An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. CUSTUIM AGUS MAL.) Ar Aghaidh (CUID IV. CAIN PHROFID CORPORAIDE.)

27 1924

ACHT AIRGID, 1924

CUID III.

DIUITETHE BAIS.

Rátaí diúité estáit.

31. —I gcás daoine a gheobhaidh bás an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, déanfar an scála de rátaí diúité estáit atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad an scála atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919.

Leasú ar alt 2 den Finance Act, 1894.

32. —(1) I gcás duine a gheobhaidh bás an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, léighfar fo-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, fé mar a bheadh an mír seo a leanas i ndiaidh mír (d) dhe—

“(e) Any personal or moveable property situate out of Saorstát Éireann taken as a donatio mortis causâ made by any person dying domiciled in Saorstát Éireann, or taken under a disposition made by any person dying domiciled in Saorstát Éireann and purporting to operate as an immediate gift inter vivos whether by way of transfer, delivery, declaration of trust, or otherwise which shall not have been bona fide made at least three years before the death of the deceased, and any personal or moveable property situate out of Saorstát Éireann taken under any gift, whenever made, by any person dying domiciled in Saorstát Éireann of which bona fide possession and enjoyment shall not have been assumed by the donee immediately upon the gift and thenceforward retained to the entire exclusion of the donor or of any benefit to him by contract or otherwise.”

(2) I gcás maoine a bheidh ag tuitim tar éis bháis duine éagfidh an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, léighfar fo-alt (2) d'alt 2 den Finance Act, 1894, fé mar a bheadh na focail “(other than the property referred to in paragraph (e) of sub-section (1) of this section)” curtha isteach ann díreach tar éis an fhocail “property” agus fé mar a bheadh na focail “or but for the provisions of section 38 of the Stamp Duties (Ireland) Act, 1842, or of section 18 of the Succession Duty Act, 1853,” curtha leis díreach tar éis an fhocail “passes.”

Diúité estáit ar mhaoin shocruithe a luíonn lasmuich de Shaorstát Éireann

33. —I gcás daoine a fuair bás an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, má dineadh maoin a luíonn lasmuich de Shaorstát Éireann d'fhágaint, le huacht no le socrú, ag roinnt daoine i ndiaidh a chéile agus má híocadh diúité leagáide no diúité comharbais uirthi roimh thosach feidhme an Achta so no ina dhiaidh sin, tuigfar chun crícheanna fo-alt (2) d'alt 2 den Finance Act, 1894 (le n-a bhforáltar go dtuigfar gan maoin a luíonn lasmuich de Shaorstát Éireann do bheith ina cuid de mhaoin a thuit tar éis bháis duine ach amháin sa chás ina bhfuil diúité leagáide no comharbais iníoctha uirthi no ina mbeadh sé iníoctha mara mbeadh gaolmhaireacht an té gur thuit an mhaoin chuige) go bhfuil an diúité sin iníoctha ar an maoin tar éis bháis do gach duine fé leith de sna daoine sin i ndiaidh a chéile bíodh gur híocadh suim iomlán an diúité sin tar éis bháis d'éinne amháin fé mar a déanfí i gcás leagáide a fágfí ag éinne amháin.

Athghairm ar na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal.

34. —Na hachtacháin iomdha a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (achtacháin a bhaineann leis na diúitéthe báis ar mhaoin a bheadh ag tuitim tar éis bháis máirnéalach agus saighdiúirí áirithe Briotáineacha agus géilliúnach mBriotáineach eile), beid, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, gan baint le maoin a bheidh ag tuitim tar éis bháis éinne a éagfidh an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, agus athghairmtear leis seo iad.