4 1926


Uimhir 4 de 1926.


ACHT DOCHTÚIREACHTA, 1926.


ACHT CHUN AN tACHT DOCHTÚIREACHTA, 1925 , DO CHOINNEÁIL I bhFEIDHM AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AGUS SOCRÚ ANN CHUN SÍNITHE TEORANTA DO DHÉANAMH AR AN TRÉIMHSE SIN. [19adh Feabhra, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Dochtúireachta, 1925 (Uimh. 2 de 1925) .

Buanú ar an bPríomh-Acht

2. —Leanfidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 21adh lá de Lúnasa, 1926, in ainneoin éinne contrárdha dho san ann, agus ansan ragha sé in éag mara mbuanuítear arís é le hordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén Acht so.

Buanú arís ar an bPríomh-Acht ag an Ard-Chomhairle.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é, le hordú a dhéanfid roimh an 21adh lá de Lúnasa, 1926, an Príomh-Acht do choinneáil i bhfeidhm go ceann mí ón 21adh lá san de Lúnasa agus féadfid o am go ham ina dhiaidh sin, le hordú a dhéanfid roimh dhul in éag don Phríomh-Acht fén ordú deiridh roimhe sin a dineadh fén alt so, an Príomh-Acht do choinneáil i bhfeidhm go ceann mí ón dáta ar a raghadh an Príomh-Acht in éag fén ordú deiridh sin roimhe sin.

(2) Má dhineann an Ard-Chomhairle ordú fén alt so, leanfidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go ceann an mhí dá mbuanófar leis an ordú san é no, má dintar níos mó ná aon ordú amháin den tsórt san, leis an ordú deiridh acu san agus ragha sé in éag ansan.

(3) Ní coinneofar an Príomh-Acht i bhfeidhm tar éis an 21adh lá d'Fheabhra, 1927, le horduithe a dineadh fén alt so agus dá réir sin ní fhéadfidh an Ard-Chomhairle níos mó ná sé horduithe do dhéanamh fén alt so.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Dochtúireachta, 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Dochtúireachta, 1925 agus 1926, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.