An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid III. AN CHUIRT DUITHCHE.) Ar Aghaidh (An Sceideal dá dtagartar san Acht san thuas.)

10 1924

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924

Cuid IV.

FORALACHA ILGHNEITEACHA AGUS FORALACHA DIOMBUANA.

Atúrnaethe agus coimisinéirí mionn atá ann fé láthair.

93. —Gach atúrnae a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn fé láthair agus gach coimisinéir mionn atá ann fé láthair aistreofar iad chun na gCúirt uile agus fé leith a bunuítear fén Acht so agus déanfidh díobh atúrnaethe agus coimisinéirí fé seach de sna cúirteanna san.

Ceart chun tríalach fé choiste dháréag i gcásanna síbhialta agus costaisí i gcásanna den tsórt san.

94. —Ní dhéanfidh éinní dá bhfuil san Acht so díth ná dochar do cheart aon pháirtí in aon aicsean san Ard-Chúirt ná sa Chúirt Chuarda (nách aicsean chun suim réithithe d'fháil ná aicsean chun connra chur i bhfeidhm ná chun cúiteamh d'fháil i mbrise connra) chun ceisteanna fírinne chur á dtriail fé choiste dháréag i gcásanna ina bhféadfadh sé, le corp cirt, an ní sin d'éileamh roimhe seo sa Chúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn agus treoracha ag an gcoiste dháréag den tsórt chéanna, i dtaobh dlí agus fianaise, a bheadh acu sna cásanna san, ach ní bheidh teideal chun coiste dháréag ag aon pháirtí in aicsean san Ard-Chúirt ná sa Chúirt Chuarda chun suim réitithe d'fháil ná in aicsean chun connra chur i bhfeidhm no chun cúiteamh d'fháil ná in aicsean chun talamh d'fháil maran dó leis an mbreitheamh gur gá coiste dháréag, no gur mhaith an rud é, chun an t-aicsean do thriail sa cheart, agus mara n-orduighe sé amhlaidh uaidh féin no ar iarratas aon pháirtí. Fé réir gach achtacháin atá ann cheana agus a theorannuíonn no a regleálann na costaisí is iníoctha in aon aicsean, no a dhineann difir dóibh, tré iad d'áireamh do réir an méid a baintear amach san aicsean, geobhaidh leis an gcúis costaisí gach aicsin shíbhialta agus gach ceiste agus caingne síbhialta a trialfar fé choiste dháréag san Ard-Chúirt no sa Chúirt Chuarda, mara ndinidh an Breitheamh a bheidh ar an triail a mhalairt d'ordú ar iarratas a dineadh agus ar chúis fé leith a taisbeánfar agus a luadhfar san ordú; agus féadfidh an bínse athchomhaire aon ordú o Bhreitheamh i dtaobh na gcostaisí sin do chur ar nea-mbrí no d'atharú.

Breith-fhocal o naonúr ball den choiste dháréag i gcásanna síbhialta.

95. —I ngach triail ar chás síbhialta i láthair breithimh agus coiste dháréag, pe'ca san Ard-Chúirt no sa Chúirt Chuarda a déanfar í, is de dhá bhall déag a bheidh an coiste có-dhéanta agus is gá agus is leor chun an breith-fhocal do shocrú vóta móráirimh de naonúr as an dá bhall déag san. Cuirfidh an breitheamh an méid sin in úil don choiste agus déanfar breithfhocal an naonúir sin no níos mó do thógaint agus do chur ar breaca mar bhreith-fhocal ón gcoiste, gan scéith ar an méid nár aontuigh léi, má bhí a leithéidí ann.

Fuirm athchomharc i gcásanna a trialadh fé choiste dháréag

96. —Gach athchomharc i gcoinnibh breithe a thug an Ard-Chúirt no an Chúirt Chuarda in aicsean a trialadh fé bhreitheamh agus fé choiste dháréag no i gcoinnibh aon bhreithe eile a thug an Ard-Chúirt no an Chúirt Chuarda agus atá bunuithe ar bhreithfhocal a thug coiste dháréag i gcás síbhialta, tré n-a thairsgint i láthair an bhínse athchomhairc go mbunófar triail nua isea a déanfar é, agus i gcás athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda, beidh ar na curtha-i-leith ar a bhféadfar an tairsgint sin do bhunú a chur i leith breith-fhocal an choiste dháréag go raibh sí bunoscionn le trom na fianaise no go raibh sí claon ar shlí éigin eile. In aon athchomharc le n-a mbaineann an t-alt so, féadfidh an binse athchomhairc, in ionad triail nua d'ordú, an breith-fhocal, an breith-thora agus an bhreith gur hathchomharcadh ina gcoinnibh do chur i leataoibh, agus pé breith is dó leis an gcúirt is ceart d'iontráil.

Deimhniú ar thuairisc o luascríbhneoir.

97. —Aon uair is gá fén Acht so athchomharc do bhunú no d'éisteacht ar thuairisc o lua-scríbhneoir oifigiúil, beidh sa tuairisc sin na céad-nótaí lua-scríbhneoireachta agus an t-athscríobh a dineadh ortha agus deimhneoidh breitheamh na Cúirte céad-chéime gurb í an tuairisc sin í.

Tuigfar cúirteanna i gCaisleán Bhaile Atha Cliath do bheith suidhte i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

98. —Chun gach críche tuigfar agus faisnítear leis seo gur i gContae Chathair Bhaile Atha Cliath agus i gContae Bhaile Atha Cliath a luigheann na foirgintí agus an t-áitreabh dá ngairmtear go coitianta Caisleán Bhaile Atha Cliath, agus a ngar-chomhursanacht san, oiread díobh agus cuirfar i leithreas de thurus na huaire chun aon Chúirt a bunuítear fé Chuid I. no fé Chuid II. den Acht so do chomóra ann no chun úsáid no chun cóiríocht d'aon bhreitheamh no oifigeach d'aon chúirt den tsórt san no chun gnó aon oifig a bhaineann le haon Chúirt den tsórt san do dhéanamh ann.

An fhaisnéis a dhéanfidh breithimh tar éis a gceaptha.

99. —Mar leanas a bheidh an Fhaisnéis a dhéanfidh gach Breitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, agus den Chúirt Chuarda, agus gach Breitheamh den Chúirt Dúithche, tar éis a gceaptha:—

Dinim-se                   a gheallúint agus a fhaisnéis go solamanta agus go macánta i láthair Dé go bhfeidhmeod go cuibhe agus go dílis agus chó fada lem' éirim agus lem' chomhacht oifig Phrímh-Bhreitheamh Chúirt Uachtarach (no Uachtarán Ard-Chúirt, no Breitheamh de Chúirt Uachtarach no d'Ard-Chúirt no de Chúirt Chuarda no Breitheamh de Chúirt Dúithche, pe'ca aca é) Shaorstáit Éireann gan faitios ná fabhar, gan grá ná fuath d'éinne, agus go seasód le Bunreacht Shaorstáit Éireann mar atá sé bunuithe do réir dlí.

Déanfar agus sighneofar an fhaisnéis sin ag an bPrímh-Bhreitheamh i bhfianaise an tSeanascail agus ag gach duine de sna breithimh roimhráite i bhfianaise an Phrímh-Bhreithimh sa chúirt go hoscailte.

Aon bhreitheamh a eiteoidh no a leigfidh i bhfaillí an fhaisnéis roimhráite a dhéanamh ar an gcuma roimhráite beidh sé gan teideal chun dul i mbun a oifige mar bhreitheamh agus tuigfar é bheith tar éis an oifig sin d'fhágaint.

An aois chun dul as oifig do bhreithimh atá ann cheana agus a ceapfar fén Acht so.

100. —Einne atá ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn, ina Bhreacthóir, ina Bhreitheamh Cúirte Contae, no ina Ghiúistís Dúithche i Saorstát Éireann, no ina Ghiúistís Roinne de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath le linn rithte an Achta so, má ceaptar é chun bheith ina bhreitheamh d'aon Chúirt fén Acht so tar éis an aois a horduítear leis an Acht so mar aois chun dul as oifig do bhreithimh den Chúirt sin a bheith slán aige déanfar, ina chás san, an aois chun dul as oifig do mhéadú tré thrí bliana do chur léi.

Ní thiocfidh rialacha i ngníomh go dtí go gceadóidh an tOireachtas iad.

101. —Ní thiocfidh aon rialacha cúirte a déanfar fén Acht so i ngníomh mara ndintar ná go dtí go ndéanfar iad do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus iad do cheadú le rún o gach Tigh den Oireachtas.

Forálacha i dtaobh oifigeach atá ann cheana.

102. —Gach clárathóir, cléireach agus oifigeach eile a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach Údaráis atá ann fé láthair no leis an Tiarna Prímh-Ghiúistís agus é ag feidhmiú an údaráis atá aige i gcúrsaí gealtachta, agus le Cúirteanna Breacthóirí, Breithiún Cúirte Contae agus Giúistisí Dúithche atá ann fé láthair no le Cúirteanna Máistreoirí Roinne Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, leanfid de bheith i seilbh oifige fén sealbhaíocht gcéanna fé n-a bhfuilid go dtí so agus de bheith ag có-líona na ndualgaisí atáid a chó-líona go dtí so no ag có-líona dualgaisí a bheidh có-ghaolmhar de sna dualgaisí sin mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tOireachtas a mhalairt d'ordú. Socróidh an Prímh-Bhreitheamh gach ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca tá aon dualgaisí có-ghaolmhar d'aon dualgaisí eile no ná fuil agus ní bheidh dul thar a bhreith. Ní dhéanfidh éinní san Alt so dochar do sna cirt atá ag aon oifigeach fé Alt 10 de sna hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnra idir an mBreatain Mhóir agus Éire a sighníodh i Lundain an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.

Breithimh den Ard-Chúirt isea éistfidh athchomhairc chun Breithimh Ard-Shiosóin agus a bheidh gan críochnú.

103. —Gach athchomharc agus iarratas eile chun Breithiún Ard-Shíosóin agus a bheidh gan críochnú i dtosach feidhm Chuid II. den Acht so éistfar agus socrófar iad ag pé Breitheamh no Breithimh den Ard-Chúirt a hainmneofar chun na críche sin ag Uachtarán na hArd-Chúirte agus san ar pé uaire agus i pé aiteanna a ordóidh agus a cheapfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le hordú.

Triail daoine a bheidh ag feitheamh le n-a dtriail i dtosach feidhm an Achta so.

104. —Gach duine a bheidh curtha ar aghaidh, i dtosach feidhm Chuid I. den Acht so, chun a thrialta in Ard-Shíosón no i láthair aon Choimisiúin eile Eisteachta agus Socrúcháin agus scage príosúnach, agus a bheidh ag feitheamh le n-a thriail agus gach duine a bheidh curtha ar aghaidh, i dtosach feidhm an Achta so, chun a thrialta fé Bhreitheamh Cúirte Contae, no fé aon Dáil-Chúirt mar a mínítear le h Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , in aon chúis lasmuich d'údarás na Cúirte Cuarda, agus a bheidh ag feitheamh le n-a thriail sa chúis sin, tuigfar iad a bheith curtha ar aghaidh chun iad do thriail agus déanfar iad do thriail ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil no, má orduíonn an Príomh-Atúrnae é, ag cúirt den Chuaird Ard-Chúirte. Gach duine a bheidh curtha ar aghaidh, i dtosach feidhm Chuid II. den Acht so, chun a thrialta ag Breitheamh Cúirte Contae, no ag aon Dáil-Chúirt den tsórt san roimhráite, in aon chúis laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda, agus a bheidh ag feitheamh le n-a thriail, tuigfar é bheith curtha ar aghaidh chun é thriail ag an gCúirt Chuarda oiriúnach agus trialfidh an Chúirt sin é.