Ar Aghaidh (SCEIDEAL)

29 1923

Uimhir 29.


ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA OCÁIDEACHA) (Uimh. 2), 1923.


ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH CHUN COSAINT LÁITHREACH DO DHÉANAMH AR AN bPUIBLÍOCHT. [3adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Beidh feidhm dlí ag na forálacha atá sa Sceideal.

1. —An tAcht den Oireachtas atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus dar teideal an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 , a rith dhá Thigh an Oireachtais go cuibhe agus 'nar dhin Seanascal Shaorstáit Éireann ar an 1adh lá de Lúnasa, 1923, a chur in úil go raibh aontú an Rí fachta aige, tiocfa sé i ngníomh agus beidh feidhm dlí aige láithreach tar éis rithte an Achta so.

Ní bhainfidh Airtiogal 47 den Bhunreacht leis an Acht so.

2. —(1) Faisnítear leis seo go bhfuil an tAcht so riachtanach chun an tsíocháin phuiblí agus an phuiblíocht do chosaint láithreach agus dá réir sin ní bhainfidh forálacha Airtiogail 47 de Bhunreacht Shaorstáit Éireann leis an Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh láithreach tar éis a chur in úil go bhfuil aontú an Rí fachta aige.

Gearr-Theideal

3. —Féadfar an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha) (Uimh. 2), 1923 , do ghairm den Acht so.