An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Morgaisti Airneise.)

24 1927

ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927

SCEIDEAL.


Deimhnithe Muirir.

1. Pé uair a bheidh ar seilbh ag an gCorporáid, mar urrús ar airgead do roimh-íoc sí, céad-mhorgáistí ar thalamh ar ainmmhéid nách lú ná céad míle punt, féadfidh na stiúrthóirí sraith de dheimhnithe muirir do thabhairt amach i gcoinnibh roinnt de sna morgáistí sin no ina gcoinnibh go léir.

2. Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leo é féadfidh an tAire agus an tAire Tailte agus Talmhaíochta, tré ordú a dhéanfid araon le chéile, a údarú go dtabharfaí deimhnithe muirir amach i gcoinnibh aon tsaghas no saghsanna urrús a bheidh luaidhte san ordú san agus leis an ordú san féadfid pé sriantachtaí is oiriúnach leo d'fhorchur maidir leis an gcion no leis an méid d'aon tsaghas áirithe urrúis (agus céad-mhorgáistí ar thalamh d'áireamh) a bheidh le háireamh ar na hurrúis go bhféadfar sraith de dheimhnithe muirir do thabhairt amach ina gcoinnibh, agus féadfid fós, leis an ordú san, a údarú go dtabharfí deimh nithe muirir amach bíodh is ná beidh ar seilbh ag an gCorparáid, mar urrús ar airgead do roimh-íoc sí, céad-mhorgáistí ar thalamh ar aimn-mhéid de chéad míle punt.

3. Féadfar deimhnithe muirir do thabhairt amach fén ainm sin no fé aon ainm eile is dó leis na stiúrthóirí a bheith oiriúnach agus isé bheidh i sraith de dheimhnithe muirir ná deimhnithe de pé ainm-mhéid iomlán is dó leis na stiúrthóirí, le haontú an Aire, a bheith ceart agus iad roinnte ina ndeimhnithe de dheich bpúint an ceann no de pé méid eile no de pé méideanna deifriúla is dó leis na stiúrthóirí, le haontú an Aire, a bheith ceart.

4. Sara dtugaid amach sraith de dheimhnithe muirir cuirfidh na stiúrthóirí fé smacht iontaobhaithe i pé slí, tré aistriú, tré fho-mhorgáiste, tré thaisce, no ar aon tslí eile, a cheadóidh an tAire, urrúis (dá ngairmtear urrúis údaruithe sa Sceideal so) go bhféadfidh an Chorparáid deimhnithe muirir do thabhairt amach ina gcoinnibh fé mhír 1 no fé mhír 2 den Sceideal so na dá bua agus a bheidh ar seilbh ag an gCorparáid mar urrús ar roimhíocanna d'íoc sí ar ainm-mhéid nách lú ná ainm-mhéid na sraithe sin de dheimhnithe.

5. Isé líon d'iontaobhaithe a bheidh ann ná pé uimhir chothrom is oiriúnach leis na stiúrthóirí agus isé an tAire a ainmneoidh leath na n-iontaobhaithe i gcomhnaí agus isiad na stiúrthóirí a ainmneoidh an leath eile de sna hiontaobhaithe sa chéad dul síos agus, tar éis an tsraith de dheimhnithe do bheith tabhartha amach, isiad sealbhóirí na ndeimhnithe sin a ainmneoidh an leath eile sin fé mar a thárlóidh folúntaisí.

6. Cuirfar na hurrúis údaruithe sin fé smacht na n-iontaobhaithe i slí is go mbeid ar seilbh ag na hiontaobhaithe ar iontaoibh don Aire agus do shealbhóirí na ndeimhnithe a tabharfar amach i gcoinnibh na n-urrús n-údaruithe sin agus go mbeidh ag na hiontaobhaithe gach comhacht is gá agus is ceart chun suim cholann agus úis na ndeimhnithe sin do chruinniú don Aire agus do sna sealbhóirí sin tríd na hurrúis údaruithe sin agus fós, nuair a bheidh íoctha in iomlán as aon deimhnithe den tsórt san ag an gCorparáid, comhacht chun oiread de sna hurrúis údaruithe sin do scaoile chun na Corparáide agus is có-ionann ina n-ainmmhéid le méid na ndeimhnithe go mbeidh íoctha in iomlán asta amhlaidh agus, fós, comhacht chun aon chuid de sna hurrúis údaruithe sin do scaoile chun na Corparáide aon uair ar iarratas na stiúrthóirí mar mhalairt ar a gcothrom san d'urrúis údaruithe den tsórt chéanna.

7. Déarfidh agus déanfidh gach deimhniú muirir—

(a) a cheangal ar an gCorparáid suim cholann an deimhnithe d'íoc le sealbhóir an deimhnithe laistigh de thréimhse bhlian (nách sia ná dachad bliain) a hainmneofar ann agus ús ar an suim cholna san d'íoc do réir an ráta a hainmneofar ann le toilliú an Aire ach ná beidh níos mó ná trí per cent. per annum os cionn an mheánráta úis (a gheobhfar amach do réir rialachán a dhéanfidh an tAire chuige sin) a bhí á íoc ag na príomhbhainc i Saorstát Éireann ar airgead a bhí ar seilbh acu ar cuntas taisce i rith pé tréimhse bhliana dar thosach am nár luatha ná cúig mhí dhéag roimh thabhairt amach na ndeimhnithe agus a ceapfar le rialacháin a dhéanfidh an tAire chuige sin;

(b) lán-tairbhe na n-iontaobhas ar a gcuirfar na hurrúis údaruithe sin fé smacht na n-iontaobhaithe do bhronna ar shealbhóir an deimhnithe;

(c) tairbhe na hurraíochta a thug an tAire maidir leis an deimhniú fén Acht so do bhronna ar shealbhóir an deimhnithe.

8. Sara dtugaid sraith de dheimhnithe muirir amach cuirfidh na stiúrthóirí fé bhráid an Aire iad chun pé urraíocht d'fháil uaidh a húdaruítear do leis an Acht so do thabhairt uaidh.

9. Má thugann agus pé uair a thabharfidh an tAire an urraíocht san uaidh féadfidh na stiúrthóirí pé deimhnithe muirir is oiriúnach leo do thabhairt amach don phuiblíocht i pé slí agus ar pé téarmaí is oiriúnach leo fé réir na sriantachta ná tabharfar amach aon deimhniú den tsórt san ar phraghas is lú ná méid na suime colna a hurruítear leis.

10. Beidh ag sraith de dheimhnithe muirir, maidir leis na hurrúis údaruithe a bheidh ar seilbh ag na hiontaobhaithe mar urrús ortha, tosach ar aon debentiúirí no stoc debentiúra a thug an Chorparáid amach agus ar gach fiach agus fiachas eile a bheidh ar an gCorparáid, ach ní bheidh ionta ach fiacha gnáthchonnartha maidir le haon tsócmhainní eile a bheidh ag an gCorparáid.