|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT UM OIDEACHAS PHRÍOMH-SCOILE (TALMHAÍOCHT AGUS EOLAÍOCHT DÉIRÍOCHTA), 1926) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL.) |
ACHT UM OIDEACHAS PHRÍOMH-SCOILE (TALMHAÍOCHT AGUS EOLAÍOCHT DÉIRÍOCHTA), 1926
[EN] | ||
[EN] |
CEAD SCEIDEAL. | |
Na tailte agus na háitreabhacha dá ngairmtear Coláiste na hEolaíochta i Sráid Uachtarach Mhuirbhthean, Baile Atha Cliath, lasmuich de sna heisceachtaí agus fé réir na bhfrithchimeádas so a leanas sé sin le rá:— | ||
Eisceachtaí—An chuid de sna háitreabhacha san atá, le linn rithte an Achta so— | ||
(a) i seilbh an Cheimiceora Stáit agus a fhuirinne; | ||
(b) i seilbh na mbrainsí síol-thástála agus sláinteolais sréidliaghachta den Roinn Tailte agus Talmhaíochta. | ||
Frithchimeádaisí—Gach ceart riachtanach chun dul isteach sna háitreabhacha a háirítear sna heisceachtaí sin roimhe seo. | ||
Comhacht don Ard-Chomhairle no d'aon Aire Feidhmiúcháin, no d'aon duine no daoine ag gníomhú fé orduithe na hArd-Chomhairle no Aire Fheidmiúcháin, gach ní do dhéanamh ar na háitreabhacha aistrithe no ionta no maidir leo aon uair le linn na foirgintí no aon chuid de sna foirgintí atá teoranta leis na háitreabhacha aistrithe do bheith fé ghabháltaíocht ag Ranna Rialtais, fé mar a chífar don Ard-Chomhairle no don Aire sin a bheith riachtanach no oiriúnach chun na foirgintí sin d'fhorchimeád no do chaomhaint. | ||
Gach ceart dul isteach agus ceart eile is gá chun an chomhacht a luaidhtear thuas d'fheidhmiú sa cheart. |