30 1926


Uimhir 30 de 1926.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILIÚ RÁTAÍ), 1926.


ACHT CHUN LEATHNÚ AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DO DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILIÚ RÁTÁI), 1924 , A BHAINEANN LE hÚSÁID DO DHÉANAMH D'OIFIG AN PHUIST CHUN RÁTAÍ DO BHAILIÚ. [16adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla (Bailiú Rátaí), 1924 (Uimh. 11 de 1924) agus

cialluíonn an focal “údarás áitiúil” an ní a chialluíonn sé sa Phríomh-Acht.

Leathnú ar bhaint alt 6 den Phríomh-Acht.

2. —D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá i bhfo-alt (3) d'alt 6 den Phríomh-Acht bainfidh an t-alt san 6 agus fós (mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le rialacha a déanfar fén alt san mar a leathnuítear leis an alt so é) gach riail a dineadh fén alt san agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so bainfid leis an ráta dealbhais agus le rátaí eile a bheidh buailte ag údarás áitiúil i gcóir seirbhís na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1927, no i gcóir seirbhís na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1928, chó maith le baint leis an ráta dealbhais agus leis na rátaí eile a luaidhtear sa bhfo-alt san (3).

Léiriú alt 7 den Phríomh-Acht.

3. —An tagairt a dintar in alt 7 den Phríomh-Acht do rialacha a déanfí fén Acht san léireofar í mar thagairt a fholuíonn rialacha a déanfar fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt san 7.

Gearr-theideal, luadh agus tosach feidhme.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Bailiú Rátaí), 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Bailiú Rátaí), 1924 agus 1926, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

(3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1926, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.