31 1923

Uimhir 31.


ACHT SLÁNUÍOCHTA, 1923.


ACHT CHUN TEORA DO CHUR LE hIMEACHTA DLÍ DO BHUNÚ I dTAOBH GNÍOMHARTHA AGUS NITHE ÁIRITHE A DINEADH LE LINN CUR-AR-CEAL DO BHEITH A DHÉANAMH AR AN STAID REBELIÚNTACHTA ARMTHA A THÁINIG AS AN IARRACHT A TUGADH FÉN RIALTAS A BUNUÍODH GO DLEATHACH DO SHAORSTÁT ÉIREANN DO THREASCAIRT, AGUS CHUN DLEATHACHT DO THABHAIRT DO BHREITHEANNA A THUG BINSÍ AIRM A BUNUÍODH LE LINN AN STAID REBELIÚNTACHTA ARMTHA SAN DO BHEITH A CHUR AR CEAL, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA BREITHEANNA SAN D'AITH-BHREITHNIÚ, AGUS I gCÓIR CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN.

[3adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Teora le himeachta dlí do bhunú i gcoinnibh daoine áirithe.

1. —(1) Ní bunófar aon aicsean ná aon imeacht eile dlí ar chor ar bith, síbhialta na coiriúil, in aon chúirt dlí ná chothruim i Saorstát Éireann a los ná i dtaobh ná i leith aon ghnímh, ruda no ní a dineadh, laistigh no lasmuich de líomatáiste údaráis an Rialtais Shealadaigh no Rialtais Shaorstáit Éireann, tar éis an 27adh lá de Mheitheamh, 1922, agus roimh rith an Achta so

(a) má dineadh no gur tuigeadh gur dineadh an gníomh, rud no ní sin chun no le linn cur-ar-ceal do dhéanamh ar an staid rebeliúntachta a tháinig as an iarracht a tugadh fén Rialtas a bunuíodh go dleathach do Shaorstát Éireann (maraon leis an Rialtas Sealadach) do threascairt, agus

(b) má dineadh an gníomh, rud no ní sin le croí macánta agus

(c) má dineadh no gur tuigeadh gur dineadh an gníomh, rud no ní sin i bhfeidhmiú dualgais an té a dhin an céanna, no chun an phuiblíocht do chosaint, no chun smacht do chur i bhfeidhm no chun leasa don phuiblíocht ar aon tslí eile, agus

(d) gur dineadh an gníomh, rud no ní sin ag duine a bhí i seilbh aon oifige no ar fostú i seirbhís d'aon tsaghas fén Rialtas Sealadach no fé Rialtas Shaorstáit Éireann, pe'ca seirbhís mhileata no shíbhialta an tseirbhís sin, no ag éinne eile a bhí ag gníomhú fé údarás duine a bhí i seilbh oifige no ar fostú mar sin.

(2) Má bunuíodh aon aicsean no aon imeacht den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt roimhe seo, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis, cuirfar as feidhm agus as éifeacht é ach, i gcás aicsin no imeachta a bunuíodh roimh rith an Achta so, beidh an cur-as san fé réir pé ordú is oiriúnach leis an gCúirt no leis an mBreitheamh a dhéanamh i dtaobh costaisí.

(3) Ní chuirfidh an t-alt so cosc le bunú no cur ar aghaidh do dhéanamh

(a) ar aon imeachta ag Rialtas Shaorstáit Éireann no ag aon Aire no Roinn den Rialtas san no thar ceann an chéanna, ná

(b) ar aon imeachta i dtaobh aon chearta adeirtar atá ann fé aon chonnra no i dtaobh aon bhriseanna ar aon chonnra, ná

(c) ar aon imeachta síbhialta mar gheall ar fhaillí i dtaobh damáiste do dhuine no do mhaoin, ná

(d) ar aon imeachta i dtaobh dleathacht paitinne no brise isteach uirthe, ná

(e) ar aon imeachta fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) , ná

(f) ar aon imeachta chun aon bhreith bharrtha a thug aon Chúirt i Saorstát Éireann roimh rith an Achta so, agus ná luíonn aon athchomharc ina coinnibh do réir dlí no atá ar fionnraí le linn rithte an Achta so, do chur i bhfeidhm no chun éifeacht do thabhairt d ar aon tslí cile

Deimhniú o Aire den Ard-Chomhairle do bheith ina fhianaise ar nithe áirithe.

2. —(1) Beidh ráiteas i scríbhinn, fé láimh Aire den Ard-Chomhairle agus ag deimhniú éinní dá luaidhtear san alt so, ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe a deimhneofar amhlaidh, sé sin le rá.

(a) gur i bhfeidhmiú dualgais an té a dhin é gurb ea a dineadh aon ghníomh, rud no ní 'na ngearántar ina thaobh in aon aicsean no imeacht eile dlí den tsórt a luaidhtear in alt 1 den Acht so;

(b) nuair a dineadh aon ghníomh, rud nó ní den tsórt san roimhráite, go raibh an té a dhin an céanna no an té gur dineadh an céanna fé n'údarás, go raibh sé i seilbh oifige no ar fostú i seirbhis fén Rialtas Sealadach no fé Rialtas Shaorstáit Éireann.

(2) Mara gcruthuítear a mhalairt tuigfar gur le croí macánta a dineadh aon ghníomh, rud no ní den tsórt san roimhráite más duine i seilbh oifige no ar fostú i seirbhís fén Rialtas Sealadach no fé Rialtas Shaorstáit Éireann a dhin é no más fé údarás a leithéide a dineadh é.

Breitheanna athug bínsí airm do dhéanamh dleathach agus d'ath-scrúdú.

3. —(1) Gach cúirt no coiste no bínse airm (dá ngairmtear bínse airm san alt so) a bhunuigh Údaráis Airm an Rialtais Shealadaigh no Rialtais Shaorstáit Éireann tar éis an 27adh lá de Mheitheamh, 1922, agus roimh rith an Achta so, chun féachaint isteach i gcásanna daoine a gabhadh ina gcimí mileata ag fórsaí mileata an Rialtais Shealadaigh no i gcásanna daoine gur cuireadh ciontaí ina leith no chun a leithéidí do thriail, tuigfar gur bhínse ceart-bhunuithe é agus gurbh ea riamh, agus gach daor-bhreith agus breith a tugadh agus gach ordú a dineadh ag aon bhínse airm den tsórt san roimh rith an Achta so tuigfar go bhfuilid agus go rabhdar riamh dleathach agus go bhfuilid agus go rabhdar riamh laistigh d'údarás dleathach an bhínse.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so bunóidh Aire den Ard-Chomhairle Bord Coimisinéirí a bheidh có-dhéanta de dhá bhall ar a luíod, eadhon, daoine a bheidh, ar dháta a gceaptha, i seilbh no tar éis bheith i seilbh oifige breithiúntais i Saorstát Éireann mar Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn; mar Bhreacthóir no mar Bhreitheamh Cúirte Contae; mar Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach, d'Ard-Chúirt, no de Chúirt Chuarda Shaorstáit Éireann; no den Chúirt Uachtarach a bhí ann le déanaí fé Dháil Éireann.

(3) An Bord Coimisinéirí a bunófar fén alt so beidh comhacht acu chun ath-scrúdú agus, tar éis an ath-scrúduithe, daingniú no luíodú, ach gan méadú, do dhéanamh ar aon bhreith piantseirbhíse no príosúntachta a thug bínse airm ar aon duine pe'ca bhí no ná raibh an duine sin ar dháta na breithe sin fé réir dlí mhileata de ghnáth.

(4) Láithreach tar éis an Bord Coimisinéirí sin do bheith bunuithe déanfidh Aire den Ard-Chomhairle rialacha a rialóidh nós-imeachta an Bhúird sin agus ina mbeidh forálacha tré n-a bhféadfidh éinne, atá, ar dháta rithte an Achta so, ag fulang príosúntachta no pian-tseirbhíse a chuir bínse airm air, a iarraidh ar an mBord Coimisinéirí sin an bhreith sin a tugadh air d'athscrúdú.

Míniú ar Rialtas Sealadach.

4. —San Acht so cialluíonn an focal “an Rialtas Sealadach” Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí agus a bunuíodh do réir na nAirtiogal Có-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus Éire a sighníodh ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus cialluíonn an focal “Aire den Ard-Chomhairle” Aire atá ina bhall d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann.

Gearr-Theideal.

5. —Féadfar an tAcht Slánuíochta, 1923 , do ghairm den Acht so.