|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 54 de 1924. | ||
[EN] |
ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGALÁ) (LEASÚ), 1924. | |
ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGÁLA), 1924 . | ||
[18adh Mí na Nodlag, 1924.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú ar “Príomh-Acht.” |
1. —San Acht so cialluíonn an focal “Príomh-Acht” Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 (Uimh. 14 de 1924) . |
[EN] |
An brí atá leis an bhfocal “duine” sa Phríomh-Acht. |
2. —Ní fholóidh an focal “duine,” pé áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht, agus tuigfar nár fholuigh sé riamh údarás áitiúil, agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] |
Deontaisí d'údaráis áitiúla a bheidh ag tógáil no ag athdhéanamh tithe. |
3. —(1) Féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontaisí do dheona, le cead ón Aire Airgid, d'údaráis áitiúla a bheidh ag tógáil no ag athdhéanamh tithe fé fhorálacha na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921. |
[EN] | (2) Ní raghaidh méid aon deontais a deonfar d'údarás áitiúil i dtaobh aon tithe thar iomlán na suimeanna oiriúnacha a luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar dheontas maximum ón Aire i dtaobh gach tighe dhíobh. | |
[EN] | (3) Athghairmtear fo-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht leis seo agus ina ionad san, maidir le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fén alt san, maraon le méid iomlán na ndeontas a bheidh le deona fén alt so, achtuítear leis seo ná raghaidh sé thar suim £250,000 i dtaobh tógáil tithe na thar suim £50,000 i dtaobh athdhéanamh tithe. | |
[EN] |
Costaisí ar údaráis áitiúla i dtaobh feidhmiú an Phríomh-Achta agus an Achta so. |
4. —(1) Na costaisí uile fé n-ar chuaidh no fé n-a raghaidh comhairle contae, roimh rith an Achta so no dá éis sin, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta no an Achta so, is amach as an ráta dealbhais a híocfar iad agus muirearófar iad ar líomatáiste uile na contae sin lasmuich de líomatáiste aon bhuirge, bailecheanntair, no baile ina bhfuil coimisinéirí baile, sa chontae sin. |
[EN] | (2) Na costaisí uile fé n-ar chuaidh no fé n-a raghaidh comhairle contae-bhuirge no bailecheanntair no coimisinéirí baile, roimh rith an Achta so no dá éis sin, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta no an Achta so, soláthrófar agus íocfar iad fé is dá mba i bhfeidhmiú na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, a raghadh an chomhairle no na coimisinéirí sin fútha. | |
[EN] |
Baint an Phríomh-Achta do leathanú i gcásanna áirithe. |
5. —I dteanta na dtithe atá luaidhte in alt 3 den Phríomh-Acht bainfidh an tAcht san agus tuigfar gur bhain sé riamh, i gcásanna speisialta ina gceadóidh an tAire é, le tigh a bheidh do réir na gcoiníollacha so a leanas:— |
[EN] | (a) nách mó ná 1,400 troigh cheárnach a bheidh achar iomlán na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus iad do thomhas laistigh de sna fallaí fóirimealhacha; | |
[EN] | (b) gur tosnuíodh ar thógáil no ar athdhéanamh an tighe laistigh de shé mhí roimh rith an Phríomh-Achta; | |
[EN] | (c) go bhfuil an tigh do réir forálacha alt 3 den Phríomh-Acht ach amháin na forálacha a bhaineann le hachar iomlán maximum na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus na forálacha a bhaineann leis an dáta ar a mbeifar le tosnú ar thógáil no ar athdhéanamh an tighe. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus léiriú. |
6. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Saoráidí Tógála) (Leasú), 1924 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar Achtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile. |