An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. CEADUCHAN.) Ar Aghaidh (CUID IV. STILLEIREACHT NEA-DHLISTINEACH.)

62 1924

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924

CUID III.

CLUBANNA.

Bríonna focal a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so.

19. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “cúirt” an ní céanna a chialluíonn an focal “court” sa Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ach amháin go gciallóidh an focal “cúirt” an Chúirt Chuarda chun crícheanna iarrataisí le n-a n-iarrfar go ndeonfar deimhniú bunaidh ar chlarú club fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, mar a leasuítear leis an Acht so é.

(2) Na focail eile go léir a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus a húsáidtear sa Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, leis, cialluíd sa Chuid seo den Acht so na nithe céanna a chialluíd fé seach san Acht san.

Tráthanna coiscithe i gclubanna.

20. —(1) Chun go mbeidh aon chlub ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, forálfar le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná soláthrófar aon deoch ionmháil d'éinne chun í ól in áitreabh an chlub agus ná hólfidh éinne í in áitreabh an chlub (maran ball den chlub an duine sin agus é ar lóistín in áitreabh an chlub)—

(a) roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche aon lá nách Satharn ná Domhnach, ná

(b) roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche aon tSatharn, ná

(c) roimh a haon a chlog tráthnóna ná tar éis a deich a chlog istoíche aon Domhnach.

(2) Aon chlub atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, le linn rithte an Achta so, ní bhainfidh an t-alt so leis go dul in eug don deimhniú ar chlárú an chlub san a bheidh i bhfeidhm i gcionn dhá mhí o am rithte an Achta so.

Deocha ionmháil do sholáthar i gclubanna cláruithe ar ócáidí speisialta.

21. —(1) Féadfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas rúnaí chlub chláruithe, a údarú don chlub san, in ainneoin na bhforálacha bheidh ina rialacha do réir na Coda so den Acht so, deocha ionmháil do sholáthar do bhaill den chlub i rith aon tréimhse áirithe a luadhfar san údarás agus nách sia ná sé huaire a'chluig, tréimhse a mbeadh an soláthar san de dheocha ionmháil coiscithe le n-a linn le rialacha an chlub.

(2) Beidh sé dleathach deocha ionmháil do sholáthar i gclub cláruithe do bhaill den chlub i rith aon tréimhse a húdarófar fén alt so agus ní tuigfar gur brise ar rialacha an chlub é.

(3) Ní deonfar níos mó ná dhá údarás déag fén alt so don aon chlub amháin aon bhliain.

Méadú ar an táille is iníoctha ag clubanna nuair a cláruítear iad.

22. —Gach club a iarfidh deimhniú bunaidh ar chlárú fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, no athnuachaint ar aon deimhniú den tsórt san, déanfid, mar choiníoll clárathachta, táille dhá phúnt d'íoc leis an gclárathóir.

Iarratas ag iarraidh deimhniú bunaidh ar chlárú.

23. —(1) Gach iarratas le n-a n-iarrtar go ndeonfí deimhniú bunaidh ar chlárú fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, leanfar d'iad a dhéanamh chun an chlárathóra do réir an Achta san mar a leasuítear leis an Acht so é, ach isí an Chúirt Chuarda a éistfidh iad agus a thabharfidh breith ortha in ionad na cúirte a horduítear leis an Acht san.

(2) Isé Breitheamh Cuarda na Cuarda ina bhfuil áitreabh an chlub suidhte a fheidhmeoidh an t-údarás a bronntar ar an gCúirt Chuarda leis an alt so agus san ar pé slí a hordófar le rialacha cúirte.

Agóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona.

24. —(1) Ar na hagóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona a fhéadfidh an chúirt a bhreithniú fé alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, beidh agóidí a déanfar ar aon scór acu so a leanas no ortha araon, sé sin le rá:—

(a) an méid clubanna cláruithe atá de shaghas an chlub atá ag iarraidh an deimhnithe agus a bhfuil áitreabhacha acu sa cheanntar ina bhfuil an club san á bheartú a áitreabh do bheith aige, gur leor iad i gcóir riachtanaisí an cheanntair sin;

(b) gur dócha gur chun deocha meisciúla do sholáthar do bhaill an chlub agus dá gcuairteoirí is mó a húsáidfar an club agus áitreabh an chlub.

(2) Ar na hagóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona no d'athnuachaint a fhéadfidh an chúirt a bhreithniú fé alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, beidh agóid a déanfar ar an scór go bhfuil diúité éigin máil is iníoctha ar son an chlub gan bheith íoctha.

Féadfidh póilíní clubanna do chuardach.

25. —(1) Más dó le haon oifigeach de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, nach ísle céim ná cigire, go bhfuil cúis réasúnta chun a cheapa go ndintar aon chlub áirithe atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, do bhainistí no do sheola i slí is go bhfuil cúis ann chun cur i gcoinnibh a dheimhniú d'athnuachaint fén Acht san, no go bhfuiltar tar éis cionta fén Acht san, mar a leasuíodh é leis an Acht so, do dhéanamh, no go bhfuiltar á dhéanamh in aon chlub den tsórt san, no go ndintar aon deoch ionmháil do dhíol no do sholáthar, no do chimeád chun í dhíol no í sholáthar, in áitreabh club ná fuil cláruithe fen Acht san, féadfa sé ordú i scríbhinn (dá ngairmtear ordú cuardaigh san alt so) do thabhairt amach d'aon tsáirsint, constábla, no gárda no d'aon tsáirsintí, constáblaí, no gárdaí atá fé n-a láimh chun áitreabh an chlub san do chuardach.

(2) Déanfar le haon ordú cuardaigh a tabharfar amach fén alt so a údarú do sna sáirsintí, na constáblaí, no na gárdaí a bheidh ainmnithe ann dul isteach sa chlub aon uair laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis tabhairt amach an orduithe, agus san le héigean más gá é, agus áitreabh an chlub do scrúdú agus ainmneacha agus seolta aon daoine a gheobhfar ann do chur síos agus aon leabhair agus páipéirí a bhaineas le gnó an chlub do thógaint.

(3) Má dhineann aon duine no daoine a gheobhfar san áitreabh san diúltú dá n-ainmneacha agus dá seolta fé seach do thabhairt uatha nuair iarrfidh aon tsáirsint, constábla, no gárda den tsórt san ortha iad, no má thugaid ainmneacha agus seolta bréagacha, féadfar, ar a gciontú ar an slí achmair, an duine no na daoine sin a dhin amhlaidh, gach éinne fé leith acu, do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.