26 1924


Uimhir 26 de 1924.


ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1923, AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS SIN.

[18adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Tosach agus deire Blianta Sochair.

1. —(1) (a) Athghairmtear leis seo an méid sin d'alt 4 d'Acht 1923, le n-a bhforáltar gurb é an 15adh lá de Dheire Fomhair, 1924, is críoch don “Dara Bliain Sochair” a bunuíodh leis an alt san.

(b) Críochnóidh an Dara Bliain Sochair sin an 29adh lá de Mheitheamh, 1924.

(2) In ainneoin éinní atá in alt 4 d'Acht 1923—

(a) tosnóidh “Tríú Bliain Sochair” ar an 30adh lá de Mheitheamh, 1924, agus críochnóidh sí an 29adh lá de Dheire Fomhair, 1924;

(b) tosnóidh “Ceathrú Bliain Sochair” ar an 30adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus críochnóidh sí an 25adh lá de Mhárta, 1925;

(c) tosnóidh “Cúigiú Bliain Sochair” ar an 26adh lá de Mhárta, 1925, agus críochnóidh sí ar an gCéadaoin is goire don 16adh lá de Dheire Fomhair, 1925;

(d) sé bheidh i ngach Bliain Sochair ina dhiaidh sin ná an tréimhse dar tosach an lá tar éis lá deiridh na Bliana Sochair do chuaidh roimpe agus dar críoch an Chéadaoin is goire don 16adh lá de Dheire Fomhair sa bhliain chaileandair ina dhiaidh sin.

Leasu ar Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

2. —Cuirfar an focal “Benefit Year” in ionad an fhocail “Insurance Year” i mír 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Chun méid an tSochair d'áireamh.

3. —Chun a shocrú cadé an méid sochair 'na bhfuil teideal ag aon duine chuige do réir an chothruim idir shochar agus sintiúisí a socruíodh le mír 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus ní chun aon chríche eile, fágfar gan áireamh, tar éis deire na Dara Bliana Sochair aon tsochar a fuair an duine sin idir an dáta is tosach don Chéad Bhliain Sochair agus an dáta is críoch don Dara Bliain Sochair.

Sintiúisí ar scór seirbhíse mileata.

4. —(1) Athghairmtear leis seo alt 7 d'Acht 1923.

(2) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfidh an tAire Cosanta leis an Aire, chun creidiúna don Chiste Díomhaointis agus thar ceann gach duine le n-a mbaineann an t-alt so, pé síntiúisí is gá chun deimhin do dhéanamh de ná beidh fé bhun ceithre síntiúisí ar fhichid curtha chun creidiúna don duine sin in aghaidh gach bliana árachais gur le n-a linn no le linn coda dhi a bhí an duine sin mar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so.

(3) Baineann an t-alt so le gach duine a liostáladh i bhfórsaí mileata Shaorstáit Éireann i gcóir tréimhse seirbhíse dar críoch an 29adh lá de Mheitheamh, 1924, no aon am roimhe sin, agus gur híocadh thar a cheann ar scór fostaíochta roimh dháta a liostála, fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, fiche síntiús aon uair no neachtar aca, deich síntiúisí ón 8adh lá de Mhí na Samhna, 1920.

(4) Na suimeanna a íocfidh an tAire Cosanta leis an Aire gach bliain fén alt so, is ar pé tráthanna agus ar pé cuma ar a socrófar idir an tAire Cosanta agus an tAire a déanfar amach agus a híocfar iad.

Tréimhsí Sochair.

5. —In ainneoin éinní atá sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923, no san Acht so, ní bheidh teideal ag éinne chun sochar d'fháil sa Tríú Bliain Sochair a bunuítear leis an Acht so ar son tréimhsí is sia ná deich seachtaine san iomlán; ná sa Cheathrú Bliain Sochair a bunuítear leis an Acht so ar son tréimhsí is sia ná sé seachtaine déag san iomlán; ná sa Chúigiú Bliain Sochair a bunuítear leis an Acht so ar son tréimhsí is sia ná cúig seachtaine déag san iomlán; ná in aon Bhliain Sochair ina dhiaidh sin ar son tréimhsí is sia ná 26 seachtaine san iomlán.

Beidh achtacháin áirithe gan oibriú i gcaitheamh na Tríú agus na Ceathrú Bliana Sochair.

6. —(1) Beidh coiníoll (i) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht gan oibriú agus gan éifeacht i gcaitheamh na Tríú agus na Ceathrú Bliana Sochair.

(2) In ainneoin forálacha fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht ní bheidh éinne, i rith na Tríú agus na Ceathrú Bliana Sochair, gan cáilíocht chun Sochar Díomhaointis d'fháil mara mbeidh de chúis leis ach nár híocadh aon tsintiúisí thar a cheann i rith aon Bhliana Arachais áirithe.

(3) Beidh éifeacht ag alt 35 den Príomh-Acht (a bhaineann leis na crícheanna gur féidir don Aire rialacháin do dhéanamh ina gcóir) fé mar a cuirfí an ní seo a leanas le mír (c) d'fho-alt (1) den alt san:—

“for requiring, on the consideration and examination of any such claims and questions, the attendance of any person whose presence is necessary or desirable for the purpose of giving evidence concerning such claims and questions, and”.

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

7. —(1) Féadfidh an tAire Airgid roimh-íoc do dhéanamh, as an bPrímh-Chiste no a thora fáis, ar aon tsuimeanna a theastóidh chun íoctha fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus chun na suimeanna a bheidh le roimh-íoc amhlaidh do sholáthar féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dó leis is ceart.

(2) Aon tsuimeanna a roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo, maraon le hús ortha (má bhíonn ann) do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid, beidh a muirear agus a n-aisíoc ar an gCiste Díomhaointis.

(3) Cuirfar de mhuirear ar an bPrímh-Chiste no a thora fáis colann agus ús aon urrúsanna a thabharfidh an tAire Airgid amach chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so agus fós na costaisí fé n-a raghfar chun na hurrúsanna san do thabhairt amach.

Deire le comhachta i dtaobh scéimeanna speisialta.

8. —(1) Beidh deire leis an gcomhacht atá ag an Aire fé alt a hocht déag den Phríomh-Acht chun Orduithe speisialta dhéanamh chun scéimeanna speisialta do cheadú no do dhéanamh: Ach ní dhéanfidh an fhoráil sin roimhe seo aon difir d'oibriú aon scéime speisialta a cheaduigh an tAire go cuibhe roimh thosach feidhme an Achta so.

(2) Chun deimhin do dhéanamh de i gcás scéime speisialta, go mbeidh iníoctha le daoine le n-a mbaineann an scéim rátaí sochair den tsórt atá iníoctha fén Acht so agus go mbeidh na Sochair fén scéim chó maith ar a luíod ar gach slí eile leis na Sochair a foráltar le forálacha generálta na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924 (ach ní chun aon chríche eile), féadfidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcólucht gur cuireadh riara na scéime de chúram ortha, forálacha na scéime d'atharú no do leasú le hordú in ainneoin éinní atá san alt san a hocht déag, agus féadfar forálacha chur san ordú san chun leasuithe iarmarta dhéanamh i dtaobh rátaí síntiúis agus éinní eile.

(3) Ní bheidh éifeacht feasta ag fo-alt (7) d'alt a hocht déag den Phríomh-Acht (le n-a bhforáltar go ndéanfar gach bliain, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas suim áirithe d'íoc leis an gcólucht gur cuireadh riara scéime speisialta de chúram ortha).

Atharú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

9. —D'ainneoin éinní atá in aon Acht, ní gá don Aire a chur ar aon chumann ná ar aon chólucht eile le n-a mbaineann alt a seacht déag den Phríomh-Acht aon tsoláthar i gcóir Sochair Dhíomhaointis do dhéanamh, roimh dheire na Ceathrú Bliana Sochair, thar mar a feadfí a chur ar an gcumann no ar an gcólucht san a dhéanamh fé chlás (a) d'fho-alt (1) den alt san a seacht déag mar a hachtuíodh ar dtúis é.

Comharshocruithe le Rialtaisí eile.

10. —Féadfidh an tAire, fé réir ceada ón Aire Airgid, comharshocruithe no socruithe eile do dhéanamh le Rialtas na Breataine Móire agus le Rialtas Thuaiscirt Éireann fé seach fé mar a chífar dó bheith riachtanach no cóir de bharr an plean árachais dhíomhaointis i Saorstát Éireann do bheith scartha leis an bplean atá ar bun sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

Minithe.

11. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920;

cialluíonn an focal “Acht 1923” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1923 ;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1924 , do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.