An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Cuid II. AN CHUIRT CHUARDA.) Ar Aghaidh (Cuid IV. FORALACHA ILGHNEITEACHA AGUS FORALACHA DIOMBUANA.)

10 1924

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924

Cuid III.

AN CHUIRT DUITHCHE.

Bunú na Cúirte Dúithche.

67. —Bunófar fén Acht so Cúirt Bhreithiúnais Dúithche a bheidh có-dhéanta de pé breithiúin a ceapfar mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

Ceapfar Breithiúin Chúirte Dúithche.

68. —Nuair a dhéanfidh agus chó luath agus a dhéanfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche Saorstát Éireann do roinnt ina Dhúithchí oiriúnacha ceapfar oiread Breithiún den Chúirt Dúithche agus bheidh riachtanach: Ach ní bheidh thar triúr breithiún déag ar fhichid den tsórt san ann aon uair.

Cáilíocht i gcóir ceapacháin.

69. —Ní ceapfar éinne mar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche maran rud é, ar dháta a cheaptha, gurb abhcóide no atúrnae ag cleachta a ghairme é agus seasamh sé mblian ar a luíod aige, no gur Ghiúistís Roinne de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Cliath é, tráth, no Giúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) ; ach chun críche na forála so tuigfar gur cleachta ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála mar a mínítear san in Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , no mar Choimisinéir Breithiúnais a ceapadh fén Acht san.

Folúntas in oifig: breoiteacht agus fear ionaid.

70. —Féadfar oifig aon Bhreithimh den Chúirt Dúithche d'fholamhú le scríbhinn fé láimh an Bhreithimh féin, agus folamhófar í nuair a ceapfar é mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda, agus ansan no aon uair a bheidh oifig aon bhreithimh folamh féadfar breitheamh nua do cheapa ina áit. I gcás aon bhreitheamh a bheith breoite, féadfar fear ionaid a cheapa chun gníomhú ina áit ar mhola ón bPríomh-Aturnae, ar pé téarmaí a forálfar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so maidir leis an bhfear ionaid d'íoc amach as tuarastal an bhreithimh no ar aon tslí eile: Ach mar sin féin éinne nách abhcóide no aturnae ag cleachta a ghairme agus seasamh sé mblian ar a luíod aige ní bheidh sé cáilithe chun bheith ina fhear ionaid do bhreitheamh.

Dúithchí Cúirte ina bhfuil líomatáistí Gaedhlacha.

71. —Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.

Aois chun dul as oifig.

72. —Is 70 mbliana an aois chun dul as oifig do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha de thurus na huaire do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath no do cheanntar gur cuid de, no ina bhfuil, Cathair Chorcaighe, agus 65 bliana an aois chun dul as oifig do gach Breitheamh eile den Chúirt Dúithche: Ach i gcás Breithimh den Chúirt Dúithche a bhí ina Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) agus a bhí os cionn 55 bliana d'aois agus fé bhun 60 blian d'aois ar dháta a cheaptha chun na hoifige deiridh sin adubhradh, féadfidh an Prímh-Bhreitheamh, más oiriúnach leis é, an aois chun dul as oifig don Bhreitheamh san do shíne chun pé dáta a chuirfidh ar a chumas tréimhse seirbhíse is leor chun pinsin do a chríochnú.

Ní féidir Breithiúin a chur as oifig ach mar gheall ar nithe a luaidhtear san alt.

73. —Ní bheidh aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche ionchurtha as oifig ach mar gheall ar mhí-chumas no easláinte chuirp no mheabhrach no droch-iompar in oifig no mí-iompar a deimhneofar fé lámhaibh an Phríomh-Atúrnae agus an Phrímh-Bhreithimh. Beidh sé de dhualgas ar an bPríomh-Atúrnae agus ar an bPrímh-Bhreitheamh an deimhniú san do thabhairt más deimhin leo go bhfuil an mí-chumas no an easláinte sin ann no gur dineadh aon droch-iompar no mí-iompar den tsórt san. Ní caithfar amhras ar aon deimhniú den tsórt san ná ní déanfar abhar imeacht de in aon Chúirt.

Luach saothair.

74. —Tuarastal £1,200 per annum a gheobhaidh sinsear na mBreithiún den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha de thurus na huaire do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, agus tuarastal £1,100 per annum a gheobhaidh gach duine eile de sna Breithimh roimhráite agus fós an Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire, do Dhúthaigh gur cuid di, no ina bhfuil Cathair Chorcaighe.

Tuarastal £1,000 per annum a gheobhaidh gach Breitheamh eile den Chúirt Dúithche.

Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas gach bliain a híocfar gach ceann de sna tuarastail roimhráite go dtí deire na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus ina dhiaidh sin is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh a muirear agus a n-íoc.

Pinsin.

75. —Má bhíonn an tsláinte go maith ag Breitheamh den Chúirt Dúithche ar dháta a cheaptha chun na hoifige, beidh a oifig ina hoifig inphinsin do réir na nAchtanna Aois-liúntais, 1834 go 1919, agus is ar an gcuma agus fé sna coiníollacha a horduítear leis na hAchtanna san a déanfar amach an pinsean, an aisce no an liúntas a deonfar do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche no a deonfar mar gheall air ar dhul as oifig no ar fháil bháis do, agus chun crícheanna Alt 8 den Superannuation Act, 1859, is leor mar dheimhniú deimhniú ón bPrímh-Bhreitheamh: Ach aon Ghiúistís Roinne den tsórt roimhráite no aon Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) , a ceapfar mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche, beidh teideal aige chun aimsir a thug sé ina Ghiúistís Roinne no ina Ghiúistís Dúithche fén Acht san is déanaí a luadhadh d'áireamh mar aimsir a thug sé ina bhreitheamh den Chúirt Dúithche fén Acht so.

Breithiúin Chonganta Sealadacha

76. —Más gá é mar gheall ar ana-bhroid gnótha no mar gheall ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche bheith as láthair ar laethanta saoire féadfar Breithiúin Chonganta sealadacha den Chúirt Dúithche do cheapa, pé méid ar a socróidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le haontú an Aire Airgid. Ní ceapfar mar Bhreitheamh Chonganta shealadach den Chúirt Dúithche éinne ná fuil cáilithe chun a cheaptha mar Bhreitheamh den Chúirt sin agus is mar a shocróidh na hAirí sin eatorra féin a bheidh téarmaí agus coiníollacha na gceaptha san.

Údarás na Cúirte úithche.

77. —Beidh ag an gCúirt Dúithche agus feidhmeoidh sí gach comhacht agus údarás a bhí, díreach roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, dílsithe le reacht no ar aon tslí eile i nGiúistisí no i nGiúistís Síochána ina shuidhe no ina shuidhe i nGearr-Shíosón agus fós (ina theanta san agus ní mar eisceacht uaidh) na húdaráis seo a leanas:—

A.—I gCásanna Síbhialta—

(i) i gcúrsaí connra agus brise connra maran mó an t-éileamh ná £25;

(ii) i gcúrsaí tort (ach clú-mhille ráiteach, clú-mhille scríbhte, comhrá coiriúil, meabhlú, clú-mhille teidil, próiseacht mhailíseach agus príosúntacht éagcórtha) agus i gcúrsaí éilithe damáiste ná baineann le connra maran mó an t-éileamh ná £10: Ach ní bheidh údarás ag aon Bhreitheamh nuair a bheidh i dtreis ceist bona fide i dtaobh teidil chun aon tailimh gur mó ná deich bpúint a luach do réir Lúachála fé Dhlí na mBocht agus nuair a dineadh bona fide chun an teidil sin do chur in úil an gníomh as ar eirigh na himeachta a cuireadh ar siúl ina láthair:

Agus fós ní thuitfidh údarás Breithimh ar lár de dheascaibh ceist teideal chun tailimh nách mó ná £10 a luach do réir Luachála fé Dhlí na mBocht do thabhairt i dtreis, ach sa chás san ní oibreoidh breith an Bhreithimh mar estopal i gcúis dlí ná mar bhac ar chúis dlí in aon chúirt i dtaobh an tailimh sin;

(iii) i gcúrsaí caitheamh-amach mar gheall ar neamh-íoc cíosa no seilbh-thar-téarma in aon tsórt tionóntachta nách mó an cíos uirthi ná suim atá no a fhéadfadh a bheith chó mór le £26 per annum;

(iv) in imeachta a bhunóidh an Stát no aon Aire no Roinn Rialtais no aon Oifigeach don chéanna chun aon tsuim, nách mó ná £25 agus atá dlite don Stát no ionbhainte amach aige no thar a cheann, do bhaint amach, pe'ca mar phionós, mar fhiach no mar éinní eile í agus in ainneoin aon achtacháin atá i bhfeidhm anois agus le n-a n-iarrtar an tsuim sin do lorg san Ard-Chúirt no in aon chúirt árd-chéime eile.

B.—I gCásanna Coiriúla—in aon chás díobh so a leanas, má sé barúil an Bhreithimh gur mion-chionta is intrialta ar an slí achmair an méid a cruthuíodh i gcoinnibh an duine chúisithe agus mara ndinidh an duine cúisithe (tar éis don Bhreitheamh é fhiarfaí dhe) cur i gcoinnibh é thriail amhlaidh:—

(i) i gcúrsaí ladranntachta, glaca, claonchasa no feallaireachta—údarás i gcás nách mó ná £20 an méid is fiú an t-airgead no an mhaoin atá i gceist;

(ii) i gcúrsaí ionnsaí—údarás i gcásanna ionnsaí tré n-ar dineadh díobháil chuirp;

(iii) i gcúrsaí ionnsaí mhí-mhorálta—féadfar aon chás den tsórt san d'éisteacht in camera agus nuair a héistfar amhlaidh é, más baineannach an té a hionsaíodh, beidh teideal ag baineannach eile, a ainmneoidh an té a hionnsaíodh, chun bheith i láthair sa chúirt ar feadh na haimsire go léir a bheidh an cás á éisteacht;

(iv) i gcúrsaí burglaerachta no brise isteach i dtigh no tabhairt fé cheachtar acu;

(v) i gcúrsaí ciréibe no tionóil nea-dhleathaigh—údarás i gcásanna gurb é barúil an Bhreithimh nách chun cogar có-ghléasta do chur ar aghaidh a dineadh an choir no, má b'ea féin, go bhfuil deire leis an gcogar san;

(vi) i gcúrsaí damáiste mhailísigh do mhaoin—údarás i gcásanna nách mó an damáiste ná £20:

Ach isé an daora is mó a féadfar a chur ar dhuine in aon chás díobh san a trialfar ar an slí achmair ná sé mhí príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre: Agus fós aon chásanna coiriúla ná trialfar ar an slí achmair cuirfar iad ar aghaidh chun a dtrialta (fé réir forálacha eile atá san Acht so) go dtí Breitheamh na Cuarda, no Breitheamh cheann de sna Cuarda (an ceann a shocróidh an Breitheamh) ina luigheann an Dúthaigh más cásanna laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda iad agus, marab ea, go dtí an chéad Chúirt eile den Chuaird Ard-Chúirte a bheidh ina suidhe don Dúthaigh, no go dtí an Phríomh-Chúirt Choiriúil más cásanna laistigh de chompás na Cúirte sin iad.

C.—I gcúrsaí deimhnithe do dheona i gcóir ceadúnaisí biotáille agus ceadúnaisí eile—gach údarás ceadúnais atá go dtí so á fheidhmiú ag Giúistísí Síochána i nGearr-Shíosóin no i gCeathrú Shiosóin no ag Cúirteanna Ceathrú Shiosón no ag Breacthóirí no ag Giúistísí Síochána lasmuich de Ghearr-Shiosóin ach amháin an chomhacht a bronntar le hAlt 50 den Acht so ar an gCúirt Chuarda chun ceadúnaisí nua do dheona.

Údarás a haistreo far chun na Cúirte Dúithche.

78. —Gach údarás a bhí dílsithe i nGiúistísí Dúithche, no infheidhmithe acu, i dtosach feidhm an Achta so, fé fhorálacha an Achta um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 6 de 1923 ), no fé aon Acht atá i bhfeidhm anois, agus fós gach údarás a bhí dílsithe i nGiúistísí Roinne Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, no a bhí infheidhmithe acu, i dtosach feidhm an Achta so, agus, ina theanta san, gach údarás a bhí dílsithe no infheidhmithe, i dtosach feidhm an Achta so, sa Chúirt Choinsiais no aici, no i nduine no ag duine ag gníomhú mar Ghiúistís Síochána fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, aistreofar iad chun na Cúirte Dúithche, agus na forálacha atá in Altanna 21 agus 22 den Acht so bainfid mutatis mutandis leis na húdaráis a dílsítear agus a haistrítear don Chúirt Chuarda leis an Acht so.

Na húdaráis á fheidhmiú go haonaránach ag na Breithiúin

79. —Foráltar gur go haonaránach, mar leanas, a fheidhmeoidh na Breithiúin na húdaráis a dílsítear agus a haistrítear don Chúirt Dúithche leis an Acht so:—

I gcásanna síbhialta, Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina gcomhnuíonn an cosantóir no duine de sna cosantóirí do ghnáth no ina mbíonn aon ghairm, gnó no ceárd ar siúl aige;

I gcásanna coiriúla, Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh in ar dineadh an choir no in ar gabhadh no ina gcomhnuíonn an duine cúisithe;

I gcásanna ceadúnais, Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina bhfuil an t-áitreabh ceadúnaithe suidhte.

“Cúirt na Leanbh.”

80. —Suidhfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche uair sa tseachtain, más gá é, i gCúirt speisialta i gCathracha Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Luimnigh agus Phortláirge, dá ngairmfar “Cúirt na Leanbh” agus deighleálfa sé sa chúirt sin, ar pé cuma a dheabhróidh bheith ceart, le gach cúis i gcoinnibh leanbhaí, ach amháin cúiseanna gur dó leis nách cóir deighleáil leo amhlaidh mar gheall ar a dtruime no mar gheall ar nithe eile fé leith a bhaineann leo. Aireofar mar leanbhaí anso daoine óga, fireann no baineann, atá fé bhun sé mblian ndéag.

Orduithe fén Debtor's Act (Ireland), 1872, Alt 6

81. —Beidh comhacht ag Breitheamh den Chúirt Dúithche chun pé orduithe a dheabhróidh bheith ceart do dhéanamh fé Alt 6 den Debtor's Act (Ireland), 1872, agus fé aon Acht le n-a leasuítear an céanna, chun aon aithne a dhéanfidh an Chúirt Dúithche do chur i bhfeidhm.

Feidhmiú aitheanta.

82. —In aon chás gur gá é isé duine a fheidhmeoidh aithne na Cúirte Dúithche i gcásanna síbhialta ná an Sirriam no an t-oifigeach eile a fheidhmíonn aitheanta a dhineann an Chúirt Chuarda.

Cás aithriste i gcóir na hArd-Chúirte ar cheist dlí.

83. —Déanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche (má dhineann aon pháirtí in aon imeachta a bheidh os a chóir é iarraidh air agus maran dó leis gurb iarratas suaibhreosach é) agus féadfa sé (gan iarratas d'fháil) aon cheist dlí a eireoidh in aon chás a bheidh os a chóir do chur chun na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi, agus ní bheidh dul thar an mbreith a thabharfidh an Ard-Chúirt uirthi ná ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin.

Athchomharc i gcásanna síbhialta.

84. —I ngach cás nách cás coiriúil féadfar athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe a thug Breitheamh den Chúirt Dúithche do dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda 'na luigheann Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh laistigh dá Chuaird, agus ní bheidh dul thar an mbreith a thabharfidh Breitheamh na Cúirte Cuarda ar aon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin.

Athchomharc i gcásanna coiriúla.

85. —I gcásanna coiriúla ina ndéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú go n-íocfar fíneáil no suim eile is mó ná fiche scilling no go ndéanfar éinní ar chostas is mó ná fiche scilling no go ndéanfar banna in aon tsuim is mó ná fiche scilling d'estréatáil no go bhfuilingeofar aon téarma príosúntachta is sia ná mí, féadfidh an té gur dineadh an t-ordú ina choinnibh, ach ní fhéadfidh éinne eile, athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda 'na luigheann Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh laistigh dá Chuaird agus ní bheidh dul thar an mbreith a thabharfidh Breitheamh na Cúirte Cuarda ar aon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin.

Beidh gach cás aithriste no athchomharc sa bhfuirm, etc., a hordófar le rialacha

86. —Fé mar a hordófar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so isea bheidh gach cás aithriste no athchomharc maidir leis an bhfuirm agus leis an gcuma ina mbeid, agus san ar gach slí, agus maidir leis na coiníollacha fé n-a mbeidh, pe'ca i dtaobh aimsire iad no i dtaobh éinní eile (ar a n-áirítear lóisteáil aon airgid i gcásanna síbhialta agus dul fé bhannaí maraon le huraí i gcásanna coiriúla).

Athchomharc i gcásanna ceadúnais

87. —I gcásanna céadúnais féadfidh an t-iarratasóir, no na daoine go bhfuil teideal acu do réir dlí fé láthair chun cur-igcoinnibh a dhéanamh, athchomharc a dhéanamh do réir pé forálacha a hordófar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so.

Feadhmannaigh Shíochána do cheapa.

88. —(1) Le barántas fé n-a láimh féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche o am go ham daoine córa oiriúnacha, dá ngairmfar “Feadhmannaigh Shíochána” no (i mBéarla) “Peace Commissioners,” do cheapa i ngach contae, pé daoine agus pé méid díobh is oiriúnach leis, chun dualgaisí agus comhachta Feadhmannach Síochána fén Acht so do chó-líona agus d'fheidhmiú laistigh den chontae sin agus (má deirtar é ina bharántas ceapacháin) laistigh de sna contaethe díreach có-theorainn leis an gcontae sin agus féadfa sé ar an gcuma gcéanna iad do chur chun siúil.

(2) Sa mhéid gur féidir é, agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag gach éinne a ceapfar chun bheith ina Fheadhmannach Síochána, i gcontae ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, a dhóthain eolais ar an nGaedhilg chun gnó a oifige do dhéanamh sa teangain sin.

(3) Beidh ag Feadhmannach Síochána gach comhacht agus údarás a bhí dílsithe i nGiúistís Síochána, díreach roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, i dtaobh gach ní fé leith díobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) gairmeacha do shighniú;

(b) barántaisí do shighniú;

(c) daoine do chur fé mhionn agus faisnéisí, dearbhuithe, scéala, naisc agus bannaí do ghlaca;

(d) geilteanna contabharthacha agus daoine gan meabhair do chur isteach i ngealtlanna fé Alt 10 den Lunacy (Ireland) Act, 1867, agus socrú do dhéanamh i dtaobh luach saothair don dochtúir oifigiúil agus do scrúdóir na ngealt fé Alt 14 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875;

(e) deimhnithe do shighniú chun gealtanna agus daoine gan meabhair do leigint isteach i ngealtlanna;

(f) an deimhniú a hiarrtar le hAlt 2 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, do shighniú;

(g) aon earra atá ceaptha mar bhia do dhaoine agus is dó leis a bheith fé ghalar no mí-fholáin no neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine fé Alt 133 den Public Health (Ireland) Act, 1878, fé mar atá sé leasuithe le hAlt 28 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, —an t-earra san do dhaora agus a ordú go ndéanfar díthiú no rud éigin eile air:

Ach mar sin féin is Breitheamh den Chúirt Dúithche a shighneoidh aon ghairm in aghaidh aon bhall den Ghárda Síochána.

(4) Má ghabhann ball den Ghárda Síochána éinne a bheidh cúisithe i gcionta indíotálta do dhéanamh tabharfar an duine sin i láthair Feadhmannaigh Shíochána láithreach mara mbeidh Breitheamh de Chúirt Dúithche le fáil láithreach agus tar éis pé fianaise a tairgfar d'éisteacht déanfidh an Feadhmannach Síochána an duine sin do chur siar, i gcimeád no fé pé bannaí is oiriúnach leis an bhFeadhmannach Síochána, agus cuirfe sé an cás siar chun go n-éistfar é i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche ar dháta nach déanaí ná an chéad uair eile a shuidfidh an Chúirt Dúithche sa Dúthaigh in ar gabhadh an duine sin.

Ní ceapfar a thuille Giúistísí fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 .

89. —O am rithte an Achta so agus dá éis ní ceapfar aon Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) .

An t-údarás a dhéanfidh na rialacha.

90. —Isé údarás a dhéanfidh rialacha don Chúirt Dúithche ná an tAire um Ghnóthaí Dúithche le haontú an Aire Airgid, i dtaobh nithe a bhaineann le hioncum no caiteachas puiblí, agus le cognamh Coiste a bheidh có-dhéanta de pé Breithiúin de Bhreithiúin na Cúirte Dúithche a ainmneoidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche chun na críche sin o am go ham, eadhon, cúigear ar a luíod ar a mbeidh éinne amháin ar a luíod de sna Breithiúin a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina bhfuil Ceanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, agus de bheirt atúrnae a chleachtann a ngairm agus a ainmneoidh Uachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, ach duine acu bheith ina atúrnae go bhfuil a oifig agus cleachta a ghairme lasmuich de Chathair agus Contae Bhaile Atha Cliath aige, agus d'aon abhcóide amháin a chleachtann a ghairm agus a ainmneoidh Comhairle Abhcóidí na hÉireann.

Rialacha chun an Chuid seo den Acht so chur in éifeacht.

91. —Aon uair agus o am go ham tar éis rithte an Achta so agus roimh thosach feidhm an Achta so no dá éis sin, féadfidh an t-údarás san chun rialacha dhéanamh rialacha dá ngairmfar “Rialacha Cúirte Dúithche” do dhéanamh chun an Chuid seo den Acht so do chur in éifeacht (ach ní hi dtaobh na Cúirte Cuarda d'éisteacht athchomharcanna i gcoinnibh na Cúirte Dúithche ná i dtaobh na hArd-Chúirte d'éisteacht cásanna d'aithris an Chúirt Dúithche) agus na rialacha san do chur ar nea-mbrí no d'atharú agus rialacha nua do dhéanamh. Féadfar go sonnrách rialacha dhéanamh i gcóir gach ní no éinní dhíobh so a leanas, eadhon, chun regleáil a dhéanamh ar shuidheanna agus ar laetheanta saoire agus ar dhúithchí na mBreithiún agus ar na háiteanna ina mbeidh imeachta le bunú agus ar na fuirmeacha próisis, gairme, cáis aithriste, athchomhaire no éinní eile, agus ar na coiníollacha nách foláir do pháirtí a iarrfidh aithris cáis no d'athchomharcach a chó-líona i gcásanna síbhialta no i gcásanna coiriúla no i gcásanna ceadúnais, pe'ca aca é, agus ar chleachta agus nós-imeachta na Cúirte Dúithche i gcoitinne, maraon le ceisteanna costaisí agus na trátha chun aon chéim do thabhairt sa Chúirt Dúithche agus ar bhreith d'iontráil agus ar bhreith do dheona ar an slí achmair i gcásanna oiriúnacha, agus ar úsáid teangan náisiúnta Shaorstáit Éireann sa chúirt sin agus ar cheapa agus bailiú táillí agus ar oiriúnú no atharú aon reachta fé mar is gá chun aon críche de sna crícheanna roimhráite agus ar gach fo-rud.

Ceadú na ri lacha.

92. —Móráireamh den choiste roimhráite a mholfidh agus an Príomh-Atúrnae agus an tAire um Ghnóthaí Dúithche agus an tAire Airgid a shighneoidh agus a cheadóidh na rialacha san agus ní bheid dleathach go dtí go ndéanfar iad do mhola, do shighniú agus do cheadú amhlaidh.