An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Achtanna a hAthghairmtear.)

27 1927

ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927

CEAD SCEIDEAL.

1. Gach éinne do bhí ar fostú ag gnóthaire údaruithe no ag gnóthaire reachtúil ar feadh tréimhse nár ghiorra ná dhá bhliain ná nár shia ná cúig bliana roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus do bhí ar fostú amhlaidh ar dháta ordú do dineadh fén Acht so á éileamh ar an ngnóthaire sin scur de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna agus do chaill a fhostaíocht toisc gur scuireadh, do réir an orduithe sin, den stáisiún gheiniúna san d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, beidh sé i dteideal aisce a háireofar do réir an séú cuid den luach saothair agus den tsochar oifige bhliantúil do bhí dho ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, in aghaidh gach bliana iomláine dá fhostaíocht.

2. Gach éinne do bhí ar fostú ag gnóthaire údaruithe no ag gnóthaire reachtúil ar feadh tréimhse nár ghiorra ná cúig bliana roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus do bhí ar fostú amhlaidh ar dháta ordú do dineadh fén Acht so á éileamh ar an ngnóthaire údaruithe sin no ar an ngnóthaire reachtúil sin scur de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna agus dar thárla, toisc gur scuireadh, do réir an orduithe sin, den stáisiún gheiniúna san d'úsáid mar stáisiún gheiniúna—

(a) a fhostaíocht do chailliúint, no

(b) scarúint le n-a fhostaíocht toisc gur ceangladh air dualgaisí do chólíona nár chosúil no ba bhreis nearéasúnta ar na dualgaisí do bhí ceangailte ag an ngnóthaire sin air do chólíona ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, no

(c) a thuarastal, a phágh, no a shochar oifige do laigheadú, no

(d) é do chur ar aon staid ba mheasa, maidir le coiníollacha a fhostaíochta, ná an staid ar a raibh sé maidir leis sin ar an 31adh lá de Mhárta, 1927,

beidh teideal aige chun cúiteamh do réir agus fé réir forálacha an Sceidil seo d'fháil ón ngnóthaire údaruithe no ón ngnóthaire reachtúil sin.

3. Ní bheidh teideal ag éinne den tsórt san roimhráite chun cúiteamh d'fháil fén Sceideal so má taisbeántar go raibh fostaíocht oiriúnach, ar théarmaí agus ar choiníollacha (ar a n-áirítear, i gcás le n-a mbaineann san, íoc costaisí réasúnta a bhaineann le haistriú go háit na fostaíochta san) nár mheasa ná na téarmaí agus na coiníollacha ar a raibh agus fé n-a raibh an duine sin ar fostú amhlaidh mar adubhradh ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, ar fáil don duine sin nuair a stad an fhostaíocht deiridh sin a luaidhtear no laistigh d'aimsir réasúnta ina dhiaidh sin.

4. Isé cúiteamh a híocfar fén Sceideal so le duine—

(a) do chaill a fhostaíocht, no

(b) do scur le n-a fhostaíocht toisc gur ceangladh air dualgaisí do chólíona nár chosúil no ba bhreis nea-réasúnta ar na dualgaisí do bhí ceangailte air do chólíona ar an 31adh lá de Mhárta, 1927,

ná suim bhliantúil nách mó in aon chás ná dhá dtrian an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúla do bhí dho ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus a háireofar, fé réir na teorann san, do réir an seascadú cuid den luach saothair agus den tsochar oifige bhliantúil sin in aghaidh gach bliana iomláine dá raibh sé ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe no ag an ngnóthaire reachtúil ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha fén Sceideal so, lú-de shuim is có-ionann le méid bliantúil no le luach bliantúil aon tsuime is iníoctha leis ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire reachtúil sin mar phinsean, mar aois-liúntas, no mar aisce ar a scur o fhostaíocht.

5. Isé cúiteamh a híocfar fén Sceideal so le duine—

(a) do chaill no ar ar laigheaduíodh a thuarastal, a phágh, no a shochar oifige, no

(b) do cuireadh ar aon staid ba mheasa, maidir le coiníollacha a fhostaíochta, ná an staid ar a raibh sé ar an 31adh lá de Mhárta, 1927,

ná suim bhliantúil nách mó in aon chás ná dhá dtrian an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúla do bhí dho ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus a bheidh, fé réir na teorann san, chó geairid agus is féidir é do bheith có-ionann in airgead leis an laigheadú bliantúil do dineadh ar a luach saothair agus ar a shochar oifige no leis an mí-fheabhsú do dineadh ar choiníollacha a fhostaíochta (pe'ca aca é) agus beidh sé iníoctha faid a mhairfidh an fhostaíocht in ar dineadh amhlaidh mar adubhradh an laigheadú bliantúil sin ar a luach saothair agus ar a shochar oifige no an mí-fheabhsú san ar choiníollacha a fhostaíochta (pe'ca aca é).

6. Chun an tréimhse do dhéanamh amach do thug duine, a bheidh i dteideal cúitimh fén Sceideal so, ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe no ag an ngnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha fén Sceideal so, tuigfar gur fostaíocht ag an ngnóthaire údaruithe no ag an ngnóthaire reachtúil ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha amhlaidh fostaíocht an duine sin ag aon ghnóthaire údaruithe no ag aon ghnóthaire reachtúil.

7. Nuair a beifear ag déanamh amach tréimhse fostaíochta duine a bheidh i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so féadfar roinnt blian nách líonmhaire ná deich mbliana do chur leis an tréimhse a bhí an duine sin ar fostú go hachtúil ag aon ghnóthaire údaruithe no ag aon ghnóthaire reachtúil, sé sin, pé méid blian a éileoidh an Bord in aon chás áirithe a chur amhlaidh, leis an tréimhse a bhí an duine sin roimhráite ar fostú go hachtúil mar adubhradh, ar son agus i dtaobh cáilíochtaí speisialta no coiníollacha speisialta fostaíochta an duine sin.

8. I gcás éinne a bheidh i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so do bheith as láthair go sealadach o n-a fhostaíocht ag aon ghnóthaire údaruithe no ag aon ghnóthaire reachtúil agus é do bheith, le linn na nea-láithreachta san go léir, ag fónamh i bhFórsaí Náisiúnta Shaorstáit Éireann, no in aon fhórsaí mileata do bhí ag fónamh fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann no Rialtais Shealadaigh na hÉireann no an Airm, an Chabhlaigh no an Aer-Fhórsa Bhriotáinigh, déanfar chun crícheanna an Sceidil seo an nea-láithreacht shealadach san d'áireamh agus do chur isteach leis an tréimhse do bhí sé ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire reachtúil sin.

9. Déanfar méid an chúitimh a híocfar le héinne go mbeidh teideal aige chuige fén Sceideal so do shocrú tré chó-aontú idir an duine sin agus an gnóthaire údaruithe no an gnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha.

10. Einne a bheidh ag fáil suime bliantúla mar chúiteamh fén Sceideal so, féadfa sé, laistigh de bhliain ón dáta ar ar socruíodh méid na suime bliantúla san, a iarraidh ar an ngnóthaire údaruithe no ar an ngnóthaire reachtúil (pe'ca aca is gá sa chás) ag á mbeidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha iomlán na suime bliantúla san do ghlana tré shuim chaipitiúil airgid d'íoc a socrófar tré chó-aontú idir an duine sin agus an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin (pe'ca aca é), ach ní bhreithneoidh an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin aon iarratas den tsórt san ar ghlana suime bliantúla gan toiliú an Bhúird.

11. Má eiríonn aon aighneas no ceist—

(a) idir éinne agus aon ghnóthaire údaruithe no aon ghnóthaire reachtúil i dtaobh ce'ca duine i dteideal cúitimh fén Sceideal so an duine sin no nách ea, no

(b) idir éinne i dteideal cúitimh fén Sceideal so agus an gnóthaire údaruithe no an gnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha, i dtaobh méid an chúitimh is iníoctha amhlaidh, no

(c) idir éinne a bheidh ag fáil suime bliantúla mar chúiteamh fén Sceideal so agus an gnóthaire údaruithe no an gnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha, i dtaobh méid na suime caipitiúla airgid 'na ndéanfar tré n-a híoc iomlán na suime bliantúla san roimhráite do ghlana,

féadfidh an duine sin no an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin athchomharc do dhéanamh chun buaneadarascanaí a bheidh ceaptha ag an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean ná ní bheidh sí fé réir athchomhairc chun aon chúirte ná fé réir a hathbhreithnithe ag aon chúirt.

12. I gcás éinne a bheidh i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so do bheith, ina theanta san, pe'ca fé reacht é no do réir téarmaí a chonnartha fhostaíochta leis an ngnóthaire údaruithe no leis an ngnóthaire reachtúil ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha fén Sceideal so, i dteideal cúiteamh d'fháil mar gheall ar na nithe céanna 'na mbeidh sé i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so mar gheall ortha, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh an duine sin i dteideal cúiteamh d'fháil fén reacht san no fén gconnra san mar adubhradh, no fén Sceideal so, pe'ca aca is rogha leis, ach ní fén dá ní, an reacht san no an connra san agus an Sceideal so, le chéile.

13. Aon tagairtí sa Sceideal so do sna dualgaisí go raibh a gcólíona ceangailte ag gnóthaire údaruithe no ag gnóthaire reachtúil, ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, ar dhuine do bhí ar fostú ag an ngnóthaire sin ar an dáta san, agus do sna téarmaí agus do sna coiníollacha ar a raibh agus fé n-a raibh an duine sin ar fostú amhlaidh, agus don luach saothair agus don tsochar oifige bhliantúil do bhí don duine sin ar an dáta san, déanfar, i ngach cás in ar hatharuíodh na dualgaisí sin no na téarmaí agus na coiníollacha san no an luach saothair agus an sochar oifige bliantúil sin tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, le haontú an Bhúird, iad do léiriú mar thagairtí do sna dualgaisí sin, no do sna téarmaí agus do sna coiníollacha san, no don luach saothair agus don tsochar oifige sin agus iad atharuithe amhlaidh agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Sceideal so.