Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. RIALACHA.)

44 1924


Uimhir 44 de 1924.


ACHT BREITHIÚNAIS CHOIRIÚLA (RIARA), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE DÍOTÁLA I gCÁSANNA COIRIÚLA AGUS LE NITHE A LEANAS ASTA SAN NO ATÁ COSÚIL LEO. [5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Rialacha i dtaobh díotálanna.

1. —Na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh díotálanna beidh éifeacht aca fé mar a hachtófí san Acht so iad, ach féadar cur leis na rialacha san, iad d'atharú no iad do chur ar nea-mbrí le tuille rialacha a déanfar fén Acht so.

Rialacha do dhéanamh fén Acht so.

2. —(1) Na daoine go bhfuil údarás acu no gur gá a gcó-aontú, do réir alt 36 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), chun na Rialacha Cúirte a luaidhtear san alt san do dhéanamh, siniad na daoine a dhéanfidh agus 'na ndéanfar le n-a gcó-aontú aon rialacha a déanfar fén Acht so.

(2) Bainfidh alt 101 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ) le gach riail a déanfar fén Acht so.

Na rialacha a féadfar a dhéanamh fén Acht so.

3. —(1) Féadfar rialacha do dhéanamh fén Acht so o am go ham chun gach riail no aon riail dá bhfuil sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí.

(2) I dteanta na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féadfar tuille rialacha dhéanamh fén Acht so i dtaobh éinní de sna nithe le n-a ndeighleáltar sna rialacha san atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Beidh éifeacht ag na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé réir aon atharuithe no breiseanna a déanfar ortha no a cuirfar leo le rialacha a déanfar fén Acht so.

Forálacha generálta i dtaobh díotálanna.

4. —(1) Beidh i ngach díotáil, agus is leor í má bhíonn inti, ráiteas ar an gcionta no ar na ciontaí áirithe a bheidh curtha i leith an duine chúisithe, maraon le pé mion-innste is gá chun eolas réasúnta do thabhairt ar nádúir an chúisimh.

(2) In ainneoin aon riail dlí no cleachta agus fé réir forálacha an Achta so ní féadfar agóid do chur i gcoinnibh díotála mar gheall ar a fuirm no mar gheall ar a bhfuil inti má bhíonn sí curtha le chéile do réir na rialacha fén Acht so.

Féadfar cúisithe do chur le chéile san aon díotáil amháin.

5. —Fé réir forálacha na rialacha fén Acht so, féadfar cúisithe mar gheall ar níos mó ná aon fheleontacht amháin no mar gheall ar níos mó ná aon mhí-iompar amháin, agus cúisithe mar gheall ar fheleontachtaí agus mí-iompair le chéile, do chur le chéile san aon díotáil amháin, ach má trialtar feleontacht maraon le mí-iompar cuirfar an coiste dháréag fé mhionn agus beidh ceart ag an duine cúisithe chun cur i gcoinnibh coisteoirí díreach fé is dá mb’ fheleontachtaí na ciontaí go léir in ar cúisíodh sa díotáil é.

Orduithe chun an díotáil do leasú, chun triail fé leith do dhéanamh, agus chun an triail do chur ar athló.

6. —(1) Más rud é, roimh thriail no in aon chéim de thriail, go bhfeicfar don chúirt go bhfuil easnamh ar an díotáil, déanfidh an chúirt pé ordú chun an díotáil do leasú is dó leis an gcúirt is gá i gcóir an cháis, maran rud é nách féidir, dar leis an gcúirt, na leasuithe riachtanacha do dhéanamh gan éagcóir do dhéanamh, agus féadfidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh íoc aon chostaisí fé n-a raghfar toisc gur gá an leasú do dhéanamh.

(2) Má leasuítear díotáil amhlaidh, cúl-scríobhfar nóta i dtaobh an orduithe leasúcháin ar an díotáil, agus, chun crícheanna na trialach agus chun crícheanna gach imeachta a bhaineann leis an triail, deighleálfar leis an díotáil fé mar a cuirfí í fé bhráid an choiste dháréag sa bhfuirm leasuithe.

(3) Más rud é, roimh thriail no in aon chéim de thriail, gur dó leis an gcúirt go mb'fhéidir go ndéanfí dochar do dhuine chúisithe, no go gcuirfí tré n-a chéile é, ina chosaint toisc é bheith cúisithe i níos mó ná cionta amháin san aon díotáil amháin, no, ar aon chúis eile, gur mhaith an rud a ordú triail fé leith do thabhairt don duine in aon chionta no ciontaí áirithe in ar cúisíodh é i ndíotáil, féadfidh an chúirt a ordú go ndéanfar triail fé leith ar aon scór no scóranna sa díotáil sin.

(4) Más rud é, roimh thriail no in aon chéim de thriail, gur dó leis an gcúirt gur rud oiriúnach le déanamh é triail duine a cúisíodh do chur ar athló de bharr feidhmiú bheith déanta ar aon chomhacht atá ag an gcúirt fén Acht so chun díotáil do leasú no chun a ordú go ndéanfí triail fé leith ar scór, déanfidh an chúirt pé ordú a dheabhróidh bheith riachtanach i dtaobh an triail do chur ar athló.

(5) Sa chás go ndéanfidh an chúirt ordú fén alt so chun triail fé leith do dhéanamh no chun triail do chur ar athló—

(a) más le linn trialach a déanfar ordú den tsórt san, féadfidh an chúirt a ordú go scurfar an coiste dháréag o bhreith-fhocal do thabhairt ar an scór no ar na scóranna 'nar cuireadh a dtriail ar athló, no ar an díotáil, pe'ca aca é; agus

(b) an nós-imeachta a leanfar i dtriail fé leith ar scór, beidh sé ar gach slí fé mar a bheadh sé dá gcuirtí an scór i ndíotáil fé leith, agus an nós-imeachta a leanfar i dtriail a cuireadh ar athló (má scuireadh an coiste dháréag) beidh sé ar gach slí fé mar a bheadh sé dá mba ná beadh an triail tosnuithe; agus

(c) féadfidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh costaisí agus i dtaobh an duine cúisithe do chur fé bhannaí agus i dtaobh méadú bannaí agus nithe eile.

(6) Aon chomhacht a bheidh ag an gcúirt fén alt so is mar bhreis a bheidh sí le haon chomhacht eile atá ag an gcúirt chun na críche céanna no chun crícheanna dá samhail agus ní mar luíodú uirri.

Costaisí díotálanna ar a mbeidh easnamh no ina mbeidh an iomad.

7. —Má chítar don chúirt go bhfuil abhar nea-riachtanach no faid nea-riachtanach i ndíotáil no go bhfuil fíor-easnamh uirri in aon tslí, féadfidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh íoc na coda san de chostaisí an chúisimh fé n-ar chuathas de dheascaibh abhar nea-riachtanach no faid neariachtanach do bheith so díotáil mar sin no de dheascaibh an fhíor-easnaimh sin uirri.

Foráil i dtaobh an Vexatious Indictments Act.

8. —Ní chuirfidh éinní san Acht so cosc le hagóid do chur i gcoinnibh díotála má sháruíonn sí an Vexatious Indictments Act, 1859, no mara gcó-líona sí é.

Ar agra an Phríomh-Atúrnae a cuirfar cúisithe ar aghaidh.

9. —(1) Is ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a cuirfar ar aghaidh gach cúiseamh coiriúil a cuirfar ar aghaidh ar dhíotáil in aon chúirt.

(2) Is ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a cuirfar ar aghaidh gach cúiseamh in aon chúirt údaráis achmair, ach amháin sa chás ina ndéanfidh Aire, Roinn Stáit, no duine (oifigiúil no neamh-oifigiúil), 'na mbeidh údarás aige chuige sin do réir dlí de thurus na huaire, cúiseamh coiriúil i gcúirt údaráis achmair do chur ar aghaidh.

Fuirm an mhionna i gcás ceist i dtaobh cumas pléideála.

10. —Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh an mionn fé n-a gcuirfar coisteoirí a painéalfar chun a fháil amach ce'ca tá príosúnach inniúil ar phléadáil no ná fuil, sé sin le rá:—

“Mionnuím dar Dia an uile chomhacht go bhféachfad go maith agus go dícheallach ce'ca tá A.B., an príosúnach ag an mbarra, as a mheabhair no ná fuil, agus go dtabharfad breith-fhocal fíor chó fada lem’ thuisgint.”

Fuirm an mhionna i gcás tost an phríosúnaigh.

11. —Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh an mionn fé n-a gcuirfar coisteoirí a painéalfar chun a fháil amach ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá bailbhe ar phríosúnach a fhanann ina thost, sé sin le rá:—

“Mionnuím dar Dia an uile chomhacht go bhféachfad go maith agus go dícheallach ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá bailbhe ar A.B., an príosúnach ag an mbarra, agus go dtabharfad breith-fhocal fíor do réir na fianaise.”

Nolle prosequi agus an fhuirm a bheidh air.

12. —I dtriail príosúnaigh ar dhíotáil ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann, féadfar nolle prosequi d'iontráil, ar iarratas Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann, aon uair tar éis an díotáil do bheith curtha fé bhráid an choiste dháréag agus sara dtugtar breith-fhocal ar an díotáil, agus is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh gach nolle prosequi den tsórt san, sé sin le rá:—

Ar an............lá de............................................, 19............, i dtriail A.B. ar chúiseamh Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann ar dhíotáil mar

gheall ar...............................................................................................

....................dubhairt an Príomh-Atúrnae sin, ina phearsain féin (no tré n'abhcóide) leis an gcúirt ná leanfadh sé níos sia den A.B. sin do chúiseamh ar an díotáil sin, agus leis sin d'orduigh an chúirt an A.B. sin do shaora ón díotáil roimhráite.

Fuirm banna.

13. —Gach banna fé n-a raghfar mar urraíocht i láthair Giúistís Dúithche no Breithimh den Chúirt Dúithche no Feadhmanaigh Síochána, is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh sé no i pé fuirm den tsaghas chéanna a theastóidh sa chás:—

Cuimhnítear gur dhin A. B., as..........................................................

...............(oibritheoir), C. D., as...........................................................

...............(grósaer), agus E. F., as........................................................

...............(búistéir), ar an...................lá de...........................................

sa bhliain d'Aois Ar dTiarna..............., teacht i bpearsain am láthair-se, an fo-shighnitheoir, Giúistís Dúithche i Saorstát Éireann (no Breitheamh de Chúirt Dúithche Shaorstáit Éireann no Feadhmanach Síochána) do Dhúthaigh............................... agus gur admhuigh gach duine fé leith acu go raibh na suimeanna so fé seach a leanas dlite ag Saorstát Éireann ortha, sé sin le rá, suim..............................................ar A. B. sin agus suim .........................................an duine ar C. D. agus ar E. F. sin, suimeanna a gearrfar agus a tógfar ar a maoin agus ar a n-áirnéis, ar a dtailte agus ar a dtionóntacháin, fé leith agus fé seach, chun úsáid Aire Airgid Shaorstáit Éireann, mara ndinidh seisean, A. B. sin, an coiníoll cúl-scríbhte do chó-líona. Tugtha agus admhuithe an lá agus an bhliain a céad-luaidhtear thuas i........................am’ láthair-se,.........................

Sé coiníoll a ghabhann leis an mbanna atá scríbhte istigh anso ná, de bhrí gur cúisíodh A.B. sin an lá so am’ láthair-se, an Breitheamh no an Feadhmanach Síochána a luaidhtear istigh, i (etc., mar atá sa bharántas); ar an abhar san má thagann A.B. sin i láthair an chéad shuidhe eile den Chúirt Dúithche (no den Chúirt Chuarda no den Ard-Chúirt no den Phríomh-Chúirt Choiriúil, pe'ca aca é) a comórfar sa Dúthaigh agus don Dúthaigh (no fé mar a bheidh), agus san áit sin é féin do thabhairt isteach i gcimeád do chimeádaí an (phríosúin choitianta) san áit sin, agus pléadáil do dhéanamh i pé cúiseamh no díotáil a cuirfar ina choinnibh, agus a thriail sa chéanna do sheasamh, agus gan imeacht as an gCúirt sin gan cead, ansan an banna san do bheith gan brí no, marab é sin é, é sheasamh ina lán-fheidhm agus ina lán-bhrí.

Fuirm mionn na gcoisteoirí i gcásanna coiriúla.

14. —An mionn fé n-a gcuirfar na coisteoirí a painéalfar chun aon chúiseamh no ceist choiriúil do thriail, is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh sé, sé sin le rá: —

“Mionnuím dar Dia an uile chomhacht go dtrialfad go maith agus go fírinneach an cheist i dtaobh ce 'ca tá an duine cúisithe ciontach no ná fuil sa chionta a luaidhtear sa díotáil a cuireadh ina aghaidh (no ina haghaidh) agus go dtabharfad breith-fhocal fíor do réir na fianaise.”

Eisceachtaí agus léiriú.

15. —(1) Ní dhéanfidh éinní san Acht so, ná sna rialacha fé, aon difir don dlí ná don chleachta a bhaineann le húdarás cúirte ná maidir le cadé an áit in ar féidir duine cúisithe do thriail, ná dochar dom oblagáid, ná luíodú in aon tslí ar an oblagáid, eadhon, cruthú do dhéanamh le fianaise do réir dlí ar aon ghníomhartha, faillíocha, no intinní is gá do réir dlí chun cionta dhéanamh den ní ina gcúisítear an duine cúisithe, ná ní dhéanfa sé difir ar aon tslí eile do dhlithe na fianaise i gcásanna coiriúla.

(2) San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, cialluíonn an focal “an chúirt” an chúirt ina dtrialtar no ina gcúisítear duine i gcionta indíotálta.

(3) Na forálacha atá san Acht so i dtaobh díotálanna, bainfid le scéala coiriúla san Ard-Chúirt agus le fiosrúcháin agus fós le haon phlé, freagra, no pléadáil eile choiriúil, agus pé atharuithe ortha a déanfar ortha le rialacha a déanfar fén Acht so.

Athghairm, méid agus gearr-theideal.

16. —(1) Dintar na hachtacháin a háirítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm leis seo sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den sceideal san.

(2) Féadfar an tAcht Breithiúnais Choiriúla (Riara), 1924 , do ghairm den Acht so.

(3) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá a cheapfidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.