An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Diuite Oll-Shochair.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

35 1926

ACHT AIRGID, 1926

CUID VI.

Ilghneitheach agus Generalta.

Diúité stampa ar instruimidí a dineadh fé Acht na dTailte Stáit, 1924 .

37. —(1) Maidir le hinstruimid a dineadh fé Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) agus a séaladh le séala oifigiúil an Aire Airgid, ní dlighfar, de bharr an tséalta san amháin, í chur fé aon diúité stampa is aoirde ná dá mb' instruimid í ná beadh ach fé láimh.

(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 5adh lá de Lúnasa, 1924, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach.

Saoirsí o dhiúité stampa ar admhála.

38. —(1) Léireofar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na saoirsí seo a leanas isteach ann fén teideal “Receipt given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” i dteanta na saoirsí atá ann no a cuireadh leis roimhe seo fén teideal san, sé sin le rá:—

“(16) As from the commencement of Part II of the Courts of Justice Act, 1924 (No. 10 of 1924), receipt given by an officer of the Circuit Court for money received by him from a party to any proceedings in that Court”;

“(17) As from the commencement of Part III of the Courts of Justice Act, 1924 (No. 10 of 1924), receipt given by an officer of the District Court for money received by him from a party to any proceedings in that Court or in respect of a fine.”

(2) Léireofar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an tsaoirse seo a leanas isteach ann fén teideal “Receipt given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” i dteanta na saoirsí atá ann no a cuireadh leis roimhe seo no anso roimhe seo fén teideal san, sé sin le rá:—

“(18) Receipt given for any payment of money which is less than three pounds and is made either to or for the benefit of an officer-holder or employee for or on account of salary, wages, remuneration, or other like payment in respect of his office or employment or to or for the benefit of any person for or on account of any pension, superannuation allowance, compassionate allowance, or other like allowance.”

Fianaise in imeachta chun cáin no diúité do bhaint amach.

39. —(1) In aon imeachta sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche chun no i dtaobh aon cháin no diúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim do bhaint amach, aon mhionnscríbhinn a déanfar go cuibhe ag oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim (le n-a n-áirítear bailitheoir cánach ioncuim maidir leis na nithe a luaidhtear i míreanna (c) agus (d) anso ina dhiaidh seo) ag dearbhú éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) gur dineadh cáinmheas na cánach no an diúité sin go cuibhe,

(b) gur cáinmheas ná fuil dul thairis feasta an cáinmheas san,

(c) go bhfuil an cháin no an diúité sin no aon chuid áirithe dhe dlite agus gan íoc,

(d) gun héilíodh go cuibhe go n-íocfí an cháin no an diúité sin,

beidh sí ina fianaise ar na nithe a dearbhuíodh amhlaidh go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(2) Más rud é, in aon imeachta den tsórt san, go gcuirfar mionn-scríbhinn den tsórt san roimhráite i bhfianaise agus ná cuirfidh an cosantóir no an freagróir in imreasán na ráitisí a bheidh inti, ní gá don oifigeach do dhin an mhionn-scríbhinn sin teacht i láthair ná fianaise viva voce do thabhairt uaidh le linn éisteacht na n-imeacht ná ní gá aon chlár, trodán, leabhar cáinmheasa, ná breacachán eile i dtaobh na cánach no an diúité sin do thaisbeáint ná do chur i bhfianaise le linn na héisteachta san.

(3) Más rud é, in aon imeachta den tsórt san, go gcuirfar mionn-scríbhinn den tsórt san roimhráite i bhfianaise agus go gcuirfidh an cosantóir no an freagróir in imreasán aon ráiteas a bheidh inti, déanfidh an breitheamh, ar pé téarmaí i dtaobh costaisí is dó leis is ceart, caoi réasúnta do thabhairt, tré chur na héisteachta ar athló no ar shlí éigin eile, chun an t-oifigeach do dhin an mhionn-scríbhinn sin do theacht i láthair agus fianaise vive voce do thabhairt uaidh sna himeachta san agus chun go ndéanfí aon bhreacachán den tsórt san roimhráite do thabhairt i láthair agus do chur i bhfianaise sna himeachta san.

Forálacha i dtaobh na bliana airgeadais 1922-23.

40. —(1) Chun deire do chur le hamhraistí faisnéistear agus achtuítear leis seo gur glacadh leis an Finance Act, 1922 (lasmuich de pé méid de Chuid II. dhe a bhaineann le diúité tighe áitithe, den phrovísó a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 16, d'ailt 32 agus 33, agus de Chuid IV. de) agus gur cuireadh i bhfeidhm i Saorstát Éireann dá réir sin é.

(2) Gach éinne d'íoc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann aon tsuim ar scór aon diúité stampa dob ionmhuirir i rith no in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ar scór diúité estáit dob ionmhuirir ar fháil bháis do dhuine d'éag tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1922, agus roimh an 1adh lá d'Abrán, 1923, beith teideal aige chun creidiúna sa tsuim do híocadh amhlaidh nuair a bheidh sé ag áireamh an fhiachais atá air i Saorstát Éireann ar scór an diúité chéanna i leith na hinstruimide, na maoine, no an tuitim-amach chéanna.

(3) San alt so foluíonn an focal “Saorstát Éireann” líomatáiste údaráis an Rialtais Shealadaigh do cuireadh ar bun fé Airtiogal 17 de Chonnra 1921.

Fíneála maidir le gadhardhiúité do bhaint amach.

41. —(1) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 21 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, leis na fíneála a forchuirtar leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) maidir le gadhar-dhiúité, agus ina ionad san achtuítear leis seo go bhféadfar imeachta do chur ar aghaidh ar agra an Phríomh-Atúrnae no ar agra oifigeach custum agus máil no ar agra ball den Ghárda Síochána chun aon fhíneáil den tsórt san do bhaint amach agus nách gá an scéala le n-a dtionscnófar na himeachta san do bheith i scríbhinn ná fé mhionn.

(2) In aon imeachta chun fíneáil do bhaint amach a cuireadh ar éinne fén Acht Airgid, 1925 , maidir le gadhar-dhiúité, féadfidh an chúirt 'na gcuirfar na himeachta san ar siúl ina láthair an fhíneáil sin do laghdú go dtí pé méid (nách lú ná an ceathrú cuid den bhfíneáil sin) is dó leis an gcúirt sin is ceart, agus san gan dochar do chomhachta na gCoimisinéirí Ioncuim agus an Aire Airgid fé seach fé alt 35 den Inland Revenue Regulation Act, 1890.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

42. —(1) Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so ach amháin na diúitéthe ar fheithiclí inneallghluaiste agus an diúité ar cheadúnaisí tiomána gluaisteáin.

(2) Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) agus tuigfar chun gach críche iad do bheith fén gcúram agus fén mbainistí sin o thosach feidhme an Achta san.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

43. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1926 ; do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barracháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1926, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach.