40 1924


Uimhir 40 de 1924.


ACHT SLÁNAÍOCHTA, 1924.


ACHT CHUN SRIAN DO CHUR LE hIMEACHTA DLÍ DO BHUNÚ I dTAOBH GNÍOMHARTHA AGUS NITHE ÁIRITHE A DINEADH LE LINN NA GLEICE CHUN AN CHÉAD DHÁIL ÉIREANN AGUS AN DARA DÁIL ÉIREANN FÉ SEACH DO BHUNÚ MAR RIALTAS DLEATHACH DO SHAORSTÁT ÉIREANN NO A DINEADH I RITH NA TRÉIMHSE A THÁINIG LÁITHREACH TAR ÉIS DEIRE NA GLEICE SIN, AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN CÚITEAMH D'ÍOC LE hAICMÍ ÁIRITHE DAOINE MAIDIR LE GNÍOMHARTHA AGUS NITHE DEN tSÓRT ROIMHRÁITE AGUS CHUN DLEATHACHT DO THABHAIRT DO DHAORTHACHA AGUS D'FHEIDHMIÚ DAORTHACHA A THUG BINSÍ MÍLEATA AGUS IAD AG GNÍOMHÚ FÉ ÚDARÁS AN CHÉAD DHÁIL ÉIREANN NO AN DARA DÁIL ÉIREANN, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [1adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Sriantachtaí le himeachta do bhunú i gcoinnibh daoine áirithe.

1. —(1) Ní bunófar aon aiscean ná imeacht ar bith eile dlí, síbhialta ná coiriúil, in aon chúirt dlí ná cothruim i Saorstát Éireann i dtaobh ná ar son ná a los aon ghnímh, ní ná ruda a dineadh, laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann, tar éis an 21adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1922, más rud é, maidir leis an ngníomh, leis an ní, no leis an rud san—

(a) gur dineadh é ag duine a bhí an uair sin i seilbh oifige fén gCéad Dháil Éireann no fén Dara Dáil Éireann no ar fostú in aon fheidhmeannas ar bith in aon tseirbhís, mileata no síbhialta, a bhí ar bun no á coinneáil suas le húdarás no fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann, no gur dineadh é ag éinne eile agus é ag gníomhú fé údarás duine i seilbh oifige amhlaidh no ar fostú amhlaidh; agus

(b) gur dineadh no gur tuigeadh gur dineadh é chun críche no i rith na gleice a dineadh chun an Chéad Dháil Éireann agus an Dara Dáil Éireann fé seach do bhunú agus do choinneáil suas mar rialtas dleathach do Shaorstát Éireann, no (más ar an 11adh lá d'Iúl, 1921, a dineadh é no dá éis sin) gur i mbaint leis an ngleic roimhráite a dineadh no a tuigeadh a dineadh é no ag leanúint cúrsa iompair a tosnuíodh roimh an dáta roimhráite chun críche no i rith na gleice sin; agus

(c) gur le croí macánta a dineadh é; agus

(d) gur dineadh no gur tuigeadh go macánta gur dineadh é i bhfeidhmiú dualgas an té a dhin é, no i bhfeidhmiú aon údaráis a bhronn an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann ar an duine sin, no ar an té a raibh sé ag gníomhú fé n'údarás, no chun an phuiblíocht do chosaint no chun smacht do chur i bhfeidhm, no ar aon tslí eile chun leasa don phuiblíocht.

(2) Ní bunófar aon aicsean ná imeacht ar bith eile dlí, síbhialta ná coiriúil, in aon chúirt dlí ná cothruim i Saorstát Éireann i dtaobh ná ar son ná a los aon arm, amuinisean, rothar, carra mótair, ná earra eile do choinneáil ar feadh aon tréimhse roimh rith an Achta so má tógadh é ón té ar leis é no o n-a sheirbhíseach no o n-a ghníomhaire sa tslí sin go gcoiscfadh an fo-alt roimhe seo den alt so aicsean ná imeacht eile do bhunú tar éis rith an Achta so mar gheall ar an tógaint sin.

(3) Má bunuíodh roimh rith an Achta so aon aicsean no imeacht eile den tsórt a luaidhtear san alt so agus go bhfuil sé ar bun fós cuirfar é ar nea-mbrí agus ar neamh-ní fé réir pé ordú i dtaobh costaisí is oiriúnach leis an gcúirt sin a dhéanamh a bhfuil an t-aicsean no an imeacht san ar bun inti no le breitheamh den chúirt sin no le haon chúirt chun ar haistríodh údarás na cúirte sin no le breitheamh den chéanna.

(4) Más roimh rith an Achta so a bunuíodh aon aicsean no imeacht eile den tsórt a luaidhtear san alt so, agus gur tugadh an bhreith dheiridh san aicsean no san imeacht san tar éis an 11adh lá de Mheitheamh, 1924, agus roimh rith an Achta so, beidh an bhreith sin agus aon athchomharc ina coinnibh agus aon ordú no breith a tugadh de bharr an athchomhairc sin roimh rith an Achta so, beid ar nea-mbrí agus cuirtar ar nea-mbrí leis seo iad, agus cuirfar an t-aicsean no an imeacht san ar nea-mbrí agus ar neamh-ní fé réir pé ordú i dtaobh costaisí is oiriúnach leis an gcúirt sin a dhéanamh a thug an bhreith sin no le breitheamh den chúirt sin no le haon chúirt chun ar haistríodh údarás na cúirte sin no le haon bhreitheamh den chéanna.

(5) Ní choiscfidh an t-alt so éinní dhíobh so do bhunú no do chur ar aghaidh—

(a) aon imeachta ag Rialtas Shaorstáit Éireann no ag aon Aire no Roinn den Rialtas san no thar ceann an chéanna; no

(b) aon imeachta mar gheall ar aon chirt a héileofar fé aon chonnra no aon tsáruithe adéarfar a dineadh air; no

(c) aon imeachta síbhialta mar gheall ar fhaillí i dtaobh díobhála do phearsain no do mhaoin; no

(d) aon imeachta i dtaobh dleathacht no sarú paitinne; no

(e) aon imeacht chun feidhmiú no cur-in-éifeacht ar aon tslí eile do dhéanamh ar aon bhreith deiridh a thug aon chúirt i Saorstát Éireann an 11adh lá de Mheitheamh, 1924, no roimhe sin, agus nách féidir athchomharc ina coinnibh do réir dlí no ná fuil athchomharc ina coinnibh ar bun le linn rithte an Achta so.

Beidh deimhniú o Aire den Ard-Chomhairle ina fhianaise ar nithe áirithe.

2. —(1) Ráiteas i scríbhinn, fé láimh Aire den Ard-Chomhairle, ag deimhniú éinní dá luaidhtear san alt so, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar ar deimhníodh amhlaidh, sé sin le rá:—

(a) gur i bhfeidhmiú dualgas an té a dhin é a dineadh aon ghníomh no aon rud a gearánadh in aon aicsean no imeacht eile dlí den tsórt a luaidhtear in alt 1 den Acht so;

(b) nuair a dineadh an gníomh, an ní no an rud san roimhráite, an té dhin é no ar dineadh fé n'údarás é go raibh sé i seilbh oifige fén gCéad Dháil Éireann no fén Dara Dáil Éireann no go raibh sé ar fostú i seirbhís a bhí ar bun no á coinneáil suas le húdarás no fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann.

(2) Aon ghníomh, rud, no ní den tsórt san roimhráite, má dineadh é ag duine no fé údarás duine i seilbh oifige fén gCéad Dháil Éireann no fén Dara Dáil Éireann no ar fostú i seirbhís a bhí ar bun no á coinneáil suas le húdarás no fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann, tuigfar gur le croí macánta a dineadh é mara gcruthuítear a mhalairt.

Daorthacha bínsí mileata do dhéanamh dleathach agus d'fheidhmiú.

3. —Gach cúirt, coiste no bínse mileata (dá ngairmtear bínse mileata san alt so) a bhí á coinneáil suas le húdarás no fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann chun daoine do thriail, tuigfar gur bínse a bunuíodh go dleathach é agus gurbh ea riamh, agus gach daora, breith no ordú a tugadh no a dineadh ag an mbínse mileata san tar éis an 21adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1922, agus gach ní a dineadh i bhfeidhmiú an daortha, na breithe no an orduithe sin, tuigfar go bhfuilid agus go rabhdar riamh dleathach agus do réir dlí agus tuigfar go bhfuil an daora no an t-ordú san agus go raibh sé riamh laistigh d'údarás dleathach an bhínse a thug no a dhin é.

Coiste do bhunú chun éilithe d'iniúcha.

4. —Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle coiste nách lú a líon ná beirt agus nách mó a líon ná cúigear do bhunú chun iniúcha agus tuairisciú do dhéanamh ar gach éileamh a chuirfidh Aire den Ard-Chomhairle fé bhráid an choiste sin do réir an Achta so.

Meas agus íoc cúitimh i gcásanna áirithe.

5. —(1) Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle aon éileamh do chur fé bhráid an choiste a bunófar fén Acht so, más éileamh é a déanfar, ar dháta nách déanaí ná trí mhí tar éis rithte an Achta so, ag duine a bheas á éileamh gur thárla dho aon chailliúint no díobháil díreach a tháinig go do-sheachanta de dheascaibh curisteach ar a mhaoin tar éis an 21adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1922, o—

(a) éinne i seilbh oifige fén gCéad Dháil Éireann no fén Dara Dáil Éireann, no

(b) éinne ar fostú in aon tseirbhís mhileata no síbhialta a bhí ar bun no á coinneáil suas le húdarás no fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann,

i bhfeidhmiú cuibhe aon chomhachta, údaráis, no dualgais a bhí dílsithe ann no forchurtha air de bhua na hoifige no na fostaíochta san.

(2) Iniúchfidh an coiste sin gach éileamh a cuirfar fé n-a mbráid do réir an ailt seo agus tuairisceoid chun an Aire den Ard-Chomhairle ar thárla don duine dhin an t-éileamh aon chailliúint no díobháil díreach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, agus an cúiteamh (má bhíonn) a féadfí, le réasún, do réir na bprínsiobal atá leagtha amach san alt so, a íoc leis an duine sin mar gheall ar an gcailliúint no an díobháil sin.

(3) Ag meas an chúitimh do réir an fho-ailt sin roimhe seo—

(a) ní áireoidh an coiste aon chailliúint ná díobháil—

(i) a tháinig de bharr trúpaí do chur ar billéad no ar ceathrú, no

(ii) a tháinig as suimeanna d'íoc no do shíntiú i gcóir aon ghearra, éilimh, no iasachta, náisiúnta no áitiúil, no

(iii) a tháinig as aon fhíneála d'fhorchur aon bhínse dá dtáinig údarás díreach no nea-dhíreach ón gCéad Dháil Éireann no ón Dara Dáil Éireann, no

(iv) a tháinig de bharr no a thárla de dheascaibh feidhmiú aon ordú no rialacháin, ag a raibh baint ghenerálta no áitiúil, a dineadh ag an gCéad Dháil Éireann no ag an Dara Dáil Éireann no, díreach no nea-dhíreach, fé údarás ceachtar acu, no

(v) a tháinig de bharr staid cogaidh a bheith ann agus dá bhárr san amháin, no

(vi) ná raibh inti ach cailliúint phléisiúir no nósmhaireachta;

(b) áireoidh an coiste aon chúiteamh no aisíoc a fuarthas, mar gheall ar an gcailliúint no an díobháil, fé aon árachas, no o aon rialtas, no fé aithne no ordú aon chúirte no bínse eile, no o aon chiste ghenerálta, puiblí no príobháideach;

(c) ní mholfidh an coiste cúiteamh d'íoc ach i gcásanna ina dtáinig cruatan speisialta no leanúnach de dheascaibh na cailliúna no na díobhála.

(4) Má thuairiscíonn an coiste sin go bhféadfí, le réasún, cúiteamh d'íoc le duine mar gheall ar aon chailliúint no díobháil díreach, den tsórt san roimhráite, féadfidh an tAire Airgid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim is dó leis an Aire Airgid is ceart d'íoc leis an duine sin mar chúiteamh sa chailliúint no sa díobháil sin ach gan í dhul thar an suim a luadhadh sa tuairisc ón gcoiste.

Meas agus íoc slánaíochta i gcásanna áirithe.

6. —(1) Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle aon éileamh slánaíochta no aisíoca do chur fé bhráid an choiste a bunófar fén Acht so, más éileamh é a déanfar, ar dháta nách déanaí ná trí mhí tar éis rithte an Achta so, ag duine adeárfidh gur thug no gur dhin cúirt údaráis inniúla i Saorstát Éireann breith, no ordú no aithne go n-íocfadh sé damáiste, cúiteamh no airgead eile mar gheall ar aon ghníomh, rud, no ní a dhin sé tar éis an 21adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1922, i bhfeidhmiú cuibhe aon chomhachta, dualgais no údaráis a bhí dílsithe ann no forchurtha air de bhua aon oifige a bhí ar seilbh aige fén gCéad Dháil Éireann no fén Dara Dáil Éireann no de bhua é bheith ar fostú in aon tseirbhís mhileata no síbhialta a bhí ar bun no á coinneáil suas le húdarás no fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann.

(2) Iniúchfidh an coiste sin gach éileamh a cuirfar fé n-a mbráid do réir an ailt seo agus tuairisceoid chun an Aire den Ard-Chomhairle ce'ca fíor no bréagach na ráitisí a dhin an té a bheas ag déanamh an éilimh, agus an tsuim (má bhíonn) a féadfí, le réasún, a íoc leis an duine sin i slánú an fhiachais atá air fén mbreith, fén ordú, no fén aithne ar a mbeidh a éileamh bunuithe no in aisíoc aon tsuimeanna d'íoc sé fén mbreith, fén ordú, no fén aithne sin.

(3) Má thuairiscíonn an coiste sin go bhféadfí, le réasún, suim d'íoc le duine mar shlánú no mar aisíoc den tsórt roimhráite, féadfidh an tAire Airgid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim is dó leis an Aire Airgid is ceart d'íoc leis an duine sin mar shlánú no mar aisíoc den tsórt san ach gan í dhul thar an suim a luadhadh sa tuairisc ón gcoiste.

Deire an údaráis a tháinig ón gCéad no ón Dara Dáil Éireann.

7. —Aon údarás a bhronn an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann no a tháinig o cheachtar acu, ní tuigfar, chun crícheanna an Achta so, deire do bheith leis de bharr bunú Rialtais Shealadaigh na hÉireann ná de bharr an Rialtas san do dhaingniú, do bhuanú no d'admháil an údaráis sin, ná de bharr togha an Tríú Dáil Éireann.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht Slánaíochta, 1924 , do ghairm den Acht so.