|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Udarais Áitiúla.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Leasuithe ar Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 . | |
[EN] |
Malairt chóiríochta do sholáthar. |
82. —(1) Pé uair a thógfidh an tAire aon talamh go héigeanta agus go buan fé sna comhachta a bronntar air chuige sin le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , féadfidh an tAire, más toil san leis an té ba shealbhaire ar an talamh san díreach roimh an tógaint sin, malairt chóiríochta i bhfuirm tailimh do sholáthar don tsealbhaire sin in ionad agus in áit an phraghais no an chúitimh no na coda dhe is iníoctha ag an Aire leis an sealbhaire sin fén Acht san. |
[EN] | (2) Chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , tuigfar go n-údaruítear leis an Acht san don Aire talamh do thógaint chun malairt chóiríochta do sholáthar fén alt so, agus dá réir sin féadfidh an tAire talamh do thógaint chun na críche sin fén alt san 4 agus tuigfar i dtaobh tailimh a tógfar amhlaidh gur fén Acht san do tógadh é agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin. | |
[EN] | (3) Pé uair a sholáthróidh an tAire malairt chóiríochta fén alt so do shealbhaire thalmhan dílseofar an mhalairt chóiríochta san sa tsealbhaire sin fé réir na n-iontaobhas, na muirear, na bhfiachas, agus na n-eirí go raibh an talamh do tógadh go héigeanta ón sealbhaire sin fé n-a réir díreach sarar thóg an tAire é. | |
[EN] | (4) Chun go mbainfidh an t-alt so le malairt chóiríochta do sholáthar i gcás tailimh a bheidh ar seilbh ag údarás áitiúil chun crícheanna na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, agus a thógfidh an tAire go héigeanta agus go buan fé sna comhachta a bronntar air chuige sin le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925 , tuigfar gurb é an t-údarás áitiúil sin is sealbhaire ar an talamh san agus, ar an talamh a soláthrófar mar mhalairt chóiríochta don údarás áitiúil sin fén alt so, féadfidh an tAire bothóga do chur suas is cosúil, sa mhéid gur féidir é, ina ndéanmhacht agus ar gach slí eile, leis na bothóga do bhí curtha suas ar an talamh do bhí ar seilbh ag an údarás áitiúil sin chun na gcrícheanna roimhráite agus do thóg an tAire go héigeanta mar adubhradh, agus bainfidh na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, leis an talamh a soláthrófar amhlaidh mar mhalairt chóiríochta fén alt so ar gach slí díreach mar do bhaineadar leis an talamh, do thóg an tAire go héigeanta amhlaidh, díreach roimh an tógaint sin. | |
[EN] |
Talamh do thógaint chun bearraicí do chur suas. |
83. —(1) Féadfidh an tAire aon talamh do thógaint go héigeanta agus go buan chun bearraicí do chur suas air no chun é d'úsáid mar bhearraicí i gcóir balla d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no den Ghárda Síochána a bheidh ag cosaint no ag caomhaint oibreacha na Sionainne. |
[EN] | (2) Chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 ( Uimh. 26 de 1925 ) tuigfar go n-údaruítear leis an Acht san don Aire aon talamh do thógaint chun na gcrícheanna roimhráite, agus dá réir sin féadfidh an tAire talamh do thógaint chun na gcrícheanna san fén alt san 4, agus tuigfar i dtaobh aon tailimh a tógfar amhlaidh gur fén Acht san do tógadh é agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin. | |
[EN] |
Piolóirí, polaí, etc., do dhílsiú san Aire. |
84. —(1) Aon phiolóir, pola, seasán, no déanmhacht eile a cuirfar suas ag an Aire fé fhorálacha Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , no ag connarthóir ag gníomhú fé ordú ón Aire fén Acht san, ar aon talamh nár thóg an tAire fén Acht san, agus gur chun aon tsreang, atharuitheoir, no meaisínteacht eile, i gcóir no i dtaobh iompair leictreachais, do chimeád suas a cuirfar suas amhlaidh é, ní dhílseoidh sé in únaer an tailimh sin agus gach piolóir, pola, seasán, no déanmhacht eile den tsórt san a cuirfar suas mar adubhradh beidh agus fanfa sé ina mhaoin ag an Aire. |
[EN] | (2) Féadfidh an tAire agus fós an Bord dul isteach gach tráth réasúnta ar aon talamh den tsórt san roimhráite chun aon phio lóir, pola, seasán, no déanmhacht eile den tsórt san roimhráite d'athnuachaint no do dheisiú no do choinneáil i dtreo ar aon tslí eile agus gach ní no rud do dhéanamh san áit sin is dó leis an Aire no leis an mBord (pe'ca aca é) do bheith riachtanach i gcóir an choinneáil-i-dtreo san no do bheith ag gabháil leis sin. | |
[EN] |
Forálacha i dtaobh tailte áirithe a tógfar fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 . |
85. —(1) Pé uair a bheartóidh an tAire aon ghabháltas de thailtetionóntuithe le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) do thógaint go buan, agus a ragha sé isteach air, do réir na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 ( Uimh. 26 de 1925 ), tiocfidh an tAire chun bheith freagarthach do Choimisiún na Talmhan san íocaíocht in ionad cíosa is iníoctha ar an ngabháltas san díreach fé is dá ndineadh tionónta an ghabháltais sin an gabháltas san do shanna don Aire an lá do chuaidh an tAire isteach air. |
[EN] | (2) Pé uair a bheartóidh an tAire cuid, agus an méid sin amháin, de ghabháltas de thailte tionóntuithe le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , do thógaint go buan, agus a ragha sé isteach uirthi, do réir na gcomhacht roimhráite déanfar an cíos, an riaráiste cíosa socruithe, an íocaíocht in ionad cíosa agus an riail-bhlianacht cheannaigh do chionroinnt i pé slí is dó le Coimisiún na Talmhan do bheith oiriúnach agus tuigfar gur gabháltaisí fé leith le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , coda uile agus fé seach an ghabháltais sin, agus i gcás gabháltais bhreithiúntais tuigfar gur cíosanna cúirte fé leith coda cothromúla uile agus fé seach an bhun-chíosa chúirte, agus tiocfidh an tAire chun bheith freagarthach do Choimisiún na Talmhan i pé cion, den íocaíocht in ionad cíosa is iníoctha ar an ngabháltas iomlán, do cionroinneadh ar an gcuid den ghabháltas san do thóg sé, díreach fé is dá ndineadh tionónta na coda san an chuid sin do shanna don Aire an lá do chuaidh an tAire isteach uirthi. | |
[EN] | (3) Pé uair a bheartóidh an tAire aon tailte a bheidh, leo féin no i dteanta tailte eile, fé aon bhlianacht is iníoctha le Coimisiún na Talmhan do thógaint go buan, agus a ragha sé isteach ortha, do réir na gcomhacht roimhráite, tiocfa sé chun bheith freagarthach in íoc na blianachta no pé cion de a chionroinnfidh Coimisiún na Talmhan ar na tailte do thóg sé, díreach fé is dá ndineadh dílseánach na dtailte sin na tailte sin d'aistriú chun an Aire an lá do chuaidh sé isteach ortha. | |
[EN] | (4) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, aon tailte do cheannach o Choimisiún na Talmhan is abhar do ghabháltas no do chuid de ghabháltas— | |
[EN] | (a) le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , agus | |
[EN] | (b) gur dhin no go ndéanfidh an tAire leas an tionónta ann do thógaint, roimh rith an Achta so no dá éis sin, do réir na gcomhacht a bronntar air chuige sin le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925 , | |
[EN] | ar gach slí díreach fé is dá mb'é an tAire ba thionónta air. | |
[EN] | (5) Chun crícheanna aon cheannaigh den tsórt san roimhráite beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, d'ainneoin éinní atá in Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) an t-ordú atá idir Coimisiún na Talmhan agus únaer an leasa is ísle sna tailte sin agus is leas is indíolta fé sna Achtanna Talamh-Cheannaigh, leanfa sé de bheith ann, | |
[EN] | (b) dílseoidh na tailte sin i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha, | |
[EN] | (c) na cirt atá ag únaer na dtailte sin maidir leis an suim is có-ionann leis an méid a bheidh le bailiú mar íocaíocht in ionad cíosa agus maidir leis an airgead ceannaigh, leanfid de bheith aige. | |
[EN] |
Saoirse o dhiúité stampa. |
86. —Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon leithliú ná aistriú a déanfar chun an Aire ar aon tailte, áitreabh, no maoin eile a thógfa sé do réir a chomhacht chuige sin fé fhorálacha Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) ná ar aon chonnra ná có-aontú chun aon leithliú no aistriú den tsórt san do dhéanamh. |