Ar Aghaidh (SCEIDEAL Na hachtacháin a hathghairmtear.)

11 1925


Uimhir 11 de 1925.


ACHT NA bPRÍOSÚN (COISTÍ CUAIRTE), 1925.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE CEAPA, COMHACHTA AGUS DUALGAISÍ COISTÍ CUAIRTE PRÍOSÚN. [9adh Abrán, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “príosún” aon phríosún fé chúram agus bainistí Bórd Generálta na bPríosún agus foluíonn sé aon chuid de phríosún den tsórt san a cimeádtar ar leithligh chun aon tsaghas áirithe príosúnaigh do chimeád ann;

foluíonn an focal “príosúnach” daoine fé choinneáil choisctheach;

cialluíonn an focal “príosún generálta” aon phríosún nách daor-phríosún ná príosún a cimeádtar ar leithligh chun daoine fé choinneáil choisctheach do chimeád ann;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Bunófar coiste cuairte do gach príosún.

2. —(1) Bunófar ar an slí a foraltar leis an alt so coiste cuairte do gach príosún generálta, do gach daor-phríosún, agus do gach príosún no cuid de phríosún a cimeádtar ar leithligh chun daoine fé choinneáil choisctheach do chimeád ann, agus beidh gach coiste cuairte den tsórt san có-dhéanta de pé méid daoine freagarthacha, nách mó ná dáréag agus nách lú ná seisear, is dó leis an Aire is ceart.

(2) Sé an tAire a cheapfidh baill gach coiste chuairte den tsórt san roimhráite agus beidh gach ball a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar bhall den tsórt san ar feadh pé tréimhse nách sia ná trí bliana is dó leis an Aire is ceart agus a luadhfe sé nuair a bheidh sé ag ceapa an bhaill sin.

(3) Ní hincheaptha mar bhall d'aon choiste cuairte den tsórt san roimhráite éinne, ach amháin ball de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann, a gheibheann tuarastal a híoctar amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas.

(4) Beidh beirt bhan ar a luíod ar bhaill gach coiste chuairte den tsórt san roimhráite a ceapfar d'aon phríosún ina mbeadh ban-phríosúnaigh á gcimeád.

Dualgaisí agus comhachta na gcoistí gcuairte.

3. —(1) Gach coiste cuairte a ceapfar fén Acht so có-líonfid agus cimeádfid pé rialacha a bhainfidh leo de sna rialacha a dhéanfidh an tAire fén Acht so agus, fé réir na rialacha san, beidh sé de dhualgas ar gach coiste cuairte den tsórt san—

(a) cuairt do thabhairt o am go ham agus go minic ar an bpríosún dar ceapadh iad agus aon ghearáin a déanfar leo ag aon phríosúnach atá á chimeád sa phríosún san d'éisteacht san áit sin agus, má iarrann an príosúnach ortha é, an gearán san d'éisteacht go príobháideach; agus

(b) tuairisc do thabhairt don Aire ar aon mhí-rialtachtaí a thabharfid fé ndeara no a gheobhaid sa phríosún san; agus

(c) tuairisc do thabhairt don Aire ar aon deisiú ar an bpríosún is dó leo a theastuíonn go géar; agus

(d) tuairisc do thabhairt don Aire ar éinní a bhaineann leis an bpríosún san agus 'na bhfuil sé oiriúnach dar leis an gcoiste no 'nar iarr an tAire ortha tuairisc do thabhairt air.

(2) Beidh teideal ag gach coiste den tsórt san agus ag gach ball de chun cuairt do thabhairt gach am, le chéile no go haonarach, ar an bpríosún dar ceapadh iad, agus beidh saor-chead acu chun dul isteach gach am i ngach páirt den phríosún san le chéile no go haonarach.

(3) Fé réir agus do réir na rialacha a dhéanfidh an tAire fén Acht so, féadfidh gach coiste cuairte den tsórt san gach ní no éinní dhíobh so a leanas do dhéanamh maidir le príosúnaigh atá á gcimeád sa phríosún dar ceapadh an coiste sin, sé sin le rá:—

(a) príbhléidí fé leith do dheona d'aon phríosúnach mar luach saothair as dea-iompar no mar gheall ar easláinte no ar leor-chúis eile;

(b) pionós fé leith do chur ar aon phríosúnach a bhí ciontach i sárú smachta phríosúin;

(c) fiosrúcháin fé mhionn do dhéanamh i gcúiseanna i gcoinnibh príosúnach mar gheall ar shárú smachta phríosúin.

(4) Féadfidh éinne a iarrfidh a chead san ar an Aire gach tuairisc a thabharfidh coiste cuairte don Aire d'iniúcha aon am réasúnta gan íoc as.

Oiriúnú ar alt 14 (4), den Prevention of Crime Act, 1908.

4. —Léireofar fo-alt (4) d'alt 14 den Prevention of Crime Act, 1908, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí an coiste cuairte a bunófar fén Acht so do chur sa bhfo-alt san in ionad an bhúird chuairteoirí a luaidhtear ann.

Féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh.

5. —(1) Féadfidh an tAire le hordú rialacha do dhéanamh ag ordú dualgaisí agus comhachtanna coistí cuairte a ceapfar fén Acht so agus ag ordú na slí ina ndéanfidh coistí den tsórt san na dualgaisí do chó-líona agus na comhachta d'fheidhmiú a forchuirtar no a bronntar ortha leis an Acht so no leis na rialacha san.

(2) Déanfar gach riail a dhéanfidh an tAire fén alt so do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta, agus má dhineann ceachtar de Thithe an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga na rialach san fé n-a bhráid, rún do rith chun an riail sin do chur ar nea-mbrí beidh an riail sin ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén riail sin roimhe sin.

Deire le seana-choistí agus le n-a gcomhachta.

6. —(1) Láithreach tar éis rithte an Achta so beidh deire le gach coiste cuairte a ceapadh fé aon achtachán no do réir aon achtacháin a hathghairmtear leis an Acht so.

(2) Láithreach tar éis rithte an Achta so beidh deire le gach comhacht atá dílsithe do réir dlí in aon bhárdas cathrachtúil no in aon údarás no cólucht áitiúil eile chun coistí cuairte no aon bhaill d'aon choiste cuairte do cheapa do phríosún ar bith, agus scuirfe sí de bheith infheidhmithe, agus gach coiste cuairte agus ball de choiste chuairte a ceapadh amhlaidh scuirfid de bheith ar bith no de bheith i seilbh oifige.

Athghairmeanna.

7. —Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, do ghairm den Acht so.