Ar Aghaidh (AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.)

27 1925


Uimhir 27 de 1925.


ACHT LEITHREASA, 1925.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR FICHEAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A SÉ FICHEAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAIR EILE A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£10 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste chun seirbhíse na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1924.

1. —Féadfidh an tAire Airgid suim deich bpúnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a ceathair fichead.

£17,881,333 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

2. —Féadfidh an tAire Airgid suim seacht milleon déag, ocht gcéad ochtó is aon mhíle, trí chéad tríocha a trí de phúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a sé fichead.

Comhacht don Aire Airgid chun airgead d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Ar chreidiúint na suime sin féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar seacht milleon déag, ocht gcéad ochtó is aon mhíle, trí chéad dachad a trí de phúint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coiníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfar chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

4. —Na suimeanna uile a deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile a luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an soláthar a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim ocht milleon fichead céad seachtó is seacht míle ocht gcéad dachad a naoi de phúint, cuirfar iad agus tuigfar iad do bheith curtha i leithreas, ó dháta rithte na nAcht a luaidhtear sa Sceideal san (A), chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann leis seo, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfar gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna a deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Faisnéis is gá a dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfar suimeanna a cuireadh i leithreas.

5. —Ní bhfuighidh éinne aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfa sé pé faisnéis a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianise duine de sna daoine a luadhfar sa bharántas san:

Ach má dintar aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon fhaisnéis amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

Einne a dhéanfidh faisnéis chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach di, beidh sé ciontach i mí-iompar.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1925 , do ghairm den Acht so.