An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. AIRGEADAS BORDANNA CIMEADAITHE.) Ar Aghaidh (CUID IV. ILGHNEITHEACH.)

32 1925

ACHT IASCAIGH, 1925

CUID III.

SRIAN LE DIOL BRADAN AGUS BREAC.

Toirmiscthear bradáin, etc., do dhíol gan ceadúnaisí.

16. —(1) O thosach feidhme na Coda so den Acht so agus dá éis sin ní dhéanfidh éinne aon bhradáin ná bric (nách bradáin no bric leasuithe a díoltar i gcannaí stáin) do dhíol, do chur ar díol, ná do chimeád chun a ndíolta, gan bheith ceadúnaithe go cuibhe fén Acht so chun iad do dhíol amhlaidh, ná in aon áit ná húdaruítear do le n-a cheadúnas iad do dhíol ann.

(2) Einne a dhéanfidh, ar bheith caithte do dhá mhí o thosach feidhme na Coda so den Acht so, aon bhradáin no bric do dhíol, do chur ar díol, no do chimeád chun a ndíolta, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar, má sé an chéad chionta aige é, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no fén bhfíneáil sin agus fén bpríosúntacht san le chéile.

(3) Einne a dhéanfidh, ar bheith caithte do dhá mhí o thosach feidhme na Coda so den Acht so, aon bhradáin no bric do cheannach o éinne agus a fhios aige, no cúis aige chun a chreidiúint, go bhfuil an duine sin á ndíol contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le hiascaire ag díol éisc do ghaibh sé féin go dleathach.

Ceadúnaisí do thabhairt amach.

17. —(1) Féadfidh gach bord cimeádaithe, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ceadúnas do thabhairt amach, tré n-a gcléireach, d'éinne a iarrfidh é, chun bradáin agus bric do dhíol i pé áit no áiteanna laistigh de cheanntar an bhúird a luadhfidh an t-iarratasóir agus féadfid, sa tslí chéanna agus fé réir na bhforálacha céanna, aon cheadúnas den tsórt san do thugadar amach amhlaidh d'athnuachaint o am go ham marar cuireadh deire leis fén Acht so.

(2) Gach iarratas chun ceadúnas den tsórt roimhráite do thabhairt amach no d'athnuachaint déanfar é i scríbhinn chun cléireach an bhúird chimeádaithe agus beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann agus, i gcás iarratais athnuachainte, déanfar é laistigh de cheithre lá dhéag roimh dhul in éag, no laistigh de mhí tar éis dul in éag, don tseana-cheadúnas no don tsean-athnuachaint.

Ní foláir deimhniú d'fháil o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche.

18. —(1) Einne a dhineann gnó mar dhíoltóir bradán no breac no atá chun bheith á dhéanamh, féadfa sé deimhniú den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo anso d'iarraidh ar Bhreitheamh na Cúirte Dúithche sa Dúthaigh Chúirte ina ndineann sé an gnó san no ina bhfuil sé chun é dhéanamh agus nuair is deimhin leis an mBreitheamh gur duine ceart oiriúnach an duine sin chun ceadúnas fén Acht so d'fháil agus do bheith ar seilbh aige chun bradáin agus bric do dhíol deonfa sé don duine sin deimhniú i scríbhinn, fé shighniú an Bhreithimh, gur duine ceart oiriúnach mar adubhradh an duine sin.

(2) Gach duine a iarrfidh ceadúnas fén Acht so ar chléireach bhúird chimeádaithe chun bradáin agus bric do dhíol, taisbeánfa sé don chléireach deimhniú a deonadh fén alt so ina thaobh féin mí ar a mhéid roimhe sin agus beidh taisbeáint an deimhnithe sin mar roimh-choiníoll a có-líonfar sara dtabharfar amach an ceadúnas san.

Fuirm, éifeacht, agus buaine ceadúnaisí.

19. —(1) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach ceadúnas a tabharfar amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol agus gach athnuachaint a déanfar ar aon cheadúnas den tsórt san, agus faid a bheidh an céanna i bhfeidhm oibreoidh sé chun a údarú don té a hainmnítear sa cheadúnas bradáin agus bric do dhíol agus do chur ar díol agus do chimeád chun a ndíolta san áit no sna háiteanna (laistigh de cheanntar an bhúird chimeádaithe a bheidh ag tabhairt amach an cheadúnais no a thug amach é) a luaidhtear sa cheadúnas.

(2) Beidh deire le gach ceadúnas den tsórt san ar fháil bháis dá shealbhóir agus ar a cheiliúra don Aire fén Acht so agus féadfar deire do chur leis tré n-a shealbhóir á thabhairt suas.

(3) Leanfidh gach ceadúnas den tsórt san agus gach athnuachaint air i bhfeidhm (marar cuireadh deire leis an gceadúnas roimhe sin) go dtí deire na bliana caileandair in ar tugadh amach an ceadúnas no is déanaí in ar hathnuadhadh é (pe'ca aca é) agus ragha sé in éag ansan.

Ceiliúra ceadúnaisí.

20. —(1) Féadfidh an tAire ceadúnas díolta bradán agus breac do tugadh amach fén Acht so do cheiliúra aon uair laistigh de thrí mhí tar éis sealbhóir an cheadúnais do bheith ciontuithe i gcionta fé sna Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, fén Acht Iascaigh, 1924 , no fén Acht so.

(2) Sara gceiliúra sé aon cheadúnas fén alt so cuirfidh an tAire tríd an bpost cláruithe, chun sealbhóir an cheadúnais agus chun an bhúird chimeádaithe a thug amach an ceadúnas, fógra coicíse i scríbhinn go bhfuil sé chun ceiliúra an cheadúnais do bhreithniú, agus breithneoidh an tAire aon aithris chúise a dhéanfidh an sealbhóir no an bord san leis roimh dhul in éag don bhfógra san.

Foillsiú an cheadúnais.

21. —(1) Gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais a tugadh amach fén Acht so chun bradáin no bric do dhíol, cuirfe sé fé ndeár an ceadúnas no an athnuachaint sin do thaisbeáint go so-fheicse le linn tráthanna gnótha san áit no i gceann de sna háiteanna le n-a mbaineann an ceadúnas no an athnuachaint sin agus má bhaineann an ceadúnas no an athnuachaint sin le níos mó ná aon áit amháin cuirfe sé fé ndeár cóip den cheadúnas no den athnuachaint sin do thaisbeáint amhlaidh i ngach áit acu seachas an áit ina dtaisbeánfar an ceadúnas no an athnuachaint sin amhlaidh.

(2) Déanfar liostaí de dhaoine go bhfuil ceadúnaisí den tsórt san roimhráite ar seilbh acu d'fhoillsiú pé uair agus i pé áiteanna agus i pé slí agus fuirm a ordóidh an tAire o am go ham.

Cimeádfidh sealbhóir ceadúnais clár.

22. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais a tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol clár do chimeád, no a chur fé ndeár clár do chimeád, sa bhfuirm orduithe, i ngach áitreabh dá luaidhtear sa cheadúnas san, de gach ceannach agus fáil bhradán no bhreac chun a ndíolta san áitreabh san agus de gach díol bradán no breac a déanfar san áitreabh san agus, laistigh de sé huaire a' chluig tar éis aon cheannaigh no fála den tsórt san agus laistigh de thrí huaire a' chluig tar éis aon díola den tsórt san, na mion-innste orduithe ar an gceannach, ar an bhfáil, no ar an díol san (pe'ca aca é) agus ar an té o n-ar ceannuíodh no o n-a bhfuarthas no le n-ar díoladh an céanna, d'iontráil sa chlár san.

(2) Ní bheidh ar na mion-innste orduithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo an praghas d'íoc sealbhóir an cheadúnais no na hathnuachainte ar aon bhradán no breac do cheannaigh, do fuair no do dhíol sé.

(3) Féadfidh éinne dá n-údaróidh an tAire é no aon bhall den Ghárda Síochána gach clár a bheidh á chimeád do réir an ailt seo do scrúdú aon uair le linn an t-áitreabh le n-a mbaineann an clár do bheith ar oscailt chun gnó do dhéanamh ann agus, nuair a hiarrfar iad agus chun go scrúdóidh an duine no an ball san roimhráite iad, beidh sé de dhualgas ar an sealbhóir ceadúnais, agus ar gach éinne a bheidh ag cimeád an chláir sin, an clár san do thaisbeáint agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfidh an duine no an ball san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe do bheith fágtha amach as.

(4) Má ráiníonn d'éinne is sealbhóir ar cheadúnas a tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol—

(a) ná cimeádfa sé an clár san a héilítear leis an alt so a chimeád no ná cuirfe sé fé ndeár é chimeád, no

(b) ná cuirfe sé sa chlár san, no ná cuirfe sé fé ndeár go gcuirfar ann, laistigh den am a luaidhtear anso roimhe seo, aon iontráil áirithe a héilítear leis an alt so a chur sa chlár san, no

(c) ná taisbeánfa sé no ná cuirfe sé fé ndeár go dtaisbeánfar, ar a iarraidh sin air, aon chlár no scríbhinn áirithe, no cóip de scríbhinn áirithe, chun go scrúdóidh éinne é go bhfuil teideal aige fén alt so chun é scrúdú, agus go n-éilítear air leis an alt so é thaisbeáint amhlaidh, no cosc do chur le héinne le linn é bheith ag scrúdú aon chláir no scríbhinne no cóip de scríbhinn agus teideal aige fén alt so chun a scrúduithe, no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndéar, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil atá bréagach, no a chuirfadh duine amú, in aon phonc táchtach, do chur sa chlár san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh scrúdú cláir no scríbhinne cóipeanna do dhéanamh den chéanna no sleachta do thógaint as, agus

(b) tuigfar gur dineadh go cuibhe clár no scríbhinn eile d'éileamh ar an sealbhóir ceadúnais chun go scrúdófí é má héilíodh é tré chomhrá béil in áitreabh an tsealbhóra cheadúnais ar éinne ar fostú aige, agus

(c) más in áitreabh an tsealbhóra cheadúnais a dineadh agus más duine ar fostú aige a dhin diúltú no teip maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go scrúdófí é, tuigfar gurb é an sealbhóir ceadúnais a dhin an diúltú no an teip sin.