Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

40 1925


Uimhir 40 de 1925.


ACHT AN CHONNARTHA (DAINGNIÚ AR AN gCÓ-AONTÚ LEASATHACH), 1925.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR CHÓ-AONTÚ ÁIRITHE LE N-A LEASUÍTEAR AGUS LE N-A bhFOIRLÍONTAR CONNRA 1921, AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH DÁ RÉIR SIN AR NA TAGAIRTÍ DO CHONNRA 1921 ATÁ SAN ACHT UM BUNREACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN, 1922, AGUS SA BHUNREACHT. [17adh Mí na Nodlag, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Daingniú ar an gCó-aontú.

1. —Daingnítear leis seo an Có-aontú atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, eadhon, có-aontú le n-a leasuítear agus le n-a bhfóirlíontar Connra 1921, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an gConnra san 1921.

Leasú dá dheascaibh sin ar Uimh. 1 de 1922 agus ar an mBunreacht.

2. —Déanfar gach tagairt in alt 2 den Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922 (Uimh. 1 de 1922) , do Chonnra 1921 (dá ngairmtear an Connra Sceidealta san alt san) do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Chonnra san 1921 mar a leasuítear é leis an gCó-aontú atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus dá réir sin déanfar gach tagairt sa Bhunreacht don Chonnra Sceidealta do léiriú mar thagairt don Chonnra san 1921 mar a leasuítear leis an gCó-aontú san é.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht an Chonnartha (Daingniú ar an gCó-aontú Leasathach), 1925 , do ghairm den Acht so.