1 1927


Uimhir 1 de 1927.


ACHT CORÓINÉIRÍ (LEASÚ), 1927.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE CORÓINÉIRÍ. [3adh Feabhra, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

E de dhualgas ar choróinéir coiste do dhéanamh.

1. —I ngach cás ina gcuirfar in úil do choróinéir, go bhfuil corp marbh duine ina luighe laistigh dá cheanntar agus go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus gur anabhás no bás mí-nádúrtha a fuair an duine sin no gur bás obann nách fios cad ba thrúig leis a fuair sé no gur i bpríosún a fuair sé bás no ina leithéid sin d'áit no de shlí nár mhór coiste do dhéanamh fé aon Acht seachas an Coroners (Ireland) Act, 1846, beidh sé de dhualgas ar an gcoróinéir sin, fé réir forálacha alt 10 den Acht so, coiste do dhéanamh ar chorp an duine sin do réir forálacha an Coroners (Ireland) Act, 1846, no an Achta so.

Comhacht chun coiste do dhéanamh i gcásanna airithe.

2. —(1) In aon chás (lasmuich de sna cásanna dá bhforáltar le halt 1 den Acht so) ina gcuirfar in úil don choróinéir go bhfuil duine tar éis bháis laistigh dá cheanntar ná raibh dochtúir leighis a bhí cáilithe go cuibhe ag freastal air ar feadh tréimhse a bhreoiteachta deiridh no go bhfuil deimhniú dochtúra ar thrúig bháis éinne gan bheith le fáil, féadfa sé fiosrú do dhéanamh ar ar bhain le bás an duine sin, agus maran féidir do trúig an bháis sin d'fháil amach féadfa sé más oiriúnach leis é coiste do dhéanamh chun a fháil amach cad ba thrúig don bhás san. Aon uair tar éis bás éinne den tsórt san do bheith curtha in úil do agus faid a beifear ag feitheamh le haon fhiosrú den tsórt san, féadfidh an coróinéir ordú a dhéanamh chun corp éinne den tsórt san d'adhlaca.

(2) Má thagann sé in colas don Cheannphort áitiúil no d'oifigeach eile don Ghárda Síochána go bhfuil tar éis bháis laistigh de cheanntar choróineura éinne ná raibh dochtúir leighis a bhí cáilithe go cuibhe ag freastal air ar feadh tréimhse a bhreoiteachta deiridh no 'na bhfuil deimhniú dochtúra ar thrúig a bháis gan bheith le fáil, beidh sé de dhualgas ar an gCeannphort no ar an oifigeach san an bás san do chur in úil don choróinéir.

Comhacht chun coiste do dhéanamh gan giúiré i gcásanna áirithe.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, aon choróinéir go mbeidh corp marbh duine ina luighe laistigh dá cheanntar, féadfa sé, in ionad giúiré do ghairm sa tslí a héilítear le halt 23 den Coroners (Ireland) Act, 1846, chun fiosrú do dhéanamh ar bhás an duine sin, coiste do dhéanamh ar an gcorp gan giúiré.

(2) Más léir don choróinéir, sara gcroma sé ar choiste do dhéanamh no le linn coiste a tosnuíodh gan giúiré, go bhfuil cúis le hamhrus—

(a) gur dúnmharbha, duineabhacht no leanbhmharbha an bás a tháinig ar an duine a fuair bás; no

(b) gur i bpríosún a fuair an duine bás no ina leithéid sin d'áit no de shlí nár mhór coiste do dhéanamh fé aon Acht seachas an Coroners (Ireland) Act, 1846; no

(c) gurb é ba thrúig bháis don duine ná tionóisc no nimh no galar nách mór fógra ina thaobh do thabhairt do roinn rialtais no d'aon chigire no oifigeach eile do roinn rialtais fé aon Acht no dá réir; no

(d) gurb é ba thrúig bháis don duine ná tionóisc a tháinig as feithicil d'úsáid ar shráid no ar bhóthar phuiblí; no

(e) go bhfuair an duine bás i slí go ndéanfadh a leanúint no baol a hath-theachta dochar do shláinte no do shábháltacht na puiblíochta no aon roinne den phuiblíocht;

cromfa sé ar ghiúiré do ghairm sa tslí a héilítear leis an Coroners (Ireland) Act, 1846, agus in aon chás eile más léir do, sara gcroma sé ar choiste do dhéanamh no le linn coiste a tosnuíodh gan giúiré, go bhfuil aon réasún chun giúiré do ghairm, féadfa sé croma ar ghiúiré do ghairm sa tslí roimhráite.

(3) Na forálacha d'aon achtachán i dtaobh an nós-imeachta a bhaineann le coiste beidh acu, maidir le coiste no le haon chuid de choiste a déanfar gan giúiré, éifeacht fé réir pé atharuithe is gá a dhéanamh ar an nos-imeachta de deascaibh gan giúiré do bheith ann agus, má dintar coiste iomlán gan giúiré, is fé láimh an choróineura ina aonar a bheidh an fiosrú.

(4) Más gan giúiré a déanfar coiste no aon chuid de choiste, beidh éinní a dhéanfidh an coróinéir ina aonar no a déanfar i láthair an choróineura ina aonar ag an gcoiste no ag an gcuid sin den choiste beidh sé déanta chó dleathach is bheadh dá mb'iad an coróinéir agus giúiré a dhéanfadh é no dá mba ina láthairsean a déanfí é.

(5) Más gan giúiré a déanfar coiste no aon chuid de choiste agus gur léir don choróinéir nár míníodh an trúig bháis go sásúil le fianaise aon dochtúra leighis do ghairm sé mar fhúmé do réir alt 33 den Coroners (Ireland) Act, 1846, beidh sé dleathach don choróinéir a ghairm do thabhairt amach chun dochtúir no dochtúirí éigin eile leighis a bheidh cáilithe do réir dlí do theacht i láthair.

Líon an ghiúiré.

4. —Más i dteanta giúiré a dhéanfidh coróinéir coiste, beidh an giúiré sin có-dhéanta de sheisear ar a luighead agus de dháréag ar a mhéid.

E bheith indlite fónamh ar ghiúiré ag coiste.

5. —Gach éinne bheidh ina chomhnaí laistigh de cheanntar choróineura beidh sé indlite air fónamh ar an ngiúiré ag aon choiste a déanfar sa cheanntar san pe'ca is ceann teaghlaigh é no nách ea agus pe'ca bheidh sé fé ráta fóirithin na mbocht no ná beidh, sé sin, gach éinne ach amháin na daoine sin a bheidh, de thurus na huaire, ar réasún éigin eile seachas easba cáilíochtaí ionrátuithe, gan a bheith indlite ortha fónamh ar ghiúirithe sna Cúirteanna Breithiúnais, no nea-cháilithe chuige no saortha uaidh.

Féachaint ar an gcorp agus ordú adhlacain.

6. —(1) Ag céad shuidhe coiste ar chorp no roimhe sin féachfidh an coróinéir ar an gcorp agus más rud é, ag aon chéim den choiste roimh adhlaca an chuirp, go n-ordóidh an coróinéir amhlaidh no gur mian le móráireamh den ghiúiré é, féachfidh an giúiré ar an gcorp, leis:

Ach má tosnuíodh coiste ar an gcorp cheana agus nár críochnuíodh é ní bheidh sé d'oblagáid ar an gcoróinéir a bheidh ag déanamh coiste ar an gcorp ina dhiaidh sin féachaint ar an gcorp.

(2) Aon uair tar éis do féachaint ar chorp ar a socruíonn sé coiste do dhéanamh, feadfidh coróinéir, le hordú fé n-a láimh, a údarú go n-adhlacfar an corp, agus tabharfa sé an t-ordú don ghaol no don duine eile go n-éilítear do réir an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, é thabhairt do amhlaidh.

Mara mbeidh giúiré ar aon intinn.

7. —(1) Mara ndinidh giúiré, ag coiste coróineura, aontú le n-a chéile i dtaobh breith-fhocail agus nách mó ná beirt an mionáireamh, féadfidh an coróinéir glaca le breith-fhocal an mhóráirimh agus sa chás san cuirfe siad-san a n-ainmneacha le deimhniú an bhreith-fhocail a tugadh de bharr an choiste sin.

(2) In aon chás eile ina mbeidh neamh-aontú scuirfidh an coróinéir an giúiré agus tabharfa sé amach a phrécheapt chun giúiré eile do ghairm agus leis sin raghaidh an coiste ar aghaidh ar gach slí díreach fé is ná beadh na himeachta san ann gurbh é an neamh-aontú san ba dheire dhóibh, ach amháin ná beidh sé d'oblagáid ar an gcoróinéir féachaint ar an gcorp arís.

Coistí i gcásanna ina dtáinig an bás ar roinnt daoine de dheascaibh na haon tionóisce amháin.

8. —I gcás cuirp bheirt no níos mó daoine, a fuair bás do réir deabhraimh de dheascaibh na haon tionóisce no tárluithe amháin, do bheith ina luighe laistigh de liomatáiste údaráis coróinéirí difriúla, féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, más dó léis gurb é leas na puiblíochta é, ordú do thabhairt go ndéanfar aon cheann de sna cuirp d'aistriú isteach i pé ceanntar a shocróidh sé agus ina bhfuil údarás ag duine de sna coróinéirí, agus féadfa sé, leis, ordú do thabhairt go ndéanfar ina dhiaidh sin aon chorp d'aistriú go haon áit laistigh den líomatáiste údaráis as ar haistríodh é, agus go gcothromófar costaisí agus fo-chostaisí na gcoistí a dineadh ar na cuirp do haistríodh, agus is do réir na n-orduithe sin a déanfar na coistí agus a haistreofar na cuirp agus a híocfar na costaisí.

Coiste i gcás ina mbeidh an corp díthithe no gan bheith le fáil.

9. —Má bhíonn réasún ag coróinéir chun a chreidiúint go bhfuair duine bás ina cheanntar no in aice a cheanntair ina leithéid sin de shlí gur cheart coiste do dhéanamh agus nách féidir coiste do dhéanamh ach de bhua forálacha an ailt seo toisc an corp bheith díthithe le teine no ar aon tslí eile no toisc é bheith ina luighe in áit nách féidir é fháil as, féadfa sé na dátáin do thuairisciú don Aire Dlí agus Cirt, agus féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, más dó leis gur mhaith an rud é dhéanamh, a ordú go ndéanfar coiste ar bhás an duine sin agus, an coróinéir a thug an tuairisc uaidh no pé coróinéir eile a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt, déanfa sé coiste dá réir sin agus bainfidh an dlí i dtaobh coróinéirí agus coistí coróinéirí leis an gcoiste sin ach atharuithe do dhéanamh ar an nós-imeachta fé mar a bheidh riachtanach de dheascaibh an coiste bheith á dhéanamh ar shlí eile seachas le linn no tar éis féachaint ar chorp ina luighe laistigh de cheanntar an choróineura.

Leasuithe i dtaobh coistí i gcásanna dúnmharbha, duineabhacht no leanbhmharbha.

10. —(1) Más rud é, le linn coiste ar bhás duine, go gcuirfar in úil don choróinéir, sara mbeidh a mbreith-fhocal tabhartha ag an ngiúiré, go bhfuiltar tar éis duine éigin do chúiseamh i láthair Breithimh Dhúithche i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha d'imirt ar an té a fuair bás, déanfa sé, mara mbeidh réasún ann chun gan a dhéanamh, an coiste do chur ar athló go dtí go mbeidh na himeachta coiriúla críochnuithe agus más oiriúnach leis é féadfa sé an giúiré do scur.

(2) Nuair a bheidh na himeachta coiriúla críochnuithe féadfidh an coróinéir, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, athchroma ar an gcoiste do cuireadh ar athló más dó leis go bhfuil leor-chúis ann chun san do dhéanamh:

Ach má cúisíodh éinne ar dhíotáil i gcúrsa na n-imeacht gcoiriúil, ansan, nuair a bheidh an coiste ar a n-ath-chromtar á dhéanamh ní déanfar le haon deimhniú ar bhreith-fhocal an duine sin do chúiseamh i gcionta ina bhféadfí é chiontú ar an díotáil ná ní bheidh ann aon bhreith-thora a bheidh buiniscionn leis an socrú ar éinní de thora na n-imeacht san.

(3) Má ath-chromann coróinéir ar choiste do cuireadh ar athló do réir a n-éilítear leis an alt so agus go mbeidh an giúiré scurtha raghaidh an coróinéir ar aghaidh ar gach slí díreach fé is ná tosnófí an coiste roimhe sin, agus bainfidh forálacha an Achta so leis an gcás dá réir sin fé is dá mba choiste nua an coiste ar a n-ath-chromtar ach amháin ná beidh sé d'oblagáid ar an gcoróinéir féachaint ar an gcorp.

(4) Más rud é, ag cuimheamh do ar thora na n-imeacht gcoiriúil, go socróidh an coróinéir ar gan ath-chroma ar an gcoiste, tabharfa sé don chlárathóir bhásanna deimhniú ina mbeidh tora na n-imeacht gcoiriúil agus na mion-innste is gá chun bás an duine do chlárú sa mhéid go bhfuarthas amach ag an gcoiste iad, agus iontrálfidh an clárathóir bás an duine agus na mion-innste sa bhfuirm agus sa tslí a horduítear leis an Registration of Births and Deaths (Ireland), Act, 1863, agus leis an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

(5) Beidh sé de dhualgas ar an gcléireach no ar oifigeach cheart eile don Bhreitheamh Dhúithche 'na gcúiseofar duine ina láthair i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha a chur in úil don choróinéir atá freagarthach i gcoiste do dhéanamh ar an gcorp gur dineadh an cúiseamh agus gur dineadh an duine cúisithe do choimiteáil chun a thrialta, no é do leigint saor, pe'ca aca é, agus beidh sé de dhualgas ar an gcléireach no ar oifigeach cheart eile d'aon chúirt chun a gcoimiteálfar chun a thrialta éinne a cúiseofar i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha, agus fós ar an gclárathóir no ar oifigeach cheart eile don chúirt go n-éistfar ina láthair aon athchomharc i gcoinnibh ciontú i ndúnmharbha, i nduineabhacht no i leanbhmharbha, tora na n-imeacht do chur in úil don choróinéir.

(6) Chun crícheanna an ailt seo, cialluíonn an focal “na himeachta coiriúla” na himeachta i láthair Breithimh Dhúithche, agus i láthair aon chúirte chun a gcoimiteálfar an duine cúisithe chun a thrialta no go n-éistfar ina láthair athchomharc i gcoinnibh ciontú an duine sin, agus ní tuigfar imeachta coiriúla do bheith críochnuithe go dtí nách féidir aon athchomharc eile do dhéanamh i gcúrsa na n-imeacht san gan an Chúirt Athchomhairc Choiriúla do dheona tuille aimsire chuige.

Scrúdú postmortem gan coiste.

11. —(1) I gcás ina gcuirfar in úil do choróinéir go bhfuil corp marbh duine ina luighe laistigh dá cheanntar agus ina mbeidh cúis réasúnta le hamhrus go bhfuair an duine bás obann nách fios cad ba thrúig do, más dó leis an gcoróinéir go mb'fhéidir go gcruthóidh scrúdú post-mortem nách gá coiste, féadfa sé a chur fé ndeár scrúdú den tsórt san do dhéanamh agus a thora do thuairisciú dho, agus chun crícheanna an scrúduithe beidh ag an gcoróinéir agus ag éinne dá n-údaróidh sé an scrúdú do stiúrú na comhachta, na húdaráis agus na saoirsí céanna do bheadh acu dá mba scrúdú d'ordódh an coróinéir ag coiste ar chorp an duine mhairbh an scrúdú.

(2) Más rud é, de bharr scrúdú den tsórt san roimhráite, go bhfuil an coróinéir sásta nách gá coiste, cuirfe sé chun an chlárathóra bhásanna dar dualgas bás an duine do chlárú deimhniú fé n-a láimh á rá cad ba thrúig bháis don duine fé mar a bheidh san ráite sa tuairisc, agus déanfidh an clárathóir iontráil sa chlár dá réir sin.

(3) Ní léireofar éinní san alt so fé mar a bheadh sé á údarú don choróinéir déanamh in éamais coiste in aon chás ina mbeidh cúis réasúnta le hamhrus gur anabhás no bás mí-nádúrtha a fuair an duine marbh no gur i bpríosún a fuair sé bás no ina leithéid sin d'áit no de shlí nár mhór coiste do dhéanamh do réir a n-éilítear le haon Acht seachas an Coroners (Ireland) Act, 1846.

Scrúduithe postmortem agus scrúduithe speisialta.

12. —(1) Gan dochar do chomhacht choróineura, agus é ag déanamh coiste, chun a ordú do dhochtúir is féidir do a ghairm mar fihínné fé alt 33 den Coroners (Ireland) Act, 1846, scrúdú post-mortem do dhéanamh ar chorp an duine mhairbh, féadfidh an coróinéir, aon uair tar éis do socrú ar choiste do dhéanamh, a chur in úil don Aire Dlí agus Cirt i scríbhinn fé n-a láimh gurb é a thuairim gur mhaith an rud—

(a) scrúdú post-mortem do chur á dhéanamh ar chorp an duine mharbh; no

(b) scrúdú speisialta do chur á dhéanamh, eadhon, mionscrúdú, tástáil no scrúdú eile ar choda den chorp no ar rudaí sa chorp no ar shubstaintí no ar rudaí eile, pé cinn is ceart do réir tuairim an choróineura a chur fé mhion-scrúdúithe, fé thástála no fé scrúdú speisialta eile chun a fháil amach conus a tháinig an bás ar an duine marbh;

no an dá scrúdú san do chur á ndéanamh, á rá san am gcéanna cadiad na réasúin atá aige leis an tuairim sin; agus leis sin féadfidh an tAire Dlí agus Cirt dochtúir leighis a bheidh cáilithe do réir dlí do cheapa chun an scrúdú post-mortem no an scrúdú speisialta san do dhéanamh, no féadfa sé éinne eile, gur dó leis cáilíochtaí speisialta do bheith aige chun scrúdú speisialta den tsórt san roimhráite do dhéanamh do cheapa chun an scrúdú speisialta do dheanamh.

(2) Má ghairmeann an coróinéir mar fhínné éinne a bheidh tar éis scrúdú post-mortem no scrúdú speisialta den tsórt san roimhráite do dhéanamh, féadfar a iarraidh air fianaise do thabhairt i dtaobh a thuairime ar éinní d'eirigh as an scrúdú agus i dtaobh conus is dó leis a tháinig an bás ar an duine marbh.

(3) Sí táille a bheidh iníoctha ar aon scrúdú post-mortem no speisialta den tsórt san ná suim nách mó ná deich nginí, no pé suim os a chionn san a shocróidh an coróinéir le haontú an Aire Dlí agus Cirt, agus má dhineann an coróinéir an té a dhin an scrúdú post-mortem no speisialta san do ghairm mar fhínné chun teacht i láthair ag coiste tabharfar don duine sin pé liúntas eile a shocróidh an coróinéir le haontú an Aire Dlí agus Cirt.

Táillí agus costaisí d'fhínnithe.

13. —(1) Na táillí is iníoctha le dochtúir leighis atá cáilithe do réir dlí agus a bheidh tar éis aon scrúdú post-mortem do dhéanamh le hordú no ar iarratas coróineura no a bheidh tar éis teacht i láthair ag coiste mar fhreagra ar ghairm o choróinéir fen Coroners (Ireland) Act, 1846, no fén Acht so, beid (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir san Acht so) mar leanas, sé sin le rá:—

(a) ar son teacht i láthair chun fianaise do thabhairt ag aon choiste nár dhin an dochtúir leighis aon scrúdú postmortem aige, dhá ghiní ar a mhéid;

(b) ar son scrúdú post-mortem do dhéanamh ar chorp an duine mhairbh agus a thora do thuairisciú don choróineir gan teacht i láthair chun fianaise do thabhairt ag coiste, trí ghiní ar a mhéid; agus

(c) ar son scrúdú post-mortem do dhéanamh ar chorp an duine mhairbh (maraon le tuairisc, má b'ann di, ar thora an scrúduithe sin do thabhairt don choróinéir) agus ar son teacht i láthair chun fianaise do thabhairt ag coiste ar an gcorp, ceithre ghiní ar a mhéid:

Ach ní híocfar aon táille ná luach saothair le dochtúir leighis ar son scrúdú post-mortem a dineadh gan an coróinéir á ordú no á iarraidh roimh ré.

(2) I gcás aon fhínné eile a thagann i láthair chun fianaise do thabhairt ag coiste, má dheimhníonn an coróinéir go bhfuil nithe fé leith ag baint leis an gcás lomhálfa sé mar chostaisí pé suim is dó leis a bheith réasúnta ach gan a dhul thar suim chúig bpunt in aon chás aonair.

Comhacht chun corp d'aistriú chun scrúdú post-mortem no scrúdú speisialta do dhéanamh air.

14. —(1) Má bhíonn scrúdú post-mortem no scrúdú speisialta le déanamh ar chorp de bharr ordú no ar iarratas coróineura, féadfidh an coróinéir, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, a ordú go n-aistreofar an corp go dtí aon áit a bheidh soláthruithe chuige sin laistigh dá líomatáiste údaráis no laistigh d'aon cheanntar teoranta leis ina mbeidh údarás ag coróinéir eile:

Ach ní ordóidh an coróinéir fén alt so an corp d'aistriú go dtí aon áit seachas áit laistigh dá líomatáiste údaráis a bheidh soláthruithe ag údarás sláintíochta ach amháin le toil an té no an údaráis a sholáthruíonn an áit.

(2) Má orduíonn coróinéir fén alt so corp d'aistriú go dtí aon áit lasmuich dá líomatáiste údaráis, féadfa sé a údarú go n-adhlacfar an corp tar éis a scrúduithe, d'ainneoin é bheith lasmuich dá líomatáiste údaráis, agus mara ndine sé amhlaidh ordóidh sé an corp d'aistriú go dtí áit laistigh dá líomatáiste údaráis tar éis a scrúduithe.

(3) Má dintar, do réir ordú a dhin coróinéir fén alt so, corp d'aistriú go dtí aon áit lasmuich dá líomatáiste údaráis, ní dhéanfidh san difir do sna comhachta agus do sna dualgaisí a bheidh aige maidir leis an gcorp no leis an gcoiste ar an gcorp, ná ní bhronnfidh ná ní fhorchuirfe sé aon chirt, comhachta ná dualgaisí ar aon choróinéir eile.

Corp do thógaint as an uaigh.

15. —In aon chás ina mbeidh Ceannphort don Ghárda Síochána tar éis a chur in úil do choróinéir go bhfuil cúis chun a chreidiúint gur anabhás no bás mí-nádúrtha a fuair duine atá adhlactha cheana féin ina cheanntar féadfidh an coróinéir ordú d'iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt á ordú don Ghárda Síochána a chur fé ndeár corp an duine sin do thógaint as an uaigh; agus féadfidh an tAire an t-ordú san do dhéanamh dá réir sin más oiriúnach leis é agus leis sin beidh ag an gcoróinéir, maidir leis an gcorp san, gach comhacht agus dualgas do bheadh aige dá mba laistigh dá cheanntar do gheobhadh an duine sin bás agus go bhfuigheadh sé eolas ar bhás an duine sin sara n-adhlacfí an corp.

Coróinéirí do cheapa agus do chur as oifig.

16. —(1) Tuigfar, maidir leis an oifig choróineura, gur oifig í le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , agus bainfidh an tAcht san leis an oifig sin dá réir sin ach amháin go gciallóidh an focal “an tAire” san Acht san an tAire Dlí agus Cirt chó fada is théigheann an oifig sin.

(2) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, más oiriúnach leis é, aon choróinéir do chur as a oifig mar gheall ar mhí-iompar no más deimhin leis nách féidir do, toisc laige chuirp no aigne, a dhualgaisí do chólíona go cuibhe.

Beidh Trian Thuaidh Thiobrad Arann agus Trian Theas Thiobrad Arann ina dhá gcontae fé leith chun crícheanna coróineura.

17. —D'ainneoin éinní atá sa Local Government (Ireland) Act, 1898, ná in aon achtachán eile, stadfidh contaethe riaracháin Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus Thiobrad Arann, an Trian Theas, de bheith ina n-aon chontae amháin chun gach críche a bhaineann le coróinéirí agus beidh gach contae fé leith acu san ina haon chontae amháin chun na gcrícheanna san.

Tuarastail.

18. —(1) Gach comhairle 'na bhfuil comhacht aici chun coróinéir do cheapa déanfa sí, laistigh de bhliain o dháta rithte an Achta so agus fé réir aontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, na tuarastail is iníoctha leis an gcoróinéir no leis na coróinéirí a bheidh ceaptha aici do bhreithniú agus, más léir gur mhaith an rud é dhéanamh, na tuarastail sin d'atharú: ach ní luigheadófar in aon chás an tuarastal is iníoctha le coróinéir atá i seilbh oifige ar dháta rithte an Achta so.

(2) Má ghoilleann sé ar choróinéir gur leig comhairle i bhfaillí no gur eitigh sí a thuarastal do scrúdú do réir fo-alt (1) den alt so no má ghoilleann tora an scrúduithe sin air, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus leis sin déanfa seisean, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, an tuarastal do shocrú do réir pé ráta is dó leis is ceart agus an tuarastal a socrófar amhlaidh tiocfa sé i bhfeidhm o pé dáta a chinnfe sé.

(3) Nuair a beifear ag socrú an ráta tuarastail is iníoctha le coróinéir fén alt so tabharfar aire do shaghas agus do mhéid a dhualgas agus do gach ní a bhaineann leis an gcás.

Comhacht chun ceanntair do chur le chéile.

19. —(1) Ar fháil bháis no ar eirghe as a oifig do choróinéir, in ionad comharba do cheapa féadfidh an chomhairle do cheap é agus, má éilíonn an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí uirthi é, déanfa sí scéim do chur fé bhráid an Aire Rialtais Áitiúla agus Slainte Puiblí chun a cheanntar no cuid dá cheanntar do chur le ceanntar no le ceanntracha aon choróineura no coróinéirí eile do cheap an chomhairle sin; agus má dhineann an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, tar éis do dul gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, aontú leis an scéim sin tiocfa sí i bhfeidhm ar pé dáta a chinnfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(2) Sa scéim sin féadfar a fhoráil go ndéanfar ath-scrúdú ar thuarastal aon choróineura go meastar a cheanntar do leathnú léi agus bainfidh fo-ailt (2) agus (3) d'alt 18 den Acht so leis an gcás má dintar an t-ath-scrúdú san.

Tuigfar gur tar éis rithte an Achta so a thárla folúntaisí atá ann.

20. —Chun na gcrícheanna a bhaineann le coróinéir do cheapa no le ceanntracha coróinéirí do chur le chéile, tuigfar gur díreach tar éis rithte an Achta so a thárla aon fholúntas atá san oifig choróineura le linn rithte an Achta so.

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

21. —Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt rialacha do dhéanamh chun an cleachta agus an nós-imeachta ag coistí agus ag scrúduithe post-mortem no maidir leo do regleáil agus go háirithe (gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo) féadfar socrú leis na rialacha san—

(a) i dtaobh an nós-imeachta ag coistí a déanfar gan giúiré;

(b) i dtaobh coróinéirí do thabhairt amach orduithe ag údarú adhlactha;

(c) chun comhacht do thabhairt do choróinéir no dá fhear ionaid an dáta d'atharú a bheidh ceaptha chun coiste do cuireadh ar athló do dhéanamh laistigh de líomatáiste údaráis an choróineura;

(d) i dtaobh an nós-imeachta a leanfar i gcás coróinéir do shocrú ar gan ath-chroma ar choiste do cuireadh ar athló; agus

(e) i dtaobh na bhfógraí a tabharfar agus i dtaobh aon bhannaí in ar chuaidh lucht giúiré no fínnithe d'atharú no do chur ar nea-mbrí i gcás an dáta a bheidh ceaptha i gcóir coiste do cuireadh ar athló d'atharú no coróinéir do shocrú ar gan ath-chroma ar choiste do cuireadh ar athló.

Fuirmeacha d'ordú.

22. —Beidh mar chuid den chomhacht a bheidh ag an Aire Dlí agus Cirt fén Acht so chun rialacha do dhéanamh maidir le héinní comhacht chun a ordú leis na rialacha san cadiad na fuirmeacha a húsáidfar maidir leis an ní sin agus chun aon fhuirmeacha do cheiliúra no do leasú go n-orduítear no go n-údaruítear le haon reacht no fé iad d'úsáid maidir leis an ní sin agus chun fuirmeacha nua do chur in ionad aon fhuirmeacha acu san.

Cuntaisí coróinéirí.

23. —(1) Ar an gcéad lá d'Fheabhra no roimhe sin i ngach bliain déanfidh gach coróinéir agus cuirfe sé chun an Aire Dlí agus Cirt cuntas i scríbhinn, a bheidh i pé fuirm agus ina mbeidh pé mion-innste a orduíonn an tAire o am go ham, ar gach cás inar dhin sé féin no a fhear ionaid coiste i rith na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhí na Nodlag díreach roimhe sin.

(2) I dteanta na gcuntaisí bliantúla a tabharfar fén bhfo-alt san roimhe seo, déanfidh gach coróinéir, fé mar éileoidh agus nuair éileoidh an tAire Dlí agus Cirt é, cuntaisí a bheidh i pé fuirm agus ina mbeidh pé mion-innste a ordóidh an tAire do thabhairt don Aire i dtaobh coistí a dhin sé agus i dtaobh básanna ar ar dhin sé fiosrú.

An ciste as a n-íocfar costaisí.

24. —Aon táillí no costaisí is iníoctha fén Acht so no fé n-a raghfar i bhfeidhmiú an Achta so, isé ciste as a n-íocfar iad ná an ciste céanna as a n-íoctí costaisí coróineura le linn rithte an Achta so.

Gearr-theideal.

25. —Féadfar an tAcht Coróinéirí (Leasú), 1927 , do ghairm den Acht so.