Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL)

47 1923

Uimhir 47.


ACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN EUG, 1923.


ACHT CHUN ACHTANNA ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN EUG DO DHÉANAMH BUAN AGUS CHUN ACHTANNA ÁIRITHE EILE ATÁ AG DUL IN EUG DO CHIMEÁD BEO GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA. [28adh Mí na Nodlag, 1923.]

DE BHRÍ go bhfuil na hAchtanna atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus i gCuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid go bhfuilid i bhfeidhm i Saorstát Éireann agus sa mhéid gur diombuan a ré, go bhfuilid le dul in eug ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil na hAchtanna atá luaidhte i gCoda II., III. agus IV. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid gur diombuan a ré, go bhfuilid le dul in eug ar an 27adh lá de Mhárta, 1924, an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, fé seach:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na hAchtanna atá luaidhte sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na hachtacháin le n-a leasuítear iad no a dhineann difir dóibh do dhéanamh buan, agus do chimeád beo, fé seach mar a luaidhtear san Acht so:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Na hAchtanna sa Chéad Sceideal do dhéanamh buan

1. —(1) Déanfar Achtanna buana de sna hAchtanna atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a háirítear sa triú colún den Sceideal san, agus aon fhoráil atá in aon Acht atá i bhfeidhm ar dháta rithe an Achta so agus a chuireann teora leis an tréimhse a bheidh aon cheann de sna hAchtanna so no aon choda dhíobh i bhfeidhm raghaidh a héifeacht in eug.

(2) Aon achtacháin nár hathghairmeadh agus a dhineann leasú ar na hachtacháin a dintear buan leis an alt so, no a dhineann difir dóibh, déanfar buan iad sa chuma chéanna, sa mhéid gur diombuan a ré, pe'ca táid luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no ná fuilid.

Na hAchtanna sa Dara Sceideal do chimeád beo.

2. —(1) Cimeádfar beo go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, na hAchtanna atá luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a háiritear sa triú colún den sceideal san, agus raghaid in eug ansan mara gcimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin nár hathghairmeadh agus a dhineann leasú ar na hachtacháin a cimeádtar beo leis an alt so, no a dhineann difir dóibh, cimeádfar beo iad sa chuma chéanna, sa mhéid gur diombuan a ré, pe'ca táid luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so no ná fuilid.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag Dul in Eug, 1923 , do ghairm den Acht so.