Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Rialacha.)

9 1928


Uimhir 9 de 1928.


ACHT CÓLUCHTAÍ CORPORÁIDEACHA (SEICEADÚIRI AGUS RIARTHÓIRÍ), 1928.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN PROMHAID UACHTANNA DAOINE DO FUAIR BÁS AGUS LEITREACHA RIARACHÁIN ESTÁITÍ PEARSANTA DAOINE DO FUAIR BÁS DO DHEONA DO CHÓLUCHTAÍ CORPARÁIDEACHA. [12adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Promháid do dheona do chólucht chorparáideach.

1. —(1) Má bhíonn cólucht corparáideach ainmnithe mar sheiceadúir no mar cheann de sheiceadúirí uachta duine do fuair bás, féadfidh an Ard-Chúirt promháid an uachta san do dheona don chólucht chorparáideach san fé n-a ainm chorparáideach.

(2) Má deontar promháid uachta do chólucht chorparáideach fén Acht so, féadfar, do réir mar is gá sa chás, an phromháid sin do dheona don chólucht chorparáideach san ina aonar no don chólucht chorparáideach san i dteanta seiceadúra eile no seiceadúirí eile.

(3) Fé réir na rialacha atá san Acht so no a déanfar fé beidh ag cólucht corparáideach dá ndeonfar promháid uachta fén Acht so na cirt chéanna do bheadh aige fén bpromháid sin agus beidh sé fé sna fiachaisí agus fé sna dualgaisí céanna fé n-a mbeadh sé i dtaobh na promháide sin dá mba dhuine aonair é.

Leitreacha riaracháin do dheona do chólucht chorparáideach.

2. —(1) Más cólucht corparáideach an duine ceart no más duine é de sna daoine cearta chun deona leitreacha riaracháin d'fháil, féadfidh an Ard-Chúirt na leitreacha riaracháin sin do dheona don chólucht chorparáideach san fé n-a ainm chorparáideach ina aonar no i dteanta an duine chirt eile no na ndaoine cearta eile, do réir mar is gá sa chás.

(2) Fé réir na rialacha atá san Acht so no a déanfar fé, beidh ag cólucht corparáideach dá ndeonfar leitreacha riaracháin fén Acht so na cirt chéanna do bheadh aige fé sna leitreacha riaracháin sin agus beidh sé fé sna fiachaisí agus fé sna dualgaisí céanna fé n-a mbeadh sé i dtaobh na leitreacha san dá mba dhuine aonair é.

Rialacha chun éifeacht do thabhairt don Acht so.

3. —(1) Na rialacha atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu (fé réir aon atharuithe a déanfar ortha fén alt so) maidir le promháidí agus leitreacha riaracháin do dheona do chóluchtaí corparáideacha fén Acht so agus le hiarrataisí ar dheona na nithe sin.

(2) Féadfar Rialacha Cúirte do dhéanamh chun éifeacht do thabhairt don Acht so agus go sonnrách chun atharú do dhéanamh, maidir le n-a mbaint le cóluchtaí corparáideacha, ar achtacháin a bhaineann le seiceadúirí agus le riarthóirí no le haon dream den dá dhream san agus chun a ordú cé hé an duine a ghníomhóidh thar ceann cóluchta chorparáidigh chun tabhartha aon mhionna is gá do sheiceadúir no do riarthóir do thabhairt no chun déanamh aon ruda eile is gá dho san a dhéanamh ar dheona promháide no leitreacha riaracháin, pe'ca aca é, d'iarraidh no in aon ghnó eile a bhaineann leis sin.

(3) Féadfar gach ceann no aon cheann de sna rialacha atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'atharú (tré chur leis no tré n-a chur ar nea-mbrí no tré atharú do dhéanamh air) le Rialacha Cúirte a déanfar fén alt so.

Mínithe.

4. —(1) San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “leitreacha riaracháin” gach saghas leitreacha riaracháin d'estát phearsanta no do chuid d'estát phearsanta duine do fuair bás pe'ca bheidh uacht ceangailte de sna leitreacha san no ná beidh agus pe'ca chun crícheanna generálta no chun crícheanna speisialta no chun crícheanna teoranta a deonfar iad. agus i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é foluíonn an focal “riarthóirí” daoine a iarrfidh go ndeonfí leitreacha riaracháin dóibh.

(2) San Acht so ní chialluíonn ná ní fholuíonn an focal “cólucht corparáideach” ach cólucht corparáideach 'na mbeidh aige de thurus na huaire caipital nách lú ná £50,000 agus £20,000 ar a laighead den méid sin íoctha in airgead tirim.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Cóluchtaí Corparáideacha (Seiceadúirí agus Riarthóirí), 1928, do ghairm den Acht so.