10 1928


Uimhir 10 de 1928.


ACHT TELEGRAFA, 1928.


ACHT CHUN NA TEORANTA REACHTÚLA AR RÁTAÍ TELEGRAFA DO MHÉADÚ.

[13adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Méadú ar na teoranta reachtúla do rátaí telegrafa intíre.

1. —(1) Na héilithe atá le socrú fé alt 2 den Telegraph Act, 1885, ar ghnáth-thelegrama scríbhte do tharchur ar fuaid Shaorstáit Éireann beid, i ngach cás agus gan áird do thabhairt ar fhaid, do réir ráta nách mó ná scilling agus reul ar an gcéad dhá fhocal déag de gach gnáth-thelegram scríbhte no ar gach gnáth-thelegram scríbhte de níos lú ná dhá fhocal déag (agus ainmneacha agus seolta seoltóra agus seolaí an telegrama d'áireamh mar chuid den dá fhocal déag san) agus nách mó ná pingin ar gach focal de bhreis ar dhá fhocal déag, ach féadfidh an tAire Puist agus Telegrafa, le toiliú an Aire Airgid, a ordú go n-éileofar suim bhreise de reul ar thelegrama a sínfar isteach chun a dtarchurtha Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, no Dé Domhnaigh.

(2) San alt so foluíonn an focal “telegram scríbhte” telegram a gheobhfar i bpost-oifig tríd an telefón i dtreo go seachadfar mar thelegram scríbhte é.

(3) Athghairmtear leis seo mír (1) den phrovísó a ghabhann le halt 2 den Telegraph Act, 1885, agus fo-alt (1) d'alt 2 den Post Office and Telegraph Act, 1920.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Telegrafa, 1928 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Telegraph Acts, 1863 to 1920, agus féadfar na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.