3 1924

Uimhir 3 de 1924.


ACHT IASACHTAÍ AGUS CISTÍ DHÁIL ÉIREANN, 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN DEIGHLEÁIL LE MAOIN AN CHÉAD DHÁIL ÉIREANN AGUS AN DARA DÁIL ÉIREANN, AGUS CHUN NA hIASACHTAÍ A BHUNUIGH AN CHÉAD DHÁIL ÉIREANN AGUS AN DARA DÁIL ÉIREANN AGUS NA FIACHAISÍ EILE ATÁ ORTHA D'FHUASCAILT NO D'ÍOC. [18adh Feabhra, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Iasacht Inmheánach” an iasacht a bunuíodh fé údarás an Chéad Dháil Éireann le síntiúisí puiblí le linn na mblian 1919 agus 1920 agus a dúnadh an 17adh lá d'Iúl, 1920;

cialluíonn agus foluíonn an focal “Iasachtaí Coigríche” an iasacht a bunuíodh an 21adh lá d'Eanair, 1920, agus ina dhiaidh sin, fé údarás an Chéad Dháil Éireann le síntiúsí puiblí i Stáit Aontuithe Americe, agus an iasacht a bunuíodh an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1921, agus ina dhiaidh sin, fé údarás an Dara Dáil Éireann le síntiúisí puiblí i Stáit Aontuithe Americe;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Airgid;

foluíonn an focal “síntiúsaire” ionadaí pearsanta síntiúsaire mhairbh.

Aistreofar chun an Aire Airgid maoin a dílsíodh in Iontaobhaithe Dháil Éireann.

2. —(1) Gach airgead, súncáil, agus maoin eile a bhí, díreach roimh rith an Achta so, dílsithe in Iontaobhaithe Dháil Éireann no in éinne acu no in aon daoine no duine a bhí ag gníomhú ar son no fé údarás Iontaobhaithe Dháil Éireann no éinne acu, no i gcimeád, ar seilbh no fé smacht ag an gcéanna, agus gur ar iontaoibh do Rialtas Shaorstáit Éireann, no ar a shon, a bhíodar dílsithe amhlaidh no i gcimeád, ar seilbh, no fé smacht amhlaidh, déanfar, díreach tar éis rithte an Achta so, iad d'aistriú chun an Aire agus dílseoid agus beid dílsithe ann, agus gach aistriú, dintiúir agus instruimid eile is gá chun an t-aistriú san do dhéanamh go hiomlán, déanfidh Iontaobhaithe Dháil Éireann agus gach páirtí riachtanach eile iad d'fheidhmiú go cuibhe ar iarratas agus ar chostas an Aire.

(2) Gach fiachas, costas, agus iocaíocht fé n-ar chuathas no a dineadh ag Iontaobhaithe Dháil Éireann, no thar a gceann, nuair ba ghá agus ba cheart é, i ndéanamh a ndualgais mar Iontaobhaithe den tsórt san no mar gheall air sin, agus nár dineadh a n-íoc ná a nglana ar aon tslí eile roimh rith an Achta so, agus na costaisí agus an caiteachas a bhainfidh le haistriú maoine chun an Aire fén alt so, íocfidh an tAire iad no déanfa sé soláthar ina gcóir amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Gach airgead, súncáil, agus maoin eile a haistreofar chun an Aire leis an alt so no fé, úsáidfar iad agus deighleálfar leo ar pé cuma a fhorálfidh an tAire ó am go ham le hordú.

Déanfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén bhfo-alt so do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh Dáil Éireann ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san, agus breithneoidh Dáil Éireann go cuibhe éinní a mholfidh Seanad Éireann i dtaobh an orduithe sin laistigh den lá is fiche sin.

(4) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “Iontaobhaithe Dháil Éireann” na daoine go léir a cheap an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann chun bheith ina n-iontaobhaithe do Dháil Éireann mar Rialtas ar Shaorstát Éireann fé mar a bhí sé bunuithe an uair sin.

Aistreofar chun an Aire Airgid scaireanna áirithe atá i mBanc Náisiúnta na Talmhan Teoranta.

3. —(1) Gach scair atá i mBanc Náisiúnta na Talmhan Teoranta agus í in ainm an Natland Auxiliary Society Limited no dílsithe sa chumann san ar aon tslí eile, aistreofar chun an Aire í agus dílseoidh sí ann, agus ar iarratas agus ar chostas an Aire déanfidh an Natland Auxiliary Society Limited agus gach páirtí riachtanach eile feidhmiú ar gach dintiúir aistriúcháin agus instruimid eile is gá chun an t-aistriú san do dhéanamh.

(2) Féadfidh an tAire feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no ar aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta a bheidh infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir na scaireanna a haistreofar chuige leis an alt so, agus in aon chás in ar féidir aon chearta no comhachta dhíobh san d'fheidhmiú tré atúrnae féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

(3) Gach fiachas is féidir a chur ar an Aire, no gur féidir do dul fé, ó am go ham fén alt so no toisc gurb é sealbhóir na scaireanna riomhráite é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfa sé é.

(4) An teora a cuirtar in alt 4 den Industrial and Provident Societies Act, 1893, leis an leas do féin is féidir d'éinne amháin d'fháil no d'éileamh as scaireanna cumainn a bheadh cláruithe fén Acht san, ní bhainfe sí le haon leas as na scaireanna de Bhanc Náisiúnta na Talmhan, Teoranta, a dílseofar san Aire no a éileoidh sé de bhua an ailt seo.

Ullamhófar clár de shíntiúsairí don Iasacht Inmheánach.

4. —(1) Chó luath agus bheidh sé caothúil tar éis rithte an Achta so, cuirfidh an tAire fé ndeár Clár údarásach shíntiúsairí don Iasacht Inmheánach d'ullamhú agus féadfa sé pé nithe do dhéanamh is dó leis is gá no is ceart chun na críche sin, nithe ar a n-áirítear a shocrú cadiad na coiníollacha agus an fhianaise ar a bhféadfar éinne a éileoidh gur sintiúsaire é don Iasacht Inmheánach d'iontráil ar an gClár.

(2) Ní bheidh dul thar breith an Aire ar an éileamh a dhéanfidh éinne a éileoidh gur síntiúsaire don Iasacht Inmheánach é no gur ceart é iontráil ar an gClár de shíntiúsairí den tsórt san fén alt so.

Tabharfar amach cairteacha coigiltis do shíntiúsairí don Iasacht Inmheánach

5. —(1) Tabharfar amach tré Oifig an Phuist, do gach síntiúsaire don Iasacht Inmheánach go n-iontrálfar a ainm ar an gClár de shíntiúsairí den tsórt san a hullamhófar fén Acht so, cairt choigiltis a thabharfidh teideal don té is sealbhóir uirthi chun suim ocht scillinge fichead d'íoc leis ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1927, in aghaidh gach púint a thug an síntiúsaire mar shíntiús.

(2) Bainfidh le cairteacha coigiltis a tabharfar amach fén alt so gach rialachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh cairteacha coigiltis a tugadh amach tré Oifig an Phuist roimh rith an Achta so, ach amháin nách iníoctha roimh an 1adh lá de Mheitheamh 1927 aon chuid de shuim chairte coigiltis a tabharfar amach fén alt so agus nách gá aontú Aire an Phuist chun aon chairt choigiltis den tsórt san do shanna.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear an mhéide iomláin is iníoctha an 1adh lá de Mheitheamh 1927 i dtaobh cairteacha coigiltis a tabharfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairtamach agus íoc na gcairteacha coigiltis sin.

Féadfidh an tAire Airgid an Iasacht Choigríche d'fhuascailt.

6. —(1) Beidh sé dleathach don Aire pé nithe is dó leis is ceart do dhéanamh chun ainm agus tuairisc eile gach síntiúsaire do sna hIasachtaí Coigríche, no d'aon cheann acu, agus an tsuim a thug sé mar shíntiús d'fháil amach.

(2) Féadfidh an tAire deimhniú stuic do thabhairt amach aon uair do gach síntiúsaire do sna hIasachtaí Coigríche, no d'aon cheann acu, ar shuim is ionann agus an tsuim a thug sé mar shíntiús mar sin.

(3) Ar gach ceann no aon cheann de sna deimhnithe stuic a tabharfar amach fén alt so, féadfidh an tAire fuascailt a dhéanamh aon uair

(a) tré shuim is ionann agus ainm-mhéid an deimhnithe d'íoc le sealbhóir an deimhnithe maraon le hús ar an méid sin do réir 5 per cent. per annum ón dáta ar a raibh iomlán na suime roimhráite curtha isteach san Iasacht go dtí dáta na fuascailte, no

(b) tríd na deimhnithe sin do cheannach ar pé méid is dó leis an Aire is ceart.

(4) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh an tAire rialacháin a dhéanamh a rialóidh tabhairt amach, aistriú, tuitim agus fuascailt deimhnithe stuic a tabharfar amach fén alt so.

(5) Cuirfar mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis pé suim is gá chun fuascailt a dhéanamh ar an gcuma a foráltar roimhe seo anso ar gach deimhniú stuic a tabharfar amach fén alt so agus chun na costaisí d'íoc a bhainfidh le tabhairt amach agus le fuascailt na ndeimhnithe stuic sin.

Féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht chun muirir ar an bPríomh-Chiste d'íoc.

7. —(1) Chun na suimeanna a cuirtar leis an Acht so mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis d'íoc, féadfidh an tAire aon tsuim no suimeanna, ná raghaidh a n-iomlán thar dhá mhilleon, cúig chéad míle púnt d'fháil ar iasacht ó éinne agus féadfidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire, agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon úrúsanna a tabharfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén alt so cuirfar chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé mar chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 , do ghairm den Acht so.