39 1923

Uimhir 39.


ACHT ATHGHAIRME I dTAOBH DATH-STUIFEANNA (REGEALÁIL IOMPORT), 1923.


ACHT CHUN ATHGHAIRM DO DHÉANAMH AR AN ACHT A DHIN PÁIRLIMINT RÍOCHT AONTUITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS NA hÉIREANN A BHÍ ANN LE DÉANAÍ AGUS DÁ nGAIRMTEAR AN tACHT DATH-STUIFEANNA (REGEALÁIL IOMPORT), 1920, MÁ TÁ AGUS SA MHÉID GO bhFUIL AN CÉANNA I bhFEIDHM I SAORSTÁT ÉIREANN.

[8adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Athghairm ar Acht na nDath-Stuifeanna (Regealáil Iomport), 1920.

1. —Má tá agus sa mhéid go bhfuil i bhfeidhm i Saorstát Éireann an tAcht a ritheadh ar an 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1920, ag Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, agus dar teideal “Acht na nDath-Stuifeanna (Regealáil Iomport), 1920,” beidh an céanna athghairmthe agus athghairmtear leis seo é.

Gearr-Theideal.

2. —Féadfar an tAcht Athghairme i dtaobh Dath-Stuifeanna (Regealáil Iomport), 1923 , do ghairm den Acht so.