|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.) |
[EN] | ||
Uimhir 4 de 1924. | ||
[EN] |
ACHT CORÓINÉIRÍ (CÁILIOCHT), 1924. | |
ACHT CHUN FAISNÉIS DO DHÉANAMH AR DHAOINE ÁIRITHE, D'EIRIGH AS BHEITH INA nGIÚISTÍSÍ SÍOCHÁNA, DO BHEITH CÁILITHE CHUN A gCEAPTHA INA gCORÓINÉIRÍ, AGUS CHUN CEAPA DAOINE ÁIRITHE MAR CHORÓINÉIRÍ DO DHÉANAMH DLEATHACH BÍODH NA RAIBH NA CÁILIOCHTA REACHTÚLA ACU I gCÓIR AN CHEAPTHA SAN. [27adh Feabhra, 1924.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Giústaisí áirithe síochána d'éirigh as a n-oifig, beid cáilíthe chun bheith ina gcoróinéirí. |
1. —I dteanta na ndaoine a luaidhtear in Alt 2 den Coroners (Ireland) Act, 1881, éinne— |
[EN] | (a) a bhí ina ghiúistís síochána an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus | |
[EN] | (b) d'eirigh as oifig mar ghiúistís síochána aon uair tar éis an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus | |
[EN] | (c) a bhí ina ghiúistís síochána le cúig bliana ar dháta an eirighe-as san, | |
[EN] | beidh sé cáilithe chun a cheaptha, a thofa no a roghnaithe chun oifige coróinéara fén Acht san agus tuigfar é do bheith cáilithe amhlaidh ón gcéad lá d'Eanair, 1919. | |
[EN] |
Daingniú ar cheapacháin daoine a ceapadh mar choróinéirí agus a luaidhtear sa Sceideal. |
2. —Tuigfar gur dineadh na daoine a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do cheapa go dleathach chun na n-oifigí coróinéara fé seach agus ar na dátaí fé seach gur chúcha agus ortha adeirtar sa Sceideal san a ceapadh fé seach iad, in ainneoin gan aon cháilíocht dá bhfuil leagtha amach in Alt 2 den Coroners (Ireland) Act, 1881, do bheith acu nuair a bhíodar á gceapa amhlaidh, agus tuigfar na daoine roimhráite do bheith i seilbh na n-oifigí roimhráite fé seach ó dineadh iad do cheapa fé seach chúcha, agus sealbhóid na hoifigí sin feasta chó hiomlán agus chó héifeachtúil agus dá mbeidís cáilithe go cuibhe do réir an Achta roimhráite nuair a ceapadh iad amhlaidh ach ní fearr ná san, ná ní ar mhalairt na slí sin, a bheidh an tsealbhaíocht acu. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Coróinéirí (Cáilíocht), 1924 , do ghairm den Acht so. |