|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 2 de 1925. | ||
[EN] |
ACHT DOCHTÚIREACHTA, 1925. | |
ACHT CHUN A ÚDARÚ DON PHRÍOMH-CHOMHAIRLE A BUNUÍODH LEIS NA hACHTANNA DOCHTÚIREACHTA LEANÚINT GO SEALADACH D'ÚDARÁS D'FHEIDHMIÚ FÉ SNA hACHTANNA SAN MAIDIR LE DOCHTÚIRÍ LEIGHIS I SAORSTÁT ÉIREANN. | ||
[21adh Feabhra, 1925.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Cirt, etc., daoine cláruithe agus údarásanna clárathachta fé sna hAchtanna Dochtúireachta. |
1. —(1) Gach duine atá cláruithe fé sna hAchtanna Dochtúireachta (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a cuireadh ar an gclár é) beidh aige i Saorstát Éireann na cirt, na príbhléidí, agus na saoirsí céanna a bhí ag daoine a bhí cláruithe amhlaidh in Éirinn roimh bhunú Shaorstáit Éireann agus beidh sé fé sna hoblagáidí céanna fé n-a rabhdar san. |
[EN] | (2) Gach comhacht agus údarás den tsórt a bhí ag an bPríomh-Chomhairle agus ag á n-oifigigh agus a fhéadfidís a fheidhmiú, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, fé sna hAchtanna Dochtúireachta maidir le daoine agus nithe in Éirinn, beid ag an bPríomh-Chomhairle agus ag á n-oifigigh agus féadfid iad d'fheidhmiú fé sna hAchtanna san maidir le daoine agus nithe i Saorstát Éireann. | |
[EN] | (3) Na comhacta agus na húdaráis den tsórt a bhí ag Comhairle Bhrainse na hÉireann agus ag á n-oifigigh agus a fhéadfidís a fheidhmiú, roimh bhunú Shaorstáit Éireann, fé sna hAchtanna Dochtúireachta maidir le daoine agus nithe in Éirinn, beid ag an gComhairle sin agus ag á n-oifigigh agus féadfid iad d'fheidhmiú fé sna hAchtanna san maidir le daoine agus nithe i Saorstát Éireann. | |
[EN] |
Beidh códhéanamh na gcomhairlí agus na cáilíochta clárathachta mar atáid go dtí so. |
2. —(1) Leanfar den Phríomh-Chomhairle agus de Chomhairle Bhrainse na hÉireann fé seach do chó-dhéanamh agus leanfar dá mbaill d'ainmniú, do roghnú, agus do thogha ar an gcuma gcéanna ina ndintí na Comhairlí agus na baill sin fé seach do chó-dhéanamh, d'ainimiú, do roghnú, agus do thogha roimh bhunú Shaorstáit Éireann |
[EN] | (2) Leanfidh ag Príomh-scoileanna agus ag corporáidí dochtúireachta i Saorstát Éireann na comhachta céanna a bhí acu fé seach roimh bhunú Shaorstáit Éireann chun árd-teistisí do dheona agus chun scrúduithe tástála do bheith acu i gcóir clárú fé sna hAchtanna Dochtúireachta. | |
[EN] |
Éifeacht na nAchtanna Dochtúireachta i Saorstát Éireann. |
3. —Beidh éifeacht ag na hAchtanna Dochtúireachta i Saorstát Éireann fé réir agus do réir forálacha an Achta so. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú, luadh agus buaine. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Dochtúireachta, 1925 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Dochtúireachta agus féadfar na hAchtanna Dochtúireachta do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile. | |
[EN] | (3) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann bliana o am a rithte agus raghaidh sé in éag ansan. |