8 1924

Uimhir 8 de 1924.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1924.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A CEATHAIR FICHEAD AGUS MÍLE, NAOI gCÉAD, A CÚIG FICHEAD. [29adh Márta, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£338,832 do thabhairt amac as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1924.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Trí Chéad Míle Ocht Míle dhéag ar Fhichid Ocht gCéad agus Dhá Phúnt déag ar Fhichid do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle, naoi gcéad, a ceathair fichead.

£10,909,520 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste chun serbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1925.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Deich Milleon Naoi gCéad agus Naoi Míle Cúig Céad agus Fiche Púnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonfar i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad, a cúig fichead.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Aon Mhilleon Déag, Dhá Chéad Míle Ocht Míle is Dachad, Trí Chéad is Dhá Phúnt Déag is Dachad d'fháil ar iasacht ó aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimh-ráite agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chúntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Prímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1924 , do ghairm den Acht so.