30 1927


Uimhir 30 de 1927.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÍ), 1927.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA A FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÍ), 1926, LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FEN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924 . [11adh Lúnasa, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924) .

An t-am i gcóir urraíochtaí, etc., fén bPríomh-Acht do leathnú.

2. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926 ( Uimh. 33 de 1926 ) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fé alt 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1928.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926 , adubhradh agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fé alt 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1928.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1927, do ghairm de sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1926, agus den Acht so le chéile.