Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

26 1927


Uimhir 26 de 1927.


ACHT DRÉINEÁLA NA BEARBHA, 1927.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SCÉIM I gCÓIR DRÉINEÁIL AIRTÉIREACH ABHA NA BEARBHA AGUS A SUAINMHEACHÁN DO CHUR LE CHÉILE, DO CHUR I nGNÍOMH AGUS DO CHIMEÁD AR SIÚL. [28adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn an focal “an dreacht-scéim” an dreacht-scéim a ullamhóidh na Coimisinéirí fén Acht so;

cialluíonn an focal “an scéim” an scéim a dhaingneoidh an tAire Airgid fén Acht so;

cialluíonn an focal “na contaethe i gceist” contaethe Chill Mhanntain, Chill Dara, Laoighise, Uí bhFáilghe, Cheatharlach agus Chill Choinnigh;

cialluíonn an focal “na comhairlí contae” comhairlí na gcontaethe i gceist;

foluíonn an focal “dréineáil” dréineáil le taosca, ina aonar no maraon le slí eile, agus is dá réir sin a léireofar gach focal atá gaolmhar leis;

cialluíonn an focal “na hoibreacha dréineála” na hoibreacha dréineála a dhéanfidh na Coimisinéirí fén Acht so;

cialluíonn an focal “na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo” na hoibreacha dréineála do chimeád dea-dheisithe agus i dtreo mhaith agus in ordú ceart éifeachtúil chun oibre agus foluíonn sé gach ní a bhaineann le hiad do chimeád i dtreo amhlaidh;

cialluíonn an focal “costas na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo” gach costas agus caithteachas (ar a n-áirítear luach saothair oifigeach agus seirbhíseach) a bhaineann no a ghabhann leis na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo;

cialluíonn an focal “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse dar tosach an chéad lá d'Abrán agus dar críoch an 31adh lá den chéad Mhárta ina dhiaidh sin;

na focail uile le n-a gcuirtar bríonna speisialta leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, no leis an Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) isiad na bríonna speisialta a tugtar dóibh amhlaidh atá leo fé seach.

(2) I ngach tagairt san Acht so do thailte a dréineáladh no a moltar a dhréineáil, no do thailte a feabhsuíodh no a tairbhíodh le dréineáil no a moltar a fheabhsú no a thairbhiú amhlaidh, foluíonn an focal “tailte” tailte, foirgintí, agus áitreabhacha de gach saghas, i mbaile no ar tuath.

Ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-scéim.

2. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-scéim dhréineála airtéirighe chun tuiliú ar Abha na Bearbha agus ar a suainmheacháin do laigheadú agus chun na hoibreacha is gá chuige sin agus pé oibreacha eile a chabhruíonn no a ghabhann leo san agus is dó leis na Coimisinéirí is gá no is maith do chur i ngníomh.

(2) Déanfar sa dreacht-scéim, pe'ca ina corp no le mapaí, tarraiceoireachtaí, pleananna, gearrtha, agus sceidil oiriúnacha bheidh ceangailte dhi a déanfar é, na nithe seo a leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) na haibhní, na srutháin agus na huiscí go moltar deighleáil leo agus na tailte a moltar a dhréineáil no a fheabhsú, agus

(b) na hoibreacha a moltar a dhéanamh, agus

(c) na tailte agus na háitreabhacha a moltar a thógaint go héigeanta, na héasáidí, na cirt uisce, agus na cirt eile go moltar iad do thógaint, do shriana, do stad, no cur isteach ortha ar aon tslí eile go héigeanta, agus na bóithre agus na droichid agus na bóithre iarainn agus na slite loingseoireachta go moltar iad do chasa, d'aistriú, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, agus

(d) na daoine atá in ainm bheith ina ndílseánaigh agus ina n-únaerí agus na daoine atá ina sealbhairí rátuithe no eile ar na tailte agus ar na háitreabhacha, ar na héasáidí, ar na cirt uisce, agus ar na cirt eile, ar na bóithre agus ar na droichid phuiblí, ar na bóithre iarainn agus ar na slite loingseoireachta, uile agus fé seach, go moltar iad do thógaint, do shriana, do stad, no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile go héigeanta, agus meastachán ar an gcúiteamh a bheadh iníoctha leis na dílseánaigh, na húnaerí agus na sealbhairí sin fé seach mar gheall ar an tógaint, an sriana, an stad, an cur-isteach, no an bhaint éigeanta san, agus

(e) an líomatáiste go bhfuil ceanntar dréineála fé leith le déanamh de ar chríochnú na n-oibreacha a moltar, agus

(f) meastachán ar chostas na n-oibreacha a moltar do dhéanamh agus ar na caithteachaisí a bhaineann go generálta leis na molta sa dreacht-scéim do chur i ngníomh.

(3) Ag ullamhú na dreacht-scéime dhóibh tabharfidh na Coimisinéirí aire d'úsáid Abha na Bearbha agus na gCanálach atá ceangailte dhi chun críche loingseoireachta agus don gá atá le gan aon chur-isteach ná bac do dhéanamh no do chur go buan ar an loingseoireacht san.

(4) Na caithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag ullamhú na dreacht-scéime beid ina gcuid de sna caithteachaisí generálta a bhainfidh leis an scéim do chur i ngníomh agus íocfar iad dá réir sin.

(5) Chun an dreacht-scéim d'ullamhú beidh teideal ag na Coimisinéirí, gach am réasúnta, dul isteach ar aon talamh no in aon áitreabh go mbaineann no go ndeirtar no go gcreidtear go mbaineann tuiliú Abha na Bearbha no tuiliú a suainmheachán leis agus ar pé talamh eile no i pé áitreabh eile sa chomhursanacht san gur dó leis na Coimisinéirí gur gá é, agus gach gníomh agus ní do dhéanamh ann is gá go réasúnta chun na críche roimhráite.

Foillsiú na dreacht-scéime.

3. —(1) Nuair a bheidh an dreacht-scéim ullamh ag na Coimisinéirí déanfidh na Coimisinéirí—

(a) fógra d'fhoillsiú tré fhógrán do chur san Iris Oifigiúil agus i bpáipeur no i bpáipéirí a léightear sna contaethe i gceist, fógra á rá go bhfuiltar tar éis an dreacht-scéim do dhéanamh agus cadiad na bailte fearainn le n-a mbaineann sí agus ag ainmniú áiteanna comhgaracha in ar féidir an dreacht-scéim (agus na mapaí agus na scríbhinní eile go léir ceangailte dhi) no cóip di d'iniúcha, agus

(b) cóip den fhógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar gach éinne atá in ainm bheith ina dhílseánach agus ina únaer, agus ar gach éinne atá ina shealbhaire rátuithe no eile ar thailte, ar chirt, no ar mhaoin eile go moltar sa dreacht-scéim iad do thógaint no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile go héigeanta, agus fós fógra á chur in úil do gach dílseánach, únaer, agus sealbhaire den tsórt san go moltar leis an dreacht-scéim talamh no ceart éigin no maoin éigin eile is leis no atá ar seilbh aige do thógaint no cur isteach air no deighleáil leis go héigeanta, agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcur-isteach no ar an deighleáil sin (más ann do) agus ar an maoin sin, agus

(c) cóip den fhógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar an údarás áitiúil 'na bhfuil sé de chúram air aon bhóthar no droichead puiblí do chimeád i dtreo 'na moltar sa scéim é do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí eile air agus fós fógra ag innsint don údarás áitiúil sin mar gheall ar an gcasa, ar an aistriú no ar an gcuristeach eile a moltar amhlaidh, agus

(d) cóip den fhógra atá le foillsiú san Iris Oifigiúil mar adubhradh do sheirbheáil ar gach éinne gur leis aon bhóthar iarainn no slí loingseoireachta 'na moltar sa dreacht-scéim é do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí eile air agus fós fógra ag innsint don duine sin mar gheall ar an gcasa, ar an aistriú, no ar an gcur-isteach eile a moltar amhlaidh.

(2) Gach fógra a seirbheálfar fén alt so ar dhuine atá in ainm bheith ina dhílseánach no ina únaer no atá ina shealbhaire rátuithe no eile ar aon tailte, cirt no maoin eile no ar údarás áitiúil 'na mbeidh sé de chúram air aon bhóthar no droichead puiblí do chimeád i dtreo no ar dhuine gur leis aon bhóthar iarainn no slí loingseoireachta, beidh ráiteas no fógra ann no ag gabháil leis á cheangal ar an dílseánach, ar an únaer, no ar an sealbhaire sin no ar an údarás áitiúil sin no ar an duine sin (pe'ca aca is gá sa chás) má tá aon agóid ag an dílseánach, ag an únaer no ag an sealbhaire sin, no ag an údarás san no ag an duine sin (pe'ca aca é) i gcoinnibh na dreacht-scéime no i gcoinnibh aon mhapa no scríbhinne eile atá ceangailte dhi, an agóid sin do chur in úil do sna Coimisinéirí sa tslí agus laistigh den aimsir (nách giorra ná mí) a luaidhtear sa bhfógra.

(3) I gcionn na haimsire a bheidh ceaptha sna fógraí sin chun agóidí i gcoinnibh na dreacht-scéime do chur in úil do sna Coimisinéirí scrúdóidh na Coimisinéirí gach agóid den tsórt san a cuirfar in úil dóibh amhlaidh agus féadfidh na Coimisinéirí aon agóidí den tsórt san do chaitheamh amach ná beidh ionta dar leo ach agóidí suaracha ciapthacha.

(4) Nuair a déanfar an scrúdú agóidí sin, má chítar ná fuil aon agóidí den tsórt san ann no má dintar gach agóid den tsórt san do chaitheamh amach no do tharrac siar, tíolaicfidh na Coimisinéirí an dreacht-scéim don Aire Airgid chun a daingnithe, ach má chítar, nuair a déanfar an scrúdú san, go bhfuil aon agóid den tsórt san ann nár caitheadh amach ná nár tarraigeadh siar, cuirfidh na Coimisinéirí fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh na n-agóidí sin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso.

Fiosrúchán i dtaobh agóidí i gcoinnibh na dreacht-scéime.

4. —(1) Má thagann sé chun bheith riachtanach fén alt san roimhe seo fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh agóidí i gcoinnibh na dreacht-scéime isé an té a cheapfidh na Coimisinéirí chuige a dhéanfidh é agus san san am agus san áit a ordóidh na Coimisinéirí, agus tabharfar fógra puiblí i pé slí is dó leis na Coimisinéirí is ceart i dtaobh an fhiosrúcháin sin do bheith le déanamh agus déanfidh na Coimisinéirí, leis, fógra speisialta do chur tríd an bpost roimh-íoctha, i dtaobh an fhiosrúcháin do bheith le déanamh, chun na ndaoine a chuir isteach na hagóidí 'na mbeidh an fiosrúchán le déanamh ina dtaobh.

(2) Beidh teideal ag na daoine seo a leanas chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil (i bpearsain no tré atúrnae no tré abhcóide) agus fianaise do thairisgint ag an bhfiosrúchán, sé sin le rá:—

(a) na daoine uile agus fé seach a chuir isteach na hagóidí 'na mbeidh an fiosrúchán á dhéanamh ina dtaobh, agus

(b) aon cheann de sna comhairlí contae, agus

(c) éinne eile le n-a mbaineann an dreacht-scéim agus gur oiriúnach leis an té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin é éisteacht.

(3) An té a bheidh ag déanamh fiosrúcháin den tsórt san roimhráite tabharfa sé tuarasgabháil do sna Coimisinéirí ar an bhfiosrúchán nuair a bheidh sé déanta aige, agus tar éis an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhóibh féadfidh na Coimisinéirí pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur leis no fágaint ar lár) is dó leo is ceart do dhéanamh ar an dreacht-scéim agus ansan tíolaicfid an dreacht-scéim don Aire Airgid chun a daingnithe.

(4) Na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag déanamh aon fhiosrúcháin den tsórt san tuigfar gur cuid iad de sna caithteachaisí a bhí ar na Coimisinéirí ag ullamhú na dreacht-scéime.

An tAire Airgid do dhaingniú na dreacht-scéime.

5. —(1) Tar éis do sna Coimisinéirí an dreacht-scéim do thíolaca don Aire Airgid féadfidh an tAire Airgid le hordú an dreacht-scéim do dhaingniú gan í d'atharú no tar éis pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur leis no fágaint ar lár) is oiriúnach leis do dhéanamh uirthi.

(2) Tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú déanfidh na Coimisinéirí—

(a) fógra do sheirbheáil ar gach éinne atá in ainm bheith ina dhílseánach no ina únaer, agus ar gach éinne atá ina shealbhaire rátuithe no eile ar aon talamh, ceart, no maoin eile go moltar sa scéim iad do thógaint no cur isteach ortha no baint leo ar aon tslí eile go héigeanta, fógra á chur in úil do go bhfuil an tAire Airgid tar éis an scéim do dhaingniú agus go moltar léi talamh no ceart éigin no maoin éigin eile is leis no atá ar seilbh aige do thógaint no cur isteach air no deighleáil leis go héigeanta, agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcur-isteach no ar an deighleáil sin (más ann do) agus ar an maoin sin, agus

(b) fógra do sheirbheáil ar gach údarás áitiúil 'na bhfuil sé de chúram air aon bhóthar no droichead puiblí do chimeád i dtreo 'na moltar sa scéim é do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí eile air, fógra á chur in úil don údarás áitiúil sin go bhfuil an tAire Airgid tar éis an scéim do dhaingniú agus go moltar léi bóthar no droichead puiblí, 'na bhfuil a chimeád i dtreo de chúram ar an údarás áitiúil sin, do chasa no d'aistriú no cur isteach ar shlí eile air (pe'ca aca é) agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcuristeach san agus ar an mbóthar no ar an droichead san, agus

(c) fógra do sheirbheáil ar gach éinne gur leis bóthar iarainn no slí loingseoireachta 'na moltar sa scéim é do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí eile air, fógra á chur in úil don duine sin go bhfuil an tAire Airgid tar éis an scéim do dhaingniú agus go moltar léi bóthar iarainn no slí loingseoireachta is leis an duine sin do chasa no d'aistriú no cur isteach ar shlí eile air (pe'ca aca é) agus beidh tuairisc iomlán sa bhfógra ar an gcur-isteach san agus ar an mbóthar iarainn no ar an slí loingseoireachta san.

(3) Seirbheálfar gach fógra den tsórt san roimhráite mí ar a laighead sara gcromaidh na Coimisinéirí ar an maoin le n-a mbaineann an fógra san do thógaint no do chasa no d'aistriú no ar chur isteach uirthi ar shlí eile.

Scéim nua no scéim bhreise d'ullamhú.

6. —(1) Más léir do sna Coimisinéirí, tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú, gur gá atharuithe dhéanamh ar na hoibreacha go moltar sa scéim iad do dhéanamh (agus dá ngairmtear na céad-oibreacha san alt so) no gur gá oibreacha eile i dteanta na gcéad-oibreacha féadfidh na Coimisinéirí—

(a) dreacht-scéim (dá ngairmtear scéim nua san alt so) d'ullamhú le cur in ionad na scéime agus molta inti go ndéanfí na céad-oibreacha maraon le pé atharuithe ar na hoibreacha san is dó leis na Coimisinéirí is gá pe'ca thiocfidh no ná tiocfidh as na hatharuithe sin go méadófí meastachán costas na gcéad-oibreacha do dhéanamh agus na gcaithteachaisí a bhaineann go generálta leis na molta sa scéim do chur i ngníomh no pe'ca thiocfidh no ná tiocfidh asta go ndéanfí tógaint éigeanta no cur isteach éigeanta ar shlí eile ar aon tailte, cirt, no maoin eile seachas na tailte, na cirt, no an mhaoin eile go moltar sa scéim iad do thógaint no cur isteach ar shlí eile ortha go héigeanta, no

(b) dreacht-scéim (dá ngairmtear scéim bhreise san alt so) d'ullamhú mar bhreis ar an scéim agus molta inti go ndéanfí oibreacha eile i dteanta na gcéad-oibreacha pe'ca thiocfidh no ná tiocfidh as na hoibreacha breise sin go méadófí an meastachán roimhráite no pe'ca thiocfidh no ná tiocfidh asta go ndéanfí tógaint éigeanta no cur isteach éigeanta ar shlí eile ar aon tailte, cirt, no maoin eile seachas na tailte, na cirt, no an mhaoin eile go moltar sa scéim iad do thógaint no cur isteach ar shlí eile ortha go héigeanta.

(2) Déanfidh na Coimisinéirí, maidir le dreacht-scéim nua no le dreacht-scéim bhreise a ullamhóid fén alt so, pé fógraí d'fhoillsiú, pé agóidí do ghlaca, agus pé fiosrúcháin (más aon cheann é) do chur ar siúl a ordóidh an tAire Airgid, agus déanfid an dreacht-scéim nua no an dreacht-scéim bhreise sin, nuair a bheidh sí socair acu sa deire, do thíolaca don Aire Airgid chun í dhaingniú.

(3) Ar thíolaca dreacht-scéime nua no dreacht-scéime breise amhlaidh, féadfidh an tAire Airgid, le hordú, an dreacht-scéim nua no an dreacht-scéim bhreise sin do dhaingniú gan í d'atharú no tar éis pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur léi no fágaint ar lár) is dó leis is ceart do dhéanamh uirthi.

(4) Nuair a bheidh scéim nua no scéim bhreise daingnithe ag an Aire Airgid déanfar na tagairtí uile san Acht so don scéim do léiriú agus beidh éifeacht acu, maidir le héinní a déanfar no a bheidh le dhéanamh tar éis an daingnithe sin, mar thagairtí (fé mar is gá sa chás) don scéim nua no don scéim maraon leis an scéim bhreise.

Cuirfidh na Coimisinéirí an scéim i ngníomh.

7. —Nuair a bheidh ordú déanta ag an Aire Airgid fén Acht so ag daingniú na scéime cromfidh na Coimisinéirí ar an scéim do chur i ngníomh agus chuige sin oibreoidh an t-ordú chun comhacht do bhronna ar na Coimisinéirí—

(a) chun na hoibreacha a luaidhtear sa scéim do dhéanamh agus do chríochnú maraon le gach cur-leo, fágaint-arlár ionta, atharú ortha, agus casa-i-leataoibh uatha, a bheidh réasúnta agus a gheobhfar a bheith riachtanach le linn na hoibre, agus

(b) chun dul isteach ar aon talamh no in aon áitreabh agus gach gníomh agus ní do dhéanamh ann a bheidh riachtanach do réir réasúin, no a eireoidh, i ndéanamh agus i gcríochnú na n-oibreacha san maraon le gach cur-leo, fágaint-ar-lár ionta, atharú ortha, agus casa-ileataoibh uatha mar adubhradh, agus

(c) chun na rudaí seo uile agus fé seach do thógaint go héigeanta, eadhon, na tailte agus na háitreabhacha, na héasáidí, na cirt uisce agus na cirt eile a moltar sa scéim a thógaint go héigeanta, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabhacha acu san no aon cheann de sna héasáidí, de sna cirt uisce, agus de sna cirt eile sin d'fheidhmiú aon uair tar éis fógra do bheith seirbheálta ar an té atá in ainm bheith ina dhílseánach no ina únaer agus ar an té is sealbhaire rátuithe no eile ar na tailte no ar na háitreabhacha san, no ar an éasáid, ar an gceart uisce no ar an gceart eile sin, sé sin, an fógra a ceangailtear leis an Acht so ar na Coimisinéirí do sheirbheáil ar an dílseánach, ar an únaer agus ar an sealbhaire sin tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú, agus san d'ainneoin gan leithliú na dtailte, na n-áitreabh, na héasáide, no an chirt sin do bheith críochnuithe ná a bpraghas do bheith fachta amach nuair a déanfar an dul isteach no an feidhmiú san, agus

(d) chun srian no stad do chur leis na nithe seo, no chun cur isteach ortha ar aon tslí eile, eadhon, aon éasáidí, cirt uisce, no cirt eile go moltar sa scéim srian no stad do chur leo no cur isteach ar aon tslí eile ortha go héigeanta, agus chun na rudaí seo do chasa no d'aistriú, no cur isteach ortha ar aon tslí eile, eadhon, aon bhóithre iarainn, slite loingseoireachta, bóithre, no droichid go moltar sa scéim iad do chasa no d'aistriú no cur isteach ar aon tslí eile ortha, agus, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, chun éinní de sna nithe roimhráite do dhéanamh aon uair tar éis fógra do bheith seirbheálta ar an té atá in ainm bheith ina dhílseánach no ina únaer ar na héasáidí, ar na cirt uisce no ar na cirt eile sin, no ar an té gur leis na bóithre iarainn no na slite loingseoireachta san no ar an údarás áitiúil go bhfuil sé de chúram air na bóithre no na droichid sin do chimeád i dtreo (pe'ca aca é), sé sin, an fógra a ceangailtear leis an Acht so ar na Coimisinéirí do sheirbheáil ar an té sin atá in ainm bheith ina dhílseánach no ina únaer no ar an duine sin no ar an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú, agus san d'ainneoin gan aon leithliú do bheith críochnuithe ná cúiteamh do bheith fachta amach ná íoctha maidir leis na nithe sin, agus

(e) chun gach gníomh agus ní eile do dhéanamh is dó leis na Coimisinéirí a bheidh riachtanach no ceart no a eireoidh do réir réasúin maidir leis an scéim do chur i ngníomh go cuibhe, agus ná fuil aon tsocrú fé leith ina dtaobh san Acht so.

Modh ceaptha méid an chúitimh.

8. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire Airgid an scéim do dhaingniú cromfidh na Coimisinéirí ar na rudaí seo uile agus fé seach do thógaint, eadhon, na tailte agus na háitreabhacha, na héasáidí, na cirt uisce agus na cirt eile a moltar sa scéim a thógaint go héigeanta, agus, mara ndintar có-aontú ina thaobh, ceapfar fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, an cúiteamh a híocfar as na tailte, na háitreabhacha, agus na cirt sin leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chúcha no estáití no leasanna acu ionta, no go bhfuil teideal aca chun na dtailte agus na n-áitreabhacha, no estáití no leasanna acu sna tailte agus sna háitreabhacha, ar a bhfuil na cirt sin le tógaint.

(2) Maidir le méid an chúitimh is iníoctha—

(a) le héinne mar gheall ar shrian no stad do chur le haon éasáid, ceart uisce, no ceart eile go héigeanta no mar gheall ar chur isteach air go héigeanta ar aon tslí eile; no

(b) le haon údarás áitiúil go bhfuil sé de chúram ortha aon bhóthar no droichead puiblí do chimeád i dtreo, mar gheall ar an mbóthar no ar an droichead san do chasa no d'aistriú no mar gheall ar chur isteach air ar aon tslí eile fén scéim no dá réir; no

(c) le héinne gur leis bóthar iarainn no slí loingseoireachta, mar gheall ar an mbóthar iarainn no ar an slí loingseoireachta san do chasa no d'aistriú no mar gheall ar chur isteach air ar aon tslí eile fén scéim no dá réir,

mara ndintar có-aontú ina thaobh, ceapfar é fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, díreach fé is dá mb'é an cúiteamh san an praghas a bheadh ar an talamh a tógfí go héigeanta.

(3) Nuair a bheidh cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le haon tailte, áitreabh, no ceart atá i seilbh no in úsáid no as a bhfuil tairbhe á bhaint maraon le haon mhuileann no monarcha no atá mar chuid dá leithéid, cuimhneofar ar aon tairbhe a thagann no a thiocfidh as aon fheabhsú ar chomhacht uisce an mhuilinn no na monarchan san no as buaine an tsoláthair uisce a thagann chuige no as fuascailt o chúl-uisce, feabhsú buaine, no fuascailt nách miste, do réir réasúin, súil do bheith le n-a theacht de bharr na hoibreacha do dhéanamh fén scéim.

(4) Nuair a bheidh cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le cur isteach ar shlí loingseoireachta cuimhneofar ar aon tairbhe a thagann no a thiocfidh don tslí loingseoireachta san as doimhniú uisce na slí loingseoireachta san, no as feabhsú an tsoláthair uisce chúichi no ar aon tslí eile de bharr na hoibreacha do dhéanamh fén scéim.

(5) Nuair a bheidh na hoibreacha go léir críochnuithe a bheidh le déanamh fén scéim agus sara bhfoillsítear an dreacht-mhola féadfidh Cuideachta Chanáil Laighean a éileamh go measfí fén bhfo-alt so an cúiteamh is iníoctha leo i mbuan-díobháil a dineadh do shlí loingseoireachta Abha na Bearbha agus na gcanálach atá i gceangal léi tré dhéanamh na n-oibreacha san agus má dintar an t-éileamh san amhlaidh ní bhainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so le meas an chúitimh sin agus ina ionad san cuirfar fé eadrascán innealtóra inniúla a cheapfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála na ceisteanna so, eadhon, ar tháinig aon bhuandíobháil don tslí loingseoireachta san tré dhéanamh na n-oibreacha san agus ar dineadh aon bhuan-tairbhe don tslí loingseoireachta san tré dhéanamh na n-oibreacha san agus socróidh an t-innealtóir sin, leis, ce'ca tá no ná fuil aon chúiteamh iníoctha agus má tá cé méid cúiteamh atá iníoctha le Cuideachta Chanáil Laighean sa bhuan-díobháil sin (más ann di) tar éis an buan-tairbhe sin (más ann do) d'áireamh. Na costaisí a bheidh ar an dá pháirtí de dheascaibh an eadrascáin sin beid do réir mar is toil leis an eadarscánaí sin.

(6) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, leis an gcúiteamh is iníoctha ag na Coimisinéirí agus leis na leithlithe a déanfar chun na gCoimisinéirí ar thailte, ar áitreabhacha, agus ar chirt fén Acht so, agus chun crícheanna na bainte sin tuigfar gurb iad na Coimisinéirí bunathóirí an ghnótha.

(7) Ní luighfidh aon aicsean i gcúrsaí dlí ná cothruim i gcoinnibh na gCoimisinéirí ná i gcoinnibh éinne dá n-oifigigh ná dá seirbhísigh i dtaobh aon ghnímh, ní ná ruda go bhfuil cúiteamh iníoctha ina thaobh de bhua an ailt seo.

Airgead do sholáthar chun na hoibreacha do chur i ngníomh.

9. —An t-airgead is gá chun íoctha na gcostaisí agus na gcaithteachaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí ag cur na scéime i ngníomh agus ag déanamh na n-oibreacha a luadhfar inti (airgead ar a n-áirítear gach cúiteamh agus airgead eile is iníoctha agus gach fo-chostas) soláthrófar é mar leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfidh na Coimisinéirí suim (dá ngairmtear san Acht so an roimh-íoc o sna Coimisinéirí) is có-ionann le leath na gcostaisí agus na gcaithteachaisí iomlána ach ná raghaidh thar suim dhá chéad is dhá mhíle dhéag agus cúig céad punt do roimh-íoc as airgead atá fé n-a gcúram agus is féidir a thabhairt amach ar iasacht, agus aisíocfar an tsuim sin leis na Coimisinéirí sa tslí a foráltar ina dhiaidh seo san Acht so, agus

(b) soláthróidh an tAire Airgid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an bhreis a bheidh ag na costaisí agus ag na caithteachaisí sin ar an roimh-íoc o sna Coimisinéirí, breis ná raghaidh thar suim dhá chéad is dhá mhíle dhéag agus cúig céad punt.

Ullamhóidh na Coimisinéirí dreacht-mhola.

10. —(1) Nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh na hoibreacha go léir críochnuithe a bheidh le déanamh fén scéim, ullamhóidh agus foillseoidh na Coimisinéirí dreacht-mhola ina dtaisbeánfar, ina chorp no le mapaí, tarraiceoireachtaí, pleananna, gearrtha, agus sceidil oiriúnacha a bheidh ceangailte dhe, na nithe seo a leanas—

(a) i dtéarmaí generálta, na tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh agus na hoibreacha a dineadh do réir na scéime, agus

(b) na tailte áirithe a dréineáladh no a feabhsuíodh go hachtúil, sealbhairí rátuithe na dtailte sin, agus na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte sin atá i seilbh na sealbhairí rátuithe sin fé seach, agus

(c) na méideanna bliantúla fé seach do b'fhiú, díreach roimh thosnú na n-oibreacha, na caindíochtaí sin uile agus fé seach de sna tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh, agus na méideanna a méaduíodh na méideanna bliantúla san fé seach tríd na hoibreacha dréineála do dhéanamh, agus

(d) na cionúireachtaí ina mbeidh ar na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte sin a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh i ngach contae fé leith de sna contaethe i gceist an ráta dréineála d'íoc a dineadh fén Acht so ag Comhairle na contae sin, agus

(e) an méadú iomlán, i ngach contae fé leith de sna contaethe i gceist, ar luach bhliantúil na dtailte sa chontae sin a dréineáladh no a feabhsuíodh leis na hoibreacha dréineála, agus

(f) na cionúireachtaí ina mbeidh ar na contaethe i gceist aisíoc do dhéanamh sa roimh-íoc o sna Coimisinéirí agus íoc do dhéanamh i gcostas na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo, agus is ionann na cionúireachtaí sin agus na cionúireachtaí atá idir na méaduithe iomlána roimhráite i ngach contae fé leith de sna contaethe sin fé seach agus méid iomlán na méaduithe iomlána san uile.

(2) Beidh sa dreacht-mhola san, leis, i bhfuirm dreachta, na forálacha uile agus fé seach is gá chun go ndéanfí gach ní no rud no chun socrú i gcóir gach ní no ruda gur gá do réir an Achta so é rá sa mhola dheiridh no socrú ina chóir tríd an mola deiridh.

(3) Nuair a beifar á shocrú, chun crícheanna an dreacht-mholta no an mholta dheiridh, cadiad na cionúireachtaí ina mbeidh ar na caindíochtaí uile agus fé seach de sna tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh an ráta dréineála d'íoc, cuimhneoidh na Coimisinéirí ar mhéid an tairbhe no an fheabhais a dintar do sna tailte sin no a cuirtar ortha fé seach tríd an scéim do chur i ngníomh.

Cad déanfar le tailte, etc., ná teastóidh.

11. —(1) Nuair a bheidh na Coimisinéirí ag ullamhú an dreachtmholta féachaid agus socróid ce'ca tá no ná fuil aon tailte, áitreabhacha, éasáidí, cirt uisce, agus cirt eile a bheidh tógtha chúcha acu do réir na scéime nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil i gcóir na n-oibreacha dréineála no chun na hoibreacha san do chimeád i dtreo agus d'oibriú sa cheart agus, má tá, cadiad na cinn iad.

(2) Gach talamh, áitreabh, éasáid, ceart uisce agus ceart eile den tsórt san a shocróidh na Coimisinéirí fén alt so do bheith neariachtanach agus gan bheith ag teastáil mar adubhradh, déanfidh na Coimisinéirí iad do dhíol no do chur dá láimh chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a cheapfidh an tAire Airgid.

Foillsiú fógraí i dtaobh an dreacht-mholta.

12. —(1) Nuair a bheidh an dreacht-mhola ullamh ag na Coimisinéirí fén Acht so, foillseoidh na Coimisinéirí, tré fhógrán do chur san Iris Oifigiúil agus i bpáipéar no i bpáipéirí a léightear sa cheanntar le n-a mbainfidh an mola deiridh nuair a bheidh sé déanta, fógra á rá go bhfuiltar tar éis an dreacht-mhola d'ullamhú agus cadiad na bailte fearainn le n-a mbaineann sé agus ag ainmniú áiteanna comhgaracha in ar féidir an dreacht-mhola (agus na mapaí agus na scríbhinní eile go léir ceangailte dhe) no cóip de d'iniúcha, agus á rá, leis, go ndéanfar fiosrúchán puiblí i dtaobh an dreacht-mholta, san am (nách luatha ná trí seachtaine tar éis céad-fhoillsiú an fhógra san) agus san áit a luaidhtear sa bhfógra.

(2) San am agus san áit a luaidhtear chuige sin sna fógraí a foillsíodh do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, déanfidh duine a cheapfidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta chuige sin fiosrúchán puiblí i dtaobh an dreacht-mholta, agus gach éinne gur dó leis an té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin go mbainfadh an mola deiridh leis no go ndéanfadh sé deifir do dá mba i bhfuirm an dreacht-mholta a déanfí é, beidh teideal aige chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil (i bpearsain no tré atúrnae no tré abhcóide) agus fianaise do chur ar nochta ag an bhfiosrúchán.

(3) An té a bheidh ag déanamh fiosrúcháin den tsórt san roimhráite déanfa sé, nuair a bheidh an fiosrúchán san críochnuithe, tuarasgabháil do thabhairt do sna Coimisinéirí air agus tar éis an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhóibh féadfidh na Coimisinéirí pé atharuithe (pe'ca tré atharú do dhéanamh é no cur leis no fágaint ar lár) is dó leo is ceart do dhéanamh ar an dreacht-mhola.

(4) Nuair a bheidh na Coimisinéirí sásta leis an dreacht-mhola tar éis pé atharuithe (más ann dóibh) den tsórt san roimhráite do dhéanamh air déanfid mola deiridh i dtéarmaí an dreacht-mholta le n-a bhfuilid sásta amhlaidh agus oibreoidh an mola deiridh sin fé mar adeirtar ina dhiaidh seo san Acht so.

(5) Cuirfidh na Coimisinéirí fé ndeár cóip dhílis den mhola dheiridh do dhéanamh agus, tré chúl-scríbhinn uirthi, deimhneoid í bheith ceart agus ansan cuirfid an mola deiridh ar an rolla i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus coinneoid an chóip dheimhnithe sin den mhola dheiridh ina gcimeád féin.

(6) Nuair a bheidh an mola deiridh curtha ar an rolla go cuibhe do réir an ailt seo ní bheidh aon dul thairis agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe uile, agus aon chóip de a tabharfar amach agus a deimhneofar ag an oifigeach ceart den Ard-Chúirt beidh sí ina finanaise dho-chlaoite ar an mola deiridh do bheith déanta go cuibhe agus beidh sí ina fianaise dho-chlaoite, leis, ar a bhfuil sa mhola dheiridh.

Ceanntar Dréineála na Bearbha do bhunú.

13. —(1) Déanfidh agus déarfidh an mola deiridh an líomatáiste a luaidhtear ann chuige sin do bhunú mar cheanntar dhréineála fé leith dá ngairmfar Ceanntar Dréineála na Bearbha.

(2) Féadfidh iomlán ceanntair no ceanntracha dréineála a bunuíodh fé sna Drainage and Navigation (Ireland) Acts, 1842 to 1857, no fé sna Drainage and Improvement of Lands (Ireland) Acts, 1863 to 1892, agus atá ann le linn rithe an Achta so, ceanntracha dá ngairmtear seana-cheanntracha dréineála san alt so, féadfidh san no aon chuid de bheith ina chuid den líomatáiste a bunófar amhlaidh leis an mola deiridh mar cheanntar dhréineála fé leith.

(3) Má bhíonn iomlán seana-cheanntair dhréineála ina chuid de Cheanntar Dhréineála na Bearbha leanfidh na tailte atá sa tseana-cheanntar dhréineála san de bheith fé fhiachas aon tsuime caipitiúla a muirearadh ortha ar scór na n-oibreacha dréineála sa cheanntar do dhéanamh agus fé fhiachas aon chíos-mhuirir a muirearadh ortha chun an tsuim chaipitiúil sin agus an t-ús uirthi d'aisíoc, agus leanfidh an seana-cheanntar dréineála san de bheith ann sa mhéid gur gá é chun an tsuim chaipitiúil sin agus an cíosmhuirear san do bhailiú agus do bhaint amach, ach chun gach críche eile stadfa sé de bheith ann ar dháta an mholta dheiridh agus ón dáta san amach.

(4) Má bhíonn cuid de sheana-cheanntar dhréineála ina cuid de Cheanntar Dhréineála na Bearbha leanfidh na tailte atá sa chuid sin den tseana-cheanntar dhréineála san de bheith fé fhiachas a gceana chirt féin d'aon tsuim chaipitiúil a muirearadh ar na tailte sa tseana-cheanntar dhréineála san ar scór na n-oibreacha dréineála sa cheanntar do dhéanamh agus fé fhiachas a gceana chirt féin d'aon chíos-mhuirear a muirearadh ar na tailte sin chun an tsuim chaipitiúil sin agus an t-ús uirthi d'aisíoc agus leanfidh an chuid sin den tseana-cheanntar dhréineála san de bheith ina cuid den cheanntar san chun gach críche a bhaineann leis an suim chaipitiúil sin agus leis an gcíosmhuirear san do bhailiú agus do bhaint amach, ach chun gach críche eile stadfa sí de bheith ina cuid den tseana-cheanntar dhréineála san.

Bord Dréineála na Bearbha do chó-dhéanamh.

14. —(1) An dualgas agus an chomhacht chun na hoibreacha dréineála do choinneáil dea-dheisithe agus in ordú éifeachtúil chun oibre agus gach ní agus rud do dhéanamh is gá, do réir réasúin, chuige sin no a bhaineann leis do réir réasúin, déanfidh agus déarfidh an mola deiridh iad do mhuirearú, d'fhorchur, agus do bhronna ar na comhairlí contae le chéile.

(2) Is tré chó-choiste a bunófar sa tslí a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus dá ngairmfar Bord Dréineála na Bearbha a chólíonfidh agus a fheidhmeoidh na comhairlí contae an dualgas agus an chomhacht a muirearófar, a forchuirfar agus a bronnfar ortha mar adubhradh leis an mola deiridh,

Ballraíocht, gno, agus cuntaisí Bhord Dréineála na Bearbha.

15. —(1) Féadfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, rialacháin do dhéanamh á ordú cathin a toghfar (agus cathin a céad-thoghfar) baill de Bhord Dréineála na Bearbha, cadé an tréimhse a bheidh na baill sin i seilbh oifige, conus a líonfar foth-fholúntaisí ina measc, go dí-cháileofar baill a scuirfidh de bheith no a chaillfidh a gcáilíocht chun bheith ina mbaill den chomhairle do cheap iad, agus conus a déanfar gnó Bhord Dréineála na Bearbha.

(2) Cimeádfar cuntaisí Bhord Dréineála na Bearbha mar chuntaisí fé leith agus is iniúchóir a cheapfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a iniúchfidh iad, agus na hachtacháin seo a leanas, sé sin le rá, ailt 11 go 15 agus ailt 17 agus 18 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ailt 20, 21, agus 22 den Local Government (Ireland) Act, 1902, agus alt 61 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), mar a leasuíodh no a hoiriúnuíodh iad le haon achtachán ina dhiaidh sin no fé, bainfid le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí Bhord Dréineála na Bearbha fé mar a bhaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí a luaidhtear ionta.

Oifigigh agus seirbhísigh Bhord Dréineála na Bearbha.

16. —(1) Ceapfidh Bord Dréineála na Bearbha pé oifigigh agus pé méid oifigeach a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus féadfid pé seirbhísigh do cheapa is dó leis an mBord san is gá chun na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo agus chun na dualgaisí do chólíona a forchuirtar ar an mBord san leis an Acht so.

(2) Bainfidh Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) le Bord Dréineála na Bearbha fé mar a bhaineann sé leis na húdaráis áitiúla a luaidhtear ann agus chuige sin is údarás áitiúil an Bord san do réir bhrí an Achta san agus isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí is Aire do réir bhrí an Achta san.

(3) Gach oifigeach agus gach seirbhíseach do Bhord Dréineála na Bearbha a ceapfar fén alt so gheobha sé pé luach saothair a shocróidh Bord Dréineála na Bearbha le toiliú an Aire Airgid agus, i gcás oifigigh, le haontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(4) Féadfidh Bord Dréineála na Bearbha oifigeach no seirbhíseach do Bhord Dréineála na Bearbha a ceapfar fén alt so do chur as oifig mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san aon uair.

Na hoibreacha Dréineála do dhílsiú i gComhairlí Contae.

17. —Déanfidh agus déarfidh an mola deiridh na hoibreacha dréineála do dhílsiú sna comhairlí contae le chéile maraon le gach talamh, áitreabh, éasáid, ceart uisce, agus ceart eile a thóg na Coimisinéirí chúcha do réir na scéime lasmuich d'aon tailte, áitreabhacha, éasáidí, cirt uisce, agus cirt eile acu san gur shocruigh na Coimisinéirí, fén gcomhacht a dílsítear ionta chuige sin leis an Acht so, iad do bheith nea-riachtanach agus gan bheith ag teastáil i gcóir na n-oibreacha dréineála no chun iad do chimeád i dtreo agus d'oibriú sa cheart.

An tsuim a cruinneofar tríd an ráta dréineála.

18. —(1) I ngach bliain fé leith den chéad chúig cinn triochad de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis dáta an mholta dheiridh cruinneoidh gach ceann de sna comhairlí contae, tríd an ráta dréineála, suim chó mór leis an méadú iomlán, mar a bheidh ráite sa mhola dheiridh, ar luach bhliantúil na dtailte ina gcontae do dréineáladh no do feabhsuíodh leis na hoibreacha dréineála.

(2) I ngach bliain airgeadais áitiúil tar éis na gcúig mblian triochad san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo cruinneoidh gach ceann de sna comhairlí contae, tríd an ráta dréineála, an tsuim a ceangailtear leis an Acht so ortha d'íoc sa bhliain airgeadais áitiúil sin le Bord Dréineála na Bearbha chun na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo.

Na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo i rith an chéad chúig bliana triochad.

19. —(1) Iocfidh na comhairlí contae le Bord Dréineála na Bearbha, ar feadh an chéad chúig cinn triochad de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis dáta an mholta dheiridh, an tsuim bhliantúil de dhá mhíle punt do réir na gcionúireachtaí go ndeirtar sa mhola dheiridh go bhfuil ar gach ceann dá gcontaethe uile agus fé seach íoc do dhéanamh dá réir i gcostas na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo.

(2) Déanfidh gach comhairle chontae an chionúireacht is iníoctha acu den tsuim bhliantúil sin de dhá mhíle punt in aon cheann de sna cúig cinn triochad san de bhlianta airgeadais áitiúla d'íoc ina dhá leath chothroma ar an 30adh lá de Mheán Fhomhair agus ar an 31adh lá de Mhárta amach as an airgead a ceangailtear leis an Acht so ortha do chruinniú tríd an ráta dréineála sa bhliain airgeadais áitiúil sin.

(3) I gceann gach bliana de sna cúig cinn triochad san de bhlianta airgeadais áitiúla, no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, déanfidh na Coimisinéirí scrúdú agus tuairisceoid don Aire Airgid ar conus a dineadh na hoibreacha dréineála do chimeád i treo an bhliain sin, agus má thuairiscíonn agus pé uair a thuairisceoidh na Coimisinéirí don Aire sin amhlaidh gur dhin Bord Dréineála na Bearbha na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo go maith agus go héifeachtúil agus go cnuaisciúnta ar feadh na bliana airgeadais áitiúla roimhe sin, íocfidh an tAire sin le Bord Dréineála na Bearbha chó luath agus is féidir é tar éis an tuairisc sin d'fháil do, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leath na suime gur léir ar iniúcha na gcuntaisí a bhaineann leis an scéal gur caitheadh í go hachtúil ag Bord Dréineála na Bearbha i rith na bliana airgeadais áitiúla san roimhe sin ar na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo.

(4) Ar feadh na gcúig gceann triochad san de bhlianta airgeadais áitiúla déanfidh Bord Dréineála na Bearbha costas na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo d'íoc amach as an airgead a híocfar leo fén alt so agus féadfid in aon bhliain acu san a mbeidh ar láimh acu den airgead san de thurus na huaire no pé cuid de is dó leis an mBord is ceart, pe'ca sa bhliain sin no in aon bhliain roimhe sin do fuarthas é, do chur chun an costas san d'íoc agus aon uair tar éis na mblian san féadfid a mbeidh ar láimh agus gan súncáil acu ansan den airgead san, no aon chuid de sin, do chur chun íoctha costais na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo.

(5) Le toiliú an Aire Airgid féadfidh Bord Dréineála na Bearbha agus, má cheanglann an tAire sin ortha é, déanfid aon fhuighleach a bheidh ar láimh acu de thurus na huaire den airgead do híocadh leo fén alt so do shúncáil aon uair i pé urrúis a cheadóidh an tAire sin agus méadóid ioncum na súncálanna san tré n-a n-ath-shúncáil, ach féadfid aon uair (pe'ca roimh dheire na gcúig gceann triochad san de bhlianta airgeadais áitiúla é no dá éis sin) le toiliú an Aire sin agus, má cheanglann an tAire sin ortha é, déanfid na súncálanna san no aon chuid díobh no an t-ioncum uatha do dhíol agus do chur chun íoctha costais na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo.

(6) Tabharfidh Bord Dréineála na Bearbha do sna Coimisinéirí pé cuntaisí agus pé eolas a theastóidh uatha san chun aon scrúdú no tuairisc do dhéanamh no do thabhairt uatha a ceangailtear leis an alt so ortha do dhéanamh no do thabhairt uatha.

An roimh-íoc o sna Coimisinéirí d'aisíoc.

20. —(1) Aisíocfar an roimh-íoc o sna Coimisinéirí maraon le hús air do réir an ráta a shocróidh an tAire Airgid tríd na comhairlí contae d'íoc suime bliantúla leis na Coimisinéirí, do réir an ailt seo, de pé méid a shocróidh an tAire Airgid, agus beidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha amhlaidh ar feadh an chéad chúig cinn triochad de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis dáta an mholta dheiridh.

(2) An tsuim bhliantúil is iníoctha ag na comhairlí contae leis na Coimisinéirí fén alt so in aon bhliain airgeadais áitiúil is mar leanas a híocfar í, sé sin le rá:—

(a) íocfidh gach ceann de sna comhairlí contae leis na Coimisinéirí an deifríocht idir an tsuim a ceangailtear leis an Acht so ar an gcomhairle chontae sin do chruinniú sa bhliain airgeadais áitiúil sin tríd an ráta dréineála agus an tsuim a ceangailtear leis an Acht so ar an gcomhairle chontae sin d'íoc sa bhliain airgeadais áitiúil sin le Bord Dréineála na Bearbha chun na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo, agus

(b) an bhreis a bheidh ag an suim bhliantúil sin ar iomlán na suimeanna is iníoctha fén mír sin roimhe seo, déanfidh comhairlí fé seach na gcontaethe i gceist í d'íoc amach as a gcistí contae fé seach sna cionúireachtaí go ndeirtar sa mhola dheiridh a bheith ar na contaethe sin an roimh-íoc o sna Coimisinéirí d'aisíoc.

(3) Gach íocaíocht a ceangailtear leis an alt so ar chomhairle chontae d'íoc leis na Coimisinéirí in aon bhliain airgeadais áitiúil, íocfar í amhlaidh ina dhá leath chothroma is iníoctha ar an 30adh lá de Mheán Fhomhair agus ar an 31adh lá de Mhárta, fé seach, sa bhliain airgeadais áitiúil sin.

(4) Déanfidh agus déarfidh an mola deiridh ciste contae gach ceann de sna contaethe i gceist do chur fé mhuirear gach suime is iníoctha ag comhairle na contae sin leis na Coimisinéirí, fén alt so, amach as an airgead a chruinneoidh an chomhairle chontae sin tríd an ráta dréineála agus ciste contae gach ceann de sna contaethe i gceist do chur fé mhuirear gach suime is iníoctha ag comhairle na contae sin leis na Coimisinéirí, fén alt so, amach as an gciste contae sin.

Na hoibreacha dréineála do chimeád i dtreo tar éis an chéad chúig bliana triochad.

21. —(1) I gceann an chéad chúig cinn triochad de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis dáta an mholta dheiridh, ullamhóidh Bord Dréineála na Bearbha, ar an am orduithe roimh thosach gach bliana airgeadais áitiúla, meastachán ar an suim a theastóidh uaidh i rith na bliana airgeadais áitiúla san chun íoctha costais na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo agus cion-roinnfe sé an tsuim a measfar amhlaidh ar na comhairlí contae do réir na gcionúireachtaí go ndeirtar sa mhola dheiridh go bhfuil ar gach ceann dá gcontaethe uile agus fé seach íoc do dhéanamh dá réir i gcostas na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo, agus ar an am orduithe sa bhliain airgeadais áitiúil sin no roimhe sin agus sa tslí orduithe cuirfe sé chun gach ceann de sna comhairlí contae éileamh ar an suim do cion-roinneadh amhlaidh ar an gcomhairle sin.

(2) Cruinneoidh gach comhairle chontae i ngach bliain airgeadais áitiúil den tsórt san, tríd an ráta dréineála, an tsuim d'éilimh Bord Dréineála na Bearbha ortha amhlaidh in aghaidh na bliana san agus íocfid an tsuim sin le Bord Dréineála na Bearbha ina dhá leath chothroma ar an 30adh lá de Mheán Fhomhair agus ar an 31adh lá de Mhárta an bhliain sin.

(3) Iocfidh Bord Dréineála na Bearbha costas na n-oibreacha dréineála do chimeád i dtreo i ngach bliain airgeadais áitiúil den tsórt san amach as an airgead a híocfar leo fén alt so.

(4) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

An ráta dréineála do bhuala.

22. —(1) Gach airgead a ceangailtear leis an Acht so ar chomhairle chontae do chruinniú tríd an ráta dréineála cruinneofar é tré ráta (dá ngairmfar an ráta dréineála) a cuirfar ar shealbhairí rátuithe na dtailte adeirtar sa mhola dheiridh do bheith dréineálta no feabhsuithe agus san do réir na gcionúireachtaí ina ndeirtar sa mhola dheiridh sin an ráta dréineála do bheith iníoctha as na tailte sin.

(2) Buailfar an ráta dréineála san am chéanna agus fé réir an athchomhairc chéanna leis an ráta dealbhais agus, más oiriúnach leis an gcomhairle chontae é, féadfar é do bhailiú in éineacht leis an ráta dealbhais, agus pé scéal é beidh sé inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach sa chuma chéanna agus leis na meáin chéanna i ngach slí ina bhfuil agus tré n-a bhfuil ráta dealbhais inghearrtha, iníoctha, agus ionbhainte amach.

(3) I rith an chéad chúig cinn triochad de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis an chéad 31adh lá de Mhárta tar éis dáta an mholta dheiridh ní bheidh sé riachtanach do chomhairle chontae, ach amháin sa mhéid go n-ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a mhalairt, ráta dréineála do bhuala ná aon fhógraí i dtaobh buala an ráta san d'fhoillsiú ná éinní eile do dhéanamh roimh bhailiú an ráta dhréineála is dó leis an gcomhairle chontae sin a fhéadfí do réir réasúin a fhágaint gan déanamh toisc go socruítear méid an ráta dhréineála leis an Acht so agus leis an mola deiridh.

(4) I gcás sealbhaire rátuithe aon tailte, foirgintí no áitreibh atá rátuithe ar scór ráta dhréineála do bheith ina theanta san ina shealbhaire rátuithe ar thailte, ar fhoirgintí, no ar áitreabh eile atá mar chuid den ghabháltas, den bhfeirm, no den tionóntachán ina bhfuil na tailte, na foirgintí no an t-áitreabh a céad-luaidhtear, féadfar aon tsuim a cuirfar ar an sealbhaire rátuithe sin ar scór ráta dhréineála fén alt so do chur air agus do bhailiú uaidh agus do bhaint de fé is dá mb'ar scór a sheilbhe ar iomlán an ghabháltais, na feirme, no an tionóntacháin sin a bheadh an tsuim sin iníoctha.

(5) Má thárluíonn agus pé uair a thárlóidh, maidir leis an airgead a bhaileoidh comhairle chontae i mbliain airgeadais áitiúil ar scór an ráta dhréineála do bhuail an chomhairle sin in aghaidh na bliana san, nách leor é chun na híocaíochta d'íoc a ceangailtear leis an Acht so ar an gcomhairle sin d'íoc an bhliain sin amach as airgead do cruinníodh tríd an ráta dréineála, déanfidh an chomhairle sin an méid a bheidh in easnamh do sholáthar agus d'íoc amach as cistí contae a gcontae.

Comhairlí contae do chruinniú airgid.

23. —Is tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán a cruinneofar gach airgead a húdaruítear no a horduítear d'aon cheann de sna comhairlí contae, leis an Acht so, a íoc amach as an gciste contae, agus fós gach costas fé n-ar chuaidh an chomhairle chontae sin ag feidhmiú an Achta so agus ná socruítear leis an Acht so ar aon tslí eile chun é chruinniú.

Baint na nAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924.

24. —Bainfidh na hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, le Ceanntar Dréineála na Bearbha ach go ndéanfar na hatharuithe seo ortha, eadhon, ná déanfar le haon ordú muirir a déanfar fé sna hAchtanna san aon mhuirear eile seachas an muirear breise a horduítear, le halt 8 den Acht chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1924 , a dhéanamh leis an ordú san agus, na suimeanna agus an t-ús a muirearófar leis an ordú san ar na cistí contae, gur amach as airgead a chruinneoidh na comhairlí contae tré ráta dhréineála fén Acht so (agus údaruítear do sna comhairlí contae leis seo an ráta san do bhuala) a íocfidh na comhairlí contae iad agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an t-airgead san, gur amach as na cistí contae a íocfid iad.

Scrúdú ceanntair agus oibreacha dréineála.

25. —Gan dochar do dhualgaisí agus do chomhachta na gCoimisinéirí fé sna hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, déanfidh na Coimisinéirí Ceanntar Dréineála na Bearbha agus na hoibreacha dréineála ann do scrúdú uair amháin ar a laighead i ngach cúig bliana, agus láithreach tar éis gach scrúduithe den tsórt san cuirfidh na Coimisinéirí chun gach ceann de sna comhairlí contae agus chun Bord Dréineála na Bearbha tuarasgabháil ar staid deisiúcháin agus ar chor ghenerálta na n-oibreacha dréineála san.

Dualgaisí na gCoimisinéirí maidir le bóithre agus droichid phuiblí.

26. —Má socruítear agus sa mhéid go socrófar leis an scéim chun bóthar no droichead puiblí do chasa no d'aistriú no chun aon chur isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) más gá an bóthar no an droichead do dhúna do thrácht de dheascaibh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim do bheith á ndéanamh déanfidh na Coimisinéirí agus cimeádfid i dtreo faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh do thrácht bóthar no droichead sealadach is leor chun pé méid agus pé saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san de ghnáth;

(b) nuair a bheidh no sara mbeidh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim críochnuithe cuirfidh na Coimisinéirí an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no déanfid bóthar no droichead nua buan is leor chun an trácht céanna (an méid agus an saghas céanna) d'iompar a bhíodh an seana-bhóthar no an seanadhroichead in án a iompar, agus nách lú puinn a oiriúnacht maidir le fánaidh agus lúb ná oiriúnacht an tseana-bhóthair no an tseana-dhroichid sin;

(c) nuair a dhéanfidh na Coimisinéirí droichead nua buan agus gur mó go mór na buntáistí a thugann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide fheabhsuithe do thabhairt dóibh no ar aon tslí eile, deimhneoidh na Coimisinéirí costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadí an chuid den chostas san is dó leis ba chóir, do réir réasúin, a bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfidh an chomhairle sin suim chó mór leis an gcuid a deimhníodh amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí príomh-bhóithre contae no bailecheanntair (pe'ca aca é) do chimeád i dtreo, agus íocfidh an chomhairle sin leis na Coimisinéirí í, agus beidh íoc na suime sin ina chrích chun a bhféadfidh an chomhairle sin airgead d'fháil ar iasacht fé sna hachtacháin a bhaineann leis an gcomhairle sin d'fháil airgid ar iasacht;

(d) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon na Coimisinéirí forálacha an ailt seo no nár dhin agus iad ag déanamh aon bhóthair no droichid, sealadach no buan, no á chimeád i dtreo no á chur ina sheana-riocht do réir an ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó go mór na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o dhroichead nua bhuan a dhin na Coimisinéirí ná ón seana-dhroichead, no nách ea, tabharfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí breith ar an amhrus, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Dualgaisí na gCoimisinéirí maidir le bóithre iarainn agus droichid bhóthair iarainn.

27. —(1) Má socruítear agus sa mhéid go socrófar leis an scéim chun aon bhóthar iarainn no droichead bóthair iarainn do chasa no d'aistriú no chun aon chur isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht (fé réir forálacha an ailt seo) ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) más gá an bóthar iarainn no an droichead bóthair iarainn do dhúna do thrácht de dheascaibh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim do bheith á ndéanamh déanfidh na Coimisinéirí agus cimeádfid i dtreo faid a bheidh an bóthar iarainn no an droichead bóthair iarainn sin dúnta amhlaidh do thrácht bóthar iarainn no droichead bóthair iarainn sealadach is leor chun pé méid agus pé saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar iarainn no ar an droichead bóthair iarainn sin de ghnáth;

(b) nuair a bheidh no sara mbeidh na hoibreacha a luaidhtear sa scéim críochnuithe cuirfidh na Coimisinéirí an bóthar iarainn no an droichead bóthair iarainn sa riocht ina raibh sé no déanfid bóthar iarainn no droichead bóthair iarainn nua buan is leor chun an trácht céanna (an méid agus an saghas céanna) d'iompar a bhíodh an seana-bhóthar iarainn no an seana-dhroichead bóthair iarainn in án a iompar, agus nách lú puinn a oiriúnacht maidir le fánaidh agus lúb ná oiriúnacht an tseana-bhóthair iarainn no an tseana-dhroichead bhóthair iarainn sin;

(c) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon na Coimisinéirí forálacha an ailt seo no nár dhin agus iad ag déanamh aon bhóthair iarainn no droichid bhóthair iarainn, sealadach no buan, no á chimeád i dtreo no á chur ina sheana-riocht do réir an ailt seo, tabharfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála breith ar an amhrus, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

(2) Féadfidh Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, ar iarratas na gCoimisinéirí, a thógaint uirthi féin aon bhóthar iarainn no droichead bóthair iarainn sealadach do dhéanamh agus do chimeád i dtreo agus fós aon bhóthar iarainn no droichead bóthair iarainn do chur ina sheana-riocht no aon bhóthar iarainn no droichead bóthair iarainn nua buan do dhéanamh 'na gceangailtear leis an alt so ar na Coimisinéirí iad fé seach do dhéanamh agus do chimeád i dtreo agus fós do chur ina seana-riocht no do dhéanamh.

(3) Iocfidh na Coimisinéirí mar chuid de chostaisí na scéime do chur i ngníomh costas aon oibre a dhéanfidh Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt a thógaint uirthi féin agus a chríochnú ar iarratas na gCoimisinéirí fén alt so, agus má eiríonn aon aighneas no ceist idir Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus na Coimisinéirí i dtaobh méid an chostais sin tabharfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála breith ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Obair do dhéanamh a bhaineann le Slí Loingseoireachta na Bearbha.

28. —(1) Féadfidh Cuideachta Chanáil Laighean, ar iarratas na gCoimisinéirí, aon obair do thógaint uirthi féin a bhaineann le Slí Loingseoireachta na Bearbha agus go socruítear ina cóir leis an scéim.

(2) Iocfidh na Coimisinéirí mar chuid de chostaisí na scéime do chur i ngníomh costas aon oibre a dhéanfidh Cuideachta Chanáil Laighean a thógaint uirthi féin agus a chríochnú ar iarratas na gCoimisinéirí fén alt so, agus má eiríonn aon aighneas no ceist idir Cuideachta Chanáil Laighean agus na Coimisinéirí i dtaobh méid an chostais sin tabharfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála breith ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Dualgaisí na gCoimisinéirí maidir le huiscrianta intseolta.

29. —Má socruítear agus sa mhéid go socrófar leis an scéim chun aon uiscrian tré n-a ngabhann canáil no bealach uisce intseolta eile do chasa no d'aistriú no chun aon chur isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) nuair a bheidh no sara mbeidh an obair a luaidhtear sa scéim críochnuithe cuirfidh na Coimisinéirí an t-uiscrian sa riocht ina raibh sé no déanfid uiscrian nua buan is leor chun an trácht loingseoireachta céanna (an méid agus an saghas céanna) d'iompar a bhíodh an sean-uiscrian in án a iompar, agus nách lú puinn a oiriúnacht maidir le fánaidh, lúb agus doimhneas ná oiriúnacht an tsean-uiscriain sin;

(b) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon na Coimisinéirí forálacha an ailt seo no nár dhin agus iad ag cur uiscriain ina sheana-riocht no á dhéanamh do réir an ailt seo, tabharfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála breith ar an amhrus, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Stiúrú fiosrúchán puiblí.

30. —(1) Gach éinne a bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí fén Acht so beidh comhacht aige, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, fínnithe do ghairm agus a éileamh go dtabharfar leabhair agus scríbhinní eile i láthair, agus éinne a gairmfar amhlaidh agus a bheidh gan bheith i láthair ag an bhfiosrúchán agus fianaise do thabhairt uaidh ann agus éinne a theipfidh no a dhiúltóidh maidir le haon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a héilíodh air amhlaidh a thabhairt i láthair beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(2) Is fé mhionn a tabharfar gach fianaise ag aon fhiosrúchán puiblí fén Acht so, agus tugtar comhacht leis seo don té a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin na fínnithe do chur fén mionn san, agus éinne a thabharfidh fianaise bhréagach uaidh ag aon fhiosrúchán den tsórt san beidh sé ciontach i mionn bréagach agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí fén Acht so beidh teideal aige chun an fiosrúchán do chur ar athló fé mar is oiriúnach leis agus beidh aige, leis, comhacht chun iniúcha agus scrúdú do dhéanamh ar aon tailte agus áitreabhacha le n-a mbaineann an scéim dhréineála no an mola go mbeidh an fiosrúchán á dhéanamh ina taobh no le n-a mbaineann aon chur i gcoinnibh na scéime no an mholta san agus chun dul isteach ar na tailte sin agus sna háitreabhacha san chun na críche sin.

Seirbheáil fógraí, etc.

31. —(1) Gach fógra agus scríbhinn eile atá le seirbheáil ag na Coimisinéirí fén Acht so féadfar é sheirbheáil tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha i gclúdach a bheidh dírithe chun an té ar a bhfuil sé le seirbheáil ag á ghnáth-sheola no ag an seola is déanaí is eol a bheith aige no, marab eol aon tseola den tsórt san agus go mbaineann an fógra no an scríbhinn le haon tailte, ceart, no maoin, ansan ag na tailte sin no ag an áit ina bhfuil an ceart no an mhaoin sin suidhte agus gach fógra no scríbhinn eile a seirbheálfar amhlaidh tuigfar gur seirbheáladh é an uair a déanfí an clúdach ina bhfuil sé do sheachada i ngnáth-chúrsa an phuist ag an seola a luaidhtear ar an gclúdach.

(2) Chun crícheanna an ailt seo is é is seola do chuideachtain teoranta ná seola a hoifige cláruithe.

Ciontaí agus pionóisí.

32. —(1) Gach éinne—

(a) a bhacfidh go toiliúil na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh agus iad ag feidhmiú aon chomhachta no ag cólíona aon dualgais dá mbronntar no dá bhforchuirtar ar na Coimisinéirí leis an Acht so no fé, no

(b) a stracfidh anuas, a aistreoidh, no a dhíobhálfidh aon oibreacha a bheidh na Coimisinéirí á dhéanamh fén Acht so, no

(c) a aistreoidh, a dhíobhálfidh, no a agha-loitfidh aon phionnaí, cuaillí, no marcanna do shocruigh no do dhin na Coimisinéirí no éinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh chun no le linn aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú no aon cheann de sna dualgaisí do chólíona a bronntar no a forchuirtar ar na Coimisinéirí leis an Acht so no fé, no

(d) a chaithfidh no a chuirfidh aon fhiaile, clocha, cré no abhar soladach eile no a chuirfidh fé ndeár no a cheadóidh aon abhar soladach den tsórt san do thuitim no do ghabháil isteach in aon chúrsa uisce go bhfuil na Coimisinéirí ar tí aon oibreacha do dhéanamh no ag déanamh aon oibreacha ina thaobh fén Acht so, agus san i slí is go mbacfar, go gcoiscfar, no go moilleofar na hoibreacha san, no

(e) a chuirfidh no a thógfidh aon iadhtán, corra, no constaic eile in aon chúrsa uisce den tsórt san roimhráite gan toiliú na gCoimisinéirí,

beidh se ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Gach éinne a dhéanfidh, tar éis na hoibreacha dréineála a déanfar fén Acht so do bheith críochnuithe—

(a) bac do chur go toiliúil le Bord Dréineála na Bearbha no le haon oifigeach no seirbhíseach do Bhord Dréineála na Bearbha agus iad ag feidhmiú aon chomhachta dá mbeidh acu no ag có-líona aon dualgais dá mbeidh ortha maidir leis na hoibreacha dréineála, no

(b) na hoibreacha dréineála no aon chuid díobh do straca anuas, d'aistriú, no do dhíobhála ar aon tslí, no

(c) bac do chur le huisce do rith chun na n-oibreacha dréineála no tríotha no uatha i slí is go ndéanfí a n-oibriú éifeachtúil do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar na hoibreacha san no ar aon tailte a dréineáltar leo,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(3) Gach éinne a chiontóidh cúirt údaráis achmair i gcionta fén alt so dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile, agus fós i gcás cionta leanúnaigh dlighfar é chur fé fhíneáil (i dteanta aon fhíneála den tsórt san roimhráite) ná raghaidh thar cúig puint in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar na hoibreacha dréineála do bheith á ndéanamh go dtí dáta an mholta dheiridh agus ón dáta san amach tuigfar iad do bheith críochnuithe.

Féadfidh Bord Dréineála na Bearbha fo-dhlithe do dhéanamh.

33. —(1) Féadfidh Bord Dréineála na Bearbha fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) oscailt, dúna, agus oibriú comhlaí uisce, haistí, geataí tuile, agus meaisínteachta eile sna hoibreacha dréineála do rialáil;

(b) bainistí agus oibriú na n-oibreacha dréineála do rialáil go generálta;

(c) daoine do thoirmeasc ar aon chúrsa uisce a bheidh ag rith chun na n-oibreacha dréineála no tríotha no uatha do chosc no do shailiú no abhar soladach do chur ann i slí is go ndéanfí oibriú éifeachtúil na n-oibreacha do chosc no do bhac no go gcuirfí fé ndeár tuile do dhul isteach ar aon tailte a dréineáltar leis na hoibreacha;

(d) aon díobháil no damáiste do sna hoibreacha dréineála o éinne no aon chur isteach ortha o dhaoine neamhúdaruithe do thoirmeasc;

(e) a chur fhiachaint ar dhaoine go bhfuil ortha aon chúrsa uisce no dréin do chimeád i dtreo an céanna do choinneáil glan agus sciúrtha;

(f) na pionóisí d'ordú a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú na bhfo-dhlithe ach gan aon phionós den tsórt san do bheith níos mó ná fíneáil chúig puint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon fho-dhlí a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí í (tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid) agus ar bheith daingnithe amhlaidh do gach fo-dhlí den tsórt san tiocfa sí i ngníomh ar an dáta d'orduigh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí chuige sin agus é ag daingniú no fo-dhlí no, mara n-orduítear aon dáta den tsórt san amhlaidh, tiocfa sí i ngníomh láithreach tar éis an daingnithe sin.

(3) Einne a gheobhfar ciontach ag cúirt údaráis achmair i sárú aon fho-dhlí a dineadh fén alt so féadfidh an chúirt sin é do dhaora chun aon phionóis nách mó ná an pionós a horduíodh leis an bhfo-dhlí sin, ar scór an tsáruithe sin no, i gcás nár horduíodh aon phionós amhlaidh, chun aon phionóis nách mó ná fíneáil chúig puint fhichead agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile chúig bpunt in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta no, in aon chás agus más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

Gearr-theideal.

34. —Féadfar Acht Dréineála na Bearbha, 1927 , do ghairm den Acht so.