|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 23 de 1926. | ||
| [EN] |
ACHT UM LEAS-CHLÁRATHÓIR I GNÓ-BHRISE (CORCAIGH), 1926. | |
ACHT CHUN É DHÉANAMH DLEATHACH GO bhFEIDHMEOFÍ COMHACHTA, ÚDARÁIS AGUS BREATH-ÚDARÁIS ÁIRITHE AG LEAS-CHLÁRATHÓIR AGUS CLÉIREACH CHÚIRTE ÁITIÚLA CHORCAIGHE UM GHNÓ-BHRISE DO BUNUÍODH LEIS AN LOCAL BANK-RUPTCY (IRELAND) ACT, 1888, AGUS CHUN A SHOCRÚ GO bhFEIDHMEODH AN LEAS-CHLÁRATHÓIR AGUS CLÉIREACH SAN NA COMHACHTA, NA hÚDARÁIS AGUS NA BREATH-ÚDARÁIS SIN AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA. | ||
[24adh Meitheamh, 1926.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht so— |
| [EN] | cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “an Chúirt” Cúirt Áitiúil Chorcaighe um Ghnó-bhrise do bunuíodh leis an bPríomh-Acht; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “an Breitheamh” an Breitheamh a fheidhmíonn na breath-údaráis atá dílsithe sa Chúirt agus i mBreitheamh na Cúirte fé seach fén bPríomh-Acht; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “an Clárathóir” clárathóir na Cúirte; | |
| [EN] | agus | |
cialluíonn an focal “an Leas-Chlárathóir” leas-chlárathóir agus cléireach na Cúirte. | ||
| [EN] |
Dleathú gníomhartha agus orduithe áirithe do dhin an Leas-Chlárathóir. |
2. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, gach gníomh agus gach ordú do dhin an Leas-Chlárathóir, roimh rith an Achta so, i ndeabhramh a bheith i bhfeidhmiú comhachta do dheabhruigh an Breitheamh a leigint chuige fé Ordú i gComhairle do dineadh fé alt 11 den Phríomh-Acht agus a fhéadfadh an Breitheamh a leigint chun an Chlárathóra go dleathach fén Ordú san, beid agus tuigfar go rabhdar riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil agus bheadh an gníomh no an t-ordú san dá ndineadh an Clárathóir an céanna i bhfeidhmiú comhachta do leigfadh an Breitheamh chuige go dleathach fén Ordú san i gComhairle. |
| [EN] | (2) Fé réir forálacha an ailt seo, gach gníomh agus gach ordú do dhin an Leas-Chlárathóir, roimh rith an Achta so, i ndeabhramh a bheith i bhfeidhmiú comhachta do bronnadh ar an gClárathóir le hOrdú i gComhairle do dineadh fé alt 11 den Phríomh-Acht, beid agus tuigfar go rabhdar riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil agus do bheadh an gníomh no an t-ordú san dá ndineadh an Clárathóir an céanna i bhfeidhmiú na comhachta san. | |
| [EN] | (3) Ní dhéanfidh an t-alt so dochar ná difir d'oibriú aon ordú a dhin an Breitheamh roimhe seo no a dhéanfa sé ina dhiaidh seo ag lán-mhalairtiú no ag atharú aon ordú den tsórt san roimhráite a dhin an Leas-Chlárathóir. | |
| [EN] | (4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon ordú a dhin an Leas-Chlárathóir agus a cuireadh ar neamh-ní ag an Ard-Chúirt roimh rith an Achta so. | |
| [EN] |
Dílsiú comhacht, etc., sa Leas-Chlárathóir agus a leigint chuige. |
3. —(1) Gach comhacht, údarás, agus breath-údarás atá, díreach roimh rith an Achta so, dílsithe sa Chlárathóir no infheidhmithe aige de bhua an Phríomh-Achta no de bhua aon Ordú i gComhairle a dineadh fén Acht san, beid infheidhmithe ag an Leas-Chlárathóir chó maith leis an gClárathóir go teacht i ngníomh d'Acht (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a rithfar é) a chuirfidh deire le hoifig Chléireach na Coróinneach agus na Síochána. |
| [EN] | (2) Gach comhacht, údarás, agus breath-údarás gur féidir don Bhreitheamh, díreach roimh rith an Achta so, é leigint chun an Chlárathóra de bhua an Phríomh-Achta no de bhua aon Ordú i gComhairle a dineadh fén Acht san, beidh sé ar chumas an Bhreithimh, go teacht i ngníomh d'Acht (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a rithfar é) a chuirfidh deire le hoifig Chléireach na Coróineach agus na Síochána, iad do leigint chun an Leas-Chlárathóra i dteanta no in ionad an Chlárathóra agus, má leigtar amhlaidh iad agus faid a bheid leigthe amhlaidh, beid infheidhmithe ag an Leas-Chlárathóir go teacht i ngníomh don Acht san mar adubhradh. | |
| [EN] | (3) Gach feidhmiú a dhéanfidh an Leas-Chlárathóir ar aon chomhacht, údarás, no breath-údarás fén alt so no dá bhua, féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh díreach fé mar a fhéadfí a dhéanamh i gcoinnibh feidhmiú do dhéanfadh an Clárathóir ar an gcomhacht, ar an údarás no ar an mbreath-údarás san. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht um Leas-Chlárathóir i nGnó-bhrise (Corcaigh), 1926, do ghairm den Acht so. |