5 1928


Uimhir 5 de 1928.


ACHT UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1928.


ACHT CHUN NA hACHTANNA UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1923 AGUS 1926, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ. [21adh Meitheamh, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Acht 1923” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923) ; agus

cialluíonn an focal “Acht 1926” an t Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926 (Uimh. 24 de 1926) .

Leasuithe maidir le baint Achta 1923.

2. —Léireofar alt 4 d'Acht 1926 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí clás (b) den mhír do cuireadh isteach in Acht 1923 leis an alt san do leasú tríd an mbliain 1929 do chur in ionad na bliana 1928 agus fé is dá scriostí amach clás (c) den mhír sin.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

3. —Féadfar an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1928 , do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin le hAcht 1923 agus le hAcht 1926, agus féadfar na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.