An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927) Ar Aghaidh (CUID II. Coisteoiri do Chlaru.)

23 1927

ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927

CUID I.

Cailiocht agus Ionghlaoiteacht chun Fonamh mar Choisteoir.

Giúirédhúithchí.

1. —(1) Beidh gach contae-bhuirg ina giúiré-dhúthaigh chun crícheanna an Achta so.

(2) Beidh gach contae ina giúiré-dhúthaigh chun crícheanna an Achta so ach amháin le linn ordú fén alt so do bheith i bhfeidhm ag déanamh níos mó ná aon ghiúiré-dhúthaigh amháin den chontae sin.

(3) Féadfidh an tAire o am go ham le hordú, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, dhá ghiúiré-dhúthaigh no níos mó do dhéanamh d'aon chontae, agus faid a bheidh aon ordú den tsórt san i bhfeidhm beidh gach ceann de sna giúiré-dhúithchí a teorannuítear leis ina ghiúiré-dhúthaigh chun crícheanna an Achta so.

(4) Féadfidh an tAire aon uair le hordú, már is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, aon ordú do dineadh fén bhfo-alt san roimhe seo do cheiliúra no d'atharú.

(5) Féadfar a rá in ordú a déanfar fé cheachtar de sna fo-ailt sin roimhe seo go n-oibreoidh sé o aon dáta a thiocfidh tar éis dáta an orduithe agus a hainmneofar ann chun na críche sin agus pé uair a hainmneofar aon dáta den tsórt san amhlaidh tiocfidh an t-ordú i bhfeidhm ar an dáta a hainmneofar amhlaidh.

Cáilíocht rátúcháin mhinimum.

2. —(1) Ordóidh an tAire do gach giúiré-dhúthaigh, le hordú, an luach ionrátuithe ar thalamh a bheidh mar cháilíocht rátúcháin mhinimum do choisteoirí sa ghiúiré-dhúthaigh sin agus féadfa sé le haon ordú den tsórt san luachanna ionrátuithe deifriúla d'ordú maidir le saghsanna deifriúla tailimh.

(2) Féadfidh an tAire o am go ham le hordú, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, atharú do dhéanamh ar an luach ionrátuithe d'orduigh sé fén alt so maidir le talamh no le haon tsaghas no saghsanna tailimh in aon ghiúiré-dhúthaigh.

(3) Isé bheidh mar cháilíocht rátúcháin mhinimum do choisteoirí in aon ghiúiré-dhúthaigh ná an luach ionrátuithe no na luachanna ionrátuithe uile agus fé seach a bheidh orduithe de thurus na huaire fén alt so maidir leis an ngiúiré-dhúthaigh sin.

(4) Pé uair a déanfar dhá ghiúiré-dhúthaigh no níos mó de chontae le hordú a déanfar fén Acht so isé a bheidh, go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú a dineadh fén alt so, mar cháilíocht rátúcháin mhinimum do choisteoirí i ngach ceann de sna giúirédhúithchí a déanfar den chontae sin amhlaidh ná an luach ionrátuithe no na luachanna ionrátuithe uile agus fé seach a bhí, díreach roimh dhéanamh an orduithe sin, mar cháilíocht rátúcháin mhinimum do choisteoirí sa ghiúiré-dhúthaigh a bhí có-theoranta leis an gcontae sin.

Cáilíocht agus ionghlaoiteacht chun fónamh ar ghiúiré.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, gach saoránach a bheidh bliain is fiche no níos mó d'aois agus fé bhun cúig mblian is trí fichid d'aois agus a bheidh rátuithe chun fóirithin na mbocht, fé n-a ainm féin no fé ainm thrádála ina aonar no i dteanta aon duine no daoine eile no mar bhall de thigh ghnótha no de chópháirtíocht, maidir le talamh i ngiúiré-dhúthaigh, agus gur có-ionann leis an gcáilíocht rátúcháin mhinmum don ghiúirédhúthaigh sin no gur mó ná san luach ionrátuithe iomlán an tailimh go léir go mbeidh sé rátuithe amhlaidh maidir leis sa ghiúire-dhúthaigh sin, beidh sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir chun trialta gach ceiste no aon cheiste is intrialta de thurus na huaire le giúiré a gheobhfar, i bpáirt no go hiomlán, ón ngiúiré-dhúthaigh sin, maran rud é go mbeidh sé de thurus na huaire dí-cháilithe no saor o fhónamh mar choisteoir.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, gach saoránach fir a bheidh bliain is fiche no níos mó d'aois agus fé bhun cúig mblian is trí fichid d'aois agus ná beidh cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir de bhua an fho-ailt sin roimhe seo agus go mbeidh a bhean rátuithe chun fóirithin na mbocht maidir le talamh i ngiúiré-dhúthaigh agus gur có-ionann leis an gcáilíocht rátúcháin mhinimum don ghiúiré-dhúthaigh sin no gur mó ná san luach ionrátuithe iomlán an tailimh go léir go mbeidh a bhean rátuithe amhlaidh maidir leis sa ghiúiré-dhúthaigh sin, beidh sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir chun trialta gach ceiste no aon cheiste is intrialta de thurus na huaire le giúiré a gheobhfar, i bpáirt no go hiomlán, ón ngiúiré-dhúthaigh sin, maran rud é go mbeidh sé de thurus na huaire dí-cháilithe no saor o fhónamh mar choisteoir, no go gcruthóidh sé chun sástacht an oifigigh chlárathachta ná raibh aon leas riamh aige sa talamh san agus nár sholáthruigh sé díreach ná nea-dhíreach aon chuid d'airgead a cheannuithe agus ná fuil ioncum fé leith aige, tuillte no nea-thuillte, is leor chun é féin do chothú.

(3) Einne bheidh cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir maidir le dhá ghiúiré-dhúthaigh no níos mó beidh teideal aige, ar a iarraidh sin do ar an oifigeach no ar na hoifigigh chlárathachta le n-a mbaineann an scéal, saoirse d'fháil o n-a bheith ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir maidir leis na giúiré-dhúithchí sin uile ach aon cheann amháin, agus isé ceann é sin, i gcás an duine sin do bheith cláruithe mar Dháil-toghthóir in aon cheann de sna giúiré-dhúithchí sin, ná an ghiúiré-dhúthaigh ina mbeidh sé cláruithe amhlaidh agus, mara mbeidh sé cláruithe mar Dháil-toghthóir in aon cheann de sna giúiré-dhúithchí sin, pé ceann de sna giúiré-dhúithchí sin a roghnóidh sé.

(4) Ní bheidh duine cáilithe ná ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir maidir le giúiré-dhúthaigh mara mbeidh sé cláruithe mar Dháil-toghthóir no mar thoghthóir rialtais áitiúla i gclár toghthóirí na giúiré-dhúithche sin.

Dí-cháilíocht o fhónamh ar ghiúiré.

4. —Einne do ciontuíodh no a bheidh ciontuithe i dtréasún no i bhfeleontacht tréasúin no in aon fheleontacht no i mionn éithigh, mara bhfuil no mara mbeidh saor-phárdún fachta aige ann beidh sé dí-cháilithe ar fad o fhónamh mar choisteoir.

Saoirse o fhónamh ar ghiúiré.

5. —Na daoine a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so beid saor ar fad o fhónamh mar choisteoirí agus gach saoirse eile, o fhónamh mar choisteoir, atá ann díreach roimh rith an Achta so scuirfe, sí de bheith ann díreach tar éis rithte an Achta so.