36 1924


Uimhir 36 de 1924.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA), 1924.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS COMHAIRLÍ CONTAE FAOISEAMH DO THABHAIRT Ó RÁTAÍ AR SHEALBHÓIRÍ TAILIMH THALMHAÍOCHTA AGUS CHUIGE SIN CHUN LUÍODÚ DO DHÉANAMH AR RÁTAÍ ÁIRITHE ATÁ LE GEARRA AR THALAMH THALMHAÍOCHTA SA BHLIAIN ÁITIÚIL AIRGEADAIS DAR CRÍOCH AN 31adh LÁ DE MHÁRTA, 1925, AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS COMHAIRLÍ CONTAE IASACHTAÍ D'FHÁIL CHUN NA CRÍCHE ROIMHRÁITE, AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA CRÍCHEANNA ROIMHRÁITE. [1adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí,

ní fholuíonn an focal “comhairle chontae” comhairle chontaebhuirge ach foluíonn sé coimisinéirí ag gníomhú thar ceann comhairle chontae a scuireadh.

Luíodú ar an méid atá le soláthar as talamh talmhaíochta.

2. —(1) Beidh sé dleathach d'aon chomhairle chontae, más oiriúnach leo é, a bheartú ag tionól a gairmfar d'aon ghnó chuige sin go ndéanfar luíodú i pé suim (dá ngairmtear méid an luíoduithe san Acht so) a shocróidh an chomhairle chontae ag an tionól san, no ag aon chur-ar-athló air, ar an méid (dá ngairmtear san Acht so an méid is gá a sholáthar) is gá a sholáthar as talamh talmhaíochta ina gcontae fé alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, i gcóir muirearacha contae iomláine, aontais no ceanntair, no i gcóir muirearacha chun crícheanna scéime contae, sa bhliain áitiúil airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1925.

(2) Beidh méid an luíoduithe fé réir cead ón Aire agus ní ragha sé in aon chás thar dhá dtrian an mhéid is gá a sholáthar.

Luíodú cothromúil ar an ráta dealbhais.

3. —(1) I gcás a bheith beartuithe ag comhairle chontae aon ráta do luíodú fén Acht so agus méid an luíoduithe bheith ceaduithe ag an Aire, déanfar an méid a bheidh le gearra ar gach rát-íocaí fé leith ar scór an ráta san do luíodú i suim go mbeidh idir í agus an méid iomlán ina raibh sé rátuithe ar scór an ráta san an cothrom céanna atá idir méid an luíoduithe agus an méid is gá a sholáthar.

(2) Gach éinne a íocfidh no d'íoc gan luíodú an chéad no an dara leath de ráta a luíoduítear fén Acht so beidh teideal aige chun aisíoc d'fháil ón gcomhairle chontae i suim go mbeidh idir í agus an leath d'íoc sé amhlaidh an cothrom céanna atá idir méid an luíoduithe agus an méid is gá a sholáthar.

Comhachta iasachtúcháin.

4. —(1) Beidh údarás ag comhairle chontae chun iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so.

(2) Ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun crícheanna an Achta so d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomláine comhairle contae chun crícheanna aon achtacháin tré n-a gcuirtar teora le n-a gcomhachta iasachtúcháin.

(3) Déanfar iasacht a gheobhfar fén alt so d'aisíoc laistigh de pé tréimhse a shocróidh an chomhairle chontae le haontú ón Aire ach gan an tréimhse sin do dhul níos sia ná seacht mbliana ón 31adh lá de Mhárta, 1925.

(4) Na suimeanna is gá chun méid na hiasachta a gheobhfar fén alt so d'aisíoc, déanfar iad do sholáthar as an talamh talmhaíochta sa chontae agus iad do ghearra air, tríd an ráta dealbhais.

(5) Mara n-íocaidh comhairle chontae aon tsuim áirithe is iníoctha ar scór iasachta a fuarthas fén alt so, féadfidh an tAire, ar a ghearán san leis don té le n-a bhfuil an tsuim sin iníoctha agus tar éis fógra thabhairt don chomhairle chontae sin, a ordú go mbainfar méid na suime sin as an méid is iníoctha leis an gcomhairle contae amach as an deontas talmhaíochta agus déanfar an tsuim a bainfar as san amhlaidh d'íoc leis an duine sin in íoc na suime sin; ach beidh an t-achtachán so gan dochar don chiste urraíochta fén Purchase of Land (Ireland) Act, 1891.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1924 , do ghairm den Acht so, agus léighfar agus léireofar é mar éinní amháin leis na Local Government (Ireland) Acts, 1898 to 1919.

(2) Féadfar na Local Government (Ireland) Acts, 1898 to 1919, agus an tAcht so do luadh le chéile fén ainm na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Éirinn), 1898 go 1924.