3 1925


Uimhir 3 de 1925.


ACHT SÍOLRÚCHÁIN EALLACH STUIC, 1925.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN TAIRBH AGUS EALLACH STUIC EILE A hÚSÁIDTEAR I gCÓIR SÍOLRÚCHÁIN DO REGLEÁIL AGUS D'FHEABHASÚ. [23adh Márta, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Sriantachtaí le cimeád tarbh.

1. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'éinne aon tarbh le n-a mbaineann an tAcht so do chimeád ná do bheith ar seilbh aige ach amháin sa mhéid go mbeidh an cimeád no an tseilbh sin údaruithe le ceadúnas no le pas a deonadh don duine sin fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Gach éinne a chimeádfidh no go mbeidh ar seilbh aige, contrárdha don alt so, aon tarbh le n-a mbaineann an tAcht so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(3) In aon chúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so is ar an té a bheidh á chúiseamh a bheidh a chruthú gur deonadh ceadúnas no pas fén Acht so maidir leis an tarbh agus go raibh sé i bhfeidhm agus (má bhíonn aois an tairbh i gceist) is ar an duine sin a bheidh aois an tairbh do chruthú agus, mara ndintar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú, déanfar talamh slán de nár deonadh aon cheadúnas ná pas den tsórt san no, má deonadh an ceadúnas no an pas san, ná raibh sé i bhfeidhm a thuille an lá adubhradh a dineadh an cionta agus fós gur tarbh le n-a mbaineann an tAcht so gurbh ea an tarbh an lá san.

(4) Chun críche cúisimh mar gheall ar chionta fén alt so tuigfar tarbh do bheith á chimeád agus ar seilbh ag gach éinne riamh acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) únaer an tairbh, agus

(b) duine dar tugadh an tarbh ar iasacht, ar cíos, no ar léas ar feadh tréimhse is sia ná mí, agus

(c) únaer no an té a bhí i gcúram no ag bainistí na dtailte no an áitreibh mar a raibh an tarbh nuair adeirtar a dineadh an cionta, mara gcruthuigheadh an t-únaer no an duine sin gur i gan fhios do no gan aon aontú uaidh, a bhí an tarbh ar na tailte sin an uair sin.

Féadfidh an tAire ceadúnaisí do dheona.

2. —(1) Fé réir forálacha an Achta so agus ar íoc pé táille (nách mó ná cúig scillinge) a hordófar, féadfidh an tAire ceadúnas do dheona d'éinne chun tarbh áirithe le n-a mbaineann an tAcht so do chimeád agus do bheith ar seilbh aige.

(2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach iarratas ag iarraidh ceadúnais fén alt so agus déanfar é ar an slí orduithe agus ar an am orduithe agus beidh an táille orduithe roimhráite in éineacht leis.

(3) Fé réir pé coiníollacha a hordófar agus ar a n-áirítear íoc pé táille sa bhreis (nách mó ná cúig púint) a hordófar, féadfidh an tAire ceadúnas do dheona fén alt so bíodh gur ar am eile seachas an t-am orduithe a déanfí an t-iarratas i gcóir an cheadúnais.

(4) Más deimhin leis an Aire gur cailleadh no gur scriosadh ceadúnas a deonadh fén alt so, féadfa sé, fé réir na gcoiníoll orduithe agus ar íoc na táille orduithe, dúbláid don cheadúnas san do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais agus chun gach críche beidh ag an gceadúnas dúbláide sin an fheidhm agus an éifeacht chéanna a bhí ag an gceadúnas bunaidh, agus gach foráil den Acht so i dtaobh ceadúnais a tabharfí amach fén Acht so bainfe sí le ceadúnas dúbláide a tabharfar amach fén alt so.

(5) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéille d'iarratas ag iarraidh ceadúnais fén alt so tabharfa sé thar n-ais don té d'iarr an ceadúnas san an táille d'íoc an t-iarratasóir sin fé fho-ailt (1) agus (2) den alt so le linn an iarratais sin do dhéanamh agus féadfa sé, leis, iomlán na táille breise no aon chuid den táille bhreise (más ann di) d'íoc an t-iarratasóir sin fé fho-alt (3) den alt so mar gheall ar an iarratas san do thabhairt thar n-ais don iarratasóir sin más dó leis gur ceart san do dhéanamh.

Na coiníollacha ar a ndeonfar ceadúnas.

3. —(1) Ní dheonfidh an tAire ceadúnas fén Acht so i dtaobh aon tairbh go bhfeicfar do gur tarbh é—

(a) a gheinfadh gein lochtach no droch-ghein, no

(b) ar a bhfuil aon ghalar tógálach no aicídeach, no

(c) ar a bhfuil aon ghalar no locht eile a horduíodh a áireamh mar ghalar no mar locht d'fhágfadh tarbh neamh-oiriúnach chun síolrú.

(2) Chun crícheanna an Achta so féadfidh an tAire a chur fé ndeár go ndéanfidh cigire aon tarbh 'nar dineadh iarratas ag iarraidh ceadúnais ina thaobh fén Acht so d'iniúcha agus do scrúdú agus, sna cásanna orduithe, é mharcáil leis an marc orduithe ar an slí orduithe ar an am agus san áit a cheapfidh an tAire chuige sin, agus beidh sé de dhualgas ar an té d'iarr an ceadúnas an tarbh do thabhairt san am agus chun na háite a ceapfar amhlaidh.

(3) Mara ndinidh an té d'iarr ceadúnas fén Acht so an tarbh le n-a mbaineann a iarratas do thabhairt san am agus chun na háite a ceapadh do mar adubhradh, féadfidh an tAire diúltú don cheadúnas do dheona no, má éilíonn an t-iarratasóir é agus tar éis don iarratasóir pé táille (nách mó ná cúig púint) a hordófar d'íoc, féadfidh an tAire a chur fé ndeár go ndéanfar go speisialta an tarbh d'iniúcha, do scrúdú, agus do mharcáil mar adubhradh chun crícheanna an ailt seo ar pé am agus i pé áit a cheapfidh an tAire chun na críche sin.

Ceiliúra ceadúnaisí.

4. —Más deimhin leis an Aire, maidir le tarbh gur deonadh ceadúnas in a thaobh fén Acht so, gur tarbh é—

(a) a gheinfadh gein lochtach no droch-ghein, no

(b) ar a bhfuil aon ghalar tógálach no aicídeach, no

(c) ar a bhfuil aon ghalar no locht eile a horduíodh a áireamh mar ghalar no mar locht d'fhágfadh tarbh neamh-oiriúnach chun síolrú, ceiliúrfidh an tAire an ceadúnas a deonadh i dtaobh an tairbh sin.

Sriantachtaí chun a chur in áirithe go mbeidh an tarbh oiriúnach don cheanntar.

5. —(1) Féadfidh an tAire a fhaisnéis le rialacháin a déanfar fén Acht so go bhfuil aon chineál no cineáil áirithe no aon tsaghas no saghasanna áirithe tarbh neamh-oiriúnach d'aon líomatáiste no líomatáistí áirithe, ach ní dhéanfidh, ní cheiliúrfidh ná ní atharóidh an tAire aon rialachán den tsórt san go dtí go nglacfa sé comhairle ina thaobh leis an gcomhairle chomhairlitheach a bunófar fén Acht so agus ag déanamh, ag ceiliúra no ag atharú aon rialacháin den tsórt san don Aire, cuimhneoidh sé ar aon chomhairle a thabharfidh an chomhairle sin do ina thaobh tar éis dóibh pé fiosrú agus cuardach is dó leo is ceart do dhéanamh (má dhinid amhlaidh).

(2) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, diúltú do cheadúnas do dheona fén Acht so i dtaobh tairbh a cimeádtar no atáthar ar aigne a chimeád i líomatáiste a luaidhtear sna rialacháin sin más tarbh é de chineál no de shaghas a faisnéistear leis na rialacháin sin a bheith neamh-oiriúnach don líomatáiste sin.

(3) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh an tAire aon uair, más oiriúnach leis é, ceadúnas a dheoin sé fén Acht so do chur ar fionnraí no do cheiliúra má dintar an tarbh le n-a mbaineann an ceadúnas san do thabhairt isteach no do chimeád i líomatáiste a luaidhtear in aon rialacháin den tsórt san agus más tarbh é de chineál no de shaghas a faisnéistear leis na rialacháin sin a bheith neamh-oiriúnach don líomatáiste sin.

(4) Ní dhéanfidh an tAire fén alt so diúltú do cheadúnas do dheona ná ceadúnas do cheiliúra ná do chur ar fionnraí maidir le tarbh atá iontrálta no in-iontrálta i leabhar aodhaireachta orduithe, agus a húsáidtear no atáthar ar aigne a úsáid chun ba de chineál an tairbh agus den chineál san amháin do dháir.

An ceadúnas do thaisbeáint chun é iniúcha.

6. —(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhóir ceadúnais a deonadh fén Acht so, nuair a héileofar san air, an ceadúnas san do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint san áit ina gcimeádtar an tarbh le n-a mbaineann sé chun go n-iniúchfar é—

(a) ag cigire, no

(b) ag ball de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, no

(c) ag an té atá i gcúram bó atá le dáir ag an tarbh san.

(2) Gach éinne 'na mbeidh ceadúnas aige a deonadh fén Acht so agus, gan chúis no leathscéal ceart, ná déanfidh no ná cuirfidh fé ndeár go ndéanfar an ceadúnas san do thaisbeáint ar aon ócáid ar a n-éilítear air leis an alt so san do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Tuigfar, chun críche an ailt seo, go n-éilítear ar shealbhóir ceadúnais an ceadúnas do thaisbeáint má dintar an t-éileamh san de bhréithre béil san áit ina gcimeádtar an tarbh le n-a mbaineann an ceadúnas, ar an té atá ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais agus 'na bhfuil cúram, coinneáil no feighil an tairbh air de thurus na huaire.

Dualgas atá ar lucht tarbh do choinneáil.

7. —(1) Beidh sé de dhualgas ar éinne go bhfuil aon tarbh le n-a mbaineann an tAcht so i gcoinneáil aige, agus ar únaer no ar an té atá i gcúram no ag bainistí na dtailte no an áitreibh mar a bhfuighfar aon tarbh den tsórt san, má éilíonn cigire no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána air san do dhéanamh, ainm agus seola únaera an tairbh sin agus ainm agus seola an té go bhfuil an tarbh san i gcoinneáil aige do thabhairt don chigire no don bhall san sa mhéid go bhfuil na hainmneacha agus na seolta san ar eolas aige.

(2) Gach éinne den tsórt san roimhráite gurb eol do ainm no seola únaera tairbh le n-a mbaineann an tAcht so, no ainm no seola an té go bhfuil an tarbh san i gcoinneáil aige, agus a dhiúltóidh nuair a iarrtar san air don ainm no don tseola san do thabhairt do chigire no d'aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Pasanna chun tairbh do reamhrú i gcóir an bhúistéara.

8. —(1) Ar íoc pé táille (nách mó ná dhá scilling agus reul) a hordófar féadfidh an tAire pas do dheona d'éinne chun tarbh áirithe le n-a mbaineann an tAcht so do chimeád agus do reamhrú amuich is amach i gcóir an bhúistéara fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe.

(2) Le pas a deonfar fén alt so údarófar don té dá ndeonfar é an tarbh a luaidhtear sa phas do chimeád agus do bheith ar seilbh aige fé réir agus do réir na gcoiníoll orduithe ar feadh na tréimhse a luaidhtear sa phas no ar feadh aon fhaid a cuirfar leis an tréimhse sin agus a cúl-scríobhfar ar an bpas.

(3) Na forálacha (ar a n-áirítear na forálacha peannaideacha) den Acht so a bhaineann le ceadúnaisí do thaisbeáint agus d'iniúcha, bainfid le pasanna a deonfar fén alt so do thaisbeáint agus d'iniúcha.

Aistriú ceadúnaisí agus pasanna.

9. —(1) Ní bheidh ceadúnaisí agus pasanna a deonfar fén Acht so ionaistrithe ach ar an slí agus sa mhéid a húdaruítear leis an alt so.

(2) I gcás an ceart chun seilbhe ar tharbh, 'na bhfuil ceadúnas no pas a deonadh fén Acht so i bhfeidhm ina thaobh, do dhul o shealbhóir an cheadúnais no an phais chun duine eile (dá ngairmtear an t-aistrí san alt so) tré únaereacht an tairbh d'aistriú chuige no do thuitim chuige no tríd an tarbh do thabhairt do ar iasacht, ar cíos, no ar léas ar feadh tréimhse is sia ná mí, no tré aon tabhairt ar iasacht, ar cíos, no ar léas den tsórt san do stad no do thabhairt suas, féadfidh an tAire an ceadúnas no an pas d'aistriú chun an aistrí ar an slí orduithe ar iarratas ón aistrí agus tar éis fógra do thabhairt do shealbhóir an cheadúnais no an phais no dá ionadaí phearsanta agus tar éis có-líona na gcoiníoll orduithe.

(3) In aon chás den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo ní tuigfar aon chionta fén Acht so do bheith déanta dá dheascaibh seo amháin, eadhon, an t-aistrí do chimeád no do bheith i seilbh an tairbh i rith na tréimhse idir é d'iarraidh aistriú ar an gceadúnas no ar an bpas agus é d'fháil breith an Aire ar an iarratas san agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, más tríd an bpost a cuirfar breith an Aire in úil don aistrí tuigfar an bhreith do bheith fachta aige nuair a seachadfí í i ngnáth-chúrsa an phuist.

(4) Ar fháil bháis do shealbhóir ceadúnais no pais, féadfidh a ionadaí pearsanta seilbh an tairbh le n-a mbaineann an ceadúnas no an pas do chimeád go ceann tréimhse nách sia ná trí mhí o bhás an tsealbhóra no go dtí go ndéanfar, roimh deire na tréimhse sin, deire do chur leis an gceadúnas no leis an bpas agus san gan aistriú chuige féin ar an gceadúnas no ar an bpas d'fháil agus, chun crícheanna an Achta so, tuigfar gurb é an t-ionadaí pearsanta san atá ina shealbhóir ar an gceadúnas no ar an bpas san ar feadh na tréimhse sin no go dtí go gcuirfar deire leis an gceadúnas no leis an bpas san (pe'ca aca é).

Conus a bheidh má tugtar tairbh ar iasacht, etc.

10. —(1) Má dhineann sealbhóir ceadúnais no pais a deonadh fén Acht so an tarbh le n-a mbaineann an ceadúnas no an pas do thabhairt ar iasacht, ar cíos, no ar léas do dhuine eile ar feadh tréimhse nách sia ná mí, tuigfar chun crícheanna an Achta so an tarbh san do leanúint de bheith ar seilbh agus á chimeád ag sealbhóir an cheadúnais no an phais sin faid a bheidh sé ar iasacht, ar cíos, no ar léas mar sin.

(2) Má dhineann sealbhóir ceadúnais no pais a deonadh fén Acht so an tarbh le n-a mbaineann an ceadúnas no an pas do thabhairt ar iasacht, ar cíos, no ar léas do dhuine eile ar feadh tréimhse is sia ná mí, tuigfar chun crícheanna an Achta so an tarbh san do bheith tagtha i seilbh agus i gcimeád an duine eile

Dualgaisí ar shealbhóir ceadúnaisí agus pasanna.

11. —(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhóir ceadúnais no pais a deonadh fén Acht so—

(a) na mion-innste orduithe do chur chun an Aire laistigh den aimsir orduithe agus sa bhfuirm orduithe i dtaobh—

(i) aon aistriú (pe'ca tré dhíol é no ar aon tslí eile) ar únaeracht an tairbh le n-a mbaineann an ceadúnas no an pas no tuitim na húnaerachta san chun éinne eile, agus

(ii) an tarbh do thabhairt ar iasacht, ar cíos, no ar léas, agus

(iii) coillt an tairbh sin, agus

(iv) bás an tairbh sin;

(b) ar thuitim amach d'éinní do chuirfadh éinne eile i dteideal chun aistriú ar an gceadúnas no ar an bpas d'fháil, no laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, an ceadúnas no an pas do chur thar n-ais chun an Aire maraon le pé mion-innste i dtaobh an aistrithe a hordófar;

(c) an ceadúnas no an pas do chur thar n-ais chun an Aire laistigh den aimsir orduithe tar éis deire do bheith curtha leis tré n-a chur ar fionnraí, tré n-a cheiliúra, tré imeacht aimsire, tré bhás no tré choillt an tairbh, no tré éinní eile.

(2) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh sealbhóir ceadúnais no pais a deonadh fén Acht so diúltú d'aon fhoráil áirithe den alt so do chó-líona no faillí do thabhairt ann no é fhágaint gan có-líona, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Tairbh d'iniúcha, etc.

12. —(1) Féadfidh cigire iniúcha agus scrúdú do dhéanamh agus, sna cásanna orduithe, marcáil do dhéanamh sa tslí orduithe, leis an marc orduithe agus féadfidh aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána iniúcha agus scrúdú do dhéanamh, gach tráth réasúnta, ar aon tarbh le n-a mbaineann an tAcht so no ar aon tarbh go gcreideann an cigire no an ball san, le réasún, gur tarbh é le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Chun gach comhacht no aon chomhacht dá dtugtar do leis an alt so d'fheidhmiú, féadfidh aon chigire no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána dul isteach gach tráth réasúnta ar aon tailte no in aon áitreabh mar a bhfuil aon tarbh den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo á chimeád de thurus na huaire no 'na gcreideann an cigire no an ball san, le réasún, go bhfuil an tarbh san á chimeád mar sin ortha no ann.

(3) Gach éinne a bhacfidh no a choiscfidh cigire no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar do leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Féadfidh an tAire a ordú go marófar no go gcoillfar tairbh áirithe.

13. —(1) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéille d'iarratas ag iarraidh ceadúnais fén Acht so no má dhineann sé ceadúnas a deonadh fén Acht so do cheiliúra no do chur ar fionnraí no má sé a thuairim go bhfuil tarbh le n-a mbaineann an tAcht so gan bheith oiriúnach i gcóir síolrúcháin, féadfidh an tAire fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar únaer an tairbh le n-a mbaineann an t-iarratas, an ceadúnas, no an tuairim sin, no ar an té atá in ainm bheith ina únaer ar an tarbh san no ar dhuine eile atá ag cimeád, no i seilbh, an tairbh sin, fógra le n-a n-éileofar ar an duine sin pé ní dhíobh so a leanas agus a luaidhfidh an tAire sa bhfógra, do dhéanamh laistigh den aimsir (nách giorra ná seacht lá) a luadhfar sa bhfógra, sé sin le rá:—

(a) pas d'fháil fén Acht so i dtaobh an tairbh, no

(b) a chur fé ndeár go marófar an tarbh, no

(c) a chur fé ndeár go gcoillfar an tarbh.

(2) I gcás fógra a seirbheálfar fén bhfo-alt san roimhe seo, mara ndintar dá réir laistigh den aimsir a luaidhtear ann, féadfidh an tAire a chur fé ndeár go ndéanfar an tarbh le n-a mbaineann an fógra do mharbhú no do choillt ar chostas únaera an tairbh, agus chun na críche sin féadfidh aon daoine dá dtabharfidh an tAire údarás chuige sin dul isteach in aon áitreabh ina mbeidh an tarbh no 'na gcreidid, le réasún, é bheith ann agus íocfidh únaer an tairbh costas an mharbhuithe no na coillte sin leis an Aire nuair a héileofar air é agus féadfidh an tAire, ar a éileamh do, é fháil ón únaer sin mar fhiacha síbhialta.

(3) Einne a dhéanfidh an tAire no duine ar bith dar thug seisean údarás go cuibhe do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar do leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) An feidhmiú a dhéanfidh an tAire ar na comhachta a tugtar do leis an alt so, ní shaorfa sé éinne o aon phionós a féadfí a chur air fé aon alt eile den Acht so.

(5) Maran fios cé leis aon tarbh áirithe, féadfar fógra fén alt so i dtaobh an tairbh sin do sheola chun “únaer tairbh” gan é ainmniú, agus in aon chás féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachada don té 'na mbeidh sé seolta chuige, no tré n-a sheachada do dhuine os cionn sé mblian ndéag d'aois ar na tailte no san áitreabh mar a mbeidh an tarbh le n-a mbaineann sé á chimeád an uair sin, no tré n-a chur tríd an bpost chun an duine 'na mbeidh sé seolta chuige san áit chomhnaithe is déanaí is eol a bheith aige no san áit is déanaí gurb eol an tarbh le n-a mbaineann sé do bheith á chimeád ann.

Painéal de réiteoirí do bhunú.

14. —(1) Bunófar agus coinneofar suas chun crícheanna an Achta so painéal de réiteoirí a bheidh có-dhéanta de pé méid daoine cearta oiriúnacha a gheobhfar o am go ham a bheith riachtanach chun na gcrícheanna roimhráite.

(2) Isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh baill an phainéil de réiteoirí, agus beidh gach ball den tsórt san in oifig go ceann cúig mblian o dháta a cheaptha agus beidh sé ionathcheaptha ar bheith caithte d'aon téarma oifige den tsórt san.

(3) Íocfar le gach ball den phainéal de réiteoirí, ar gach iniúcha agus scrúdú a dhéanfa sé do réir an Achta so, pé táillí agus costaisí a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Iarratas chun réiteoir do dhéanamh scrúduithe.

15. —(1) Má dhineann an tAire—

(a) diúltú do ghéille d'iarratas ag iarraidh ceadúnais no pais fén Acht so, no

(b) diúltú do cheadúnas no pas a deonadh fén Acht so d'aistriú no do cheadúnas no pas nua do dheona in ionad an aistrithe sin, no

(c) ceadúnas a deonadh fén Acht so do cheiliúra no do chur ar fionnraí, no

(d) seirbheáil do dhéanamh fén Acht so ar fhógra á éileamh go bhfuighfar pas i dtaobh tairbh no ar fhógra á éileamh go marófar tarbh no ar fhógra á éileamh go gcoillfar tarbh,

beidh únaer an tairbh le n-a mbaineann an t-iarratas, an ceadúnas, an pas, no an fógra, no éinne atá ag cimeád, no i seilbh, an tairbh sin, beidh sé i dteideal chun an tarbh san d'fháil iniúchta agus scrúduithe ag réiteoir ar a iarraidh sin sa tslí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe agus ar íoc na táille orduithe ná raghaidh thar punt.

(2) Ar fháil iarratais do fén bhfo-alt san roimhe seo, maraon leis an táille orduithe air, cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfidh réiteoir a ainmneoidh an tAire as an bpainéal de réiteoirí an tarbh le n-a mbaineann an t-iarratas d'iniúcha agus do scrúdú, agus tabharfidh an réiteoir sin don Aire tuarasgabháil i scríbhinn ar thora an iniúchta agus an scrúduithe a dhéanfa sé ar an tarbh.

(3) Leis sin breithneoidh an tAire an tuarasgabháil sin agus daingneoidh sé an diúltú, an ceiliúra, an cur-ar-fionnraí, no an fógra roimhráite tar éis é atharú no gan é atharú, no ragha sé siar air no cuirfe sé é ar nea-mbrí.

(4) Más mar gheall ar dhiúltú do cheadúnas no pas do dheona no d'aistriú, no do cheadúnas no pas nua do dheona in ionad an aistrithe sin, a hiarrfar fén alt so go ndéanfar tarbh d'iniúcha agus do scrúdú, ní tuigfar aon chionta fén Acht so do bheith á dhéanamh tríd an tarbh le n-a mbaineann an t-iarratas do bheith á chimeád no do bheith ar seilbh go dtí go dtabharfidh an tAire a bhreith ar thuarasgabháil an réiteora.

(5) Más mar gheall ar cheiliúra ceadúnais no ar chur ceadúnais ar fionnraí no ar sheirbheáil fógra a hiarrfar fén alt so go ndéanfar tarbh d'iniúcha agus do scrúdú, tuigfar an ceiliúra, an cur-ar-fionnraí, no an fógra san do bheith tarraingthe siar go dtí go dtabharfidh an tAire a bhreith ar thuarasgabháil an réiteora, agus má dhineann an tAire fén alt so an ceiliúra, an cur-ar-fionnraí, no an fógra san do dhaingniú tar éis é atharú no gan é atharú, raghaidh an ceiliúra no an cur-ar-fionnraí in éifeacht, agus é daingnithe amhlaidh, ar dháta an daingnithe sin agus ón lá san amach no tuigfar chun crícheanna an Achta so gur dineadh an fógra san agus é daingnithe amhlaidh do sheirbheáil ar dháta an daingnithe sin.

(6) Nuair a bheidh ball den phainéal de réiteoirí á roghnú ag an Aire chun tarbh d'iniúcha agus do scrúdú fén alt so, ní ainmneoidh sé aon bhall a bhí laistigh de bhliain roimhe sin ar fostú, chun an tarbh d'iniúcha no do scrúdú, ag an té a bheidh ag déanamh an iarratais no ag an Aire.

(7) Má dhineann an tAire fén alt so dul siar ar aon diúltú, ceiliúra, cur-ar-fionnraí, no fógra den tsórt roimhráite no é chur ar nea-mbrí, déanfar an táille a híocadh nuair a hiarradh an tarbh do scrúdú agus d'iniúcha ag réiteoir do thabhairt thar n-ais don té d'íoc í.

Comhairle chomhairlitheach.

16. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le pé cóluchtaí agus daoine is dó leis is mó sheasuíonn ar son na leasanna uile agus fé seach le n-a mbaineann an scéal, bunóidh an tAire, le hordú, comhairle chomhairlitheach chun comhairle agus cúnamh do thabhairt don Aire i dtaobh éinní a bhaineann le rialacháin do dhéanamh fé fhorálacha an Achta so, no, ar aon tslí eile, leis na forálacha san do chur i bhfeidhm no i dtaobh éinní eile a bhaineann le gnó an eallaigh stuic.

(2) Beidh an chomhairle chomhairlitheach san có-dhéanta de pé daoine (daoine go bhfuil taithí no eolas fé leith acu maidir leis na nithe go bhféadfidh an chomhairle comhairle no cúnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh) a ainmneoidh an tAire o am go ham, tar éis dul i gcomhairle mar adubhradh, chun bheith ina mbaill di agus isí tréimhse a choinneoidh gach duine acu a bhallraíocht ná go ceann dhá bhliain o dháta a ainmnithe, ach amháin i gcás éag no eirghe-as do roimhe sin, ach beidh sé ion-athainmnithe.

(3) Beidh cruinniú ag an gcomhairle chomhairlitheach san pé uair a ghairmfidh an tAire le n-a chéile iad agus fós ar pé ócáidí a cheapfidh an chomhairle o am go ham.

(4) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfidh an tAire íocaíochta d'íoc le baill den chomhairle chomhairlitheach san agus de choistí dhi, pé méid a cheadóidh an tAire Airgid, ar scór aisíoc costaisí taistil agus íoc liúntais cothuithe.

Costaisí.

17. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur i bhfeidhm.

Pionós mar gheall ar cheadúnaisí, etc., d'úsáid go calaoiseach.

18. —(1) Gach éinne a dhéanfidh no a cheadóidh aon cheadúnas, ceadúnas dúbláide, no pas, a deonadh fén Acht so, d'atharú no d'úsáid go calaoiseach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí no fén bpríosúntacht agus fén bhfíneáil sin le chéile.

(2) Gach éinne a dhéanfidh no a cheadóidh, gan údarás dleathach, aon mharc a chuir cigire ar aon tarbh fén Acht so d'atharú no d'agha-lot, no a chuirfidh ar aon tarbh, gan údarás dleathach, aon mharc a bheidh díreach mar mharc a horduíodh fén Acht so no chó mór san deabhramh le haon mharc den tsórt san go gcuirfadh sé duine amú, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint ar fhichid no, más rogha leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí, no fén bpríosúntacht agus fén bhfíneáil sin le chéile.

Ciontaí.

19. —Féadfidh an tAire, mar chúisitheoir, no féadfar ar a agra amhlaidh, gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

20. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud a horduítear no atá le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méid ná i dtaobh bailiú táillí gan aontú ón Aire Airgid.

(2) Na rialacháin uile a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacháin sin ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fé sna rialacháin sin.

Baint an Achta so.

21. —(1) Bainfidh an tAcht so le gach tarbh de pé aois a hordófar chuige sin le rialacháin a déanfar fén Acht so, ach amháin—

(a) ná bainfidh an tAcht so le tarbh a cimeádtar chun crícheanna trialach amháin fé údarás scríbhte an Aire agus dá réir, agus

(b) i gcás tairbh a tabharfar isteach go dleathach i Saorstát Éireann tar éis an aois orduithe do bheith slán aige agus 'na mbeidh na coiníollacha orduithe có-líonta ina thaobh, ná bainfidh an tAcht so leis an tarbh go dtí go mbeidh an tréimhse orduithe tar éis a thabhartha isteach i Saorstát Éireann caithte.

(2) Aon uair tar éis an lae cheaptha féadfidh an tAire, le hordú, forálacha an Achta so, agus pé atharuithe a luadhfar san ordú san déanta ortha, do chur i mbaint le collaigh no le reithí, no le collaigh agus reithí, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san fé is dá n-achtúití san Acht so é, ach féadfar é atharú no é cheiliúra le haon ordú ina dhiaidh sin ón Aire.

An lá ceaptha.

22. —Féadfidh an tAire, le hordú, lá do cheapa chun bheith ina lá cheaptha chun críche an Achta so, agus cialluíonn an focal “an lá ceaptha,” nuair a húsáidtear san Acht so é, an lá a ceapfar amhlaidh.

Mínithe.

23. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” and tAire Tailte agus Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a déanfar fén Acht so;

foluíonn an focal “cigire” éinne dá dtabharfidh an tAire údarás (go generálta no chun críche áirithe) chun gach ceann no aon cheann de sna comhachta a bronntar agus gach ceann no aon cheann de sna dualgaisí a forchuirtar ar chigire leis an Acht so d'fheidhmiú agus do chó-líona.

Gearr-theideal.

24. —Féadfar an tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 , do ghairm den Acht so.