An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leasuithe ar Acht Leictreachais na Sionainne, 1925.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

27 1927

ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Líon na n-eadarascánaithe.

87. —Einní no aon rud go n-orduítear leis an Acht so, no le haon ordú no rialachán a bheidh déanta fé, go socrófí é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire, socrófar é ag aon eadarascánaí amháin den tsórt san no ag pé líon eadarascánaithe is mó ná san agus a ordóidh an tAire maidir le gach ní fé leith den tsórt san, agus pé uair a ordóidh an tAire go socrófí éinní den tsórt san ag níos mó ná aon eadarascánaí amháin, ansan, gach tagairt san Acht so don Aire do cheapa eadarascánaí no don eadarascánaí a ceapfar amhlaidh, léireofar í, maidir leis an ní sin, mar thagairt don cheapa san ar an líon san eadarascánaithe no don líon san eadarascánaithe a ceapfar amhlaidh.

Féadfidh an tAire eadarascánaithe do cheapa.

88. —(1) Féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an bPríomh-Atúrnae, duine ceart oiriúnach do cheapa chun bheith ina eadarascánaí chun éinní do shocrú go n-orduítear leis an Acht so, no le haon ordú no rialachán a bheidh déanta fé, go socrófí é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire.

(2) Íocfar le gach eadarascánaí a ceapfar fén Acht so, ar scór gach eadarascáin a dhéanfa sé fén Acht so, pé táille a shocróidh an tAire le haontú an Aire Airgid agus íocfar an táille sin ag pé páirtí chun an eadarascáin sin no ag na páirtithe chun an eadarascáin sin do réir pé coinúireachtaí a shocróidh an t-eadarascánaí ina mhola.

(3) Beidh ag gach eadarascánaí a ceapfar fén Acht so comhacht, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, chun fínnithe do ghairm agus chun a cheangal ar dhaoine leabhair agus scríbhinní eile do thabhairt i láthair, agus éinne a gairmfar amhlaidh agus go dteipfidh air teacht i láthair no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt i láthair an eadarascánaí sin agus éinne go dteipfidh air aon leabhar no scríbhinn eile no a dhiúltóidh d'aon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a bheidh ceangailte air amhlaidh a thabhairt i láthair, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Gach fianaise a tabharfar i láthair eadarascánaí a ceapfar fén Acht so is fé mhionn a tabharfar í agus tugtar comhacht leis seo don eadarascánaí sin daoine do chur fén mionn san, agus éinne a thabharfidh fianaise bhréagach i láthair aon eadarascánaí den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(5) Beidh ag eadarascánaí a ceapfar fén Acht so comhacht chun a chostaisí agus a chaithteachaisí maidir leis an eadarascán no le haon chuid de do mhola d'aon pháirtí chun an eadarascáin, do réir mar is rogha leis an eadarascánaí é, agus a n-íoc leis an bpáirtí sin do chur ar aon pháirtí eile chun an eadarascáin sin, agus pé uair a dhéanfidh aon eadarascánaí den tsórt san aon chostaisí no caithteachaisí den tsórt san do mhola amhlaidh beidh comhacht aige méid na gcostaisí agus na gcaithteachaisí a molfar amhlaidh do shocrú.

(6) Beidh ag eadarascánaí a ceapfar fén Acht so comhacht chun an t-eadarascán do chur ar athló fé mar is oiriúnach leis agus beidh comhacht aige fós chun iniúcha agus scrúdú do dhéanamh, agus chun dul isteach chuige sin, ar aon tailte agus áitreabh is abhar don eadarascán no 'na mbeidh an t-eadarascán á dhéanamh ina dtaobh.

Síntiúisí do chomhlachaisí áirithe.

89. —(1) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe le toiliú an Bhúird pé suimeanna is oiriúnach (i gcás an Bhúird) leis an mBord agus (i gcás gnóthaire údaruithe) leis an ngnóthaire údaruithe sin do thabhairt d'aon chomhlachaisí, de dhaoine ag gabháil do gheiniúint, do sholáthar no do roinnt leictreachais, a bheidh bunuithe chun có-leasanna na ndaoine sin do chur ar aghaidh, agus d'aon chumainn a bheidh bunuithe chun saothrú agus úsáid leictreachais do chur ar aghaidh agus chun eolas agus oideachas maidir le leictreachas do chur i bhfeabhas.

(2) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe le toiliú an Bhúird na costaisí réasúnta d'íoc a bhainfidh (i gcás an Bhúird) le haon bhall den Bhord no oifigeach no seirbhíseach don Bhord do bheith i láthair ag aon chódháil no cruinniú d'aon chomhlachas den tsórt san roimhráite agus a bhainfidh (i gcás gnóthaire údaruithe) le héinne do bheith i láthair amhlaidh a cheapfidh an gnóthaire sin chun bheith mar ionadaí dho ag an gcódháil no ag an gcruinniú san.

Cúl-tsoláthar.

90. —(1) D'ainneoin éinní san Acht so ná in aon Acht eile ná in aon ordú a bheidh déanta fé aon Acht den tsórt san, ní bheidh duine i dteideal soláthar leictreachais d'éileamh ná leanúint d'é d'fháil ón mBord ná o ghnóthaire údaruithe chun crícheanna cúltsoláthair agus chuige sin amháin, i gcóir aon áitreibh ag á mbeidh soláthar fé leith de leictreachas no soláthar (in úsáid no ullamh chun a úsáidthe chun na gcrícheanna chun a mbeidh an cúltsoláthar de leictreachas ag teastáil) de gheas, de ghail, no de shaghas eile nirt, mara mbeidh có-aontú déanta aige leis an mBord no leis an ngnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) chun pé suim bhliantúil mhinimum d'íoc, suim a socrófar (i gcás aon aighnis no ceiste) sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, a thabharfidh don Bhord no don ghnóthaire údaruithe (pe'ca aca é) proifit réasúnta as an gcaithteachas caipitiúil fé n-a raghfar i dtabhairt an cúltsoláthair sin agus a ghlanfidh muirir sheasaimh eile fé n-a raghfar chun an t-éileamh maximum do shásamh is féidir a bheith ann i gcóir an áitreibh sin.

(2) Má eiríonn aon aighneas no ceist idir éinne agus gnóthaire údaruithe i dtaobh méid suime bliantúla minimum den tsórt san roimhráite socróidh an Bord an t-aighneas no an cheist sin agus má eiríonn aon aighneas no ceist den tsórt san idir éinne agus an Bord socrófar an t-aighneas no an cheist sin ag an Aire no, más oiriúnach leis an Aire é, ag eadarascánaí a cheapfidh seisean.

Línte, etc., leictreachais i sráideanna no i spásanna oscailte no trasna ortha d'úsáid.

91. —(1) In aon chás roimh rith an Achta so 'nar dineadh aon líne no obair eile leictreachais in aon tsráid no spás oscailte, no os a chionn, fan é, trasna air, no fé, chun crícheanna leictreachais no 'nar dineadh í in aon tsuidheamh eile chun na gcrícheanna san i slí ná fuil sí dúnta isteach ar fad in aon fhoirgint ina bhféadfar aon líne no obair leictreachais do dineadh amhlaidh d'úsáid chun na críche sin, ní claoifear leis an líne no an obair leictreachais sin agus ní húsáidfar í ach do réir na rialachán a bheidh orduithe ag an mBord fén Acht so chun cosanta na puiblíochta agus chun cosanta línte agus oibreacha leictreachais eile a bheidh curtha go dleathach in aon tsuidheamh.

(2) O am rithte an Achta so amach ní bheidh sé dleathach d'aon ghnóthaire údaruithe ná d'éinne eile aon obair den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thosnú gan toiliú an Aire roimh bhunú an Bhúird agus gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird.

(3) Mara gcólíontar forálacha an ailt seo féadfidh an Bord, tré fhógra i scríbhinn, a éileamh ar an té gur leis no a úsáideann an líne no an obair leictreachais sin no atá i dteideal í d'úsáid an líne no an obair leictreachais d'aistriú.

(4) Má theipeann ar aon ghnóthaire údaruithe no duine eile géille d'fhógra do sheirbheáil an Bord air fén alt so, beidh an gnóthaire údaruithe no an duine eile sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus féadfidh aon chúirt údaráis achmair, ar ghearán do bheith déanta léi, ordú do dhéanamh á ordú agus á údarú don duine sin aon líne no obair leictreachais a bheidh luaidhte sa bhfógra san d'aistriú agus san ar pé téarmaí is oiriúnach leis an gcúirt sin.

(5) I gcás ina bhfuighfar toiliú an Bhúird le haon líne leictreachais do chur os cionn tailimh ní bheidh gá le toiliú an údaráis áitiúla d'ainneoin éinní contrárdha dho san san Acht so ná in aon Acht eile ná in aon Ordú Sealadach no Acht speisialta i dtaobh an ghnótha, ach sara dtoileoidh an Bord tabharfa sé caoi don údarás áitiúil ar éisteacht d'fháil.

Leictreachas a soláthrófar do chuideachta bhóthair iarainn, etc., d'úsáid.

92. —D'ainneoin éinní atá in aon Acht no Ordú, féadfidh aon chuideachta no údarás is únaerí no is léasaithe do ghnó bhóthair iarainn, thrambhealaigh, dhuga, chuain, no chánala leictreachas a sholáthróidh gnóthaire údaruithe dhóibh laistigh dá cheanntar d'úsáid chun crícheanna tarraic no chun feithiclí no árthaí a bheidh á n-úsáid ar an mbóthar iarainn, ar an trambhealach, ar an duga, ar an gcuan, no ar an gcanáil no ar aon chuid d'aon cheann acu do shoillsiú no, fé réir toiliú an Bhúird leis, chun aon cheann d'áitreabhacha an chéanna do shoilsiú.

Cosc do chur le fabhar do thaisbeáínt.

93. —Má bhíonn soláthar leictreachais curtha ar fáil in aon pháirt de líomatáiste chun crícheanna príobháideacha, ansan, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt tré théarmaí an orduithe no an Achta speisialta le n-a n-údaruítear an soláthar san, beidh ag gach éinne laistigh den pháirt sin den líomatáiste, ar a iarraidh san do, teideal chun soláthair ar na téarmaí céanna ar a mbeidh teideal ag éinne eile sa pháirt sin den líomatáiste, sa chás chéanna, chun a leithéide eile sin de sholáthar.

Tabharfar fógra do ghnóthairí sara ndéanfar aistriú.

94. —(1) Tabharfidh gach úsáidire fógra ceithre huaire fichead a' chluig don ghnóthaire údaruithe i scríbhinn sara bhfágfa sé aon áitreabh dá mbeidh an gnóthaire údaruithe ag soláthar leictreachais agus, mara dtuga sé an fógra san, dlighfidh an t-úsáidire a fhágfidh amhlaidh an t-airgead d'íoc leis an ngnóthaire údaruithe a thiocfidh dlite ar scór an tsoláthair sin suas go dtí an chéad ghnáth-thréimhse eile chun an méid a bheidh tomhaiste ag an méadar san áitreabh san d'fháil amach, no go dtí an dáta óna n-éileoidh aon tsealbhaire ina dhiaidh sin san áitreabh san ar an ngnóthaire údaruithe neart leictriciúil do sholáthar don áitreabh san, pe'ca am acu is túisce ann.

(2) Tabharfar fógra i dtaobh brí an ailt seo do gach úsáidire ar shlí no ar shlite acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfógra san do chur i ngach có-aontú a déanfar le húsáidire, no

(b) tríd an bhfógra san do sheirbheáil go speisialta ar gach úsáidire, no

(c) tríd an bhfógra san do chur i gcúl-scríbhinn ar gach nóta éilimh um éilithe ar son leictreachais.

Beidh có-aontuithe um leictreachas do sholáthar saor o dhiúité stampa.

95. —Tuigfar gur earraí, áirnéis, no áirnéis cheannaíochta leictreachas chun críche alt a naoi caogad den Stamp Act, 1891 (a dhineann connartha áirithe ionchurtha fé dhiúité stampa mar leithlithe iar ndíol), agus fós chun crícheanna na saoirse darb uimhir 3 fén mírcheann “Agreement or any memorandum of an agreement” agus atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Beidh oibreacha na Sionainne saor o rátaí.

96. —Faid a bheidh oibreacha na Sionainne (agus aon chuid díobh d'áireamh a bheidh tugtha ar leithligh i seilbh an Bhúird ag an Aire fén Acht so) ar seilbh agus fé n-a stiúra ag an mBord amháin, beid saor o cháinmheas i gcóir ráta dhealbhais agus fós o cháinmheas i gcóir aon ráta eile a ghearrfidh údarás áitiúil.

Comhacht chun có-aontuithe do chólíona.

97. —Pé uair a bheidh sé údaruithe d'aon ghnóthaire údaruithe leis an Acht so no fé có-aontú no socrú do dhéanamh le haon ghnóthaire údaruithe eile no le héinne eile chun aon chríche, beidh sé dleathach, fé réir forálacha an Achta so, don ghnóthaire údaruithe sin no don duine eile sin an có-aontú no an socrú san do dhéanamh agus do chur in éifeacht.

Féadfidh an Bord no gnóthaire údaruithe crainn do scotha.

98. —(1) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe aon chrann, tor, no fál a bheidh sa tslí, no ag cur isteach, ar aon tsreanganna leictreachais leis an mBord no leis an ngnóthaire údaruithe sin do scotha no do ghearra.

(2) Sara ndéanfa sé aon chrann, tor, no fál do scotha no do ghearra fén alt so tabharfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin do shealbhaire an tailimh no, i gcás bóthair no sráide, don údarás áitiúil ar a mbeidh sé de chúram an bóthar no an tsráid sin do choinneáil i dtreo ar a bhfuil an crann, an tor, no an fál san ina sheasamh, fógra seacht lá go bhfuil sé chun an céanna do scotha no do ghearra agus, más mian san leis an sealbhaire sin no leis an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) agus go gcuirfe sé in úil don Bhord no don ghnóthaire údaruithe sin laistigh den seacht lá san é, féadfidh an sealbhaire sin féin no an t-údarás áitiúil sin féin an scotha no an gearra san do dhéanamh.

(3) Nuair a dhéanfidh sealbhaire tailimh aon chrann, tor, no fál do ghearra no do scotha fén alt so déanfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) an costas fé n-a raghaidh an sealbhaire sin ag déanamh na hoibre sin d'íoc leis ar a éileamh san do, agus mara gcó-aontuítear i dtaobh méid na gcostas san socrófar é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire más ag an mBord a bheidh sé iníoctha, no ag an mBord más ag an ngnóthaire údaruithe sin a bheidh sé iníoctha.

Comhacht chun soláthar do stop.

99. —Má thugann éinne faillí in íoc do dhéanamh in aon éileamh ar son leictreachais no in aon tsuim eile a bheidh ag an mBord no ag gnóthaire údaruithe air ar scór leictreachas do sholáthar do, féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) an soláthar san do stop, agus chuige sin féadfa sé aon líne leictreachais, no obair eile tré n-ar féidir leictreachas do sholáthar, do ghearra no do dhí-cheangal, agus féadfa sé eirghe as leictreachas do sholáthar don duine sin go dtí go mbeidh lán-íoc déanta san éileamh no sa tsuim eile sin, maraon le haon chostaisí fé n-ar chuaidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin ag stop an tsoláthair leictreachais sin mar adubhradh, ach ní níos sia ná san.

Na costaisí a bhainfidh le hatharuithe riachtanacha áirithe.

100. —Má dhineann aon duine éinní no aon rud a bheidh údaruithe don duine sin, tré aon reacht no fé, a dhéanamh agus gur gá dá dhruim atharú do dhéanamh ar aon pháirt d'aon chóir iompair no d'aon chóir roinneacháin a bheidh dílsithe sa Bhord de thurus na huaire, déanfidh an Bord an t-atharú san, agus íocfidh an duine sin roimhráite leis an mBord na costaisí fé n-a raghaidh an Bord i ndéanamh an atharuithe sin, agus mara gcó-aontuítear i dtaobh méid na gcostas san a bheidh le n'íoc amhlaidh socrófar é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire.

Aer-shreanganna do chur suas, etc.

101. —Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon aer-shreang do chur suas ná do bheith aige ná do chimeád ar siúl, chun teachtaireachtaí no scéalta eile do chur amach agus do ghlaca, no chun a gcurtha-amach amháin no chun a nglactha amháin, tré radio-thelegrafaíocht, in aon áit no ionad a toirmiscfar leis na rialacháin a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so i dtaobh aer-shreanganna den tsórt san do chur suas agus do chimeád ar siúl.

Faidiú na haimsire chun oibreacha leictreachais do dhéanamh.

102. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht speisialta no in aon ordú sealadach no eile atá i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, ag ceapa tréimhse aimsire chun aon oibreacha leictreachais do chríochnú a luaidhtear san Acht no san ordú san, féadfidh an Bord le hordú fén alt so—

(a) an aimsir a luaidhtear san Acht no san ordú san, chun críochnuithe na n-oibreacha san, d'fhaidiú go ceann pé tréimhse breise a luaidhfidh an Bord chuige sin san ordú san, agus

(b) féadfa sé, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, a ordú na hoibreacha le n-a mbaineann an t-ordú san do dhéanamh fé réir na n-atharuithe (pe'ca atharú, cur leis no fágaint ar lár é) a bheidh luaidhte san ordú san.

(2) An tAcht speisialta no an t-ordú sealadach no eile le n-a mbainfidh ordú a dhéanfidh an Bord fén alt so beidh aige, nuair a bheidh an t-ordú san déanta ag an mBord, éifeacht fé réir forálacha an orduithe sin.

Geas-ghnóthairí údaruithe.

103. —(1) San alt so cialluíonn an focal “geas-ghnóthaire údaruithe” duine dá mbeidh sé údaruithe de thurus na huaire, le haon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no le haon Acht príobháideach den Oireachtas no le haon ordú sealadach no eile do dineadh fé údarás reachtúil (pe'ca roimh bhunú Shaorstáit Éireann é no dá éis sin), geas do sholáthar don puiblíocht in aon líomatáiste áirithe agus, go mbeidh sé de cheart aige de thurus na huaire, de bhua an Achta no an Orduithe sin, geas do sholáthar sa líomatáiste sin amhlaidh, agus cialluíonn an focal “líomatáiste geas-soláthair” líomatáiste ina mbeidh sé údaruithe amhlaidh de thurus na huaire do gheasghnóthaire údaruithe geas do sholáthar don phuiblíocht agus fós ina mbeidh sé de cheart aige de thurus na huaire geas do sholáthar amhlaidh.

(2) Féadfidh geas-ghnóthaire údaruithe, le toiliú an Aire agus d'ainneoin éinní contrárdha dho san san Acht no san ordú le n-ar ceapadh é chun bheith ina ghnóthaire den tsórt san, teacht chun bheith ina ghnóthaire údaruithe fén Acht so agus pé uair a cheapfidh an Bord geas-ghnóthaire údaruithe chun bheith ina ghnóthaire údaruithe féadfidh an Bord, le toiliú an Aire agus, má éilíonn an tAire é, déanfidh an Bord forálacha, teoranta, agus coiníollacha speisialta (agus cimeád cuntaisí fé leith d'áireamh) do chur isteach san ordú speisialta le n-a ndéanfar an ceapa san, pé cinn is dó leis is ceart no a éileoidh an tAire (pe'ca aca é) agus, leis an toiliú céanna, féadfidh an Bord go sonnrách, tríd an ordú speisialta san, a údarú don ghnóthaire sin a chistí d'úsáid agus caipital do chruinniú agus airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna an ghnótha leictreachais a húdarófar leis an ordú san agus féadfa sé fós líomatáiste soláthair d'ordú a bheidh chó mór le líomatáiste geas-soláthair an ghnóthaire sin no níos mó no níos lú ná é.

(3) Le toiliú an Aire féadfidh geas-ghnóthaire údaruithe, agus é ag iarraidh ordú speisialta ar an mBord a cheapfadh é chun bheith ina ghnóthaire údaruithe, a chistí do chaitheamh le déanamh gach ní is gá go réasúnta chun no i dtaobh an t-ordú san d'fháil no tabhairt fé n-a fháil.

Geas-ghnóthaire do shaora ón oblagáid geas do sholáthar.

104. —(1) I gcás ina mbeidh sé údaruithe d'aon gheasghnóthaire, le haon Acht speisialta, Ordú Sealadach no eile no ceadúnas, geas do sholáthar in aon líomatáiste a bheidh laistigh de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe, agus ina mbeidh an geas-ghnóthaire sin, de bhua an Achta, an Orduithe, no an cheadúnais sin, fé aon oblagáid, generálta no teoranta, geas do sholáthar ar a éileamh san air, féadfidh an tAire, ar iarratas an gheas-ghnóthaire sin, fiosrú do dhéanamh ar a mbaineann leis an scéal, agus más deimhin leis gur leor a soláthruítear de leictreachas d'aon pháirt áirithe den líomatáiste sin, agus go bhfuil geas do sholáthar sa pháirt áirithe sin tar éis scur de bheith cúiteamhach don gheas-ghnóthaire sin agus gur cóir an geas-ghnóthaire sin do shaora ón oblagáid geas do sholáthar ar a éileamh san air mar adubhradh, féadfidh an tAire, más rogha leis é, ordú do dhéanamh ag saora an gheas-ghnóthaire sin ón oblagáid sin laistigh den pháirt áirithe sin den líomatáiste sin i bpáirt no go hiomlán agus ar pé téarmaí agus coiníollacha is oiriúnach leis.

(2) O dháta ordú fén alt so agus dá éis sin, déanfar an geasghnóthaire le n-a mbaineann an t-ordú do shaora, laistigh den líomatáiste sin agus sa mhéid agus ar na téarmaí agus ar na coiníollacha a bheidh luaidhte san ordú, ón oblagáid sin geas do sholáthar ar a éileamh san air.

(3) Na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire maidir le hordú do dhéanamh fén alt so no maidir le haon fhiosrú a bhaineann le n-a leithéid sin d'ordú do dhéanamh (pe'ca déanfar ordú no ná déanfar) beidh a n-ualach agus a n-íoc ar an ngeas-ghnóthaire gur ar a iarratas a dineadh an fiosrú no an t-ordú.

Cuid áirithe d'fheidhmeanna Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí d'aistriú chun an Bhúird.

105. —(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle le hordú aistriú, ón Aire no o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn (dá ngairmtear na Coimisinéirí san alt so) fé seach chun an Bhúird, do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta, agus de sna dualgaisí a bronntar no a cuirtar, le haon reacht no fé, ar an Aire no ar na Coimisinéirí (pe'ca aca é) maidir le cúram no le cimeád slí loingseoireachta no dréineáil Abha na Sionainne no aon cheann dá suaimhneacháin no oibreacha do dineadh chun feabhas do chur ar an slí loingseoireachta no ar an dréineáil sin, agus féadfidh aon ordú den tsórt san aistriú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta, agus de sna dualgaisí sin, a bhaineann leis an iomlán no le haon chodacha no cuid áirithe den Abhainn sin no d'aon cheann dá suaimhneacháin.

(2) I gcás nách féidir do sna Coimisinéirí, toisc oibreacha na Sionainne do bheith ann, na feidhmeanna agus na comhachta d'fheidhmiú ná na dualgaisí do chólíona, a bronntar no a cuirtar ortha le haon reacht den tsórt san roimhráite, do réir forálacha an reachta san feidhmeoidh na Coimisinéirí na feidhmeanna agus na comhachta san agus cólíonfid na dualgaisí sin chó fada agus is féidir é do réir forálacha an reachta san agus na hoibreacha san ann, agus tar éis don Ard-Chomhairle ordú do dhéanamh fén alt so, ag aistriú gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta agus de sna dualagaisí sin chun an Bhúird, feidhmeoidh an Bord na feidhmeanna agus na comhachta agus cólíonfa sé na dualgaisí, le n-a mbaineann an t-ordú san, chó fada agus is féidir é do réir forálacha an reachta san agus na hoibreacha san ann.

(3) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí chun an Bhúird le hordú fén alt so, féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, a údarú don Bhord agus a cheangal air gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta, agus de sna dualgaisí sin d'fheidhmiú agus do chólíona maidir le gach ceann no aon cheann de sna cánalacha, de sna biordhóirse, de sna calaidh, de sna piaranna, de sna háiteanna calaíochta, de sna céibheanna, no de sna hoibreacha eile do dhin an tAire fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , agus ar bheith déanta den ordú san tuigfar na hoibreacha le n-a mbaineann an t-ordú san do bheith ar na hoibreacha go bhfuil na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin infheidhmithe ina dtaobh de bhua an reachta le n-ar cruthnuíodh an céanna agus déanfar an reacht san (fé pé atharuithe, más ann dóibh, a bheidh luaidhte san ordú san) do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird le hordú fén alt so féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, gach ceann no aon cheann de sna biordhóirse, de sna tithe biordhorais, de sna coraí eascon, no den mhaoin eile d'aistriú chun an Bhúird agus do dhílsiú sa Bhord, do bhí, díreach roimh dháta an orduithe sin, dílsithe sna Coimisinéirí agus in úsáid acu chun críche no i dtaobh feidhmiú no cólíona na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, no na ndualgaisí a haistrítear amhlaidh no chun ioncum do sholáthar chun na feidhmeanna, na comhachta no na dualgaisí sin d'fheidhmiú no do chólíona.

(5) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird le hordú fén alt so féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, éinne a bheidh ar fostú ag na Coimisinéirí i dtaobh no chun críche feidhmiú no cólíona na bhfeidhmeanna, na gcomhacht no na ndualgaisí sin d'aistriú o sheirbhís na gCoimisi neirí chun seirbhís an Bhúird agus leis sin tiocfidh gach duine a haistreofar amhlaidh chun bheith agus beidh sé ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí céanna, maidir le luach saothair agus le haois-liúntas, pinsean, no aisce (más ann do), ar a raibh sé ar fostú ag na Coimisinéirí díreach roimh an aistriú san agus chun críche an aois-liúntais, an phinsin, no na haisce sin (más ann do) beidh sé i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis na Coimisinéirí d'áireamh mar sheirbhís leis an mBord.

(6) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird le hordú fén alt so féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, a chur d'oblagáid ar an mBord íoc do dhéanamh, o dháta an orduithe sin, in aon phinsean a bheidh, ar dháta an orduithe sin, iníoctha ag na Coimisinéirí le duine do bhí ar fostú roimhe sin ag na Coimisinéirí i dtaobh no chun críche feidhmiú no cólíona na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, agus na ndualgaisí sin, agus leis sin tiocfidh an Bord chun bheith agus beidh sé freagarthach sna Coimisinéirí do shlánú ar gach fiachas agus ar aon fhiachas maidir leis an bpinsean san o dháta an orduithe sin.

(7) Féadfidh ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so, ag aistriú aon fheidhmeanna, comhachtanna no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird, a rá go ndineann sé agus, má deir sé é, déanfa sé a cheangal ar an mBord cuntas fé leith do chimeád maidir le hé d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna agus na gcomhacht agus do chólíona na ndualgas le n-a mbaineann an t-ordú san agus féadfa sé fós a rá go ndineann sé agus, má deir sé é, déanfa sé, maidir leis na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí le n-a mbaineann an t-ordú san, a bhfeidhmiú agus a gcólíona san do cheangal ar oifigigh agus ar sheirbhísigh don Bhord a bheidh ar fostú aige maidir leis na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin amháin.

(8) Ní thiocfidh aon ordú a déanfar fén alt so i ngníomh go dtí go leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus go gceadófar é le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas.

Toirmeasc ar loingseoireacht in Abha na Sionainne i dtréimhsí áirithe.

106. —(1) Aon uair sara mbeidh tabhairt oibreacha na Sionainne i seilbh an Bhúird fén Acht so críochnuithe, féadfidh an tAire le hordú, d'ainneoin aon achtacháin le n-a bhfaisnéistear gur abha intseolta phuiblí Abha na Sionainne, loingseoireacht ar no in Abha na Sionainne no ar no in aon chuid áirithe dhi a bheidh luaidhte san ordú san do thoirmeasc ar feadh na tréimhse aimsire a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san más oiriúnach leis an Aire san do dhéanamh chun na gcrícheanna a bhaineann le hoibriú oibreacha na Sionainne no le déanamh éinní no aon ruda a údaruíonn Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) don Aire a dhéanamh.

(2) I gcás ina ndéanfar, de dhruim ordú a bheidh déanta ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo ag toirmeasc loingseoireachta in no ar Abha na Sionainne no in no ar aon chuid áirithe dhi, deire no srian do chur le haon cheart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile, a bheidh ann i dtaobh Abha na Sionainne no i dtaobh an choda dhi le n-a mbaineann an t-ordú san, no cur isteach ar aon tslí eile air, tuigfar chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 ( Uimh. 26 de 1925 ) go n-údaruítear leis an Acht san deire no srian do chur leis an gceart uisce, leis an gceart iascaigh, no leis an gceart eile sin no cur isteach air agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin.

(3) Nuair a bheidh tabhairt oibreacha na Sionainne i seilbh an Bhúird fén Acht so críochnuithe, ansan, chun na gcrícheanna a bhaineann le hoibriú oibreacha na Sionainne no le feidhmiú aon cheann de sna comhachta no le cólíona aon cheann de sna dualgaisí no de sna feidhmeanna a bronntar agus a cuirtar ar an mBord leis an Acht so no fé, féadfidh an Bord le hordú, d'ainneoin aon achtacháin den tsórt san roimhráite, loingseoireacht in no ar Abha na Sionainne no in no ar aon chuid áirithe dhi a bheidh luaidhte san ordú san do thoirmeasc ar feadh pé tréimhse teoranta aimsire a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus a theastóidh ón mBord chun na gcrícheanna roimhráite.

(4) Déanfidh agus déarfidh gach ordú a déanfar fén alt so a thoirmeasc ar éinne gluaiseacht le haon bhád, báirse, lictéir ná árthach eile in ná ar uiscí Abha na Sionainne, ná in ná ar an gcuid di a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san, i rith na tréimhse aimsire a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san.

(5) Gach éinne a sháróidh forálacha ordú a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Comhachta, etc., fé sna Weights and Measures Acts d'aistriú.

107. —Na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí a bhaineann le méadair, no le happaratus no fearaistí eile leictreachais, a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun caindíochtaí leictreachais do thomhas no do shocrú, agus a bronntar agus a cuirtear ar an Aire leis na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, no le haon Acht eile do ritheadh roimh rith an Achta so no dá éis sin féadfidh an tAire le hordú iad do bhronna agus do chur ar an mBord agus ar bheith déanta don ordú san feidhmeoidh agus cólíonfidh an Bord iad.

Apparatus d'iniúcha.

108. —Féadfidh aon oifigeach a cheapfidh an Bord no gnóthaire údaruithe gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, gach tráth réasúnta, in aon áitreabh dá soláthruíonn no dar sholáthruigh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) leictreachas, sé sin le rá:—

(a) iniúcha do dhéanamh ar na línte, na méadair, na méaduitheoirí, na feistisí, na hoibreacha, agus an t-apparatus eile leictreachais a bheidh dá chuid féin ag an mBord no ag an ngnóthaire údaruithe sin chun leictreachas do sholáthar, no a bheidh ceangailte, go díreach no go nea-dhíreach, d'aon apparatus a bheidh dá chuid féin ag an mBord no ag an ngnóthaire údaruithe sin chun leictreachas do sholáthar,

(b) a fháil amach cé méid leictreachais do húsáideadh no do soláthruíodh san áitreabh san,

(c) an soláthar leictreachais don áitreabh san do stop nuair a bheidh teideal dleathach aige chun san do dhéanamh,

(d) aon línte, méaduitheoirí, feistisí, oibreacha, no apparatus leictreachais de chuid an Bhúird no an ghnóthaire údaruithe sin do bhreith chun siúil nuair a bheidh teideal dleathach aige chun san do dhéanamh.

(2) Féadfidh aon oifigeach den tsórt san roimhráite dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh, dá soláthruíonn no dar sholáthruigh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) leictreachas, chun éinní do dhéanamh a údaruíonn an t-alt so dho a dhéanamh san áitreabh san.

(3) Pé uair a fheidhmeoidh oifigeach don Bhord no do ghnóthaire údaruithe aon chomacht dá mbronntar leis an alt so leighisfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) gach damáiste a thiocfidh as na comhachta san d'fheidhmiú.

Toirmeasc ar abhar creimtheach do scaoile isteach in Abha na Sionainne.

109. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, ach amháin le cead i scríbhinn ón mBord agus do réir na gcoiníoll a bheidh ráite sa chead san i dtaobh ama, áite, agus modha, aon tsubstaint cheimiciúil ná substaint eile (soladach ná fliuch), de shaghas do chreimfadh, do chuirfadh in aimhréidh, do stopfadh, do bhrisfadh, no do dhíobhálfadh ar aon tslí eile oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh, do chur, do scaoile ná do leigint, go díreach ná go neadhíreach, as aon áitreabh no áit ná as aon árthach in ná isteach in Abha na Sionainne ná in ná isteach in aon chanáil no uiscebhealach saordha eile do dineadh fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) .

(2) Gach éinne a chuirfidh, a scaoilfidh, no a leigfidh, go díreach no go nea-dhíreach, aon tsubstaint cheimiciúil no substaint eile (soladach no fluich) in no isteach in Abha na Sionainne no in no isteach in aon chanáil no uisce-bhealach saordha den tsórt roimhráite contrárdha don alt so, agus únaer an áitreibh no na háite no máistir agus fós únaer an árthaigh as a gcuirfar, as a scaoilfar no as a leigfar an tsubstaint sin amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus, ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.

(3) San alt so ní fholuíonn an focal “Abha na Sionainne” aon chuid den abhainn sin laistíos de Parteen Villa ach foluíonn sé gach suaimhneachán don Abhainn sin a théigheann isteach inti lastuas de Parteen Villa agus gach loch, linn, canáil, no uiscebhealach saordha ar Abha na Sionainne, no i gceangal léi go díreach no go nea-dhíreach, lastuas de Parteen Villa.

Bainfidh alt 4 den Conspiracy and Protection of Property Act,1875, le leictreachas.

110. —Bainfidh alt 4 den Conspiracy and Protection of Property Act, 1875 (i dtaobh sáruithe connartha ag daoine ar fostú in obair sholáthruithe geas no uisce) le daoine ar fostú ag an mBord no ag aon ghnóthaire údaruithe no gnóthaire ceaduithe díreach fé mar a bhaineann sé le daoine a luaidhtear san alt san, ach tagairtí do leictreachas do bheith ann in ionad na dtagairtí do gheas no d'uisce.

Pionós mar gheall ar dhíobháil mhailíseach.

111. —Einne a ghearrfidh no a dhíobhálfidh aon líne no obair leictreachais go nea-dhleathach agus go mailíseach d'fhonn aon tsoláthar leictreachais do stop no do laigheadú beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus dlighfar é do chimeád i bpian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana, no é do chur i bpríosún i dteanta no d'éamais daor-obair do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

Cosaint do chirt, etc., an Aire Puist agus Telegrafa.

112. —Ní bhainfidh éinní san Acht so den Aire Puist agus Telegrafa aon chirt agus leighseanna atá aige fé sna Telegraph Acts atá ann fé láthair no fé aon oiriúnú reachtúil a dineadh ortha no fé éinní a cuireadh ina n-ionad le húdarás no fé údarás an Oireachtais.

Athghairmeanna.

113. —Dintar leis seo na hAchtanna uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

114. —Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 , do ghairm den Acht so.