|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 40. | ||
[EN] |
ACHT LUACHÁLA (ATH-SCRÚDÚ AR ATHLÓ), 1923. | |
ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT CHUN ATH-SCRÚDÚ BLIANTÚIL LUACHÁIL TAILTE AGUS TIONOTACHAN AGUS IONOIGHREACHTAÍ DO CHUR AR ATHLÓ GO CEANN BLIANA. [8adh Lughnasa, 1923.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Miniú téarmai. |
1. —San Acht so, |
cialluíonn an focal “Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála agus an Suirbhéir Teorann, agus | ||
cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht Luachála (Éirinn), 1854. | ||
[EN] |
Féadfidh an tAire Airgid an t-athscrúdú bliantúil do chur ar athló. |
2. —(1) Má dhineann an Coimisinéir aon uair no uaireanna nách déanaí ná sé mhí tar éis rithte an Achta so, a dheimhniú don Aire Airgid i scríbhinn nách féidir no gur deacair no ná fuil sé oiriúnach an t-ath-scrúdú bliantúil luachála do dhéanamh do réir an Phríomh-Achta in aon pháirt no páirteanna áirithe de Shaorstát Éireann, féadfidh an tAire Airgid, le hordú, na nithe seo a leanas do chur ar athló go ceann aon tréimhse nách sia ná bliain tar éis rithte an Achta so:— |
[EN] | (a) an t-ath scrúdú bliantúil luachála do dhéanamh do réir an Phríomh-Achta in iomlán aon cheann amháin no níos mó de sna contaethe, contae-bhuirgí no bailecheanntracha i Saorstát Éireann, no in aon chuid no coda dhíobh, agus | |
[EN] | (b) an t-ath scrúdú bliantúil luachála do dhéanamh ar aon tionóntachán no ionoighreachta ionrátuithe atá i ngach liost no aon liost a chuir Rúnaí Comhairle aon Chontae no Contae-Bhuirge no Cléireach aon Bhaile-Cheanntair i Saorstát Éireann ag triall ar an gCoimisinéir do réir alt 4 den Acht roimhráite. | |
[EN] | (2) Aon uair a cuirfar aon ath-scrúdú bliantúil ar athló fén Acht so déanfidh an Coimisinéir an t-ath-scrúdú luachála san do chríochnú agus na liostaí de luachála ath-scrúduithe do chur ag triall ar na daoine cearta ar no roimh an ladh lá de Mhárta, 1925, no pé dáta roimhe sin a hordófar leis an ordú le n-a gcuirfar an t-ath-scrúdú bliantúil ar athló, agus deighleálfar leis na liostaí sin agus féadfar athchomharc do dhéanamh ina gcoinnibh díreach dálta liostaí de luachála ath-scrúduithe a cuirfí chun siúil do réir alt 5 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (3) Aon uair a cuirfar aon ath-scrúdú bliantúil luachála ar athló fén Acht so leanfidh gach luacháil 'na gcuirfar a hathscrúdú ar athló i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht go dtí go mbeidh an t-ath-scrúdú déanta uirri agus an luacháil ath-scrúduithe tagtha i ngníomh. | |
[EN] |
Gearr Theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Luachála (Ath-Scrúdú ar Athló), 1923 , do ghairm den Acht so. |