An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Bainc Scair-shealbhacha.) Ar Aghaidh (CUID VI. Notai Bainc Co-dhluite.)

32 1927

ACHT AIRGID REATHA, 1927

CUID V.

Notai Dli-Thairgthe.

Nótaí dlíthairgthe do sholáthar.

45. —(1) Beidh sé dleathach don Choimisiún nótaí dá ngairmfar, agus dá ngairmtear san Acht so, nótaí dlí-thairgthe, do sholáthar agus do thabhairt amach do réir an Achta so ar na suimeanna so a leanas, eadhon, deich scillinge, punt, cúig púint, deich bpúint, fiche punt, caoga punt, agus céad punt, agus rithfidh na nótaí dlí-thairgthe sin i Saorstát Éireann sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina mbeidh agus chó hiomlán agus bheidh monaí óir a tabharfar amach fé Chuid II. den Acht so ag rith nuair a bheid tabhartha amach amhlaidh agus beid ina ndlíthairisgint i Saorstát Éireann chun aon tsuim d'íoc.

(2) Beidh gach nóta dlí-thairgthe i pé fuirm agus do réir pé tuise agus pátrúin agus clóbhuailte i pé slí agus ar pé páipeur agus fé pé uimhir agus a dhílseacht deimhnithe ar pé slí a ordóidh an Coimisiún le cead an Aire Airgid.

Baint achtachán áirithe.

46. —Tuigfar nótaí dlí-thairgthe a tabharfar amach fén Acht so do bheith ina nótaí bainc do réir bhrí an Forgery Act, 1913, agus do réir bhrí aon achtacháin eile a bhaineann le ciontaí i dtaobh nótaí bhainc agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann agus iad do bheith ina n-urrúis luachmhara do réir bhrí an Larceny Act, 1861, an Larceny Act, 1916, agus aon dlí eile a bhaineann le gadaíocht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i Saorstát Éireann agus iad do bheith ina monaí reatha le Saorstát Éireann chun críche na nAcht a bhaineann le malairtiú earraí agus chun críche aon achtacháin eile den tsórt chéanna.

Nótaí dlíthairgthe do thabhairt amach.

47. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh an Coimisiún ullamh chun nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach déanfidh an Coimisiún, tré fhógra i scríbhinn a cuirfar chun gach Bainc Scair-shealbhaigh agus a foillseofar san Iris Oifigiúil, lá do cheapa (dá ngairmtear an lá ceaptha san alt so) chun é do thosnú ar nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach do réir an Achta so, lá nách luatha ná ceithre lá déag tar éis cur amach agus foillsiú an fhógra san.

(2) Má dhineann agus pé uair a dhéanfidh éinne, ar an lá ceaptha no ina dhiaidh, nótaí dlí-thairgthe d'iarraidh ar an gCoimisiún san áit i mBaile Atha Cliath a bheidh ceaptha ag an gCoimisiún chuige sin, agus céad únsa ar a laighead in éineacht de bhuilleon óir, mar a mínítear leis an Acht so é, no monaí óir (dá ngairmtear monaí óir Saorstátacha san alt so) a bheidh, de thurus na huaire, ina ndlí-thairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta, no airgead (dá ngairmtear airgead Briotáineach san alt so) in aon fhuirm a bheidh, de thurus na huaire, ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta, do sheachada don Choimisiún san áit sin agus do réir na rialachán a bheidh déanta ag an gCoimisiún chuige sin, tabharfidh an Coimisiún amach don duine sin nótaí dlíthairgthe is có-mhéid (fé mar a bheidh) leis an méid is fiú fén alt so an builleon óir no le méid ainmniúil na monaí óir Saorstátacha no le méid ainmniúil an airgid Bhriotáinigh a sheachadfidh an duine sin don Choimisiún amhlaidh.

(3) Go dtí go mbeidh alt 5 den Acht so (alt a bhaineann le coighneáil o bhuilleon óir ar iarratas) tagtha i ngníomh beidh sé dleathach don Choimisiún, más oiriúnach leis é, diúltú do sheachada aon bhuilleoin óir a tairgfar do fén alt so do ghlaca.

(4) Féadfidh an Coimisiún, pé uair is oiriúnach leis é ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach i mBaile Atha Cliath don chiste ghenerálta no do chúl-chiste na nótaí mar mhalairt ar aon mhéid de mhonaí óir Saorstátacha no d'airgead Bhriotáineach is có-ionann go hainmniúil leo.

(5) Féadfidh an Coimisiún, pé uair is oiriúnach leis é ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach i mBaile Atha Cliath d'aon Bhanc Scair-shealbhach no don chiste ghenerálta no do chúl-chiste na nótaí—

(a) in aghaidh banc-tharraic is iníoctha ar a fheiscint i Lundain agus le n-a mbeidh an Coimisiún sásta agus is có-mhéid go hainmniúil le méid na nótaí dlí-thairgthe a tabharfar amach amhlaidh, no

(b) in aghaidh urrúsanna Rialtais Bhriotáinigh le n-a mbeidh an Coimisiún sásta d'aistriú chun an Choimisiúin chun cuntais chiste na nótaí dlí-thairgthe, pé méid díobh is dó leis an gCoimisiún is có-ionann luach do réir praghas margaidh na linne leis an méid nótaí dlíthairgthe a tabharfar amach amhlaidh.

(6) Féadfidh an Coimisiún, pé uair is oiriúnach leis é ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach i nGníomhaireachtán Lundain d'éinne no don chiste ghenerálta no do chúl-chiste na nótaí mar mhalairt ar a gcó-mhéid ainmniúil d'airgead Bhriotáineach.

(7) Féadfidh an Coimisiún, aon uair tar éis an lae ceaptha, nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach d'éinne, do réir rialachán a bheidh déanta ag an gCoimisiún, mar mhalairt ar a gcó-mhéid de nótaí dlí-thairgthe do tugadh amach roimhe sin fén Acht so.

(8) Aon bhuilleon óir a seachadfar don Choimisiún fén alt so agus ina mbeidh an riail-fhíneáltacht is do réir 123.27447 de ghráinneacha den bhuilleon san in aghaidh an phúint Shaorstátaigh a luachálfar é chun crícheanna an ailt seo agus aon bhuilleon óir a seachadfar amhlaidh agus ina mbeidh fíneáltacht is aoirde no is ísle ná an riail-fhíneáltacht is do réir pé ráta níos aoirde no níos ísle (pe'ca aca é) a bheidh cothromúil leis an oirde no leis an ísleacht fhíneáltachta san a luachálfar é amhlaidh.

(9) Aon bhuilleon óir a tairgfar don Choimisiún mar sheachada chun críche an ailt seo agus ina mbeidh fíneáltacht de shaghas gur dó leis an gCoimisiún no leis an Aire nách féidir é do thabhairt chun na riail-fhíneáltachta gan roinnt éigin de do ghlana, féadfidh an Coimisiún diúltú don tseachada san do ghlaca, agus má ghlacann an Coimisiún le haon bhuilleon den tsórt san amhlaidh féadfa sé pé éileamh is dó leis is ceart d'éileamh in aghaidh costais an bhuilleoin sin do ghlana.

(10) Pé uair a dhéanfidh an Coimisiún, tar éis teacht i ngníomh d'alt 5 den Acht so (alt a bhaineann le builleon óir do choighneáil ar iarratas), nótaí dlí-thairgthe do thabhairt amach fén alt so ar aon tslí seachas mar mhalairt ar mhonaí óir Saorstátacha no ar nótaí dlí-thairgthe do tugadh amach roimhe sin, féadfidh an Coimisiún a cheangal ar an té no ar an gciste dá dtabharfar amach na nótaí dlí-thairgthe sin amhlaidh éileamh d'íoc ortha leis an gCoimisiún a bheidh ar có-réir leis an éileamh ar son coighneála a bheidh á dheanamh ag an Aire de thurus na huaire fén alt san 5, pé éileamh is dó leis an gCoimisiún is ceart.

(11) Gach suim de nótaí dlí-thairgthe a thabharfidh an Coimisiún amach fén alt so tabharfar amach amhlaidh í i pé saghsanna nótaí díobh san a húdaruítear leis an Acht so a luadhfidh an té dá dtabharfar amach na nótaí sin amhlaidh.

Nótaí dlíthairgthe do ghlaoch isteach.

48. —Fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis maidir le ham, áit, slí, agus ordú tíolaicthe, féadfidh an Coimisiún aon nótaí dlíthairgthe do tugadh amach fén Acht so do ghlaoch isteach ar na téarmaí go n-íocfar as na nótaí sin, ar a dtíolaice, do réir a n-aghaluacha i monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlíthairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna neatheoranta no in airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna neatheoranta no i nótaí dlí-thairgthe do tugadh amach fén Acht so no, más toil san leis an té bheidh ag tíolaice na nótaí sin, tré tharrac ar Lundain.

Nótaí dlíthairgthe d'athcheannach.

49. —(1) Beidh gach nóta dlí-thairgthe iníoctha ag an gCoimisiún ar a thíolaice i nGníomhaireachtán Lundain agus is in airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlíthairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta a bheidh sé iníoctha amhlaidh.

(2) Féadfidh an Coimisiún, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach agus sa mhéid gur oiriúnach leis é, aon nótaí dlíthairgthe a tíolaicfar do chun a n-athcheannuithe san áit i mBaile Atha Cliath a bheidh ceaptha chuige sin ag an gCoimisiún d'athcheannach i mBaile Atha Cliath le monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta no le hairgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta no, más toil san leis an té bheidh ag tíolaice na nótaí, tré tharrac ar Lundain.

(3) Féadfidh an Coimisiún diúltú d'aon nóta dlí-thairgthe d'athcheannach a bheidh chó caithte no chó damáistithe nách féidir dar leis an gCoimisiún é d'aithint mar nóta dlí-thairgthe áirithe no nách leor dar leis an gCoimisiún an chuid den nóta san a bheidh le fáil chun a fhágaint nárbh fhéidir an chuid eile den nóta san d'athcheannach ar ócáid eile.

(4) Féadfidh an Coimisiún, le rialachán no ar aon tslí eile, pé socruithe is dó leis is ceart do dhéanamh chun go ndéanfadh sé féin no chun go ndéanfí thar a cheann pé nótaí dlí-thairgthe athcheannuithe, nách ceart, dar leis, do chimeád chun a n-ath-thabhartha amach, do chur ar nea-mbrí agus do dhíthiú.

Airgead do sholáthar chun nótaí dlíthairgthe d'athcheannach.

50. —(1) Gach airgead is gá chun go n-athcheannódh an Coimisiún nótaí dlí-thairgthe (pe'ca i nGníomhaireachtán Lundain no i mBaile Atha Cliath é) do réir an Achta so, soláthróidh an Coimisiún é amach as eiste na nótaí dlí-thairgthe, agus, maran leor an ciste sin, amach as cúl-chiste na nótaí, agus, maran leor an ciste deiridh sin a luaidhtear, amach as airgead a roimh-íocfar fén alt so leis an gCoimisiún amach as an bPrímh-Chiste.

(2) Pé uair nách leor, no a bheidh coinne ag an gCoimisiún leis nách leor san am a bheidh le teacht go geairid ina dhiaidh sin, ciste na nótaí dlí-thairgthe agus cúl-chiste na nótaí chun an t-airgead do sholáthar is gá chun go n-athcheannódh an Coimisiún nótaí dlí-thairgthe do réir an Achta so, deimhneoidh an Coimisiún don Aire an nea-dhóthanacht san do bheith ann no coinne do bheith léi (pe'ca aca é) agus fós an tsuim is gá don Choimisiún chun athcheannach do dhéanamh do réir an Achta so ar gach nóta dlí-thairgthe den tsórt san is deabharthach, dar leis an gCoimisiún, a tíolaicfar chun a athcheannuithe amhlaidh san am a bheidh le teacht go geairid ina dhiaidh sin, agus ar fháil an deimhnithe sin do déanfidh an tAire an tsuim a bheidh deimhnithe amhlaidh ag an gCoimisiún do roimh-íoc láithreach leis an gCoimisiún amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis.

(3) Gach suim a roimh-íocfar leis an gCoimisiún amach as an bPrímh-Chiste fén alt so aisíocfidh an Coimisiún leis an Stát-Chiste é, gan ús air, amach as an gcéad airgead a bheidh i gcreidiúint do chúl-chiste na nótaí.

(4) Aon íoc a déanfar fén Acht so (ach amháin íoc i nótaí dlí-thairgthe) ar thíolaice nótaí dlí-thairgthe do glaodhadh isteach tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur athcheannach ar na nótaí dlí-thairgthe sin é.