|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V.—GENERALTA.) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL.) |
ACHT TALMHAN, 1923
[EN] | ||||||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL. RIAIL-BHLIANACHT CHEANNAIGH. | |||||
CUID I. Gabháltaisí fé Chíosanna Cúirte. | ||||||
[EN] | I gcás gach gabháltais isé méid a bheidh sa riail-bhlianacht cheannaigh ná méid is ionann agus oiread áirithe fén gcéad den chíos chúirte is iníoctha ar an ngabháltas, eadhon, | |||||
| ||||||
[EN] | Acht i gcás gabháltais atá fé chíos cúirte a socruíodh tré réiteach nuair a cuireadh thar n-ais ann tionónta a caitheadh amach as no gur caitheadh amach as an té a bhí i dteideal roimhe, déanfar, ar a iarraidh sin don tiarna talmhan no don tionónta laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe, déanfar an riail-bhlianacht cheannaigh do shocrú do réir forálacha Chuid II. den sceideal so fé is dá mba nár chíos cúirte an cíos. | |||||
CUID II. Gabháltaisí fé chíosanna nách Cíosanna Cúirte. | ||||||
[EN] | 1. I gcás gach gabháltais le n-a mbaineann an chuid seo den sceideal so isé méid a bheidh sa riail-bhlianacht cheannaigh ná— | |||||
[EN] | (a) an méid ar a réiteofar má réitíonn an tiarna talmhan agus an tionónta ina thaobh ar an slí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe; agus | |||||
[EN] | (b) mara réiteoidh an tiarna talmhan agus an tionónta ina thaobh, pé méid a shocróidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) ach go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais ina choinnibh agus ní bheidh dul thar a bhreith sin. | |||||
[EN] | 2. Socróidh Coimisiún na Talmhan an bhlianacht ar thuairisc a gCigire agus gan an chúis d'éisteacht i gCúirt, agus tabharfid aire do chineál agus do shuidheamh an ghabháltais, don dáta ar ar thosnaigh an tionóntacht, don chíos is iníoctha fén tionóntacht, agus do gach ní a bhaineann leis an gcás. | |||||
[EN] | 3. Baineann an chuid seo den sceideal so le gach gabháltas (a) atá, ar dháta rithte an Achta so, fé chíos nách cíos cúirte agus (b) atá no a bheidh dílsithe, mar thalamh thionóntuithe, i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so. |