Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. comhachta agus dualgaisi ata dunta amach as alt 2.)

3 1927


Uimhir 3 de 1927.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927.


ACHT CHUN AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925 , DO LEASÚ AGUS CHUN LEASUITHE ÁIRITHE EILE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE RIALTAS ÁITIÚIL AGUS A THEASTUÍONN DE DHEASCAIBH AN ACHTA SAN. [3adh Márta, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

nuair a húsáidtear an focal “luach ionrátuithe” i dtaobh ionoighreachta, no ionoighreachtaí, no líomatáiste, cialluíonn sé luach ionrátuithe bliantúil na hionoighreachta san no gach ionoighreachta den tsórt san no na n-ionoighreachtaí uile sa líomatáiste sin (pe'ca aca é) fé sna hAchtanna Luachála;

cialluíonn agus foluíonn an focal “talamh talmhaíochta” aon ionoighreachta no tionóntachán atá curtha síos mar thalamh sa liost luachála do réir bhrí na nAchtanna Luachála agus nách cuid de bhóthar iarainn ná de chanáil agus ná raibh, ar dháta rithte an Local Government (Ireland) Act, 1898, suidhte laistigh de theorainn bhuirge ná de theorainn aon bhaile ba bhailecheanntar sláintíochta an uair sin (de thurus na huaire);

cialluíonn agus foluíonn an focal “ionoighreachta eile” aon ionoighreachta no tionóntachán nách talamh talmhaíochta;

cialluíonn an focal “deontas talmhaíochta” méid iomlán na suim is iníoctha le comhairle chontae fé alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus fén Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925 , le cur chun rátaí ar an talamh talmhaíochta sa chontae (lasmuich d'aon bhailecheanntar sa chontae) do mhaitheamh i mbliain airgeadais áitiúil;

gach focal a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sa Phríomh-Acht beidh an brí céanna leis atá leis sa Phríomh-Acht ach amháin i gcás ina ndeirtar a mhalairt go soiléir.

(2) San Acht so cialluíonn an focal “có-cheanntar” pé ní acu so is gá sa chás—

(a) líomatáiste i gcontae atá có-dhéanta de cheanntar shláinte chontae ná fuil aon bhailecheanntar teoranta leis atá suidhte sa chontae sin, no

(b) líomatáiste i gcontae atá có-dhéanta de cheanntar shláinte chontae agus de gach bailecheanntar atá teoranta leis agus atá suidhte sa chontae sin:

Ach i gcás bailecheanntar do bheith teoranta le dhá cheanntar shláinte chontae no níos mó atá suidhte san aon chontae amháin leis an mbailecheanntar san, socróidh an tAire ce'ca ceann de sna ceanntracha sláinte contae sin go dtuigfar chun críche an fho-ailt seo an bailecheanntar san do bheith teoranta leis agus leis sin bainfidh an fo-alt so leis an gcás sa chontae sin fé is dá mbeadh an bailecheanntar san teoranta leis an gceanntar sláinte contae sin amháin a bheidh an tAire tar éis a shocrú amhlaidh.

Isé an bord sláinte a chólíonfidh dualgaisí áirithe i gceanntar sláinte contae.

2. —(1) I dteanta comhacht agus dualgas comhairle chontae mar údarás sláintíochta do cheanntar shláinte chontae feidhmeofar agus cólíonfar tríd agus ag an mbord sláinte don cheanntar shláinte chontae sin gach comhacht agus dualgas eile comhairle chontae maidir le ceanntar sláinte contae no le haon chuid de a haistríodh leis an bPríomh-Acht o chomhairle thuathcheanntair go dtí an chomhairle chontae, lasmuich de sna comhachta agus de sna dualgaisí a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Na costaisí a bhainfidh leis an mbord sláinte do cheanntar shláinte chontae d'fheidhmiú no do chólíona aon chomhachta no dualgais fén alt so no fé alt 10 den Phríomh-Acht cruinneoidh an chomhairle chontae sa cheanntar san tríd an ráta dealbhais iad agus, fé réir na bhforálacha de sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, a bhaineann le cruinniú costaisí speisialta tuath-údaráis sláintíochta agus fé réir na bhforálacha d'aon achtachán le n-a n-orduítear aon chostaisí do chruinniú mar a cruinnítear costaisí speisialta den tsórt san, is go cothrom o iomlán an cheanntair sin a cruinneofar iad.

(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht.

(4) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1927.

Isiad na búird shláinte a chólíonfidh dualgaisí áirithe i gcó-cheanntair.

3. —(1) Déanfar comhachta agus dualgaisí comhairle chontae fé aon achtachán no do réir aon achtacháin dá luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, lasmuich de chás ina n-ordóidh an tAire a mhalairt, fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, d'fheidhmiú agus do chólíona i gcó-cheanntar tríd agus ag an mbord sláinte don cheanntar shláinte chontae atá có-theoranta leis no ina chuid de.

(2) Ní dhéanfidh bord sláinte fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, coiste bainistí do cheapa d'ospideul ná d'íclainn a bunuíodh fé sna hAchtanna san ach déanfid féin comhachta agus dualgaisí coiste den tsórt san d'fheidhmiú fé réir aon leigint-uatha a dhéanfid ar na comhachta agus ar na dualgaisí sin fé alt 13 den Phríomh-Acht.

(3) Na costaisí a bhainfidh le bord sláinte i gcó-cheanntar d'fheidhmiú agus do chólíona aon chomhachtanna agus dualgaisí fén alt so is go cothrom o iomlán an chó-cheanntair sin, tríd an ráta dealbhais, a cruinneofar iad.

(4) Athghairmtear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht.

(5) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1927.

Búird shláinte d'fháil iasachtaí.

4. —(1) Gan an chomhairle chontae do thoiliú chuige roimh ré ní fheidhmeoidh bord sláinte aon chomhacht chun iasacht d'fháil.

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon scéim chontae ní dhéanfidh bord sláinte agus conganta phuiblí i gcólíona a ndualgas fén scéim chontae ná aon chólucht eile 'na bhfuil riara fóirithin na mbocht curtha mar chúram ortha fé scéim chontae feidhmiú ar aon chomhacht chun iasacht d'fháil gan comhairle gach contae no contae-bhuirge le n-a mbaineann an scéim chontae do thoiliú chuige.

(3) Ní thoileoidh comhairle chontae ná chontae-bhuirge fén alt so chun feidhmithe comhachta chun iasacht d'fháil ach tré rún a rithfidh an chomhairle tar éis fógra nách giorra ná mí do bheith tabhartha do gach ball den chomhairle go bhfuiltar chun an rún do thairisgint ag an gcruinniú ag á rithfar é.

(4) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus dá éis sin, gach íocaíocht a bheidh dlite ar scór aon iasachta a fuair comhairle chontae no thuathcheanntair roimh rith an Achta so chun aon chomhacht no dualgas atá dílsithe i mbord sláinte fé láthair d'fheidhmiú agus do chólíona, is tríd agus ag an mbord sláinte sin a híocfar í: Ach ní dhéanfidh éinní sa bhfo-alt so deifir maidir le líomatáiste muirir aon íocaíochta den tsórt san.

(5) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht.

Costaisí na Labourers (Ireland) Acts.

5. —(1) Na costaisí uile fé n-ar chuathas i bhfeidhmiú na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, i gceanntar sláinte contae (costaisí ar a n-áirítear aisíoc airgid a fuarthas ar iasacht chun crícheanna na nAcht san roimh an lá ceaptha no dá éis sin) beid ina gcostaisí speisialta do réir bhrí na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919.

(2) Isé bheidh mar líomatáiste mhuirir do pé cuid de sna costaisí sin fé n-ar chuathas maidir le botháin no plásáin do thógáil no do sholáthar i dtuathcheanntar roimh an lá ceaptha do maidir le botháin no plásáin a tógadh no a soláthruíodh amhlaidh do choinneáil i dtreo ná (fé réir aon atharú a déanfar go cuibhe ar an líomatáiste muirir sin fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, tar éis rithte an Achta so) líomatáiste an tuathcheanntair fé mar a bhí sé có-dhéanta díreach roimh an lá ceaptha.

(3) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus ní bhainfe sé le Contae ná le Cathair Bhaile Atha Cliath.

(4) Ní bheidh aon éifeacht feasta ag fo-alt (4) d'alt 57 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ach amháin i gContae agus i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Costaisí comhairlí contae.

6. —(1) Déanfidh comhairle chontae gach suim a bheidh le cruinniú o aon líomatáiste go mbeidh bailecheanntar ina chuid de do leaga ar an mbailecheanntar agus ar an gcuid eile den líomatáiste sin do réir a luacha ionrátuithe agus gach suim a leagfar ar bhaileacheanntar amhlaidh agus fós suim aon chostaisí fé n-ar chuaidh an chomhairle chontae agus is féidir a chruinniú ón mbailecheanntar de bhua aon achtacháin no de bhua aon ordú a bheidh tugtha fé aon achtachán, déanfidh comhairle an cheanntair sin iad d'íoc leis an gcomhairle chontae nuair a déanfar an t-éileamh orduithe.

(2) Is tríd an ráta dealbhais a chruinneoidh an chomhairle chontae na suimeanna uile agus fé seach a bheidh leagtha mar adubhradh ar aon chuid den chontae nách bailecheanntar.

(3) Díreach roimh thosach no i dtosach gach bliana airgeadais áitiúla déanfidh an chomhairle chontae aon ráta dealbhais amháin i gcóir na bliana airgeadais áitiúla iomláine agus baileoid an ráta dealbhais sin ina dhá leath chothroma, eadhon, leath acu san in aghaidh gach leath-bhliana den bhliain airgeadais áitiúil sin.

(4) Is ar scór gach ionoighreachta agus tionóntacháin sa chontae, gan idirdhealú idir talmh talmhaíochta agus ionoighreachtaí eile, a dhéanfidh an chomhairle an ráta dealbhais i gcóir aon bhliana airgeadais áitiúla.

(5) Roinnfidh an chomhairle an deontas talmhaíochta ar na tailte talmhaíochta go léir sa chontae (lasmuich d'aon bhailecheanntar ann) do réir luacha ionrátuithe na dtaílte talmhaíochta san is ionchurtha fén ráta dealbhais, agus déanfid an tsuim a ceapfar de bharr na roinnte sin d'aon talamh talmhaíochta do lomháil mar lascaine i suim an ráta dhealbhais a bheidh déanta ar scór an talaimh sin no ar scór na hionoighreachta no an tionóntacháin 'na bhfuil an talamh talmhaíochta san ina chuid de.

(6) Bainfidh an t-alt so agus na hatharuithe is gá déanta air le déanamh ráta dhealbhais ag comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile no bhailecheanntair.

(7) Ní bheidh éifeacht feasta ag fo-ailt (1) go (6) ná ag fo-alt (9) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ach amháin i gContae agus i gCathair Bhaile Atha Cliath.

(8) Ní bheidh éifeacht feasta ag fo-alt (1) d'alt 96 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ach amháin i gContae agus i gCathair Bhaile Atha Cliath.

(9) Ní bhainfidh an t-alt so le Contae ná le Cathair Bhaile Atha Cliath.

(10) Ní bhainfidh an t-alt so ach le cruinniú costaisí seirbhís na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, no aon bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

Nótaí éilithe rátaí.

7. —(1) Taisbeánfar ar leithligh ar éadan no ar chúl gach nóta éilithe rátaí an chuid den ráta sa phunt de gach ráta a cruinneofar chun bóithre do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, no do thréigean agus fós an chuid den ráta sa phunt de gach ráta a cruinneofar chun aon chríche eile 'na n-ordóidh an t-Aire ina taobh í do thaisbeáint ar leithligh amhlaidh.

(2) Taisbeánfar fós ar gach nóta éilithe ráta dhealbhais o chomhairle chontae an ráta sa phunt ar luach ionrátuithe an talaimh thalmhaíochta sa chontae is ionchurtha fén ráta dealbhais, eadhon, an ráta sa phunt le n-a mbeidh an deontas talmhaíochta có-ionann.

(3) Athghairmtear leis seo mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 27 den Phríomh-Acht.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le Contae ná le Cathair Bhaile Atha Cliath.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so ach le rátaí chun costaisí seirbhísí na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, no aon bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin do chruinniú.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

8. —Léireofar fo-alt (5) d'alt 44 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndintí i ndiaidh mír (b) den phrovísó a ghabhann leis mír nua do chur isteach sa phrovísó san mar leanas, sé sin le rá:—

“(c) Aon tréimhse sheirbhíse fé chólucht áitiúil 'nar cuireadh deire leis roimh rith an Achta so no dá éis sin tuigfar gur sheirbhís í fén gcólucht áitiúil chun ar haistríodh fiacha agus fiachaisí an chóluchta áitiúla san 'nar cuireadh deire leis.”

Rann-íocanna chun aoisliúntais ar scór seirbhíse fé choistí.

9. —Chun crícheanna alt 47 den Phríomh-Acht tuigfar, maidir le seirbhís oifigigh fé choiste de chólucht áitiúil, gur seirbhís fén gcólucht áitiúil sin í agus tuigfar, maidir le seirbhís oifigigh fé chó-choiste de dhá chólucht áitiúla no níos mó, gur seirbhís fé gach cólucht áitiúil acu í.

Ioc aoisliúntais le sean-oifigigh do bhúird chaomhnóirí agus do chomhairlí tuathcheanntair.

10. —(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus dá éis sin, is go cothrom o iomlán na contae a cruinneofar an íocaíocht a dhéanfidh comhairle chontae in aon tsuimeanna ar scór liúntais no aisce a deonadh do dhuine mar chúiteamh ina scur de bheith i seilbh oifige fé bhord chaomhnóirí no ar scór rann-íoca, ar son seirbhís éinne fé bhord chaomhnóirí, chun liúntais no aisce a deonadh ag cólucht áitiúil eile don duine sin mar chúiteamh ina scur de bheith i seilbh oifige fén gcólucht áitiúil eile sin.

(2) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus dá éis sin, is go cothrom o iomlán na contae, lasmuich d'aon bhailecheanntar ann, a cruinneofar an íocaíocht a dhéanfidh comhairle chontae in aon tsuimeanna ar scór liúntais no aisce a deonadh do dhuine mar chúiteamh ina scur de bheith i seilbh oifige fé chomhairle thuathcheanntair no ar scór rann-íoca, ar son seirbhís éinne fé chomhairle thuathcheanntair, chun liúntais no aisce a deonadh ag cólucht áitiúil eile don duine sin mar chúiteamh ina scur de bheith i seilbh oifige fén gcólucht áitiúil eile sin.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath.

Rátú foirgintí nua

11. —(1) San alt so cialluíonn an focal “an Coimisinéir” an té is Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann;

cialluíonn an focal “luacháil” luacháil fé sna hAchtanna Luachála, agus is dá réir sin a léireofar an focal “luach”;

cialluíonn na focail “foirgint nua” agus “bliain shaoirse” na nithe céanna fé seach a chialluíd in alt 69 den Phríomh-Acht.

(2) Chun crícheanna alt 69 den Phríomh-Acht agus an ailt seo tuigfar gurb é is luacháil d'fhoirgint nua ná fuil luacháil ar leithligh déanta uirthi agus gurb é ba luacháil riamh di ná cuid de luacháil an tionóntacháin no na hionoighreachta ionrátuithe gur páirt de an fhoirgint nua, pé cuid a socruíodh ag an gCoimisinéir, roimh rith an Achta so no dá éis sin, a bheith ionchurtha i leith na foirginte nua le ceart, agus beidh gach socrú den tsórt san ón gCoimisinéir ina shocrú dheiridh gan aon dul thairis ná aon athchomharc ina choinnibh.

(3) Aon gharáiste, tigh gloine, oifig thighis, no mion-tigh eile a bheidh áirithe san aon tionóntachán no ionoighreachta ionrátuithe amháin le tigh comhnaithe príobháideach agus a bheidh ceaptha o thús chun é úsáid agus chun é shealbhú i dteanta an tighe chomhnaithe sin, tuigfar chun crícheanna alt 69 den Phríomh-Acht agus an ailt seo, nách foirgint ar leithligh é agus nárbh ea riamh ach gur cuid de dhéanmhacht an tighe chomhnaithe sin é.

(4) Má dhineann an tAire, mar réiteach ar amhrus, ar aighneas, no ar cheist, a shocrú gur foirgint nua foirgint áirithe no nách ea, raghaidh an socrú san in éifeacht ag deire agus ní roimh dheire na bliana airgeadais áitiúla in ar eirigh an t-amhrus, an t-aighneas, no an cheist sin agus in aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin a bheidh ina bliain shaoirse is do réir mar a shocruigh an tAire an fhoirgint do bheith ina foirgint nua no gan a bheith a déanfar no ná déanfar luacháil na foirginte do laigheadú do réir fo-alt (2) d'alt 69 den Phríomh-Acht.

(5) Féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh i gcóir na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(i) ullamhú, cimeád, agus foillsiú liostaí de sna foirgintí a socruíodh a bheith ina bhfoirgintí nua;

(ii) leasú leabhra rátaí, nótaí éilithe, agus scríbhinní eile, agus aisíoc, laigheadú, no méadú rátaí;

i pé slí is gá chun éifeacht do thabhairt do shocrú gur foirgint nua foirgint áirithe no nách ea, no d'atharú ar luacháil tionóntacháin no ionoighreachta ionrátuithe is foirgint nua no go mbeidh foirgint nua ina chuid de, ach ní déanfar gan toil an Aire Airgid aon rialachán den tsórt san tré n-a gcuirfar aon dualgas ar an gCoimisinéir.

(6) An tagairt atá i bhfo-alt (5) d'alt 69 den Phríomh-Acht don alt san 69 léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don alt san mar a leasuítear leis an alt so anso é.

Méaduithe ar luachála foirgintí do chur ar fiúnraoi go leathrannach.

12. —(1) San alt so cialluíonn na focail ‘an Coimisinéir’ agus ‘foirgint nua’ agus an focal ‘luacháil’ na nithe céanna a chialluíd san alt san roimhe seo; cialluíonn an focal ‘tionóntachán’ aon tionóntachán no ionoighreachta ionrátuithe; agus nuair a húsáidtear an focal ‘an tréimhse saoirse’ i dtaobh tionóntacháin gur méaduíodh a luacháil cialluíonn sé tréimhse chúig mblian o dháta an mhéaduithe sin no an tréimhse ón dáta san go dtí an chéad dáta eile ar a dtiocfidh aith-bhreithniú generálta luachála, i líomatáiste ina bhfuil an tionóntachán san suidhte, in éifeacht, pe'ca de sna tréimhsí sin is giorra.

(2) Bainfidh an t-alt so le gach foirgint ach amháin na cinn seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) tithe a tógadh fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919,

(b) tithe go ndeontar deontaisí ina dtaobh fé Achtanna na dTithe, 1925 agus 1926,

(c) foirgintí is foirgintí nua.

(3) Bainfidh an t-alt so le haon mhéadú ar luacháil tionóntacháin, nách cuid d'aith-bhreithniú ghenerálta luachála i líomatáiste ina mbeidh an tionóntachán san, a déanfar de bharr iarratais ar an luacháil sin d'aith-bhreithniú mar gheall ar thógáil, ar mhéadú, no ar fheabhsú foirginte le n-a mbaineann an t-alt so agus is cuid den tionóntachán san, sé sin, tógáil, méadú no feabhsú a tosnuíodh agus a críochnuíodh i rith na tréimhse o am rithte an Achta so go dtí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1930.

(4) Má dintar ar luacháil aon tionóntacháin méadú le n-a mbaineann an t-alt so tuigfar, chun crícheanna meas agus gearra aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhís aon bhliana airgeadais áitiúla a thosnóidh i rith na tréimhse saoirse, luacháil an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe dhá dtrian an mhéaduithe sin; agus aon laigheadú ar luacháil an tionóntacháin sin a tuigeadh, fé alt 69 den Phríomh-Acht no fén alt so, agus roimh dhéanamh an mhéaduithe sin, a bheith déanta chun crícheanna meas agus gearra rátaí chun seirbhís aon bhliana airgeadais áitiúla, déanfar é chun na gcrícheanna céanna ar an luacháil a laigheaduíodh fén bhfo-alt so tar éis déanamh an mhéaduithe sin.

(5) Socróidh an Coimisinéir, maidir le haon mhéadú a dineadh ar luacháil tionóntacháin tar éis rithte an Achta so agus nách cuid d'aith-bhreithniú ghenerálta luachála i líomatáiste ina bhfuil an tionóntachán san, an amhlaidh a dineadh é mar sin de bharr iarratais ar an luacháil sin d'aith-bhreithniú mar gheall ar thógáil, ar mhéadú no ar fheabhsú foirginte le n-a mbaineann an t-alt so agus is cuid den tionóntachán san, agus cuirfidh an Coimisinéir an bhreith sin in úil ar an liost luachála aith-bhreithnithe is cóir agus, fé mar a cuirfar in úil amhlaidh í, beidh sí ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi ná aon athchomharc ina coinnibh.

(6) Má dintar ar luacháil aon tionóntacháin méadú le n-a mbaineann an t-alt so agus, le linn no tar éis déanamh an mhéaduithe sin, go gcuirfidh an Coimisinéir luacháil fé leith ar chuid den tionóntachán san nár dineadh luacháil fé leith air roimhe sin, tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, gurb é ba luacháil don chuid sin díreach sarar dineadh an méadú san ná suim a bheidh chó mór agus a shocróidh an Coimisinéir a bheidh sí i gcompráid leis an luacháil iomláin a bheidh ar an tionóntachán san an uair sin, agus cuirfe sé an socrú san in úil ar an liost luachála aith-bhreithnithe is cóir agus, fé mar a cuirfar in úil amhlaidh é, beidh sé ina shocrú dheiridh gan aon dul thairis ná aon athchomharc ina choinnibh.

(7) Fé réir forálacha fo-alt (5) den alt so, isí an Chúirt Chuarda a thabharfidh breith ar aon amhrus, aighneas no ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca méadú le n-a mbaineann an t-alt so méadú a dineadh ar luacháil aon tionóntacháin no nách ea no i dtaobh faid na tréimhse saoirse i gcóir aon tionóntacháin, ar a iarraidh sin d'éinne le n-a mbainfidh an scéal, agus beidh an bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi ná aon athchomharc ina coinnibh agus déanfar sna leabhra rátaí agus sna nótaí éilithe rátaí aon leasuithe is gá chun éifeacht do thabhairt do bhreith den tsórt san.

(8) Beidh éifeacht ag alt 15 den Acht Airgid, 1925 , maidir le haon tionóntachán 'na dtuigfar a luacháil do bheith laigheaduithe fén alt so chun crícheanna meas agus gearra rátaí fé mar atá éifeacht aige maidir le foirgint nua fé alt 69 den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht.

13. —Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 60 den Phríomh-Acht agus achtuítear leis seo ina ionad go bhféadfidh an tAire no éinne a bheidh cláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla, no go bhféadfar ar agra éinne acu, an dlí do chur ar dhuine mar gheall ar chionta fén alt san 60.

Leasú ar alt 86 den Phríomh-Acht.

14. —I ngach áit ina bhfuil an focal “an tAcht so” in alt 86 den Phríomh-Acht léireofar é agus beidh éifeacht aige mar fhocal a chialluíonn an Príomh-Acht agus é leasuithe leis an Acht so anso agus (ach amháin i bhfo-mhíreanna (iii) agus (v) de mhír (c) d'fho-alt (1), mar fhocal a fholuíonn an tAcht so anso.

Mion-leasuithe ar an bPríomh-Acht.

15. —Na leasuithe a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bhaineann le mion-nithe, déanfar iad sna hailt agus sna fo-ailt den Phríomh-Acht a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san.

Gearr-theideal, luadh, agus léiriú.

16. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla, 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile.

(3) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht.