|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 23 de 1925. | ||
[EN] |
ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN (LEASÚ), 1925. | |
ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN gCÁILÍOCHT CHOMHNAITHE IS GÁ CHUN MÉADÚ PINSIN D'FHÁIL FÉ ALT 6 DEN ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1923 . [1adh Iúl, 1925.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Leasú ar alt 6 den Acht Aois-Liúntas agus Pinsean, 1923. |
1. —Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 6 den Acht Aois-Liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh aon mhéadú pinsin iníoctha de bhua an ailt sin 6 ar scór aon tréimhse ná fuil gnáth-chomhnaí ar an bpinsinéir sa Bhreatain Mhóir, in Éirinn, in Inse Mara nIocht, ná in Oileán Mhanainn. |
[EN] |
Dáta feidhmithe an Achta. |
2. —Aon mhéadú pinsin go mbeidh teideal ag pinsinéir chuige de bhua an Achta so, ragha sé in éifeacht agus beidh sé iníoctha ón 1adh lá d'Abrán, 1922. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Aois-Liúntas agus Pinsean (Leasú), 1925 do ghairm den Acht so. |