An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.) Ar Aghaidh (CUID III. An Chuirt Duithche.)

27 1926

ACHT OIFIGIGH CÚIRTE, 1926

CUID II.

An Chuirt Chuarda.

An Oifig Chúirte Cuarda.

34. —(1) Bunófar i ngach contae agus i ngach contae-bhuirg agus don chéanna oifig a bheidh ag gabháil leis an gCúirt Chuarda agus dá ngairmfear an Oifig Chúirte Cuarda.

(2) Féadfidh an tAire aon uair agus go ceann pé faid is dó leis is ceart aon dá chontae no níos mó, no aon chontae-bhuirg agus contae no contaethe, do chó-nasca chun crícheanna na Cúirte Cuarda, agus faid a mhairfidh aon chó-nasca den tsórt san ní bheidh ach aon oifig chúirte cuarda amháin sna contaethe cónasctha san agus dóibh no sa chontae-bhuirg agus sa chontae no sna contaethe có-nasctha san agus dóibh.

(3) Féadfidh an tAire aon uair aon chontae do roinnt ina dhá chuid no níos mó chun crícheanna na Cúirte Cuarda agus má roinntear aon chontae amhlaidh bunófar oifig chúirte cuarda fé leith i ngach cuid den tsórt san den chontae sin agus do.

An Clárathóir Contae.

35. —(1) Ag gabháil leis an gCúirt Chuarda beidh oiread Clárathóirí Contae agus ordóidh an tAire o am go ham le cead an Aire Airgid.

(2) Isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh gach clárathóir contae agus beidh gach clárathóir contae i seilbh oifige faid is toil leis an Ard-Chomhairle é.

(3) Ní ceapfar éinne chun bheith ina chlárathóir chontae maran rud é, le linn a cheaptha—

(a) gur atúrnae go n-ocht mbliana cleachta ar a laighead é a bheidh ag cleachta a ghairme an uair sin no a chleacht í roimhe sin ar feadh ocht mblian ar a laighead, no

(b) gur Cléireach Coróineach agus Síochána é, no

(c) gur duine é a bhí ina Chléireach Coróineach agus Síochána no ina Chlárathóir Chontae.

(4) Chun crícheanna mír (a) den bhfo-alt san roimhe seo, tuigfar i gcás Breithimh den Chúirt Dúithche a ceaduíodh mar atúrnae sarar ceapadh é chun bheith in Bhreitheamh den tsórt san gur cleachta mar atúrnae seirbhís mar Bhreitheamh den Chúirt Duithche.

(5) Ach an té a ceapfar chúichi do bheith go maith ina shláinte le linn a cheaptha, beidh oifig an chlárathóra chontae ina hoifig inphinsin do réir bhrí na nAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, agus do chlárathóir chontae féin ar imeacht as oifig do no dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil tar éis bháis do féadfar pé aois-liúntas agus liúntaisí no aiscí eile do dheona a deonfí fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire dá gceaptí an clárathóir contae sin chun Stát-Sheirbhíse buaine Shaorstáit Éireann agus deimhniú bheith aige o Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse.

(6) Imeoidh gach clárathóir contae as oifig nuair a bheidh sé cúig bliana is trí fichid d'aois, ach, i gcás aon chlárathóra chontae áirithe, féadfidh an tAire le haontú an Aire Airgid an aois sin chun imeacht as oifig d'árdú go dtí aon aois nach mó ná deich mbliana is trí fichid.

Clárathóirí contae do cheapa d'oifigí cúirte cuarda.

36. —(1) Gach clárathóir contae a ceapfar fén Acht so, ceapfar é do pé oifig chúirte cuarda a ordóidh an tAire o am go ham.

(2) Isé rud a gairmfear de gach clárathóir contae agus a gairmtear de san Acht so ná an clárathóir contae don chontae, don chontae-bhuirg, no don líomatáiste eile dá bhfónann an oifig chúirte cuarda dá mbeidh sé ceaptha de thurus na huaire.

(3) Gach tagairt san Acht so do chlárathóir chontae maidir le hoifig chúirte cuarda léireofar í mar thagairt don chlárathóir chontae a bheidh ceaptha don oifig sin de thurus na huaire fén alt so, agus gach tagairt san Acht so do chlárathóir chontae maidir le contae, le contae-bhuirg, no le líomatáiste eile léireofar í mar thagairt don chlárathóir chontae a bheidh ceaptha de thurus na huaire don oifig chúirte cuarda don líomatáiste sin.

Gnó na hoifige cúirte cuarda.

37. —Beidh gach oifig chúirte cuarda fé smacht agus fé bhainistí an chlárathóra chontae agus déanfar i ngach oifig chúirte cuarda gach gnó a hordófar o am go ham le reacht no le riail chúirte a dhéanamh inti agus fós (mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le reacht no le riail chúirte) gach gnó eile de chuid na Cúirte Cuarda sa chontae, so chontaebhuirg, no sa líomatáiste eile dá bhfónann an oifig sin ach amháin pé gnó gur gá do réir dlí gurb é an Breitheamh Cuarda a dhéanfadh é no gur ina láthair a déanfí é.

Dualgaisí an chlárathóra chontae.

38. —(1) Beidh ag gach clárathóir contae agus feidhmeoidh sé pé comhachta agus údaráis agus déanfidh agus cólíonfa sé pé dualgaisí agus feidhmeanna a bronnfar no a cuirfar air o am go ham le reacht no le riail chúirte agus go sonnrách déanfidh agus cólíonfa sé na dualgaisí agus beidh aige agus feidhmeoidh sé na comhachta agus na húdaráis a cuirtar no a bronntar air go soiléir leis an Acht so agus fós (mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le reacht no le riail chúirte) lasmuich d'aon chás ina bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, déanfidh agus cólíonfa sé na dualgaisí uile agus beidh aige agus feidh meoidh sé na comhachta agus na húdaráis uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, forchurtha no dílsithe do réir dlí ar no in éinne acu so, eadhon, cléireach na coróineach agus na síochána no clárathóir chúirte bille shíbhialta no, in áit ina raibh cúirt áitiúil um ghnó-bhrise tráth, an clárathóir, no aon oifigeach eile don chúirt sin ach amháin an sannaí oifigiúil.

(2) Féadfar, le rialacha cúirte a bheidh déanta fé alt 66 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), a shocrú go n-éistfidh agus go socróidh an clárathóir contae (fé réir athchomhairc chun an Bhreithimh Chuarda no gan an choiníoll san) gach saghas no aon tsaghas no saghsanna iarrataisí sealadacha agus iarrataisí deiridh gan freasabhra in no maidir le cúiseanna no nithe sa Chúirt Chuarda, maraon le tógaint no déanamh gach saghas no aon tsaghas no saghsanna cuntaisí agus fiosruithe sna cúiseanna no sna nithe sin.

(3) Déanfidh clárathóir contae na contae, na contae-bhuirge, no an líomatáiste eile ina mbeidh an Phríomh-Chúirt Choiriúil ina suidhe de thurus na huaire gníomhú mar chlárathóir don chúirt sin agus déanfidh agus cólíonfa sé pé dualgaisí agus feidhmeanna, maidir leis an gcúirt sin, a ceapfar do le rialacha cúirte.

Costaisí, etc., atá go dtí so iníoctha le Cléireach na Coróineach agus na Síochána.

39. —(1) Gach costas, liúntas agus táille atá go dtí so iníoctha no ionfhálta fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , fén Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924) agus fé Achtanna na gCoistí Dháréag, 1871 go 1924 fé seach, le Cléireach na Coróineach agus na Síochána no aige (pe'ca mar oifigeach clárathachta é no ar a mhalairt de shlí), beid iníoctha leis an gclárathóir contae agus ionfhálta aige ar gach slí díreach mar a bhí na costaisí, na liúntaisí agus na taillí sin iníoctha le Cléireach na Coróineach agus na Síochána no ionfhálta aige go dtí so.

(2) Aireofar méideanna na gcostaisí, na liúntaisí agus na dtáillí sin do réir na scálaí a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire chun crícheanna an áirimh sin fé sna hAchtanna san fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, agus chun críche na scálaí sin tuigfar gurb é an clárathóir contae a chuaidh fé gach costas, liúntas, agus táille den tsórt san fé n-a dtéigheadh Cléireach na Coróineach agus na Síochána roimhe seo bíodh nách é an clárathóir a chuaidh fútha dáiríribh.

(3) Ach amháin sa chás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso tabharfidh gach clárathóir contae suas don Stát-Chiste na costaisí, na liúntaisí, agus na táillí a híocfar leis agus a gheobha sé de bhua an ailt seo, pé méid díobh ná teastóidh uaidh i gcóir íocaíochtaí agus costaisí a bheidh iníoctha aige no fé n-a ragha sé fé aon Acht acu san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus ná beidh iníoctha ná ná híocfar amach as airgead a sholáthruigh an tOireachtas.

(4) In ainneoin forálacha an fho-ailt sin roimhe seo tabharfidh an clárathóir contae cuntas agus déanfa sé íoc, do réir fo-alt (4) d'alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 , sna táillí agus sna suimeanna eile a luaidhtear sa bhfo-alt san agus ní tabharfar suas aon chuid de sna táillí ná de sna suimeanna san don Stát-Chiste fén bhfo-alt san roimhe seo.

Leas-chlárathóir sealadach contae do cheapa.

40. —(1) Má bhíonn aon chlárathóir contae seal as láthair no seal fé mhí-chumas de dheascaibh breoiteachta no má bhíonn oifig an chlárathóra chontae d'aon oifig chúirte cuarda folamh, féadfidh an tAire fear ionaid do cheapa chun oifig an chlárathóra chontae sin d'fheidhmiú le linn na nea-láithreachta, an mhíchumais, no an fholúntais sin, ach mara gceapaidh agus go dtí go gceapfidh an tAire an fear ionaid sin isé an t-oifigeach sinsearach san oifig chúirte cuarda a fheidhmeoidh oifig an chlárathóra chontae sin (ach amháin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso) le linn na nea-láithreachta, an mhí-chumais, no an fholúntais sin.

(2) Faid a mhairfidh a cheapachán beidh ag fear ionaid a ceapfar fén alt so agus feidhmeoidh sé comhachta agus údaráis uile an chlárathóra chontae dar fear ionaid é agus déanfidh agus cólíonfa sé dualgaisí agus feidhmeanna uile an chlárathóra san.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacha cúirte ná feidhmeoidh ná ná déanfidh an t-oifigeach sinsearach fén alt so comhachta, údaráis, dualgaisí agus feidhmeanna áirithe clárathóra chontae, agus má foráltar amhlaidh le rialacha cúirte ní fheidhmeoidh ná ní dhéanfidh an t-oifigeach sinsearach fén alt so na comhachta, na húdaráis, na dualgaisí, ná na feidhmeanna áirithe sin.

(4) Ach amháin i gcás clárathóir contae do bheith seal fé mhíchumas de dheascaibh breoiteachta ní dhéanfidh aon fhear ionaid a ceapfar fén alt so aon oifig d'fheidhmiú ar feadh aon tréimhse ná tréimhsí is sia ná trí mhí ar fad in aon bhliain.

(5) Ní ceapfar éinne fén alt so chun bheith ina fhear ionaid do chlárathóir chontae mara mbeidh aige na cáilíochta a horduítear leis an Acht so do dhaoine a ceaptar chun bheith ina gclárathóirí contae.

(6) Ní oibreoidh an t-alt so chun a údarú don oifigeach shinsearach in oifig chúirte cuarda feidhmiú do dhéanamh ar chomhachta no ar údaráis no cólíona do dhéanamh ar dhualgaisí no ar fheidhmeanna an chlárathóra chontae mar oifigeach clárathachta fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san agus bainfidh alt 10 den Acht san le feidhmiú agus le cólíona na gcomhacht, na n-údarás, na ndualgas agus na bhfeidhm sin le linn aon aimsire a bheidh an clárathóir contae as láthair go sealadach no fé mhí-chumas go sealadach de dheascaibh breoiteachta no le linn aon fholúntais in oifig an chlárathóra chontae go dtí go gceapfar fear ionaid fén alt so ach ní ina dhiaidh sin.

(7) Tar éis comhachta, údaráis, dualgaisí, agus feidhmeanna aon fho-shirriaim do bheith aistrithe fén Acht so chun clárathóra chontae, beidh comhachta, údaráis, dualgaisí agus feidhmeanna an fho-shirriaim sin, mar cheann chomhrimh fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , gan bheith infheidhmithe ag an oifigeach sinsearach fén alt so, agus ina ionad san má bhíonn an clárathóir contae sin seal as láthair no seal fé mhí-chumas de dheascaibh breoiteachta no má bhíonn a oifig folamh féadfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, más oiriúnach leis é, duine ceart oiriúnach do cheapa chun na comhachta, na húdaráis, na dualgaisí agus na feidhmeanna san d'fheidhmiú agus do chólíona le linn na nea-láithreachta, an mhí-chumais, no an fholúntais sin go dtí go gceapfidh an tAire Dlí agus Cirt fear ionaid fén alt so.

Airgead a híocadh isteach sa Chúirt Chuarda.

41. —(1) Féadfidh an tAire le hordú, a ordú cadiad na háiteanna ag á lóisteálfar agus cadiad na bainc thaisce phost-oifige agus na bainc eile ina lóisteálfar, i ngach cuaird fé leith, airgead a híocfar isteach sa chúirt chuarda ina dhiaidh seo in aon imeachta no a híocadh roimhe seo, fé alt 39 den County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877, isteach sa tseana-chúirt chontae no sa chúirt chuarda agus leis an ordú céanna no le haon ordú eile féadfa sé rialacha agus rialacháin i dtaobh a leithéidí sin de lóisteála do dhéanamh i gcóir gach cuarda fé leith, agus leis na rialacha agus na rialacháin sin féadfa sé pé socrú do dhéanamh a chífar do is gá chun airgead a híocadh isteach sa tseana-chúirt no sa chúirt chuarda roimhe seo mar adubhradh d'aistriú chun an bhainc no na mbanc agus sna hainmneacha a hordófar leis an ordú san i gcóir airgid a híocfar isteach sa chúirt chuarda ina dhiaidh seo.

(2) Ní déanfar aon ordú fén alt so gan aontú an bhreithimh den chúirt chuarda a bheidh ceaptha, ar dháta an orduithe, don chuaird le n-a mbaineann an t-ordú.

(3) Ní údaróidh aon ordú a déanfar fén alt so aon airgead a lóisteáladh fén alt seo d'íoc amach ach ar ordú breithimh den chúirt chuarda.

Fuireann ghenerálta na hoifige cúirte cuarda.

42. —Beidh ar fostú i ngach oifig chúirte cuarda a bunófar fén Acht so pé oifigigh, cléirigh, teachtairí, agus seirbhísigh, agus pé méid acu, a shocróidh an tAire o am go ham le cead an Aire Airgid agus beidh gach oifigeach, cléireach, teachtaire, agus seirbhíseach den tsórt san i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coiníollacha a ordóidh an tAire Airgid.

An fhuireann a bheidh ag gabháil leis an gcúirt chuarda agus le breithiúin na cúirte sin.

43. —(1) I dteanta na ndaoine a bheidh ar fostú fén Acht so in oifigí cúirte cuarda, féadfidh pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid acu a shocróidh an tAire o am go ham le cead an Aire Airgid bheith ag gabháil leis an gcúirt chuarda agus beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin uile i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coiníollacha a ordóidh an tAire Airgid.

(2) Déanfidh an tAire gach oifigeach agus seirbhíseach a bheidh ag gabháil leis an gcúirt chuarda do cheapa do chuaird áirithe agus féadfar aon oifigeach no seirbhíseach den tsórt san d'aistriú, le n-a thoil féin, o chuaird go cuaird eile agus déanfidh agus cólíonfidh gach oifigeach agus seirbhíseach den tsórt san, sa chuaird dá mbeidh sé ceaptha de thurus na huaire, pé dualgaisí agus feidhmeanna, maidir leis an gcúirt chuarda, a ordóidh an tAire o am go ham.

(3) I dteanta na n-oifigeach agus na seirbhíseach a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, féadfidh aon tseirbhíseach amháin bheith ag gabháil le haon bhreitheamh den chúirt chuarda le hordú an Aire agus le cead an Aire Airgid chun pé dualgaisí a ordóidh an tAire do dhéanamh maidir leis an mbreitheamh san, agus isé an tAire a cheapfidh gach seirbhíseach den tsórt san agus beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coiníollacha a shocróidh an tAire le cead an Aire Airgid agus ní bhainfidh Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) le birt aon tseirbhísigh den tsórt san.

(4) Féadfidh an tAire Airgid liúntas de pé méid a shocróidh an tAire sin d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le haon bhreitheamh den chúirt chuarda ná beidh seirbhíseach ag gabháil leis fén bhfo-alt san roimhe seo in ionad an tseirbhísigh sin.

Seirbheálaithe gairme.

44. —(1) Ag gabháil le gach oifig chúirte cuarda beidh pé seirbheálaithe gairme agus pé méid acu is ceart dar leis an gclárathóir contae le cead an Aire agus (maidir le n-a líon) le cead an Aire Airgid.

(2) Isé an clárathóir contae, fé réir aontú agus le haontú an Aire, a cheapfidh gach seirbheálaí gairme den tsórt san agus beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus féadfidh an tAire é do chur as oifig, agus íocfar leis, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé tuarastal a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

(3) Má bhíonn, dar leis an gclárathóir contae, réasún chun a chreidiúint gur dhin aon tseirbheálaí gairme den tsórt san é féin do mhí-iompar no ró-mhí-ábaltacht do thaisbeáint agus é ag cólíona a dhualgaisí féadfidh an clárathóir contae an seirbheálaí gairme sin do chur ar fionnraí o chólíona a dhualgaisí ar feadh aon tréimhse no tréimhsí nách sia ar fad ná mí le linn bheith ag feitheamh le breith an Aire ar an scéal.

(4) Beidh gach seirbheálaí gairme den tsórt san agus faisnéistear leis seo é do bheith inniúil ar aon rit, gairm, próiseas, fógra no scríbhinn eile a tugadh amach ag aon chúirt no uaithi do sheirbheáil laistigh den líomatáiste dá bhfónann an oifig chúirte cuarda le n-a mbaineann sé.

Cosaint do shannaithe oifigiúla do chúirteanna áitiúla um ghnó-bhrise.

45. —Ní bhainfidh éinní san Acht so le hoifig an tsannaí oifigiúla a bhainfidh le cúirt áitiúil um ghnó-bhrise a bunuíodh fén Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888, roimh rith an Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), ach amháin go mbeidh gach sannaí oifigiúil den tsórt san agus a fhuireann (má bhíonn aige) ag gabháil leis an gcúirt chuarda feasta agus go mbainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 43 (fo-ailt i dtaobh na fuirinne a bheidh ag gabháil leis an gcúirt chuarda) den Acht so le post no le birt gach sannaí oifigiúla fé leith acu agus gach baill fé leith dá fhuirinn (má bhíonn aige) an chéad uair eile a bheidh gach post no beart fé leith acu folamh agus as san amach.