19 1927


Uimhir 19 de 1927.


ACHT TALMHAN, 1927.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE SEALBHUÍOCHT AGUS ÚNAEREACHT TALMHAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [21adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:

Na forálacha atá san Acht Talmhan, 1923 , agus in Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , chun Bannaí Talmhan 4½ per cent. do bhunú agus do thabhairt amach, do chur i mbaint leis an Acht so.

1. —Déanfar na comhachta a bronntar ar an Aire Airgid leis an Acht Talmhan, 1923 , agus le hAcht na mBannaí Talmhan, 1925 , chun bannaí do bhunú agus do thabhairt amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 , do leathnú i dtreo go bhfolóid comhacht chun bannaí do bhunú agus do thabhairt amach chun aon chríche de chrícheanna an Achta so agus bainfidh forálacha an Achta Talmhan, 1923 , agus Achta na mBannaí Talmhan, 1925 , le bannaí talmhan a bhunóidh agus a thabharfidh an tAire Airgid amach chun crícheanna an Achta so fé is dá mba bannaí iad a bunófí agus a tabharfí amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 .

Riaráiste cíosa socruithe.

2. —(1) D'ainneoin forálacha fo-alt (3) agus fo-alt (4) d'alt 19 den Acht Talmhan, 1923 , féadfidh Coimisiún na Talmhan, nuair is oiriúnach leo san do dhéanamh, an lá ceaptha do ghabháltas do cheapa d'ainneoin gan riaráiste cíosa socruithe is iníoctha ar scór an ghabháltais sin do bheith bailithe acu ón tionónta, agus sa chás san déanfar suim is có-ionann le méid an riaráiste chíosa shocruithe atá gan íoc ar an lá ceaptha do chur le hairgead ceannaigh an ghabháltais agus d'aisíoc tré bhlianacht cheannaigh a háireofar do réir ráta 4¾ per cent. ar mhéid na suime sin agus a bheidh muirearuithe ar an ngabháltas agus curtha agus códhlúite le riail-bhlianacht cheannaigh an ghabháltais. Bainfidh forálacha an Achta Talmhan, 1923 , i dtaobh na blianachta breise is iníoctha nuair a cuirtar riaráiste cíosa socruithe leath-bhliana leis an airgead ceannaigh do réir an phrovísó i bhfo-alt (3) d'alt 19 den Acht san, bainfid leis an mblianacht a bunófar fén alt so.

(2) Aon tsuim a cuirfar le hairgead ceannaigh gabháltais ar scór riaráiste chíosa shocruithe íocfar amach as an airgead ceannaigh í leis an duine a bheadh i dteideal an riaráiste chíosa shocruithe sin d'fháil chun a úsáide féin ach go ndéanfar an cháin ioncuim, más ann di, a bheidh dlite ar scór an ghabháltais do bhaint as an suim bhreise sin ar roinnt an airgid cheannaigh.

Toirmeasc ar fhoroinnt agus ar fho-chur ar cíos agus ar chrainn do ghearra roimh an lá ceaptha gan toiliú Choimisiún na Talmhan.

3. —(1) Ní dhéanfidh tionónta gabháltais le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , gan toiliú Choimisiún na Talmhan i scríbhinn, an gabháltas d'fho-roinnt ná an céanna no aon chuid de d'fho-chur ar cíos, ach ní bheidh sé riachtanach don tionónta san toiliú an tiarna talmhan d'fháil le haon fho-roinnt no fo-chur ar cíos ar an ngabháltas no le haon tsanna air.

(2) Más rud é go ndéanfar, agus toiliú den tsórt san roimhráite fachta, aon ghabháltas d'fho-roinnt, déanfar an cíos, an riaráiste cíosa socruithe, an íocaíocht in ionad cíosa agus an riail-bhlianacht cheannaigh do chion-roinnt i pé slí is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan agus tuigfar gach cuid fé leith den ghabháltas do bheith ina gabháltas fé leith le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , agus i gcás gabháltais bhreithiúntais tuigfar gur cíos breithiúntais fé leith gach cuid chothromúil fé leith den chíos bhreithiúntais bhunaidh.

(3) Gan toiliú i scríbhinn d'fháil o Choimisiún na Talmhan agus fós o éinne eile 'na bhfuil teideal aige chun an adhmaid ar an ngabháltas no 'na bhfuil leas aige ann, ní dhéanfidh tionónta gabháltais le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , ná ní lomhálfa sé aon chrann ar an ngabháltas do ghearra anuas ná do statha ná raibh ceart aige chun é do ghearra anuas no do statha roimh dháta rithte an Achta san (lasmuich de chrann toraidh no de shailigh no d'aon chrann a phlanndáil sé féin) agus atá riachtanach chun an gabháltas d'ornáideadh no chun fothain do thabhairt do, agus má dintar aon chrann den tsórt san do ghearra anuas no do statha contrárdha don choiníoll so, beidh an tionónta ciontach i gcionta fén Acht so agus ar n-a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn a gearradh anuas no a stathadh amhlaidh.

(4) Ní dhéanfidh toiliú Choimisiún na Talmhan chun gabháltas d'fho-roinnt no d'fho-chur ar cíos deifir do sna comhachta atá acu chun an céanna no aon chuid de do chimeád no d'athghlaca ar an lá ceaptha no dá éis sin.

Toirmeasc ar ghabháltaisí a ceannuíodh roimh rith an Achta Talmhan, 1923 , d'fho-roinnt no do chur ar cíos.

4. —(1) Má dhin Coimisiún na Talmhan aon am roimh rith an Achta Talmhan, 1923 , roimh-íoc d'íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun gabháltas no paiste talmhan do cheannach, ní dhéanfidh dílseánach an ghabháltais no an phaiste talmhan san go dtí go mbeidh iomlán an roimh-íoca d'íocadh chun a cheannuithe aisíoctha an gabháltas no an paiste talmhan d'fho-roinnt ná do chur ar cíos gan toiliú Choimisiún na Talmhan, agus gach iarracht ar fho-roinnt no ar chur-ar-cíos a déanfar contrárdha don fhoráil seo beidh sí gan éifeacht i gcoinne gach duine agus má dintar aon tsárú den tsórt san féadfidh Coimisiún na Talmhan a chur fé ndeár an gabháltas no an paiste talmhan do dhíol.

(2) Bainfidh fo-alt (2) agus fo-alt (3) d'alt 30 den Land Law (Ireland) Act, 1881, fé mar táid leasuithe le haon achtachán, le haon díol a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan fén alt so.

(3) Má dhineann an dílseánach a ghabháltas d'fho-roinnt ar feadh tréimhse teoranta mar shocrú teaghlaigh no mar gheall ar réasún eile den tsórt san, féadfidh Coimisiún na Talmhan o am go ham le rialacháin ghenerálta a údarú don údarás chlárathachta clárú do dhéanamh ar an té a bheidh ag déanamh éilimh fé aon instruimid a dhin an dílseánach agus tré n-a gcruthuítear an fhoroinnt shealadach san agus tuigfar go mbeidh aontuithe ag Coimisiún na Talmhan le aon fho-roinnt dar tugadh éifeacht tré chlárú do réir na rialachán san.

Toirmeasc ar ghabháltaisí códhlúite d'fhoroinnt agus do chur ar cíos.

5. —Más rud é, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin, gur tuigeadh no go dtuigfar gabháltas no cuid de ghabháltas no cuid d'fhearann oighreachta no de thalamh eile gur dineadh roimh-íoc leis an únaer ina thaobh chun í do cheannach, agus gabháltas eile no cuid de ghabháltas do bheith ina n-aon ghabháltas amháin (dá ngairmtear an gabháltas códhlúite san alt so) bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás:—

(a) más rud é gur dineadh no go ndéanfar roimh-íoc chun aon chuid den ghabháltas chódhlúite do cheannach tar éis rithte an Achta Talmhan, 1923 , beidh an gabháltas códhlúite fé réir forálacha alt 65 den Acht san le n-a dtoirmeasctar fo-roinnt agus cur-ar-cíos fé is dá ndintí roimh-íoc chun é do cheannach tar éis rithte an Achta san 1923;

(b) má tá cuid den ghabháltas chódhlúite ina chuid d'fhearann oighreachta no de thalamh eile atá fé réir roimh-íoca a híocadh leis an únaer chun í do cheannach, beidh an gabháltas códhlúite fé réir na bhforálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh le n-a dtoirmeasctar fo-roinnt agus cur-ar-cíos go raibh an chuid eile no na codacha eile den ghabháltas fé n-a réir roimh é do chódhlúthú no go dtáinig an chuid no na codacha san chun bheith fé n-a réir ar n-a chódhlúthú do réir na forála so roimhe seo den alt so, do réir mar bheidh.

Forálacha maidir le blianachtaí códhlúite.

6. —Más rud é, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin, maidir le dhá cheann no níos mó de ghabháltaisí fé bhlianachtaí ceannaigh, no maidir le gabháltas fé bhlianacht cheannaigh agus cuid de ghabháltas, no cuid d'fhearann oighreachta no de thalamh eile gur íocadh roimh-íoc leis an únaer ar a scór chun í do cheannach, ar a bhfuil cuid de bhlianacht cheannaigh eile mar mhuirear uirthi, más rud é gur tuigeadh no go dtuigfar iad do bheith ina n-aon ghabháltas amháin (dá ngairmtear an gabháltas códhlúite san alt so), ansan, maidir leis an mblianacht chódhlúite is iníoctha as in ionad na mblianacht uile agus fé seach no na gcodacha uile agus fé seach de bhlianachtaí a bhí iníoctha roimhe sin, tuigfar go raibh sí agus beidh sí muirearuithe ar agus ionbhainte amach as an ngabháltas chódhlúite sa tslí chéanna agus sa tosaíocht chéanna ina raibh na blianachtaí uile agus fé seach no na codacha uile agus fé seach de bhlianachtaí muirearuithe ar agus ionbhainte amach as na codacha uile agus fé seach den ghabháltas chódhlúite ar ar muirearadh iad sa chéad dul síos.

Forálacha i dtaobh talmhan tionóntuithe atá oiriúnach chun tithe do thógáil uirthi.

7. —(1) D'ainneoin forálacha clás (e) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Act Talmhan, 1923, ní bheidh gabháltas gearrtha amach ar fad o oibriú fho-alt (1) den alt san de bharr a luachmhaire no a úsáidí atá sé anois no a fhéadfadh sé a bheith ar ball chun tithe do thógáil air, más rud é, in oipineon an Choimisineura Bhreithiúntais, maidir leis na tailte atá sa ghabháltas, ná fuil ach cuid díobh atá anois no a fhéadfadh a bheith ar ball luachmhar no úsáideach chun tithe do thógáil uirthi, agus gur dó leis an gCoimisinéir Bhreithiúntais ag breithniú dho ar gach a mbaineann leis an scéal go bhfuil sé oiriúnach deighleáil leis an gcuid eile den ghabháltas mar ghabháltas ar leithligh le n-ar cheart forálacha an Achta Talmhan, 1923 , do chur i mbaint, ach i ngach cás den tsórt san féadfidh an Coimisinéir Breithiúntais le hordú a ordú go ndéanfar an gabháltas d'fho-roinnt agus cíos an ghabháltais do chion-roinnt agus go ndéanfar as san amach an chuid sin den ghabháltas atá anois no a fhéadfadh a bheith ar ball luachmhar no úsáideach chun tithe do thógáil air do shealbhú, faid a mhairfidh an tionóntacht, mar ghabháltas ar leithligh ná baineann an tAcht Talmhan, 1923 , leis, agus san ar an gcíos a bheidh cion-roinnte air leis an ordú san agus fé réir na dtéarmaí agus na gcoiníollacha go raibh an gabháltas uile fé n-a réir roimh dhéanamh an orduithe sin, no fé réir pé méid díobh a bheidh fós ionchurtha i mbaint leis an gcuid sin den ghabháltas agus go ndeighleálfar leis an gcuid eile den ghabháltas mar ghabháltas ar leithligh le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 , fé réir fuighleach an chíosa san uile agus fé réir na dtéarmaí agus na gcoiníollacha go raibh an gabháltas uile fé n-a réir roimh dhéanamh an orduithe sin no fé réir pé méid díobh a bheidh fós ionchurtha i mbaint leis an gcuid eile sin den ghabháltas.

(2) I gcás gabháltais no cuid de ghabháltas atá gearrtha amach o oibriú an Achta Talmhan, 1923 , de bharr no ar scór a luachmhaire no a úsáidí atá sé anois no a fhéadfadh sé a bheith ar ball chun tithe do thógáil air agus dá bharr no ar scór san amháin, i gcás é do bheith le linn rithte an Achta so i seilbh ag an tionónta fé léas (nách léas tógála tithe), tuigfar an tionónta, ar bheith caithte don léas san, má bhíonn sé i seilbh bona fide an ghabháltais no na coda dhe atá gearrtha amach amhlaidh mar adubhradh, a bheith ina thionónta ar ghnáth-thionóntacht láithreach o bhliain go bliain ar an gcíos no ar an gcíos chion-roinnte do réir mar bheidh, agus fé réir choiníollacha a léasa chó fada agus atá na coiníollacha san ionchurtha i mbaint le tionóntacht o bhliain go bliain bíodh ná raibh an léas ar bith le linn rithte an Land Law (Ireland) Act, 1881.

(3) Aon ordú a déanfar fén bhfo-alt san thuas ag fo-roinnt gabháltais ní atharóidh sé fiachas an tionónta i gcíos no i riaráiste cíosa a tháinig dlite go dtí an lá gála deiridh roimh dháta an orduithe agus an lá san d'áireamh ná ní dhéanfidh sé deifir don bhfiachas san, ach ón lá gála so tosnóidh fiachas an tionónta in íocaíocht in ionad cíosa do dhéanamh agus fós fiachas Choimisiún na Talmhan in íoc na suime is có-ionann leis an suim atá le bailiú mar íocaíocht in ionad cíosa do réir alt 20 den Acht Talmhan, 1923 .

(4) I gcás 'na ndintar gabháltas d'fho-roinnt do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan pé ceart no cearta slí, thar aon pháirt de sna tailte atá sa ghabháltas go dtí agus o aon pháirt eile de sna tailte atá ann, is dó leo is gá no is oiriúnach do bhronna agus do mhíniú.

(5) Ní cosc é ar éinne ordú d'iarraidh ar an gCoimisinéir Bhreithiúntais fén alt so chun gabháltas d'fho-roinnt gur dineadh ordú roimh rith an Achta so á fhaisnéis go bhfuil an gabháltas gearrtha amach o fhorálacha an Achta Talmhan, 1923 , tré chlás (e) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht san.

(6) Ar bheith caithte do chúig bliana o am rithte an Achta so má bhíonn aon tailte, a bhí le linn rithte an Achta Talmhan, 1923 , ina dtailte tionóntuithe a heisceadh o fhorálacha fo-alt (1) d'alt 24 den Acht san de bharr no ar scór a luachmhaire no a úsáidí a bhíodar an uair sin no a fhéadfidís a bheith ar ball chun tithe do thógáil ortha má bhíd gan ath-shealbhú agus gan úsáid chun tithe do thógáil ortha le linn na tréimhse sin féadfidh an Coimisinéir Breithiúntais a ordú go mbainfidh an tAcht Talmhan, 1923 , le hiomlán na dtailte sin no le haon chuid díobh agus bainfidh forálacha an Achta san leis na tailte sin ón dáta san agus fé réir pé coiníollacha a ordóidh an Coimisinéir Breithiúntais: Ach ní déanfar aon ordú den tsórt san roimhráite maidir le haon tailte má chruthuíonn an tiarna talmhan chun sástachta an Choimisineura Bhreithiúntais go bhfuil sé ar intinn iad d'athshealbhú láithreach (mara bhfuilid ath-shealbhuithe an uair sin) d'aon ghnó chun iad d'úsáid mar thalamh chun tithe do thógáil air, agus má bhíonn an Coimisinéir Breithiúntais sásta go n-úsáidfar na tailte chun tithe do thógáil ortha laistigh de pé tréimhse breise ama a cheapfa sé agus fós, má chruthuíonn an tiarna talmhan chun sástachta an Choimisineura Bhreithiúntais go bhfuil sé tar éis airgead do chaitheamh ag saothrú na dtailte chun tithe do thógáil ortha, féadfar an tréimhse sin chúig mblian do shíne go dtí pé tréimhse bhreise is dó leis an gCoimisinéir Bhreithiúntais a bheith réasúnta ag breithniú dho ar an méid airgid a cruthófar amhlaidh a bheith caithte.

Ar gach iarratas a dhéanfidh tionónta ar ordú do réir an fho-ailt seo, beidh ag an gCoimisinéir Bhreithiúntais na comhachta fo-roinnte agus cion-roinnte a bronntar air le fo-alt (1) den alt so agus féadfa sé na comhachta san d'fheidhmiú.

(7) I gcás gabháltais no cuid de ghabháltas atá gearrtha amach o oibriú an Achta Talmhan, 1923 , de bharr no ar scór a luachmhaire atá sé anois no a fhéadfadh sé a bheith ar ball chun tithe do thógáil air agus dá bharr no ar scór san amháin, i gcás é do bheith i seilbh ag an tionónta fé léas ná fuil aon fhoráil ann a chuireann ar chumas an tiarna talmhan seilbh d'ath-thógaint ar an talamh san chun tithe do thógáil air, ansan, d'ainneoin gan foráil den tsórt san a bheith ann, féadfidh an tiarna talmhan aon am i rith na tréimhse chúig mblian atá luaidhte sa bhfo-alt san roimhe seo, no i rith pé tréimhse is sia ná san a shocróidh an Coimisinéir Breithiúntais mar adubhradh, an gabháltas no an chuid den ghabháltas a bheidh gearrtha amach amhlaidh d'ath-shealbhú chun tithe do thógáil air.

(8) I rith na tréimhse sin chúig mblian roimhráite ní cuirfar d'fhiachaibh ar thionónta na dtailte atá gearrtha amach amhlaidh imeacht as an gcéanna no as aon pháirt díobh, ach amháin mar gheall ar cheann éigin de choiníollacha a thionóntachta do bhrise, maran rud é go mbeidh fonn ar an dtiarna talmhan na tailte no cuid díobh d'ath-shealbhú chun an céanna d'úsáid láithreach mar thalamh chun tithe do thógáil air.

Muillte díomhaoine.

8. —Ní déanfar gabháltas do ghearra amach o fhorálacha fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , de bharr foirgneamh muilinn do bheith air agus dá bharr san amháin, má cruthuítar chun sástachta Choimisiún na Talmhan gur scuireadh den bhfoirgneamh d'úsáid mar mhuileann, agus más dó le Coimisiún na Talmhan, ag breithniú dhóibh ar gach a mbaineann leis an gcás, go bhfuil furmhór an ghabháltais fé churadóireacht no fé fhéar no go bhfuil cuid de fé churadóireacht no cuid de fé fhéar.

Feirmeacha groighe.

9. —(1) D'ainneoin forálacha fo-alt (1) agus fo-alt (3) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , ní dílseofar aon talamh nea-thionóntuithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta san ar aon tslí eile seachas do réir chó-aontuithe thoilteanaigh faid a bheidh Coimisiún na Talmhan sásta go bhfuiltar ag úsáid na talmhan san i slí bona fide mar fheirm chun stoc fíor-chineálach do shíolrú atá, in oipineon an Aire Tailte agus Talmhaíochta, de shaghas agus de charachtar atá oiriúnach do riachtanaisí na tíre.

(2) Má bhíonn Coimisiún na Talmhan sásta go bhfuil aon ghabháltas talmhan tionóntuithe á úsáid amhlaidh, ansan, d'ainneoin forálacha fo-alt (6) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , ní chimeádfa siadsan an gabháltas san maran rud é go dtéigheann an riail-phraghas thar cúig míle punt no thar pé suim is mó ná san is dó le Coimisiún na Talmhan is oiriúnach dóibh do roimh-íoc agus go ndiúltóidh an tionónta an deifríocht idir an méid a bheidh le roimh-íoc amhlaidh agus an riail-phraghas d'íoc leo in airgead.

Socrú chun an tAcht Talmhan, 1923 , do chur i mbaint le tionóntachtaí ar ghabháltaisí ceannuithe.

10. —(1) D'ainneoin forálacha fo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, agus forálacha clás (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , ní déanfar, i gcás an tionóntacht a bheith ar bith roimh an gcéad lá de Mheán Fhómhair, míle naoi gcéad a dó fichead, talamh tionóntuithe is cuid de ghabháltas a ceannuíodh fé aon Acht Talamh-Cheannaigh a ritheadh roimh an Acht Talmhan, 1923 , do ghearra amach o fhorálacha an Achta Talmhan, 1923 , de bharr gur ceannuíodh amhlaidh é agus dá bharr san amháin agus, maran rud é go mbeidh sé gearrtha amach ag foráil éigin eile den Acht san, bainfidh forálacha alt 20 den Acht Talmhan, 1923 , leis an talamh tionóntuithe sin ón lá gála deiridh roimh rith an Achta so, agus ón lá san amach tosnóidh fiachas an tionónta in íocaíocht in ionad cíosa do dhéanamh agus fós fiachas Choimisiún na Talmhan in íoc na suime is có-ionann leis an suim atá le bailiú mar íocaíocht in ionad cíosa, do réir alt 20 den Acht Talmhan, 1923 , ach ní dhéanfidh an t-alt so aon atharú ná maolú ar fhiachas an tionónta i dtaobh cíosa agus riaráiste cíosa suas go dtí an lá gála san roimhráite agus an lá gála san d'áireamh ach ní bhainfidh an t-alt so (a) le tailte tionóntuithe nár cheart in oipineon Choimisiún na Talmhan, mar gheall ar mhéid agus ar shaghas na dtailte, forálacha an Achta Talmhan, 1923 , do chur i mbaint leo, ná (b) le tailte tionóntuithe atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fé aon Acht roimh an Acht Talmhan, 1923 , faid a fhanfidh bith-dhílse na dtailte sin dílsithe i gCoimisiún na Talmhan.

(2) Bainfidh forálacha alt 14 den Acht Talmhan, 1923 , le cás ina ndílsítear aon talmh tionóntuithe de bhua an ailt seo.

Deontaisí Feirm-Dhílse, léasanna ion-athnuachainte, agus léasanna ar feadh téarmaí fada.

11. —(1) Féadfidh únaer paiste talmhan nea-thionóntuithe atá suidhte i gcontae nách contae go gcumhang-cheanntracha agus atá ar seilbh fé dheontas feirm-dhílse, fé léas ar feadh saolta no blianta agus ion-athnuachainte go bráthach, no fé léas ar feadh téarma blianta go raibh seasca ceann no níos mó díobh gan caitheamh ar dháta rithte an Achta Talmhan, 1923 , féadfa sé ordú d'iarraidh ar Choimisiún na Talmhan á fhaisnéis go ndílseoidh an paiste i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha sa tslí chéanna fé is dá mbeadh an paiste suidhte i gcontae go gcumhang-cheanntracha.

(2) Má dintar iarratas chun Coimisiún na Talmhan ag iarraidh faisnéise do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo agus go gcruthuítar chun sástachta Choimisiún na Talmhan—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh an phaiste talmhan nea-thionóntuithe go bona fide agus go n-úsáideann sé agus go saothruíonn sé an céanna mar ghnáthfheirmeoir do réir slite cearta feirmeoireachta; agus

(b) go bhfuil an cíos is iníoctha ag an iarratasóir ar an bpaiste talmhan nea-thionóntuithe có-ionann leis an gcíos no níos mó ná an cíos a bheadh in oipineon Choimisiún na Talmhan ina chothrom-chíos ar na tailte a dhineann suas an paiste dá mbeadh an céanna le linn rithte an Achta Talmhan, 1923 , ina ghabháltas a bhí i seilbh an iarratasóra mar thionónta reachtúil ar an ngabháltas san fé réir chíosa bhreithiúntais threasthéarma; agus

(c) go bhfuil an t-iarratasóir toilteannach athcheannach do dhéanamh agus gur cheart an paiste d'athdhíol leis an iarratasóir,

féadfidh Coimisiún na Talmhan, maran rud é go bhfuil gá leis dar leo chun cumhangracht do laigheadú, a fhaisnéis le hordú go ndílseoidh an paiste talmhan nea-thionóntuithe i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha, agus bainfidh forálacha an Achta Talmhan, 1923 , leis an bpaiste sin sa tslí chéanna agus tiocfidh na nithe céanna as san fé is dá mbeadh an paiste suidhte i gcontae go gcumhang-cheanntracha.

(3) I gcás paiste talmhan nea-thionóntuithe atá ar seilbh amhlaidh mar adubhradh, pe'ca tá sé suidhte i gcontae go gcumhang-cheanntracha no ná fuil, do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha ní dhéanfidh an Coimisinéir Bhreithiúntais, le linn do bheith ag socrú praghas fuascailte na leasanna uachtaracha is iníoctha amach as airgead ceannaigh an phaiste, dearmhad ar an bpraghas a fuair an díoltóir ar an bpaiste ná ar mhéid an riaráiste chíosa (más ann do) atá dlite ón díoltóir sin suas go dtí dáta rithte an Achta so, ná fós ar an urrús a dhineann an paiste ar na leasanna uachtaracha san. I ngach cás den tsaghas san ní bheidh riaráiste cíosa, a tháinig dlite suas go dtí an chéad la gála sa bhliain 1924 agus an lá gála san d'áireamh, iníoctha ag an díoltóir.

Iocaíocht in ionad cíosa i gcás mion-innste an ghabháltais do thabhairt tar éis dáta rithte an Achta so.

12. —I gcás nár dineadh na mion-innste atá orduithe le alt 22 den Acht Talmhan, 1923 , ar scór gabháltais le n-a mbaineann an tAcht san do thabhairt do Choimisiún na Talmhan roimh rith an Achta so agus go dtugtar na mion-innste sin tar éis rithte an Achta so, ansan, bainfidh forálacha alt 20 den Acht Talmhan, 1923, leis an ngabháltas ón lá gála deiridh roimh an dáta ar a dtugtar na mion-innste sin do Choimisiún na Talmhan agus ón lá gála san tosnóidh fiachas an tionónta in íocaíocht in ionad cíosa do dhéanamh agus fós fiachas Choimisiún na Talmhan in íoc na suime is có-ionann leis an suim atá le bailiú mar íocaíocht in ionad cíosa do réir alt 20 den Acht Talmhan, 1923 : Ach déanfar an cíos is iníoctha ag an tionónta ón lá gála deiridh roimh rith an Achta Talmhan, 1923 , do laigheadú 25 per cent. agus ní atharóidh éinní san alt so na cearta agus na fiachaisí atá idir tiarna talmhan agus tionónta fé alt 19 den Acht san.

Atharú ar laetheanta gála i gcásanna áirithe.

13. —In aon chás gur ghnáth le tiarna talmhan, roimh rith an Achta Talmhan, 1923 , a lomháil go n-íocfaí cíos aon lá seachas lá gála agus go bhfuil Coimisiún na Talmhan sásta gur gnás é sin atá ar có-réir le gnás gála reatha, tuigfar gurb é an lá san an lá gála chun crícheanna bailithe agus íoctha riaráiste chíosa shocruithe agus íocaíocht in ionad cíosa do dhéanamh.

Seilbh do thabhairt thar n-ais i gcásanna áirithe.

14. —I gcás gabháltais go ndineann an tAcht so forálacha an Achta Talmhan, 1923 , do chur i mbaint leis no le n-a mbeadh na forálacha san ionchurtha-i-mbaint mara mbeadh gur dí-shealbhuíodh tionónta an ghabháltais sin ar no tar éis an lá gála deiridh roimh an 16adh lá de Mheitheamh, 1926, beidh an tionónta san, má íocann sé leis an tiarna talmhan cíos dhá bhliain no pé suim níos lú ná san a bheidh dlite ar scór riaráiste chíosa maraon le costaisí an tiarna talmhan sna himeachta dí-shealbhaíochta, i dteideal é do chur thar n-ais ina ghabháltas fé is dá n-iarradh sé agus dá bhfaghadh sé rit tabhartha thar n-ais fé alt a haon seachtód den Landlord and Tenant Act (Ireland), 1860.

Forálacha i dtaobh ráta chun dréineáil do choinneáil suas.

15. —(1) Más rud é, maidir le gabháltas a thagann laistigh d'fhorálacha fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , agus ná fuil le linn rithte an Achta so dílsithe i gCoimisiún na Talmhan, go bhfuil sé fé ráta chun dréineáil do choinneáil suas laigheadófar an riail-bhlianacht cheannaigh tré pé suim do bhaint as a ghcobhaidh Coimisiún na Talmhan amach agus a shocróid sa tslí a foráltar anso ina dhiaidh seo mar an meán-ráta bliantúil chun dréineáil do choinneáil suas atá iníoctha ar scór an ghabháltais maran rud é go mbeidh an riail-bhlianacht cheannaigh socruithe le haontú idir an tiarna talmhan agus an tionónta agus gur dhineadar san an fiachas maidir leis an ráta coinneála suas san agus truime an ráta san do ghlaca i gcuntas nuair a bhíodar ag socrú na riail-bhlianachta ceannaigh sin.

(2) Déanfar an meán-ráta bliantúil chun dréineáil do choinneáil suas atá iníoctha ar scór an ghabháltais d'fháil amach tré chionúireacht do thógaint in aghaidh gach bliana de sna deich mbliana deiridh roimh rith an Achta so, inar dhin iontaobhaithe dréineála an cheanntair dhréineála airtéirighe ina bhfuil an gabháltas suidhte ráta do ghearra chun dréineáil do choinneáil suas, agus isí cionúireacht í sin ná an chionúireacht deachúil is ionchurtha i mbaint leis an ngabháltas den ráta iomlán chun dréineáil do choinneáil suas a gearradh in aghaidh na bliana san: Ach más rud é nár bualadh deich rátaí i rith tréimhse an fhiche blian deiridh roimh rith an Achta so, déanfidh Coimisiún na Talmhan an meán-ráta chun dréineáil do choinneáil suas in aghaidh na bliana d'fháil amach agus do shocrú i pé slí eile is oiriúnach leo.

(3) Beidh sé de dhualgas ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí agus ar iontaobhaithe dréineála ceanntar dréineála airtéirighe eolas do thabhairt uatha, tré n-a rúnaí no tré oifigeach cóir eile ar a iarraidh sin ortha do Choimisiún na Talmhan, ar an gcionúireacht deachúil agus ar an ráta iomlán chun dréineáil do choinneáil suas mar adubhradh fé seach, agus fós pé eolas eile a bheidh ag teastáil o Choimisiún na Talmhan chun a chur ar a gcumas a ndualgaisí fén alt so do chólíona.

Leasú ar alt 26 den Acht Talmhan, 1923 .

16. —Déanfar fo-alt (1) (c) d'alt 26 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú chun go léighfe sé mar leanas:—

Má tá cuid den ghabháltas ar seilbh ag an tionónta agus go bhfuil an chuid eile dhe ar seilbh ag fo-thionónta no fo-thionóntaí, déanfar an chuid atá ar seilbh ag an tionónta d'áireamh mar ghabháltas fé leith agus é ar seilbh ar an gcuid chion-roinnte sin den chíos is iníoctha as an ngabháltas go léir a chinnfidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) agus áireofar an tionónta mar thionónta don chuid sin agus áireofar a bhfuil den chuid eile den ghabháltas ar seilbh ag aon fho-thionónta, áireofar é mar ghabháltas fé leith agus é ar seilbh ar an gcíos is iníoctha as an bhfo-thionóntacht, agus áireofar an fo-thionónta mar thionónta dho.

Forálacha maidir le gabháltaisí do dhílsiú i dtionóntaí agus le clárú únaerachta.

17. —(1) Aon ghabháltas de thalamh thionóntuithe atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta Talmhan, 1923 , agus le n-a mbaineann alt 28 den Acht san, aistreoidh a sheilbh de bhua an Achta so ar an lá ceaptha o Choimisiún na Talmhan chun tionónta an ghabháltais sin agus dílseoidh sí ann no, má bhíonn seisean marbh an uair sin, ina ionaduithe pearsanta fé is dá ndintí ordú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do réir an chonnartha cheannaigh dhéanaigh a tuigtar leis an alt san a dhin an tionónta san agus le n-a ndílsítear an gabháltas sa tionónta fé réir na riail-bhlianachta ceannaigh ar an ngabháltas agus na blianachta breise (más ann di) ar scór an riaráiste chíosa shocruithe a cuireadh i dteanta an airgid cheannaigh agus fé réir suime breise is có-ionann le cionúireacht de sna blianachtaí sin ar scór na tréimhse idir an lá gála ar a dtiocfidh an chéad tráth-chuid de sna blianachtaí sin chun bheith iníoctha agus an lá ar a bhfuil na céad dividenda eile iníoctha ar bhannaí talmhan, agus fós fé réir aon tsuime a bheidh dlite do Choimisiún na Talmhan ón tionónta ar scór íocaíochta in ionad cíosa.

(2) I liost deiridh a foillseofar do réir fho-alt (4) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , agus ina bhfuil aon ghabháltas le n-a mbaineann alt 28 den Acht san luadhfar ar leithligh gach gabháltas díobh san, ag tabhairt ainm an duine a chítar do Choimisiún na Talmhan a bheith i seilbh an ghabháltais sin mar thionónta, no a bheidh ainmnithe ag Coimisiún na Talmhan fé alt 67 den Acht san chun an tionónta d'ionadú, agus fós pé mion-innste eile a bhaineann leis an ngabháltas agus a bheidh riachtanach chun crícheanna clárathachta fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891. Tabharfidh Coimisiún na Talmhan do Chlárathóir na dTeideal cóip den liost deiridh sin maraon le mapa ag taisbeáint aon ghabháltais atá ar an liost san agus le n-a mbaineann an t-alt san 28, agus féadfidh an clárathóir ansan an duine a bheidh ainmnithe sa liost deiridh mar dhuine a chítar do Choimisiún na Talmhan a bheith i seilbh an ghabháltais mar thionónta, no atá ainmnithe ag Coimisiún na Talmhan chun an tionónta d'ionadú, do réir mar bheidh, do chlárú mar únaer an ghabháltais, fé réir a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so agus fé réir aon chearta no cothroma a thagann as an leas atá dílsithe ann de bhua an Achta so, eadhon, greamú ar an leas a bhí ag an tionónta roimhe sin sa ghabháltas no a thagann ar aon tslí eile as an leas san a bhí ann roimhe sin, agus ar gach slí eile mar a foráltar leis an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus leis na hAchtanna le n-a leasuítear an céanna.

(3) Féadfidh Coimisiún na Talmhan earráid i liost deiridh do cheartú, ach ní déanfar aon cheartú i ndiaidh an lae cheaptha ach le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais, agus amháin sa mhéid, agus ar pé téarmaí, más ann dóibh, a chífar a bheith ceart tar éis cuimhneamh ar na leasanna go bhféadfadh an ceartú san deifir do dhéanamh dóibh.

(4) Gach gabháltas a dílseofar i dtionónta an ghabháltais sin ar an lá ceaptha do réir forálacha an ailt seo, tuigfar é do bheith ina thalamh chláruithe do réir bhrí alt 19 (1) den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus é do bheith fé réir forálacha an Achta san o thúis an lae sin. Beidh an gabháltas dá réir sin, o thúis an lae cheaptha, saor o fhorálacha na nAchtanna a bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí, agus déanfar clárú an ghabháltais sin do chríochnú in Oifig Chlárathachta na Talmhan mar chlárú den lá san, agus an lá san agus dá éis déanfar gach dintiúir no scríbhinn ag deighleáil leis an ngabháltas do lóisteáil in Oifig Chlárathachta na Talmhan.

(5) An cuimhneachán ar an gclárathacht is gá a thabhairt do Chlárathóir na nDintiúirí do réir fho-alt (4) d'alt 19 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, isé a bheidh ann ná cóip den liost deiridh.

(6) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 .

(7) I gcás inar dhin Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí gabháltas no cuid de ghabháltas de thalamh thionóntuithe nách mó ná dhá acra reachtúla agus 'na mbaineann forálacha an ailt seo leis do thógaint chun crícheanna na seirbhísí puiblí, agus go ndeimhneoidh na Coimisinéirí do Chomisiún na Talmhan roimh an lá ceaptha gur cheannuíodar an gabháltas no cuid den ghabháltas ar shuim nách mó ná céad punt ón tionónta a bhí ina sheilbh, ansan, dílseoidh an gabháltas no an chuid den ghabháltas sna Coimisinéirí fén alt so agus é saor o gach ceart agus cothrom a thagann as an leas a bhí ann roimhe sin ag an tionónta agus dá dtagartar in alt 8 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1885, agus beidh an té le n-a n-íocfidh na Coimisinéirí an t-airgead ceannaigh ina iontaobhaí ar an airgead san do sna daoine atá i dteideal tairbhe an airgid sin d'fháil.

Forálacha i dtaobh riaráiste rátaí.

18. —(1) In aon chás ina dtagann tailte nea-thionóntuithe chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fé fhorálacha an Achta Talmhan, 1923 , déanfar gach ráta dealbhais agus gach ráta eile a bualadh no a measadh ar scór na dtailte sin in aghaidh na bliana airgeadais a bheidh ann le linn an lae cheaptha do chion-roinnt suas go dtí an lá san agus féachfar ar na rátaí sin, chun críche na forála so, fé is dá mbeidís ag fás ó lá go lá, agus ní bheidh Coimisiún na Talmhan, ná aon daoine a bheidh i seilbh na dtailte mar leith-rannaithe no mar cheannathóirí uatha freagarthach ach sa chuid de sna rátaí sin a cion-roinneadh ar scór na tréimhse idir an lá ceaptha agus deire na bliana airgeadais reatha, agus ní bheid freagarthach i riaráiste rátaí a bualadh no a measadh ar scór na dtailte in aghaidh na bliana airgeadais reatha san no aon bhliana airgeadais roimhe sin.

(2) I ngach cás den tsórt san ní bheidh únaer no sealbhaire na dtailte roimh an lá ceaptha freagarthach ach amháin sa chuid sin de sna rátaí a bualadh no a measadh in aghaidh na bliana airgeadais reatha a cion-roinneadh ar scór na tréimhse idir tosach na bliana san agus an lá ceaptha.

(3) Na codacha d'aon rátaí a thiocfidh chun bheith iníoctha fé fhorálacha an ailt seo, déanfar agus féadfar iad do bhailiú agus do ghearra agus dul chun dlí ina dtaobh agus iad do bhaint amach ón duine 'na bhfuil siad mar fhiachas air fén alt so tré sna slite agus na meáin cheananna chéanna ina bhféadfaí an ráta iomlán do bhailiú, do ghearra, agus dul chun dlí ina thaobh agus é do bhaint amach dá mba rud é nár ritheadh an t-alt so.

(4) I ngach cás den tsórt san más rud é ná fuil ús an airgid cheannaigh ar fáil chun íoctha na deifríochta atá idir an méid a cuireadh le fo-alt (1) den alt so mar fhiachas ar Choimisiún na Talmhan no ar aon daoine atá i seilbh na talmhan mar leithrannaithe no mar cheannathóirí uatha agus an méid iomlán a bheadh mara mbeadh forálacha an fho-ailt sin ionbhainte amach do réir dlí uatha ar scór rátaí agus riaráiste rátaí dá ndintí imeachta dlí chun na rátaí sin do bhaint amach do chur ar siúl ina gcoinue ar an lá ceaptha, féadfar suim nách mó ná méid na deifríochta san d'íoc amach as an airgead ceannaigh i dtosach ar gach éileamh eile a bhaineann leis an gcéanna. Déanfar gach íocaíocht den tsórt san tré aistriú bannaí talmhan is ionann ainm-luach leis an suim a dintar iníoctha leis an bhfo-alt so, agus tuigfar an íocaíocht san a bheith ina sásamh sa mhéid a bheidh ainm-luach na mbannaí talmhan a haistríodh amhlaidh.

(5) I ngach cás ina n-ath-shealbhuíonn Coimisiún na Talmhan gabháltas no cuid de ghabháltas do réir na gcomhacht atá acu chuige sin, beidh baint ag forálacha na bhfo-alt san roimhe seo ach “an lá ar a dtéigheann Coimisiún na Talmhan i seilbh” do chur in ionad “an lá ceaptha.”

(6) Na bannaí talmhan go léir a haistreofar fén alt so chun rátaí do ghlana déanfidh an t-údarás rátúcháin chun a n-aistreofar an céanna iad do dhíol láithreach agus déanfar tora an díola san d'íoc isteach sa chiste oiriúnach chun é do chur chun na gcrícheanna céanna chun a gcuirfí na rátaí agus an riaráiste rátaí, gur ar a scór a haistríodh na bannaí talmhan, dá n-íoctaí chun an údaráis rátúcháin in airgead iad.

Ordú chun seilbh d'fháil ar thailte atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan.

19. —(1) I gcás ina bhfuil Coimisiún na Talmhan i dteideal dul isteach agus seilbh do thógaint ar thailte atá dílsithe ionta roimh rith an Achta so no dá éis, agus go ndineann éinne go héagcórach faillí no diúltú maidir le seilbh na dtailte sin do thabhairt suas no bac do chur le Coimisiún na Talmhan o dhul isteach no o sheilbh do ghlaca ar an gcéanna no ar aon chuid de, beidh sé dleathach don Choimisinéir Bhreithiúntais ordú do thabhairt amach don bhfo-shirriam chun seilbh an chéanna do thabhairt don té a bheidh ainmnithe san ordú san, agus ar fháil an orduithe sin do déanfidh an fo-shirriam seilbh na dtailte sin do thabhairt don duine sin agus beidh Coimisiún na Talmhan i dteideal na costaisi agus an caithteachas go léir a bhain le tabhairt amach agus le feidhmiú an orduithe sin agus fé n-ar chuadar do bhaint den té a dhin an fhaillí no an diúltú no an bac san.

(2) Tuigfar gur ordú feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , ordú chun seilbh d'fháil a tabharfar amach fén alt so.

Deisiú bancánacht, etc.

20. —Más rud é, roimh an lá ceaptha i gcóir tailte d'fhaisnéis, go bhfuil no go raibh an tiarna talmhan no, i gcás talmhan nea-thionóntuithe, únaer na talmhan, freagarthach i nglana no i gcoinneáil suas, i bpáirt no go hiomlán, do dhéanamh ar aon chúrsa uisce, dréin, bancánacht no obair eile, pe'ca ina aonar no i bpáirt le daoine eile é, agus pe'ca fé théarmaí connra tionóntachta no ar aon tslí eile é, agus gur dhin sé faillí i nglana no i gcoinneáil suas no i gcabhair do thabhairt chun glana no coinneáil suas na hoibre sin i dtreo gur ghá airgead do chaitheamh ar í do ghlana, do dhéisiú, no d'athnuachaint, féadfidh Coimisiún na Talmhan, roimh an lá ceaptha no dá éis, ordú d'iarraidh ar an gCoimisinéir Breithiúntais á fhaisnéis go bhfuilid i dteideal go n-aistreofaí chúcha, ar leith-roinnt an airgid cheannaigh, pé méid de bhannaí talmhan a dheimhneoid is gá chun cúiteamh do dhéanamh leo sa chaithteachas a dhineadar no atá beartuithe acu a dhéanamh i nglana, i ndeisiú, no in athnuachaint na hoibre sin; agus má bhíonn an Coimisinéir Breithiúntais sásta go bhfuil no go raibh an tiarna talmhan no an t-únaer, pe'ca ina aonar no i bpáirt le daoine eile é, freagarthach amhlaidh mar adubhradh, agus go raibh no go bhfuil gá, de dheascaibh na faillí sin, leis an gcaithteachas a dhin Coimisiún na Talmhan amhlaidh no atá beartuithe acu a dhéanamh, féadfa sé a ordú go ndéanfar, ar leith-roinnt an airgid cheannaigh, aistriú chun Coimisiún na Talmhan amach as na bannaí talmhan a sheasuíonn in ionad an airgid cheannaigh ar pé suim i mbainnaí talmhan is dó leis, ag breithniú dho ar gach a mbaineann leis an gcás, a bheith réasúnta ach ná raghaidh thar méid an airgid cheannaigh a thagann as na tailte go ndeimhníonn Coimisiún na Talmhan go dtiocfidh tairbhe shubstainteach dóibh de bharr an chaithteachais sin.

Coinneáil-suas bancánacht d'aistriú chun comhairlí contae.

21. —(1) Más oiriúnach leo é, féadfidh Coimisiún na Talmhan, le có-aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a cheangal ar chomhairle contae, tré ordú, a thógaint ortha féin glana no coinneáil suas, lasmuich d'ath-dhéanamh, do dhéanamh ar aon chúrsa uisce, dréin, bancánacht no obair eile den tsaghas chéanna atá suidhte ina gcontae, agus gur dhin Coimisiún na Talmhan, roimh rith an Achta so, suim chaipitiúil d'aistriú ar a scór chun an Iontaobhaí Phuiblí chun go ndéanfaí an tsuim sin do chimeád agus do chur in úsáid do réir aon dintiúir iontaobhais no do réir aon scéime a cheap Coimisiún na Talmhan no go ndéanfar ina dhiaidh seo suim chaipitiúil d'aistriú ar a scór do réir fhorálacha fho-alt (1) agus fho-alt (2) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923 , no go ndéanfar, ar a scór, suim chaipitiúil a bhí á cimeád agus á riara ag Coimisiún na Talmhan d'aistriú ina dhiaidh seo chun an Iontaobhaí Phuiblí chun go ndéanfaí an tsuim sin do chimeád agus do chur in úsáid do réir scéime a bheidh ceaptha fén alt so, agus déanfid leis an ordú san, no le hordú ina dhiaidh sin, an chomhairle chontae do cheapa mar iontaobhaithe ar an dintiúir iontaobhais no ar an scéim in ionad iontaobhaithe an dintiúir iontaobhais no na scéime sin agus déanfar an dintiúir iontaobhais no an scéim d'atharú chó fada agus is gá san, no déanfar é do cheapa i dtreo is go bhforálfar leis go ndéanfar ioncum na suime caipitiúla do chur chun no mar chabhair chun aisíoc do dhéanamh leis an gcomhairle contae sa chaitheachas gur chuathas fé go ceart agus go riachtanach i ndéanamh an ghlanta no na coinneála-suas san.

(2) Aon chomhairle chontae ar a gceangailtear fén alt so a thógaint ortha féin aon chúrsa uisce, dréin, bancánacht no obair eile do ghlana no do choinneáil suas, beidh acu maidir leis an nglana no leis an gcoinneáil-suas san an chomhacht chéanna chun iontrála agus chun ithir agus abhar do thógaint agus chun nithe a bheidh riachtanach do dhéanamh a bronntar ar Choimisiún na Talmhan le fo-alt (4) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923 .

(3) An caithteachas fé n-a raghaidh comhairle chontae fén alt so chun aon chúrsa uisce, dréin, bancánacht no obair eile do ghlana no do choinneáil suas, íocfar é, sa chéad dul síos, amach as ciste na contae agus cruinneofar é tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán. Déanfar an caithteachas san d'aisíoc i bpáirt no go hiomlán amach as ioncum a bheidh ar fáil fé aon dintiúir iontaobhais no scéim mar adubhradh a bhaineann leis an obair gur mar gheall uirthi a chuathas fén gcaithteachas san agus, sa mhéid nách leor an t-ioncum san, déanfar é d'aisíoc tré ráta feabhsúcháin a measfar ar shealbhairí rátuithe na dtailte go ndeirtar i mola a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan gur dhin an obair a glanadh no a coinníodh suas amhlaidh tairbhe dhóibh sna cionúireachtaí ina ndeirtar, sa mhola san, an ráta feabhsúcháin do bheith iníoctha ag na tailte sin, agus buailfear an ráta san agus beidh sé inghearrtha, iníoctha agus ionbhainte amach sa tslí chéanna fé is dá mba ráta dréineála é a buailfí fé alt 21 den Acht Dréineála Airtéirighe, 1925 .

(4) Ní tuigfar éinní atá san alt so do dhéanamh aon deifre do chomhachta Choimisiún na Talmhan fé alt 44 den Acht Talmhan, 1923 , maidir le haon chúrsa uisce, dréin, bancánacht no obair eile d'ath-dhéanamh gur ceangaladh ar chomhairle contae do réir an ailt seo a ghlana no a choinneáil-suas do thógaint ortha féin.

Forálacha maidir le feabhsuithe.

22. —(1) Na comhachta a bronntar ar Choimisiún na Talmhan le haon cheann de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun airgead do chaitheamh chun tailte d'fheabhsú, féadfar iad d'fheidhmiú aon am chun feabhsú do dhéanamh ar tailte a díoladh no atá fé chonnra chun iad do dhíol fé aon Acht Talamh-Cheannaigh no a bhí dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fén Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 .

(2) Mara ndintar co-aontú idir Coimisiún na Talmhan agus an ceannathóir beidh an méid sin den airgead a caitheadh amhlaidh, agus a dheimhneoidh Coimisiún na Talmhan chuige sin, ionaisíoctha tré bhlianacht no tré bhlianachtaí a cuirfar mar mhuirear ar aon talamh, a dheimhneoidh Comisiún na Talmhan a bheith tar éis tairbhiú de bharr an chaithteachais sin, fé mar a roimh-íocfí an tsuim sin chun an talamh do cheannach do réir chonnartha cheannaigh dhéanaigh fén Acht Talmhan, 1923 , agus déanfar an bhlianacht san do chódhlúthú, sa mhéid gur féidir é, le haon bhlianacht Talamh-Cheannaigh a bheidh ar an talamh an uair sin.

(3) Mara mbeidh sé ceaduithe roimh ré ní dhéanfidh Coimisiún na Talmhan aon chaithteachas den tsaghas san mar shaor-dheontas tar éis na tailte atá le feabhsú do dhílsiú i gceannathóir ach amháin le haontú an Aire Airgid.

Fógra d'únaerí talmhan tar éis a hiniúchta.

23. —Nuair a bheidh Coimisiún na Talmhan tar éis a chur fé ndeár tailte d'iniúcha chun pé mion-innste ina dtaobh a bheidh ag teastáil chun crícheanna na nAchtanna Talamh-Cheannaigh d'fháil amach, déanfid, tar éis tuarasgabhála a gcigirí do bhreithniú agus laistigh de pé tréimhse a bheidh orduithe, an socrú ar ar thánadar do chur in úil don té a chítar a bheith ina únaer ar na tailte.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan scur d'imeachta dlí.

24. —I gcás inar dhin Coimisiún na Talmhan a fhaisnéis go bhfuil talamh nea-thionóntuithe atá suidhte lasmuich de chontae go gcumhang-cheanntracha ag teastáil chun cumhangracht do laigheadú no chun athdhíol talmhan tionóntuithe do chur in usacht, no go bhfuil aon talamh, pé áit ina bhfuil sé suidhte, a gearradh amach o oibriú fho-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , le fo-alt (2) den alt san, ag teastáil chun cumhangracht do laigheadú, no inar dhineadar imeachta dlí do thosnú chun gabháltas coinnithe d'ath-shealbhú i bpáirt no go hiomlán, agus gur dhin an Coimisinéir Breithiúntais aon am tar éis rithte an Achta so an praghas no an cúiteamh do shocrú, féadfidh Coimisiún na Talmhan, más dó leo go bhfuil an praghas a socruíodh chó hárd go mbeadh sé neamh-oiriúnach an talamh do cheannach no an gabháltas no cuid de d'ath-shealbhú, féadfid, ar sheirbheáil fhógra dhóibh laistigh de pé am a bheidh ceaptha, tarrac siar as an gceannach no as an ath-shealbhú ar pé téarmaí maidir le costaisí a shocróidh an Coimisinéir Breithiúntais: Ach má dhineann an t-únaer, laistigh de cheithre lá déag tar éis seirbheála an fhógra san, fógra agóide i gcoinnibh an tarrac-siar do sheirbheáil ar Choimisiún na Talmhan, fógra ina luadhfar na fáthanna atá leis an agóid sin, agus gur dó leis an gCoimisinéir Breithiúntais go bhfuil an agóid réasúnta, ansan, beidh fógra an tarrac-siar gan bhrí gan éifeacht. I gcás inar dhin Coimisiún na Talmhan tarrac siar ón gceannach no ón ath-shealbhú, ansan, ar feadh tréimhse sheacht mblian ina dhiaidh sin, ní cheannóidh ná ní ath-shealbhóidh Coimisiún na Talmhan an talamh neathionóntuithe ná an gabháltas san gan aontú únaera no tionónta na talmhan no an ghabháltais sin.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun diúltú do roimhíocanna do dhéanamh i gcásanna áirithe agus chun Riail-Bhlianacht Cheannaigh do shocrú.

25. —I gcás ina ndineann tiarna talmhan agus tionónta gabháltais le n-a mbaineann Cuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , có-aontú ar Riail-Bhlianacht Cheannaigh ar an ngabháltas atá chó hárd san ná fuil Coimisiún na Talmhan sásta go bhfuil an gabháltas ina urrús uirthi, féadfidh Coimisiún na Talmhan, tar éis fógra do sheirbheáil ar na páirtithe sa tslí orduithe, ordú do dhéanamh ag diúltú don airgead ceannaigh le haghaidh an ghabháltais do roimh-íoc, agus féadfid ansan Riail-Bhlianacht Cheannaigh an ghabháltais do shocrú sa tslí a foráltar, fén Acht Talmhan, 1923 , i gcásanna ná raibh aon chó-aontú idir an tiarna talmhan agus an tionónta.

Grúpáil paistí chun iad d'athdhíol.

26. —Ar athdhíol tailte nea-thionóntuithe féadfidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é, a fhaisnéis go ndéanfar dá cheann no níos mó de phaistí talmhan nea-thionóntuithe a cheannuíodar fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do ghrúpáil le chéile agus go dtuigfar gurb aon estát amháin iad chun críche athdhíola agus chun deighleáil leis na blianachtaí ceannaigh a thagann as, agus san d'ainneoin gur dineadh na paistí sin do cheannach o únaerí deifriúla agus iad do dhílsiú ar amanna deifriúla.

Foráil i dtaobh cailliúna ar athdhíolta.

27. —I gcás an praghas a socruítar do talamh nea-thionóntuithe atá suidhte i gcontae go gcumhang-cheanntracha a bheith chó hárd san nách féidir an talamh san d'athdhíol gan chailliúint no i gcás nách féidir paiste no grúpa de phaistí talmhan nea-thionóntuithe no an t-iomlán no cuid de ghabháltas choinnithe, gurbh oiriúnach le Coimisiún na Talmhan é do thógaint no d'ath-shealbhú, d'athdhíol ach amháin fé chaillúint, ansan, fé réir aontú an Aire Airgid, íocfar le Coimisiún na Talmhan amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ús do réir ráta 4½ per cent. per annum agus ciste fiach-luíoduithe do réir ráta cheathrú d'aon per cent. per annum ar pé méid den airgead cheannaigh go ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan gach leath-bhliain gurb ionann é agus an deifríocht atá idir méid iomlán na roimh-íocanna a dineadh chun na tailte do cheannach agus iomlán na bpraghsanna a dhin ceannathóirí na dtailte o Choimisiún na Talmhan a íoc no a aontú a íoc.

Foráil i dtaobh riaráiste blianachtaí ceannaigh agus íocaíochtanna eile atá dlite do Choimisiún na Talmhan do bhaint de shealbhaire na dtailte.

28. —(1) Gach airgead is iníoctha le Coimisiún na Talmhan maidir le haon tailte, beidh sé ionbhainte amach ón té bheidh i seilbh achtúil na dtailte an t-am 'na dtosnuítar imeachta dlí chun an t-airgead san do bhaint amach, agus san mar fhiachas phearsanta ar an sealbhaire sin d'ainneoin an t-iomlán no cuid den riaráiste sin do bheith tagtha dlite roimh dhul i seilbh na dtailte don duine sin.

(2) Ní dhéanfidh éinní atá anso roimhe seo éinne eile do scaoile o fhiachas maidir le haon riaráiste den tsórt san agus, maidir le húnaerí no le sealbhairí a thagann i ndiaidh a chéile ar na tailte beidh gach airgead a bheidh íoctha ag sealbhaire no bainte dhe ar scór riaráiste gurb é faillí únaera no sealbhaire a tháinig roimhe fé ndeár é ionbhainte amach ag an sealbhaire a íoc an céanna, no dar baineadh an céanna, mar fhiacha a bheidh dlite do ón únaer no ón sealbhaire a dhin an fhaillí.

(3) Beidh agus tuigfar go raibh riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa ina muirear ar an ngabháltas gur ar a scór atáid iníoctha, agus beidh tosaíocht acu ar gach leas agus ualach atá ann agus a bhaineann leis an tionóntacht a cruthnuíodh pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis.

(4) Na leighiseanna a tugtar leis an alt so do Choimisiún na Talmhan beid mar bhreis agus ní mar laigheadú ar aon leighiseanna eile atá acu cheana féin chun aon riaráiste den tsórt san roimhráite do bhaint amach.

(5) Beidh deimhniú a thugann le tuisgint é do bheith fé chóshéala Choimisún na Talmhan ina fhianaise go bhfuil gach suim adeirtar ann a bheith dlite leo dlite amhlaidh, agus go bhfuil sí iníoctha ag an duine no na daoine adeirtar sa deimhniú san a bheith freagarthach inti.

Forálacha a dhineann an tora as curtha-ar-cíos do chur ar fáil chun éilithe Choimisiún na Talmhan do shásamh.

29. —Más rud é tar éis rithte an Achta so go mbeidh tailte, 'na bhfuil blianachtaí ceannaigh, cíosanna, ús in ionad cíosa, ús ar airgead ceannaigh, riaráiste cíosa socruithe no íocaíochtaí in ionad cíosa iníoctha ar a scór le Coimisiún na Talmhan, curtha ar cíos chun curadóireachta no ar aon tslí eile ag an sealbhaire no ag an tionónta no ar a shon, beidh na blianachtaí, na cíosanna, an t-ús in ionad cíosa, an t-ús ar airgead ceannaigh, an riaráiste cíosa socruithe agus an íocaíocht in ionad cíosa is iníoctha amhlaidh mar adubhradh, beid mar chéad mhuirear ar an tora as na curtha-ar-cíos san, agus beidh sé mar dhualgas ar an duine a gheibheann an tora san, tar éis do na táillí agus na costaisí atá ag dul do go cóir agus go riachtanach do bhaint as, an tora do chur, sa mhéid go mbeidh sé ag teastáil, chun éileamh Choimisiún na Talmhan ar airgead atá dlite dhóibh ar scór na n-íocaíocht san do shásamh. Gach airgead a bheidh dlite amhlaidh do Choimisiún na Talmhan agus ná tugtar cuntas ceart ina thaobh, beidh sé ionbhainte ag Coimisiún na Talmhan den duine a fuair tora na gcurtha-ar-cíos san, mar fhiacha atá dlite uaidh don Stát: Ach ní dhéanfidh éinní san alt so deifir do cheart Choimisiún na Talmhan chun aon chomhachta eile atá, acu d'fheidhmiú chun fuighleach aon fhiacha, nár baineadh amach fé fhorálacha an ailt seo, do bhaint amach.

Breitheanna agus aithní d'fhanúint i bhfeidhm go ceann sé mblian.

30. —Gach breith, ordú no aithne a bhain Coimisiún na Talmhan amach, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis in imeachta in aon chúirt, beidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht aige go ceann sé mblian o dháta na breithe, an orduithe no na haithne sin agus san d'ainneoin tréimhse is sia ná bliain ón dáta san a bheith caithte.

Forálacha maidir le feidhmiú orduithe ar agra Choimisiún na Talmhan.

31. —(1) Gach fo-shirriam gur dineadh ordú feidhmiúcháin ar agra Choimisiún na Talmhan, nách ordú chun seilbh tailte no áitreabh do thabhairt uaidh, do lóisteáil leis, beidh sé ina dhualgas air an céanna d'fheidhmiú láithreach tré ghabháil agus díol sa mhéid gur gá é do dhéanamh ar na hearraí, ar na hainmhithe, no ar an áirnéis eile a gheobhfar i dtigh an fhéichiún no ina áit chomhnuithe eile no ar a chuid tailte agus san d'ainneoin aon éilimh no ráitis ón bhféichiúin no o éinne eile á rá nách leis an bhféichiúin aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile den tsórt san.

(2) Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim i dtaobh no mar gheall ar gur dhin sé, fé aon ordú feidhmiúcháin ar agra Choimisiún na Talmhan, aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile do thógaint i bhfeidhmiúchán a fuarthas i dtigh an fhéichiún no ina áit chomhnuithe eile no ar a chuid tailte agus go n-éilítear no go ndeirtar (pe'ca cruthuítar no ná cruthuítar réasún do bheith leis an éileamh no leis an ráiteas san) ina dtaobh gur maoin iad is le héinne eile seachas an féicheamh, agus, in ionad an aicsin i gcoinnibh an fho-shirriaim, beidh an duine gur leis dáiríribh na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin a tógadh amhlaidh i bhfeidhmiúchán i dteideal (má cruithuítar, maidir leis na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin, nár leis an bhféichiúin iad) luach na n-earraí, na n-ainmhithe, no na háirnéise eile sin do bhaint tré aicsean den bhféichiúin maraon le pé damáiste a tháinig don duine sin de dheascaibh na n-earraí, na n-ainmhithe, no na háirnéise eile do thógaint amhlaidh i bhfeidhmiúchán.

Forálacha maidir le Coimisiún na Talmhan do dhíol gabháltas tré chonnra phríobháideach.

32. —I gcás ina bhfuil Coimisiún na Talmhan i dteideal a chur fé ndeár gabháltas do dhíol féadfid, más oiriúnach leo é, agus pe'ca tá an gabháltas suidhte i gcumhang-cheanntar no ná fuil, é do dhíol tré chonnra phríobháideach, ina ghabháltas amháin no ina ranna, ar pé praghas no praghasanna is dó leis na Coimisinéirí, lasmuich den Choimisinéir Bhreithiúntais, is ionann le luach an díola ag cuimhneamh dóibh ar staid an cheanntair ina bhfuil an gabháltas suidhte agus ar gach a mbaineann leis an gcás. Beidh an deimhniú o Choimisiún na Talmhan á rá gur leor an praghas a fuarthas ar aon díol den tsórt san ina cheangal ar na páirtithe go léir agus ní bheidh aon dul thairis.

Fógra i dtaobh díolta atá beartuithe.

33. —Gach díol a bheidh beartuithe ag Coimisiún na Talmhan a dhéanamh, pe'ca tré cheant phuiblí no tré chonnra phríobháideach é, ar ghabháltas go bhfuilid i dteideal a chur fé ndeár é dhíol i bhfeidhmiú comhachta a bronntar ortha le haon Acht, déanfar fógra ina thaobh d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, i bpríomh pháipeur laethiúil de chuid Bhaile Atha Cliath, agus, má tá páipeur áitiúil ann, sa pháipeur áitiúil sin, deich lá ar a laighead roimh an díol, agus déanfidh Coimisiún na Talmhan, deich lá ar a laighead roimh an díol, cóip den bhfógra san do chur, tríd an bpost chláruithe, chun an té a chítar dóibh a bheith ina únaer no ina thionónta ar an ngabháltas agus í seolta chuige chun an ghabháltais agus fós cóip de do chur chun gach éinne go bhfeictar ón bhfolio (más ann do) in Oifig Chlárathachta na Talmhan a bhaineann leis an ngabháltas go bhfuil aon mhuirear no éileamh aige ar an ngabháltas no leas aige ann agus na cóipeanna san do chur chun na seolta a luaidhtear sa bhfolio.

Tailte ar seilbh údaráis áitiúla ar léas fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919.

34. —Gach paiste talmhan a tógadh ar léas fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919 (agus nuair a tógadh an céanna go raibh sé fé churadóireacht no fé fhéar no go raibh cuid de fé churadóireacht agus cuid de fé fhéar), agus atá ar seilbh údaráis áitiúla fén léas san, dílseoidh sé i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha sa tslí chéanna agus tiocfidh na nithe céanna as san fé is dá mba talamh tionóntuithe an paiste a bheadh ar seilbh an údaráis áitiúla mar thionónta o bhliain go bliain don té go mbeadh teideal aige chun na frith-dhílse fheitheamhaí ar dhul in éag don léas san agus tuigfar an cíos is iníoctha ag an údarás áitiúil a bheith ina chíos bhreithiúntais a socruíodh tar éis an 15adh lá de Lúnasa, 1911.

Tailte, etc., d'eisceacht o fhreagarthacht i bhfiacha.

35. —Ní déanfar aon phaiste talmhan a cheannuigh tionónta díshealbhuithe fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ná aon stoc feirme ná áirnéis eile a solátharuíodh do thionónta dhí-shealbhuithe tré dheontas no iasacht fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, do chur ar fáil in aon ghnó-bhrise ná tré aon chúrsa no imeacht eile dlí, chun íoc, sásamh, no glana i bpáirt no go hiomlán do dhéanamh in aon fhiacha, inar rith no fé n-ar chuaidh an tionónta dí-shealbhuithe sin roimh an dáta 'na dtáinig an paiste talmhan dílsithe ann, nách fiacha atá dlite do Choimisiún na Talmhan.

Cad a thiocfidh as leas tionónta i ngabháltas do dhíol go héigeanta.

36. —I gcás inar chuir Coimisiún na Talmhan ar díol an tionóntacht i ngabháltas go bhfuilid i dteideal a chur fé ndeár í do dhíol, díolfar an gabháltas fé fhiachaisí reachtúla an tionónta maidir leis an ngabháltas, le leasanna fo-thionóntaí (más ann dóibh), agus le haon mhuirear fé aon Achtanna Oibreacha Puiblí, ach beidh sé dí-mhuirearuithe o gach éileamh no ualach eile a bhí ag gach éinne in aon chor i gcoinnibh an leasa san agus, o dháta an díola, scuirfidh gach éileamh den tsórt san de bheith i gcoinnibh an ghabháltais agus ceanglóidh sé den airgead cheannaigh sa tslí chéanna inar cheangail sé den ghabháltas díreach roimh dháta an díola.

Ordú chun seilbh d'fháil ar ghabháltaisí is féidir do Choimisiún na Talmhan a dhíol.

37. —(1) I gcás inar dhin Coimisiún na Talmhan aon am, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis, gabháltas do chur ar díol tré cheant phuiblí go bhfuilid i dteideal a chur fé ndeár é do dhíol agus nár díoladh an gabháltas, féadfidh an Coimisinéir Breithiúntais ordú do thabhairt amach fén alt so á ordú don bhfo-shirriam Coimisiún na Talmhan do chur i seilbh an ghabháltais agus, nuair a seachadfar an t-ordú dho, déanfidh an fo-shirriam é d'fheidhmiú sa tslí chéanna 'na bhfeidhmeodh sé rit chun seilbh do thabhairt uaidh. Ar bheith feidhmithe don ordú ag an bhfo-shirriam dílseoidh an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan gan aon leithliú ná ordú breise agus fé réir na blianachta ceannaigh (más ann di) atá muirearuithe air agus fós fé réir aon mhuirir fé Achtanna na nOibreacha Puiblí ach beidh sé dí-mhuirearuithe o gach éileamh no ualach eile atá ag gach éinne in aon chor go bhfuil leas aca sa ghabháltas.

(2) I ngach cás den tsórt san inar cuireadh an gabháltas ar díol mar gheall ar bhlianacht do bheith gan íoc déanfidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar dhéanamh an orduithe sin roimhráite dho, a fháil amach agus a shocrú cadé an méid atá dlite do Choimisiún na Talmhan ar scór an ghabháltais, maraon leis na costaisí fé n-ar chuadar ad' iarraidh an gabháltas do dhíol, agus más rud é, laistigh den am a bheidh ceaptha leis an ordú san, go n-íocfar le Coimisiún na Talmhan an méid a fuarthas a bheith dlite amhlaidh maraon le costaisí an orduithe sin agus leis na costaisí a bhain leis an ordú san d'fháil, ordóidh an Coimisinéir Breithiúntais ná déanfar an t-ordú do sheachada don bhfo-shirriam chun a fheidhmithe, agus déanfidh sé pé ordú eile sa scéal is gá do réir cheart an cháis.

(3) Tuigfar gur ordú feidhmiúcháin de réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , ordú chun seilbh d'fháil a tabharfar amach fén alt so.

Comhairlí contae do cheannach tailte.

38. —(1) Más rud é gur dhin Coimisiún na Talmhan tré cheant phuiblí aon tailte do chur ar díol go bhfuilid i dteideal a chur fé ndeár iad do dhíol mar gheall ar bhlianacht cheannaigh atá mar mhuirear ortha do bheith gan íoc agus nár díoladh na tailte, féadfid na tailte do thairisgint do chomhairle na contae ina bhfuilid suidhte, agus, i ngach cás den tsórt san, beidh sé dleathach don chomhairle chontae, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí má aontuíonn sé leis an gcrích chun a bhfuiltar ag ceannach na dtailte, na tailte do cheannach o Choimisiún na Talmhan ar pé téarmaí ar a gcó-aontófar agus san d'ainneoin gan gá do bheith acu leis na tailte chun críche aon chinn dá gcomhachta ná dá ndualgaisí reachtúla.

(2) Aon tailte a cheannóidh comhairle chontae fén alt so déanfar, faid a leanfidh an chomhairle ina seilbh, iad do riara do réir scéime a ullmhóidh an chomhairle chontae agus a dhaingneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus féadfidh seisean an céanna do dhaingniú fé atharuithe no gan iad, agus fós déanfar, mara n-ordóidh an tAire sin a mhalairt, iad do dhíol, fé réir aontú an Aire sin, laistigh de thréimhse chúig mblian ón am a cheannuigh an chomhairle iad no laistigh de pé tréimhse bhreise a údaróidh an tAire sin.

(3) Déanfar tora díola aon tailte fén bhfo-alt san roimhe seo d'úsáid in aisíoc aon airgid a fuarthas ar iasacht agus atá amuich ar scór na dtailte sin agus, mara bhfuil aon airgead den tsórt san amuich, cuirfar an tora san chun creidiúna an ráta no an chiste as a n-íoctar costaisí na comhairle contae ar scór na dtailte.

(4) Aon chostaisí fé n-a raghaidh comhairle chontae fén alt so, déanfar iad do chruinniú tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán, no mar mhuirear ar leithligh ar pé líomatáiste níos lugha ná an chontae a shocróidh an chomhairle chontae le haontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(5) Chun crícheanna an ailt seo féadfidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, sa tslí chéanna fé is dá mbeadh na crícheanna so luaidhte san Airtiogal san.

Bothóga lucht oibre.

39. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 7 den Labourers (Ireland) Act, 1896, féadfidh aon údarás áitiúil ina bhfuil aon bhothóg dílsithe a tógadh no a ceannuíodh fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, agus ná fuil gá leis a thuille chun crícheanna na nAchtanna san, féadfa sé, le cead an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus fé réir pé coiníollacha a ordóidh seisean, an bhothóg san maraon leis an talamh a ghabhann léi do dhíol le Coimisiún na Talmhan ar phraghas is iníoctha i mBannaí Talmhan de 4½ per cent.

(2) Déanfar an t-ioncum bliantúil o sna Bannaí Talmhan no, má díoltar na Bannaí sin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no má fuascailtar iad, déanfar an tsuim chaipitiúil a thagann ón díol no ón bhfuascailt sin d'úsáid chun aisíoca aon airgid a fuarthas ar iasacht agus atá amuich ar scór na scéime feabhsúcháin gur dá réir a solátharuíodh an bhothóg san agus aon talamh a ghabhann léi, agus mara bhfuil aon airgead den tsórt san amuich déanfar an t-ioncum bliantúil no tora díola no fuascailte na mBannaí Talmhan, do réir mar bheidh, do chur chun creidiúna an ráta no an chiste as a n-íoctar costaisí fé sna Labourers (Ireland) Acts.

Cearta móna.

40. —(1) Ní dhéanfidh dílsiú gabháltais i dtionónta do réir chonnartha cheannaigh dhéanaigh fén Acht Talmhan, 1923 , aon chearta móna d'aistriú chun an tionónta ná raibh sé i dteideal a úsáid roimh an dílsiú san, agus gach ceart móna a bhí dílsithe sa tiarna talmhan roimh an lá ceaptha fanfa sé dílsithe i gCoimisiún na Talmhan.

(2) I gcás ina ndineann Coimisiún na Talmhan aon chearta móna den tsórt san a coinnítear acu amhlaidh do chur ar cíos no do dhíol ina dhiaidh sin, déanfidh Coimisiún na Talmhan, lasmuich den Choimisinéir Bhreithiúntais, no an Coimisinéir Breithiúntais ar athchomharc o Choimisiún na Talmhan pé cúiteamh i mBannaí Talmhan no in aon tslí eile, is dó leo a bheith cóir agus réasúnta, do mhola don duine go mbeadh teideal aige chun na gcearta móna san dá mba rud é nách dtáinig an gabháltas chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan.

(3) Féadfar a shocrú le rialacháin a dhéanfidh an tAire Airgid go dtabharfar amach do Choimisiún na Talmhan, i gcásanna inar dhíoladar na cearta móna san ar bhlianacht no ar bhlianachtaí, pé méid Bannaí Talmhan is gá chun aon íocaíochtanna do dhéanamh do réir an fho-ailt sin roimhe seo.

(4) Le rialacháin a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan mar gheall ar mhóin a fhanfidh dílsithe ionta fén alt so féadfar, más oiriúnach le Coimisiún na Talmhan é, a shocrú go ndéanfidh na daoine go mbeidh údarás acu uatha chun móin do bhaint ar ghabháltas fé sna rialacháin sin pé suimeanna is dó le Coimisiún na Talmhan a bheith réasúnta d'íoc le ceannathóir an ghabháltais mar mhóin-chíosanna.

Socruithe i dtaobh cearta iascaigh.

41. —Le rialacháin a dhéanfidh an tAire Tailte agus Talmhaíochta féadfar a shocrú go ndíolfidh Coimisiún na Talmhan le tionónta-cheannathóirí cearta iascaigh in aon aibhne no uiscí atá teoranta leis na gabháltaisí no a ghabhann tríd na gabháltaisí a cheannuíodar agus san ar pé praghas is iníoctha tré bhlianachtaí ceannaigh a mheasfidh Coimisiún na Talmhan a bheith réasúnta, agus déanfar na blianachtaí sin do chódhlúthú le riail-bhlianachtaí ceannaigh na ngabháltas.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun tailte do cheannach agus d'athdhíol i gcásanna áirithe.

42. —(1) Más rud é, aon am laistigh de dheich mbliana roimh am rithe an Achta so, gur dhin tionóntaí no únaerí gabháltas neamh-economiciúla, fir gan talamh no daoine oiriúnacha eile no gur dineadh chun úsáide dhóibh tailte do cheannach, agus gur dó le Coimisiún na Talmhan gurb' oiriúnach an rud é na tailte do cheannach agus d'athdhíol mar gheall ar ghátar agus ar staid na ndaoine a cheannuigh no gur chun tairbhe dhóibh a ceannuíodh na tailte agus gurb é a dtuairim gur féidir geallúintí d'fháil o sna daoine sin no o dhaoine eile chun na tailte do cheannach ar phraghsanna agus ar théarmaí agus ar choiníollacha go n-aontóidh Coimisiún na Talmhan leo, ansan féadfidh Coimisiún na Talmhan na tailte do cheannach ar phraghas is iníoctha i mBannaí Talmhan de 4½ per cent. ná beidh in aon chás, gan toiliú uatha i scríbhinn, níos lugha ná an méid, más ann do, a fhanann dlite do sna daoine agus is iníoctha leis na daoine atá luaidhte i bhfo-alt (2) den alt so ar scór aon bhun-tsuime no bun-tsuimeanna airgid a thugadar ar iasacht no ar ar chuadar in urrús, maraon le gach ús a bheidh tar éis fáis ar na suimeanna san o dháta na hiasachta, no, fé réir adubhradh thuas, ar a gcó-aontófar le haontú an Aire Airgid d'ainneoin nách féidir an praghas san d'fháil thar n-ais ar athdhíol na dtailte, agus féadfid iomlán na dtailte no aon chuid díobh d'athdhíol leis na daoine sin fé is dá mba daoine iad go bhféadfaí roimh-íocanna do dhéanamh leo chun paiste talmhan do cheannach fén Acht Talmhan, 1923 .

(2) An t-airgead ceannaigh a thagann o aon cheannach den tsórt san a dhin Coimisiún na Talmhan, roinnfidh an Coimisinéir Breithiúntais é i pé slí is gá do réir cheart an cháis, ag cuimhneamh do ar éilithe na ndaoine uile a dhin iasachtú no a chuaidh in urrús ar iasachtú ar airgead no ar aon chuid d'airgead a híocadh no a haontuíodh a íoc nuair a dhin aon daoine den tsórt san roimhráite no nuair a dineadh chun úsáide dhóibh na tailte do cheannach, agus beidh gach éileamh den tsórt san pe'ca bhíodar curtha roimh ré mar mhuirear ar na tailte no ná rabhadar iníoctha i mBannaí Talmhan den ainm-luach chéanna fé is dá mba éilithe iad i gceangal le hairgead ceannaigh tailte a díoladh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus bainfidh forálacha alt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , leis an scéal dá réir sin.

(3) Bainfidh forálacha alt 14 den Acht Talmhan, 1923 , nuair is gá san, le ceannach fén alt so.

(4) O dháta cheannach na dtailte ag Coimisiún na Talmhan, íocfar, fé réir aontú an Aire Airgid, le Coimisiún na Talmhan, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ús do réir ráta 4½ per cent. per annum agus ciste fiach-luíoduithe do réir ráta cheathrú d'aon per cent. per annum ar pé méid den airgead cheannaigh go ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan gach leath-bhliain gurb ionann é agus an deifríocht atá idir méid iomlán an roimhíoca a dineadh chun na tailte do cheannach agus iomlán na bpraghsanna a dhin ceannathóirí na dtailte o Choimisiún na Talmhan a íoc no a aontú a íoc.

Forálacha i dtaobh tailte d'athdhíol a dílsítear fé Chuid III. den Acht Talmhan, 1923 .

43. —(1) An comhacht a tugtar do Choimisiún na Talmhan le fo-alt (2) d'alt 55 den Acht Talmhan, 1923 , chun tailte atá dílsithe ionta fé Chuid III. den Acht san do choinneáil, féadfid é d'fheidhmiú in aon chás ina bhfuil tailte dílsithe ionta amhlaidh roimh rith an Achta so no dá éis d'ainneoin na coiníollacha i bhfo-alt (1) den alt san do bheith có-líonta.

(2) Nuair a beifar ag déanamh roimh-íocanna le daoine no le cóluchtaí chun go gceannóidís paistí talmhan a bheidh coinnithe ag Coimisiún na Talmhan fé fho-alt (2) d'alt 55 den Acht Talmhan, 1923, fé mar atá sé leasuithe leis an alt so, féadfidh Coimisiún na Talmhan aon tsuimeanna a íoc iarratasóirí leis an gcumann no leis an gcólucht iontaobhaithe, no thar a cheann chun na tailte do cheannach, do chur san áireamh agus creidiúin do thabhairt do sna hiarratasóirí sin ionta.

(3) Ag socrú dhóibh i dtaobh oiriúnachta iarrastasóirí chun paistí talmhan a bheidh coinnithe amhlaidh do cheannach, féadfidh Coimisiún na Talmhan in aon chás má dheabhruíonn sé gur rud cothrom oiriúnach san do dhéanamh é chur mar choiníoll i gconnra cheannaigh aon iarratasóra den tsórt san ná dílseofar an paiste ann go dtí go lóisteálfa sé le Coimisiún na Talmhan pé suim airgid is dó leo is iníoctha aige le ceart ar scór rann-íocanna mar chabhair chun éarlais, ús ar airgead cheannaigh, cíos, blianacht cheannaigh no éinní eile d'íoc.

Chun fiacha atá dlite ag cumainn no coluchtaí Iontaobhaithe no dóibh do bhaint amach.

44. —(1) Beidh mar éifeacht ag dílsiú tailte i gCoimisiún na Talmhan fé Chuid III. den Acht Talmhan, 1923 , agus tuigfar go raibh riamh mar éifeacht ag an dílsiú san ceart do dhílsiú ionta chun aon fhiacha no ní eile ar fiunraoi a bheidh dlite don chumann no don chólucht iontaobhaithe no is le ceachtar acu, ar scór na dtailte a bheidh dílsithe amhlaidh, do bhaint amach mar fhiacha atá dlite don Stát agus fós iad do ghlaca.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach cumann no cólucht iontaobhaithe, nuair a iarrfidh Coimisiún na Talmhan ortha é, cuntas do thabhairt ar na fiacha agus ar na nithe ar fiunraoi go léir atá dlite dhóibh no is leo agus fós ar gach suim a ghlacadar ar scór airgid cheannaigh, éarlaise, cíosa, úis, na suimeanna bliantúla is iníoctha fé alt 54 den Acht Talmhan, 1923 , no ranníocanna eile mar chabhair chun tailte atá dílsithe amhlaidh i gCoimisiún na Talmhan do cheannach no do bhainistí, agus beidh sé de dhualgas leis ar gach éinne a ghlac aon airgead thar ceann cumainn no cóluchta iontaobhaithe no thar ceann aon daoine eile ar scór tailte atá dílsithe amhlaidh, cuntas ar gach airgead a ghlac sé amhlaidh do thabhairt uaidh nuair a iarrfidh Coimisiún na Talmhan san air.

(3) Gach airgead a gheobhfar a bheith glactha amhlaidh ag aon chumann no cólucht iontaobhaithe no daoine eile, agus nár tugadh cuntas ceart air, beidh sé ionbhainte amach ag Coimisiún na Talmhan mar fhiacha atá dlite don Stát.

Aisíoc na héarlaise.

45. —(1) Beidh sé dleathach d'éinne do dhin rann-íoc in aon chuid den éarlais a lóisteáladh le Coimisiún na Talmhan do réir alt 52 den Acht Talmhan, 1923 , agus d'éinne a éilíonn tríd an rann-íocaí sin no fé, a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan laistigh den am orduithe agus sa tslí orduithe go n-aisíocfaí an tsuim a rann-íocadh amhlaidh; agus má bhíonn Coimisiún na Talmhan sásta gur cheart an rann-íoc san no aon chuid di d'aisíoc, déanfar ordú chun go ndíolfaí an méid sin den urrús ina bhfuil an éarlais sin súncálta is ionann leis an rann-íoc san no le cuid di do réir mar bheidh, agus fós chun go n-íocfaí tora an díola san, maraon leis an gcionúireacht den ús a fuair Coimisiún na Talmhan de bharr súncálta na héarlaise no na coda san di a díoladh amhlaidh, leis an éilitheoir no leis na héilitheoirí no le pé daoine eile a gheobhfar a bheith i dteideal an céanna d'fháil.

(2) Athghairmtear leis seo alt 53 den Acht Talmhan, 1923 .

Forálacha i dtaobh aisíoc roimh-íocanna.

46. —Más rud é go mbeidh Coimisiún na Talmhan sásta nách féidir tailte atá dílsithe ionta fé Chuid III, den Acht Talmhan, 1923 , d'athdhíol ar an bpraghas a fuarthas amach fé alt 52 den Acht san agus go ndeimhneoid amhlaidh don Aire Airgid, déanfid láithreach na comhachta a tugtar dóibh fé fho-alt (2) d'alt 55 den Acht san fé mar tá sé leasuithe leis an Acht so d'fheidhmiú, agus déanfid an fhaisnéis atá orduithe sa bhfo-alt san, agus leis sin bainfidh na forálacha so a leanas leis na tailte a bheidh sa bhfaisnéis sin:—

(a) íocfar, fé réir aontú an Aire Airgid, le Coimisiún na Talmhan, amach as an airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an riaráiste, más ann do, den tsuim bhliantúil is iníoctha ag an gcumann no ag an gcólucht iontaobhaithe fé alt 54 den Acht Talmhan, 1923 , agus a bheidh dlite suas go dtí dáta na faisnéise, pé méid de go ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan don Aire Airgid nár cheart é bheith ina mhuirear ar na tailte;

(b) o dháta na faisnéise íocfar, fé réir aontú an Aire Airgid, le Coimisiún na Talmhan, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ús do réir ráta 4½ per cent. per annum agus ciste fiach-luíoduithe do réir ráta cheathrú d'aon per cent. per annum ar pé méid den airgead cheannaigh go ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan gach leath-bhliain nár cheart é bheith ina mhuirear ar na tailte.

Ciste an Achta Talmhan, 1923 (Cuid III.) a hosclófar i leabhra Choimisiún na Talmhan.

47. —(1) Gach airgead a gheobhaidh Coimisiún na Talmhan fé fhorálacha Chuid III. den Acht Talmhan, 1923 , fé mar atá sé leasuithe leis an Acht so, lasmuich d'airgead is iníoctha isteach i gCiste na mBannaí Talmhan, agus fós pé codacha de sna héarlaisí a féadfar fén Acht so a úsáid in íoc éilithe rann-íocaithe no daoine a éilíonn tríotha san, íocfar isteach iad chun creidiúna cuntais a hosclófar i leabhra Choimisiún Talmhan na hÉireann, agus dá ngairmfear Ciste an Achta Talmhan, 1923 (Cuid III.), agus déanfidh Coimisiún na Talmhan, fé stiúra an Aire Airgid, iad do chur chun éilithe a lomháladh fé fho-alt (2) den alt so do ghlana, chun riaráiste blianachtaí ceannaigh a bheidh dlite mar gheall ar roimh-íocanna a dineadh fé Chuid III. den Acht Talmhan, 1923 , d'íoc, chun na blianachtaí d'fhuascailt no ar aon tslí eile chun na tailte atá dílsithe amhlaidh d'fheabhsú.

(2) Na daoine uile ag a bhfuil éilithe i gcoinnibh aon airgid a bheidh íoctha isteach sa chiste sin, déanfid mion-innste i dtaobh a n-éilithe do chur isteach laistigh den am orduithe agus sa tslí orduithe agus má bhíonn Coimisiún na Talmhan sásta gur cheart aon éileamh áirithe do lomháil íocfid leis an éilitheoir amach as an gciste pé íocaíocht is gá do réir cheart an cháis.

Forálacha maidir le cíosmhuirearacha fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 .

48. —(1) Más rud é go ndéanfar aon talamh atá fé chíosmhuirear a cruthnuíodh fé alt 14 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ní déanfar an cíos-mhuirear d'fhuascailt amach as airgead cheannaigh na talmhan nuair a díolfar í fé sna hAchtanna san, ach leanfidh na tailte sin de bheith fén gcíos-mhuirear san d'ainneoin aon fhorála de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no Ordú Dílsiúcháin a dineadh fútha.

(2) Aon bhlianacht a bheidh curtha mar mhuirear ar aon tailte ar scór aon roimh-íoca a dineadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, roimh rith Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 . no dá éis sin, beidh tosaíocht aici ar aon chíos-mhuirear ar na tailte céanna a bunuíodh aon am fé alt 14 den Acht san.

Leasú ar alt 58 den Acht Talmhan, 1923 .

49. —Léireofar fo-alt (6) d'alt 58 den Acht Talmhan, 1923 , agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí isteach sa bhfo-alt san tagairt d'fho-alt (3) d'alt 32 den Land Law (Ireland) Act, 1896, in ionad na tagairte atá sa bhfo-alt san d'fho-alt (3) d'alt 2 den Acht san.

Iocaíochtaí le hionadaithe pearsanta gníomhairí.

50. —Aon tsuim a fhéadfaí a íoc le gníomhaire fé fho-alt (8) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , féadfar, i gcás an gníomhaire d'fháil bháis roimh leith-roinnt an airgid cheannaigh agus pe'ca thárla an bás roimh an lá ceaptha na dá éis, í d'íoc le n-a ionadaí phearsanta, agus is leor an t-únaer d'aontú leis an íocaíocht do dhéanamh leis an ngníomhaire sin chun teideal a thabhairt don ionadaí phearsanta chun pé suim d'fháil a cheadóidh Coimisiún na Talmhan.

Beidh clárú éigeantach i gcásanna áirithe.

51. —Beidh clárú ar únaeracht talmhan saor-choinneála fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, éigeantach sna cásanna so a leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás inar dineadh aon uair an talamh do dhíol agus í do leithliú chun ceannathóra no do dhílsiú ann fé aon cheann d'fhorálacha na Purchase of Land (Ireland) Acts agus inar dineadh an bhlianacht cheannaigh d'fhuascailt roimh an chéad chlárú;

(b) i gcás inar dhin no ina ndineann Coimisiún na Talmhan an talamh do dhílsiú i gceannathóir ar airgead; agus

(c) i gcás inar dineadh no ina ndintar aon chíos a thagadh as an talamh d'fhuascailt fé alt 38 den Acht Talmhan, 1923 ;

agus nuair a bheidh na cásanna san cláruithe bainfidh leo na forálacha den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, a bhaineann le tailte saor-choinneála go bhfaisnéistar leis an Acht san é bheith éigeantach únaeracht ionta do chlárú.

Rialacha i dtaobh clárú tailte fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

52. —Le rialacháin a déanfar do réir fho-alt (5) d'alt 58 den Acht Talmhan, 1923 , féadfar pé modh clárathachta d'ordú agus pé oiriúnú no atharuithe do dhéanamh ar aon achtachán a bhaineann le clárú is gá chun intinn an ailt sin do chur in éifeacht.

Dílsiú gabháltas tionóntuithe Choimisiún na Talmhan.

53. —(1) Más rud é go ndineann tionónta aon ghabháltais ar estát a cheannaigh Bórd na gCeanntar gCumhang diúltú do dhul fé chonnra chun an gabháltas, no gabháltas nua a tairgeadh do mar mhalairt ar an ngabháltas, do cheannach ar na téarmaí a thairg Coimisiún na Talmhan agus ar an bpraghas atáid toilteannach a roimh-íoc, ansan, d'ainneoin nár dhin na tionóntuithe ar an estát, oiread le trí cheathrú dá líon agus den luach ionrátuithe, a aontú a ngabháltaisí fé seach do cheannach, féadfidh Coimisiún na Talmhan (lasmuich den Choimisinéir Bhreithiúntais) tar éis dóibh fógra do sheirbheáil ar an tionónta agus aon agóidí a dhin sé do bhreithniú, ordú do dhéanamh á fhaisnéis gurb eisean ceannathóir an ghabháltais no an ghabháltais nua, do réir mar bheidh, ar pé praghas agus ar pé téarmaí agus coiníollacha a bheidh luaidhte san ordú, agus leis sin tuigfar gur chuaidh an tionónta fé Chonnra Cheannaigh ar an dáta a bheidh luaidhte san ordú chun an gabháltas do cheannach, no chun an gabháltas do thabhairt suas agus an gabháltas nua a tairgeadh do mar mhalairt do cheannach, do réir mar bheidh, ar an bpraghas, agus ar na téarmaí agus ar na coiníollacha a bheidh luaidhte amhlaidh, agus déanfar an ceannach do chríochnú dá réir sin agus bainfidh forálacha fo-alt (2), fo-alt (3), agus fo-alt (5) d'alt 23 den Irish Land Act, 1909, le malairtiú gabháltas a déanfar le hordú fén alt so.

(2) Luighfidh athchomharc i gcoinnibh aon ordú fén alt so chun an Choimisineura Bhreithiúntais agus beidh comhacht aigesean chun an t-ordú do chlaochló no do dhaingniú, no chun aon ordú do dhéanamh a fhéadfadh Coimisiún na Talmhan a dhéanamh.

Alt 65 (2) den Acht Talmhan, 1923 , do leasú.

54. —Déanfar fo-alt (2) d'alt 65 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú chun go léighfe sé mar leanas:—

(2) (a) I gcás aon ghabháltais atá fé aon mhuirir mar gheall ar bhlianacht i bhfabhar do Bhórd na nOibreacha, blianacht a cruthnuíodh do réir an Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870, déanfar athghairm ar oiread den 44adh alt agus den 45adh alt den Acht agus choisceann aistriú, sanna, fo-roinnt no fo-chur ar cíos do dhéanamh, gan cead ón mBórd, ar ghabháltas fé mhuirear den tsórt a luaidhtear sna hailt sin, agus adeir, má sáruítear an cosc san, go ngeallbhruidfar na gabháltaisí chun an Bhúird, agus déanfar athghairm, leis, ar oiread d'alt 2 den Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1872, agus bhaineann le gabháltaisí do dhíol in ionad iad do gheallbhruide. Ar feadh pé aimsir a bheidh aon chuid den bhlianacht a bheidh muirearuithe ar an ngabháltas san gan íoc ní dhéanfidh an dílseánach an gabháltas d'fho-roinnt ná do chur ar cíos gan cead o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí, agus gach fo-roinnt no cur-ar-cíos fé n-a dtabharfar contrárdha don fhoráil seo beidh sé gan bhrí i gcoinnibh gach duine, agus ar dhéanamh aon tsárú den tsórt san féadfidh na Coimisinéirí, más rogha leo é, a fhaisnéis go ndílsíonn an gabháltas ionta féin no féadfid a chur fé ndeár é dhíol tré cheant phuiblí tar éis dóibh fógra cuibhe do thabhairt i dtaobh am, áit, téarmai agus coiníollacha an díola san agus, ar iarratas o sna Coimisinéirí, déanfidh Coimisiún na Talmhan ordú do thabhairt amach don fho-shirriam chun an ceannathóir do chur i seilbh an ghabháltais no i seilbh aon choda dhe do díoladh amhlaidh, agus, nuair a seachadfar an t-ordú san don fhoshirriam, feidhmeoidh seisean é fé mar a fheidhmeofaí rit chun seilbh do thabhairt suas. Tuigfar gur ordú feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , ordú chun seilbh d'fháil a tabharfar amach fén alt so.

(b) Déanfidh na Coimisinéirí an tora a gheobhfar o gach díol den tsórt san do chur sa chéad dul síos chun aon airgead a bheidh dlite ar scór na blianachta d'íoc agus chun fuascailt do dhéanamh ar pé méid den bhlianacht san a bheidh, le linn an díola san, ina mhuirear ar an ngabháltas agus ar gach costas agus caitheachas fé n-ar chuadar maidir leis an díol san no ar aon tslí eile i dtaobh an ghabháltais sin agus íocfar a mbeidh fágtha dhe leis an té go mbeidh teideal aige chuige do réir dlí.

Roimh-íocanna i gcás malairtiú gabháltas.

55. —(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, féadfar roimh-íocanna do dhéanamh leis na daoine no leis na cóluchtaí atá luaidhte i bhfo-alt (1) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , chun go gceannóidís o Choimisiún na Talmhan gabháltaisí no codacha de ghabháltaisí atá fé Bhlianachtaí Talamh-Cheannaigh agus a fuair Coimisiún na Talmhan mar mhalairt ar thailte eile.

(2) Déanfar roimh-íocanna a bheidh déanta do réir an ailt seo d'aisíoc tré bhlianachtaí ceannaigh a háireofar do réir pé rátaí a hordófar, agus déanfar iad do chódhlúthú sa mhéid gur féidir é leis na blianachtaí ceannaigh atá ann cheana agus fé n-a bhfuil na gabháltaisí no na codacha de ghabháltaisí, do réir rialacha a bheidh déanta ag an Aire Airgid.

Fuascailt bhlianachtaí ceannaigh i gcás ceannach fé alt 36 den Acht Talmhan, 1923 .

56. —I gcás inar chuaidh Coimisiún na Talmhan fé chonnra fé alt 36 den Acht Talmhan, 1923 , chun tailte do cheannach atá cheana fé bhlianacht cheannaigh, ansan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, féadfar roimh-íoc do dhéanamh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun na tailte sin do cheannach sara ndintar an bhlianacht cheannaigh chun aisíoca an roimh-íoca bhunaidh d'fhuascailt, agus i gcás den tsórt san deighleálfar leis an mblianacht cheannaigh bhunaidh mar éileamh atá i gceangal le hairgead ceannaigh na dtailte sin fé alt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , ach beidh san ámh fé réir an atharuithe seo a leanas ar an alt san, sé sin le rá:—

“beidh praghas fuascailte na blianachta bunaidh iníoctha tré pé suim i mBannaí Talmhan, is leor do réir phraghas an lae chun an bhlianacht san d'fhuascailt, d'aistriú chun Coimisiún na Talmhan.”

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

57. —(1) Beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan, tar éis dóibh dul i gcomhairle le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, chun aon rialacha do dhéanamh is gá chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht.

(2) Beidh comhacht ag an Aire Airgid chun rialacha no rialacháin do dhéanamh chun forálacha airgeadais an Achta so do chur in éifeacht agus chun pé forálacha a bhaineann le hairgeadas talamh-cheannaigh agus atá in aon achtachán a ritheadh roimh an Acht so d'oiriúnú do riachtanaisí an Achta so.

Gearr-theideal agus léiriú.

58. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Dlí Thalmhan, na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus Achtanna Bhord na gCeanntar gCumhang (Éirinn), agus féadfar é do luadh i dteanta na nAcht san.