An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghneitheach agus Generalta.)

35 1926

ACHT AIRGID, 1926

CUID V.

Diuite Oll-Shochair.

Teora leis an aimsir chun cáinmheas, etc., do dhéanamh.

32. —(1) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so agus d'ainneoin éinní ina choinnibh atá in alt 39 den Finance Act, 1921, ní féadfar aon aisíoc ná ceartú diúité oll-shochair d'fháil ná do dhéanamh agus ní féadfar aon cháinmheas ná cáinmheas breise i gcóir diúité oll-shochair do dhéanamh tar éis an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1926, ach amháin i gcás a tuigfar de bhua na Coda so den Acht so a bheith ina chás nea-shocruithe.

(2) Má sheirbheálann na Coimisinéirí Ioncuim an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1926, no roimhe sin, ar éinne is únaer no ab únaer ar thrádáil no ar ghnó, fógra gur dó leo a fhiachas i ndiúité oll-shochair no a cheart chun aisíoctha no chun ceartuithe maidir le diúité oll-shochair do bheith nea-shocruithe, tuigfar gur cás nea-shocruithe cás an duine sin.

(3) Einne is únaer no ab únaer ar thrádáil no ar ghnó, agus fós a cáinmheasadh i gcóir diúité oll-shochair no atá i dteideal éileamh do dhéanamh ar aisíoc no ar cheartú diúité oll-shochair, má sheirbheálann sé ar na Coimisinéirí Ioncuim, an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1926, no roimhe sin, fógra gur dó leis a fhiachas i ndiúité oll-shochair no a cheart chun aisíoctha no chun ceartuithe den tsórt san roimhráite do bheith nea-shocruithe, tuigfar cás an duine sin do bheith nea-shocruithe.

An bhreith dheiridh ar an gcáinmheas, etc.

33. —(1) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim aon uair fógra do sheirbheáil, ar éinne 'na dtuigtar a chás do bheith nea-shocruithe, gur dó leo go bhfuil an bhreith dheiridh tabhartha ar gach ceist i dtaobh a fhiachais i ndiúité oll-shochair agus i dtaobh a éilimh ar aisíoc no ar cheartú an diúité sin.

(2) I gcás éinne ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt san roimhe seo do bheith mí-shásta le tuairim na gCoimisinéirí Ioncuim mar a nochtadh sa bhfógra san í, féadfidh an duine sin athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta tré fhógra do sheirbheáil ar na Coimisinéirí Ioncuim laistigh de thríocha lá tar éis seirbheáil an fhógra a céad-luaidhtear.

(3) Na forálacha i dtaobh athchomharc (ar a n-áirítear athchomharc i bhfuirm cás aithriste) atá i gCuid III. den Finance (No. 2) Act, 1915, no in aon achtachán le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an Chuid sin III. no in aon rialacháin a bheidh déanta fén gCuid sin III. no fé aon achtachán den tsórt san roimhráite, bainfid le hathchomhairc fén alt so.

(4) Má seirbheáltar fógra ar éinne fé fho-alt (1) den alt so, ansan, mara ndine sé athchomharc fén alt so, scuirfidh a chás de bheith ina chás nea-shocruithe i gceann tríocha lá o sheirbheáil an fhógra san, agus má dhineann sé athchomharc amhlaidh agus go gcaithfear amach no go nea-lomhálfar an t-athchomharc scuirfidh a chás de bheith ina chás nea-shocruithe díreach nuair a déanfar an caitheamh-amach no an nea-lomháil sin.

Seirbheáil fógraí.

34. —(1) Aon fhógra a húdaruítear do sna Coimisinéirí Ioncuim, leis an gCuid seo den Acht so, a sheirbheáil ar éinne, féadfar é sheachada don duine sin no é sheirbheáil air tríd an bpost.

(2) Aon fhógra a húdaruítear, leis an gCuid seo den Acht so, a sheirbheáil ar na Coimisinéirí Ioncuim, féadfar é sheachada do Rúnaí no do Rúnaí Chonganta na gCoimisinéirí Ioncuim i gCaisleán Bhaile Atha Cliath no é chur chuige tríd an bpost.

Iocaíochtaí as an Stát-Chiste ar mhuinisean.

35. —Bainfidh an Chuid seo den Acht so, agus na hatharuithe is gá déanta uirthi, le híocaíochtaí as an Stát-Chiste ar mhuinisean.

Cosaint ar chalaois, etc., agus do chomhachta atá ann cheana.

36. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so, má chítar do sna Coimisinéirí Ioncuim gur thárla, tré aon chalaois no tré aon fhaillí thoiliúil o éinne is únaer no ab únaer ar thrádáil no ar ghnó a dlightear a chur fé dhiúité oll-shochair, nár cáinmheasadh an diúité sin no gur cáinmheasadh ró-íseal é, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim aon uair cáinmheas no cáinmheas breise do dhéanamh ar an diúité sin agus an diúité is ionmhuirir de bharr an cháinmheasa no an cháinmheasa bhreise sin do bhaint amach, agus éinne ar a ngoillfidh an cáinmheas no an cáinmheas breise sin beidh aige an ceart céanna chun athchomharc do dhéanamh ina choinnibh no ina thaobh do bheadh aige dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Ní dhéanfidh éinní so Chuid seo den Acht so dochar ná difir d'aon chomhacht a bhí dílsithe sna Coimisinéirí Ioncuim, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, chun diúité oll-shochair no aon ús is ionmhuirir go dleathach ar aon diúité den tsórt san do bhaint amach.