus geallbhruidfar aon earra is ionchurtha fén diúité a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus gur dineadh an sárú san ina taobh.

(6) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so.

(7) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

Diúité ar bhuidéil agus ar chrúscaí áirithe ina mbeidh nithe indiúité.

17. —Ar gach buideul no crúsca ina raghadh cúig únsa fliuch no níos mó agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin agus ina mbeidh éinní indiúité le linn na hiomportála, éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum do réir reul ar gach dosaen no cuid de dhosaen de bhuidéil no de chrúscaí den tsórt san.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

18. —(1) Na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil agus an diúité ar scannáin fholmha gan pictiúirí ortha d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1928, le halt 12 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1928, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1929, fé réir na n-eisceacht roimhráite agus fós fé réir eisceacht an diúité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótar-rothair agus mótar-rothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíor-choda dhíobh nách buinn.

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diúitéthe a buanuítear leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

19. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1928, le halt 13 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1928, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1929.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Leasú ar alt 15 den Acht Airgid, 1924 .

20. —I bhfo-alt (3) d'alt 15 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh 27 de 1924 ), ní fholóidh an focal “milseoga siúicre” sinseur a bheidh leasuithe i sioróip agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann i mbairillí no i gcaisc adhmaid ina raghadh céad meáchaint ar a laighead.

Atharú ar dhiúitéthe ar shiúicre.

21. —(1) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais chustum atá ann fé láthair maidir le siúicre, molás, glúcós, agus sacairín éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an 26adh lá d'Abrán, 1928, agus ón lá san amach, na diúitéthe a luaidhtear sa dara colún de Chuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá curtha síos i gCuid II. den Dara Sceideal san, ach maidir le diúitéthe agus maidir le hais-tarraicí agus liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá curtha síos i gCuid III. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , sa mhéid go mbainid leis an gcás.

(2) In ionad na ndiúitéthe, na n-ais-tarraicí, agus an liúntais mháil atá ann fé láthair maidir le siúicre, molás, glúcós, agus sacairín éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an 26adh lá d'Abrán, 1928, agus ón lá san amach na diúitéthe a luaidhtear sa tríú colún de Chuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá curtha síos i gCuid II. den Sceideal san, ach maidir le diúitéthe agus maidir le hais-tarraicí agus liúntas beidh san fé réir na bhforálacha atá curtha síos i gCuid III. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , sa mhéid go mbainid leis an gcás.

(3) Ní déanfar an diúité a forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearra ar shiúicre ná ar mholás a bheidh déanta o bhiatas do fásadh i Saorstát Éireann, agus bainfidh forálacha alt 6 (lasmuich d'fho-alt (1) de) den Finance Act, 1922, leis an gcás agus beidh éifeacht acu fé réir na n-atharuithe seo a leanas ortha, sé sin le rá:—

(a) ciallóidh an focal “non-dutiable” saortha tríd an bhfo-alt so ón diúité a forchuirtar leis an alt so, agus

(b) cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain or Ireland.”

Atharú ar dhiúitóthe ar earraí a bheidh déanta de shiúicre, etc., no ina mbeidh siúicre, etc.

22. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 21 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra (nách milseog shiúicre, meascán cócó, beoir, uisce búird, luibh-bheoir, lionn ubhall, lionn pioraí, fíon, tobac, biotáille, ná aon earra ar a bhforchuirtar diúité le halt 21 (alt i dtaobh diúitéthe ar shiúicre d'atharú) den Acht so) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh siúicre no an t-abhar san, na diúitéthe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta pingin is feoirling an punt;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta scilling an galún.

(2) An diúité a forchuirtear leis an alt so, beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra ach beidh sé in ionad aon diúité a bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(3) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a forchuirtar leis an alt so.

Saoirse o dhiúité do vearnais bhiotáille áirithe.

23. —(1) Má dhineann déantóir, a dhineann i Saorstát Éireann earraí go n-úsáidtear ina ndéanamh, no ina n-ullamhú chun a ndíolta, vearnais do dineadh le biotáille (agus dá ngairmtear vearnais bhiotáille san alt so), a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) ná fuil vearnais bhiotáille ar fáil a dintar i Saorstát Éireann agus atá réasúnta éifeachtúil i gcóir an ghnótha atá ag an déantóir sin di, agus

(b) go n-easportáltar roinnt mhaith de sna hearraí sin,

féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir chóliona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'ordú o am go ham chun cosanta an ioncuim, a lomháil don déantóir sin pé méid vearnaise biotáille is dó leo is réasúnta i gcóir an ghnótha san an déantóra san d'iomportáil gan diúité biotáille d'íoc.

(2) Ní hiomportálfar aon vearnais bhiotáille fén alt so gan diúité biotáille d'íoc maran deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil an vearnais sin déanta le biotáille do dí-nádúruíodh a dóthin, roimh a húsáid i ndéanamh na vearnaise sin, chun an bhiotáille sin do dhéanamh do-ólta.

(3) Ní dheonfidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so aon údarás buanúcháin ar feadh aon tréimhse is sia ná trí bliana chun vearnais bhiotáille d'iomportáil gan diúité biotáille d'íoc, ach más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuiltar ag leanúint de sna coiníollacha d'orduíodar fén alt so do chólíona féadfar aon údarás buanúcháin den tsórt san d'athnuachaint o am go ham go ceann tréimhse nách sia ná trí bliana.

(4) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim aon údarás buanúcháin den tsórt san roimhráite no aon athnuachaint air do tharrac siar aon uair.

(5) Má sháruíonn éinne aon choiníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus raghaidh sé fé fhíneáil caoga punt in aghaidh gach cionta fé leith agus geallbhruidfar aon vearnais gur dineadh an sárú san ina taobh.

Saoirse o dhiúité do choda áirithe de hataí.

24. —Ní déanfar an diúité custum a forchuirtar le halt 16 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ) d'éileamh ná do ghearra ar na hearraí seo a leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1928, no dá éis sin, sé sin le rá, húdaí agus múnlaí chun hataí do dhéanamh gur gá chun crícheanna na déantóireachta san iad do bhlocú no do mhúnlú no do ghearra agus gur léir do sna Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur roinnt mhaith d'obair na déantóireachta an blocú no an múnlú no an gearra san.

Diúité siamsa do mhaitheamh.

25. —Ní bheidh diúité siamsa inéilithe ná inghearrtha fé alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, mar a leasuíodh é le hachtacháin ina dhiaidh sin, ar aon íocaíocht nách mó ná tuistiún as dul isteach go dtí siamsa.

Saoirse ón diúité siamsa do rásanna.

26. —Ar an 1adh lá de Bhealtaine, 1928, agus dá éis sin, ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh ná fuil ann ach rás no rásanna capall agus san amháin.

Saoirse ón diúité siamsa d'Aonach Tailteann.

27. —Ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh ná do ghearra ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a chuirfidh Comhairle Aonaigh Thailteann ar siúl má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil dlúth-bhaint ag an siamsa le hAonach Tailteann agus gur chun tairbhe don Aonach san amháin a bheidh sé ar siúl.

Leathnú ar an saoirse ón diúité siamsa do thaisbeántaisí talmhaíochta.

28. —Ní déanfar siamsa a cuirfar ar siúl ag cumann do bunuíodh chun leasa do cheárdas na talmhaíochta no do bhrainse éigin de agus chuige sin amháin do dhúna amach ón saoirse a tugtar le halt 7 den Finance Act, 1921, mar gheall ar aon ítim áirithe nách cuid de thaisbeántas den tsaghas a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san 7 do bheith sa tsiamsa agus mar gheall air sin amháin, má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil an ítim sin sa tsiamsa ach mar fho-chuid de.

Leasú ar alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879.

29. —Ar an 26adh lá d'Abrán, 1928, agus dá éis sin beidh éifeacht ag alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, maidir le biotáille lom do stillíodh i Saorstát Éireann agus a hathiomportálfar ón mBreatain Mhóir no o Thuaisceart Éireann, fé is dá leigtí ar lár ann na focail “the same shall be brought back within five years from the time of the exportation thereof, and”.