4 1925


Uimhir 4 de 1925.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1925.


ACHT CHUN NA hACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 AGUS 1924, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ. [26adh Márta, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 ;

cialluíonn an focal “Acht 1924” an tAcht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924.

Buanú an Phríomh-Achta agus Achta 1924.

2. —Fé réir forálacha an Achta so leanfidh an Príomh-Acht agus Acht 1924 i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1926, agus raghaid in éag ansan.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

3. —Athghairmtear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas le dílsiú feidhm-cheannais mhileata agus cigireachta na bhFórsaí), agus ina ionad san achtuítear leis seo—

(a) go bhféadfar, fé réir an Achta so, feidhm-cheannas mileata na bhFórsaí no aon chuid de do dhílsiú i pé oifigeach no oifigigh de sna Fórsaí a cheapfidh an Ard-Chomhairle, agus

(b) go bhféadfar, fé réir an Achta so, cigireacht na bhFórsaí no aon chuid di do dhílsiú i pé oifigeach no oifigigh de sna Fórsaí a cheapfidh an Ard-Chomhairle.

Athghairm ar ailt 78 agus 79 den Phríomh-Acht agus ar ailt 18 agus 19 d'Acht 1924.

4. —Athghairmtear leis so na hachtacháin seo a leanas, sé sir le rá:—

Alt 78 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas leis na cúiseanna i gcoinnibh oifigigh is ísle céim ná Ceannphort go bhféadfar deighleáil leo ar an slí achmair);

Alt 79 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas leis na pionóisí a féadfar a ghearra ar an slí achmair ar oifigeach is ísle céim ná Ceannphort);

Alt 18 d'Acht 1924 (alt a leasuíonn alt 78 den Phríomh-Acht);

Alt 19 d'Acht 1924 (alt a leasuíonn alt 79 den Phríomh-Acht).

Athghairm ar fho-ailt (3) agus (4) d'alt 84 den Phríomh-Acht.

5. —Athghairmtear leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'alt 84 den Phríomh-Acht (fo-ailt a bhaineas le nós-imeachta tar éis cúis i gcoinnibh oifigigh d'iniúcha), mar a leasuíodh iad le halt 24 d'Acht 1924, agus ina n-ionad san cuirfar an fo-alt so a leanas sa Phríomh-Acht i ndiaidh fho-alt (2) d'alt 84 de, sé sin le rá:—

“(3) Mara ndinidh an t-oifigeach atá ag iniúcha na cúise an chúis do chaitheamh amach déanfa sé an duine cúisithe do chur siar chun go dtrialfidh Arm-Chúirt Ghenerálta é.”

Leasú ar alt 81 den Phríomh-Acht.

6. —Déanfar alt 81 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas leis na pionóisí a féadfar a ghearra, ar an slí achmair, ar oifigeach nea-choimisiúnta), mar a leasuíodh é le halt 21 d'Acht 1924, do leasú agus leasuítear leis seo é tré fho-alt nua do chur i ndeire an ailt mar leanas:—

“(3) Má cúisítear oifigeach nea-choimisiúnta i dhá chionta no níos mó dhíobh san a luaidhtear in alt 80 den Acht so, déanfidh oifigeach ceannais an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach in aon dá chionta no níos mó dhíobh san inar cúisíodh é amhlaidh aon daora amháin do ghearra, ar an slí achmair, ar scór an dá chionta san no níos mó, agus leis an daora san gearrfa sé aon phionós amháin, no aon chó-nasca amháin de phionóisí, díobh san a féadfaí a ghearra ar an slí achmair fé fho-alt (1) den alt so ar scór aon chionta dá luaidhtear in alt 80 den Acht so.”

Leasú ar alt 82 den Phríomh-Acht.

7. —Déanfar alt 82 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas leis na pionóisí a féadfar a ghearra, ar an slí achmair, ar shaighdiúir shingil), mar a leasuíodh é le halt 22 d'Acht 1924, do leasú agus leasuítear leis seo é tré fho-alt nua do chur i ndeire an ailt mar leanas:—

“(5) Má cúisítear saighdiúir singil i dhá chionta no níos má dhíobh san a luaidhtear in alt 80 den Acht so, déanfidh oifigeach ceannais an duine chúisithe, más deimhin leis go bhfuil an duine sin ciontach in aon dá chionta no níos mó dhíobh san inar cúisíodh é amhlaidh, aon daora amháin do ghearra, ar an slí achmair, ar scór an dá chionta san no níos mó, agus leis an daora san gearrfa sé aon phionós amháin, no aon chó-nasca amháin de phionóisí, díobh san a féadfaí a ghearra ar an slí achmair, fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, ar scór aon chionta dá luaidhtear in alt 80 den Acht so.”

Leasú ar alt 149 den Phríomh-Acht.

8. —Déanfar alt 149 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas le scur liostálaí do cheannach) do leasú agus leasuítear leis seo é tré na focail “cúig púint fhichead, fé mar a shocróidh an tAire,” do chur in ionad na bhfocal “deich bpúint” san alt san agus tré fho-alt nua do chur i ndeire an ailt sin 149 mar leanas:—

“(2) Má dhineann liostálaí atá fé bhun ocht mbliana déag d'aois, no túismitheoir no caomhnóir an liostálaí sin no an té atá i loco parentis do, scur an liostálaí sin d'iarraidh ar a oifigeach ceannais laistigh de thrí mhí tar éis dáta a theistithe, scuirfar é chó luath agus is oiriúnach é gan aon íocaíocht d'éileamh air.”

Forálacha i dtaobh gealtshaighdiúirí nuair a scuirfar iad.

9. —(1) Ar scur aon tsaighdiúra de sna Fórsaí go mbeidh duine atá cláruithe fé sna hAchtanna Dochtúireachta, agus atá ag cleachta na gairme dochtúireachta, tar éis a dheimhniú gur duine é nách slán meabhair agus gur duine é is ceart a choinneáil fé aire agus fé chóir leighis, féadfidh an tAire, no aon oifigeach nách ísle céim ná Ceannphort agus a cheap an tAire chuige, féadfa sé, le hordú, a chur fé ndeár go gcuirfar an saighdiúir sin chun na gealtlainne a bunuíodh don cheanntar 'na bhfeicfar don Aire no don oifigeach san (pe'ca aca é), tar éis do féachaint isteach sa scéal do réir forálacha an ailt seo, gur leis a bhaineann an saighdiúir sin.

(2) Luadhfar i ngach ordú den tsórt san roimhráite an ghealtlann go bhfuil an saighdiúir de sna Fórsaí le n-a mbaineann an t-ordú san le cur chúichi.

(3) Nuair a bheidh an tAire á shocrú cadé an ceanntar le n-a mbaineann aon tsaighdiúir de sna Fórsaí den tsórt roimhráite déanfa sé pé fiosrúchán is gá chun na críche sin agus tabharfa sé aire do sna ráitisí a dineadh i bpáipéar teistithe an tsaighdiúra san agus do gach bun eolais eile a bheidh ar fáil.

(4) Luadhfar i ngach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so an chontae no an chontae-bhuirg sa cheanntar dar bunuíodh an ghealtlann a luadhfar san ordú san ar a muirearófar coinneáilsuas an tsaighdiúra de sna Fórsaí le n-a mbaineann an t-ordú san.

(5) Má cuirtar aon tsaighdiúir de sna Fórsaí go dtí gealtlann fé ordú a dineadh go cuibhe fén alt so, déanfidh oifigeach ceart na gealtlainne sin an saighdiúir sin do leigint isteach agus féachfar ar an saighdiúir sin agus déanfar leis ar gach slí fé is dá mba mar ghnáth-othar a leigfí isteach sa ghealtlainn sin é agus, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach é, dar le coiste bainistí na gealtlainne sin no le húdarás dleathach eile, féadfar é leigint chun siúil no é chur fé chúram a cháirde díreach fé mar a déanfí le gnáth-othar.

(6) Ní tuigfar gur gealt coiriúil do réir brí alt 6 den Lunacy (Ireland) Act, 1901, saighdiúir de sna Fórsaí a leigfar isteach go cuibhe i ngealtlainn fe ordú a dineadh go cuibhe fén alt so.

(7) Má dintar saighdiúir de sna Fórsaí do ghlaca isteach i ngealtlainn cheanntair ar ordú a dineadh fén alt so, féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é, socrú do dhéanamh chun go n-íocfar as bean agus clann an tsaighdiúra san d'iompar go dtí an ceanntar go ndeabhróidh sé go mbaineann an saighdiúir sin leis agus, ina leithéid sin de chás, féadfidh an tAire innsint do sna húdaráis áitiúla chearta i dtaobh an iompair sin más dó leis, mar gheall ar an gcuma ina bhfuil an scéal ag an líntighe sin, go bhfuil teideal acu chun cúnamh puiblí d'fháil.

(8) Athghairmtear leis seo alt 158 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas le gealt saighdiúra do sheachada, maraon le n-a mhnaoi no le n-a dhuine cloinne, i dtigh oibre ar bheith scurtha dho agus le gealt dainséarach do sheachada i ngealtlainn).

Leasú ar alt 193 den Phríomh-Acht.

10. —Déanfar alt 193 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas le hornáidí mileata d'úsáid go nea-dhleathach) do leasú agus leasuítear é leis seo tré na focail “éide no gléas éadaigh no” do chur díreach roimh an bhfocal “ornáid” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin san alt san agus tré na focail “ná caitheamh aon éide ná gléis éadaigh mhileata i gcluiche stáitse ná i dtaisbeáint no in obair dhrámúil eile” do chur i ndeire an ailt sin, agus is dá réir sin a léireofar an t-alt san 193 agus a bheidh éifeacht aige.

Athghairm ar alt 206 agus ar alt 229, (2), den Phríomh-Acht.

11. —Athghairmtear leis seo alt 206 den Phríomh-Acht (alt a bhaineas le baill de sna Fórsaí d'iompar ar bhóthar iarainn) agus fo-alt (2) d'alt 229 den Phríomh-Acht (fo-alt le n-a gcuirtar forálacha an ailt sin 206 i mbaint le baill den chúl-thaca d'iompar ar bhóthar iarainn).

Gearr-theideal agus léiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus le hAcht 1924 agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1925, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1924, do ghairm d'Acht 1924.