Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

21 1923

Uimhir 21.


ACHT AIRGID, 1923.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM AGUS IONCUIM DHÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA AGUS CHUN AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [9adh Iúl, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Cáin ioncuim agus barra-cháin i gcóir 1923-24

1. —(1) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, éileofar cáin ioncuim do réir chúig scillinge fén bpunt, agus éileofar barra-cháin i gcóir na bliana san do réir na rátaí gur dá réir a héilíodh í i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, fén dlí a bhí i bhfeidhm an uair sin i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é sin anois é.

(2) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é sin anois é i rith na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach, beidh éifeacht acu i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a éileofar mar adubhradh i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, éifeacht a bheidh fé réir na n-oiriúnuithe agus na n-atharuithe a dineadh no a déanfar ar na forálacha san leis no fén Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , agus fé réir forálacha Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923) , agus fé réir forálacha an Achta so.

(3) An luach le n-ar glacadh mar luach bliana d'aon mhaoin chun críche na cánach ioncuim fé Sceidil A agus B i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, áireofar é, fé réir forálacha an Achta so, mar an luach bliana don mhaoin sin chun na críche céanna i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923.

Ceartú barrachánach i gcásanna áirithe.

2. —(1) Ar a iarraidh sin d'éinne ar ar féidir barra-cháin do chur i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, féadfidh na Coimisinéirí Speisialta, in ainneoin éinní atá in alt 5 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ceartú do dhéanamh, tré aisioc cánach no ar aon tslí eile, i dtreo go luíodófar méid na barra-chánach atá le n'íoc ag an duine sin i gcóir na bliana san go dtí an méid a bheadh le n'íoc dá mbeadh feidhm dlí ag forálacha an Achta so ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, agus dá mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht. i dtaobh cánach ioncuim i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, ag na hoiriúnuithe a dineadh ar na hAchtanna Cánach Ioncuim leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no le haon Ordú a dhin an Ard-Chomhairle, no a dhéanfid ina dhiaidh seo, fé fhorálacha an Achta san.

(2) Na forálacha atá sna hAchtanna Cánach Ioncuim i dtaobh míniú cúise do dhéanamh i dtaobh puínte dlí, bainfid le hiarrataisí i dtaobh ceartú barra-chánach fén alt so.

Beidh ús ar chairteacha coigiltis saor ó cháin ioncuim.

3. —Má thugann an t-Aire Airgid amach aon chairt choigiltis a thabharfidh dá ceannathóir, de bhua suim áirithe d'íoc láithreach, teideal chun suim is mó ná san d'fháil tar éis tréimhse áirithe, suim a bheidh có-dhéanta den tsuim sin do céad-íocadh agus den ús a fhásfidh as an suim sin, ní féadfar cáin ioncuim do chur ar an bhfás úis sin faid ná raghaidh an méid de sna cairteacha san a bheidh ar seilbh ag an té is sealbhóir de thuras na huaire don chairt, faid ná ragha sé thar an méid a bheidh údaruithe a bheith ar seilbh an duine sin de thuras na huaire fé rialacháin a dhin an t-Aire Airgid.

Eileofar cáin ioncuim ar Stoc a thug an Rialtas Briotáineach amach saor o cháin.

4. —In ainneoin aon fhorála atá in aon Acht a dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, an t-ús a bheidh ar na hurúsanna uile a tugadh amach ag Rialtas na Ríochta Aontuithe roimh-ráite fé choiníoll an t-ús ortha do bheith saor o cháin ioncuim beidh sé, ón gcéad lá de Dheire Foghmhair, 1923, fé fhiachas ná cánach ioncuim a bheidh á héileamh de thuras na huaire i Saorstát Éireann ach beidh an fiachas san fé réir aon tsocrú chun faoisimh a bheidh déanta de thuras na huaire le Rialtas na Breataine Móire do réir no de bhua Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923) , no ar aon tslí eile.

Leasú ar Alt 187 den Acht Cánach Ioncuim, 1918.

5. —(1) I bhfo-alt 1 d'Alt 187 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ciallóidh an focal “purchase annuity” an chéad bhliainchíos no an bliain-chíos bunaidh is iníoctha roimh aon fhuascailt no luíodú reachtúil do dhéanamh.

(2) I bhfo-alt 1 d'Alt 187 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ní bhainfidh na focail “the respective surveys and valuations time to time in force for the purpose of poor rates” le luach bliana gnóthaí a ráitear in Uimh. III. de Sceideal A, agus, chun crícheanna Sceidil A, déanfar na gnóthaí sin do mheas i gcóir cánach agus do chur fé cháin fé Sceideal D do réir na rialacha a bhaineann le Sceideal D sa mhéid ná fuilid buiniscionn le rialacha na hUimh. III. sin de Sceideal A.

Dualgas fostathóra i dtaobh aánach is iníoctha agá fostaithe.

6. —(1) I gcás aon duine ar fostú do thabhairt faillí in íoc aon chánach ioncuim fé Sceideal D no E atá amuich air agu iníoctha aige i gcóir aon bhliana, féadfaidh na Coimisinéir, Ioncuim, aon uair tar éis tréimhse ráithe do bheith caithte ón gcéad lá a bhí an cháin ioncuim sin amuich ar an duine agus iníoctha aige, féadfid fógra do thabhairt dá bhfostathóir á chur ar an bhfostathóir sin an méid cánach ioncuim atá i riaráiste mar sin do bhaint as aon luach saothair is iníoctha aige leis an duine ar fostú aige.

(2) Ar fháil an fhógra san do bainfidh an fostathóir as an luach saothair sin, pé suim no suimeanna, gan a n-iomlán do bheith níos mó ná iomlán na cánach ioncuim atá i riaráiste mar sin, agus ar pé uaire agus ar pé cuma, a ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim, agus na suimeanna a bhainfe sé as an luach saothair mar sin íocfa sé iad láithreach le hArd-Chuntasóir an Ioncuim.

(3) Má dhineann aon fhostathóir oba no faillí ar íoc aon tsuime no suimeanna den tsórt san le hArd-Chuntasóir an Ioncuim laistigh den am a luadhfar sa bhfógra san beidh an fostathóir sin freagarthach in íoc na suime no na suimeanna san chó maith is dá mba air féin a gearrfí an céanna go cuibhe, agus chun an céanna d'fháil uaidh féadfar imeachta do bhunú ar aon tslí dá bhfuil leagtha amach san Acht Cánach Ioncuim, 1918, agus sna slite sin áirítear na Coimisinéirí Speisialta do thabhairt a mbarántais don Bhailitheoir gur ina Cheanntar Bailitheoireachta atá árus gnótha no maoin an fhostathóra san suidhte, á ordú dho gabháil do dhéanamh ar earraí agus ar mhaoin an fhostathóra san, agus ní cosc ar fháil na suime no na suimeanna san le himeachta no le gabháil earraí an fostathóir do thabhairt faillí sa tsuim no sna suimeanna san do chimeád ón duine ar fostú.

(4) Aon fhostathóir a dhéanfidh faillí no oba ar fhorálacha an ailt seo do chó-líona beidh sé i mbaol na fineála atá gearrtha amach le halt 107 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, don té a dhéanfaidh faillí no oba ar liost, faisnéis no ráiteas a thabhairt uaidh, agus féadfar an fhineáil sin do bhaint de gan dochar d'aon leigheas eile a foráltar leis an Acht Cánach Ioncuim, 1918, no an Acht so.

(5) Más cólucht daoine an fostathóir beidh feidhm ag forálacha fo-altanna 2 agus 4 d'alt 105 agus ag iomlán ailt 106 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, i dtaobh éinní is gá a dhéanamh fén Acht so.

(6) Ní dhéanfidh éinní san Acht so deifir d'fhorálacha Riail 11, Sceideal E, den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ná d'fhorálacha Riail 7, Sceideal E, den Acht céanna mar a leasuíodh é le hAlt 18 (3) den Acht Airgid, 1922.

(7) Aon fhostathóir a íocfidh leis an Ard-Chuntasóir, no leis an mBailitheoir gur ina Cheanntar Bailitheoireachta a luíonn a árus gnótha no a mhaoin, aon tsuim chánach ioncuim den tsórt san éileofar le fógra den tsórt san o sna Coimisinéirí Ioncuim mar adubhradh, beidh sé saor agus scaoilte o íoc an méid airgid a bhí san íocaíocht san chó maith is dá n-íocfadh sé an tsuim airgid sin mar luach saothair leis an nduine sin ar fostú aige.

Chun cáin ioncuim d'fháil.

7. —(1) Aon uair a dhéanfidh éinne (dá ngairmtear “faillitheoir” san alt so) faillí ar íoc aon tsuime a gearrfar air i dtaobh cánach ioncuim, agus (i gcás cáinmheasa fé Sceideal A) in ainneoin gan an faillitheoir do bheith ainmnithe sa cháinmheas, féadfidh an Bailitheoir gur cóir do an tsuim nár íocadh do bhailiú deimhniú do thabhairt amach d'Fho-Shirriamh na Contae ina gcomhnuíonn an faillitheoir no ina bhfuil áit ghnótha aige no (nuair is ar thailte no ar thionóntacháin a bhíonn an cháin gan íoc mar mhuirear) ina luíonn na tailte agus na tionóntacháin, deimhniú ar mhéid na suime nár íocadh agus ar an té na bhfuil an céanna iontogtha air agus ar na tailte agus na tionóntacháin (más ann dóibh) ar a bhfuil muirear na suime.

(2) Láithreach tar éis aon deimhniú d'fháil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt roimhe seo díreoidh an Fo-Shirriamh ar thógaint na suime a deimhnítear ann do bheith gan íoc, tré ghábháil do dhéanamh ar gach cuid no aon chuid de sna hearraí, de sna hainmhithe agus den mhaoin eile atá ina bháillíocht agus is leis an bhfaillitheoir agus (nuair is ar thailte no ar thionóntacháin a bhíonn an cháin gan íoc mar mhuirear) ar gach cuid no aon chuid de sna hearraí, de sna hainmhithe agus den mhaoin eile a gheobhfar ar na tailte no na tionóntacháin sin, agus chun na gcrícheanna san beidh ag an bhFo-Shirriamh (i dteanta na gceart, na gcomhacht agus na ndualgaisí a bronntar air leis an alt so) na ceartanna, na comhachtanna agus na dualgaisí uile sin a bheidh aige de thurus na huaire do réir dlí maidir le feidhmiú rit fieri facias sa mhéid na beid buiniscionn leis na ceartanna, na comhachtanna agus na dualgaisí breise a bronntar air leis an alt so.

(3) An báille, no aon duine eile a fostófar ag Fo-Shirriamh chun feidhmiúchán do dhéanamh fé aon deimhniú den tsórt a luaidhtear san alt so, beidh sé de dhualgas air, chó luath agus ragha sé isteach agus roimh ghabháil do dhéanamh do, barántas an údaráis sin ón bhFo-Shirriamh do thaisbeáint, nuair a iarrfar air é, don bhfaillitheoir no pé duine eile a dheabhróidh a bheith i seilbh na dtailte agus an áitribh ina raghaidh an báille no an duine eile sin, agus nuair iarrfar í, fíor-chóip den údarás san do thabhairt don bhfaillitheóir no don duine eile a dheabhróidh a bheith i seilbh mar adubhradh.

(4) Gach Fo-Shirriamh 'na ndéanfar fé n'údarás feidhmiúchán ar earraí, ar ainmhithe no ar mhaoin eile fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite, beidh sé de dhualgas air féachaint chuige go ndéanfar amach, laistigh d'ocht n-uaire is dachad a’ chluig cuntas ina n-áireofar gach maoin a gabhadh agus, más féidir é, sara n-aistreofar éinní, féachaint chuige go dtabharfar don bhfaillitheoir, no don duine eile a dheabhruigh a bheith i seilbh na maoine sin, dúbláid don chuntas san agus í sighnithe ag an bhFo-Shirriamh no ag duine ag gníomhú thar a cheann.

(5) Aon Fho-Shirriamh a thógfidh aon earraí, ainmhithe no maoin eile i bhfeidhmiúchán fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite, beidh sé dleathach do na hearraí, na hainmhithe no an mhaoin eile sin do dhíol ar cheant phuiblí aon tráth tar éis deire tréimhse cheithre huaire fichead a chluig tar éis do an céanna do thógaint i bhfeidhmiúchán, ach san do dhéanamh gan aon mhoill mhí-réasúnta, agus ní gá don bhFo-Shirriamh a fhoillsiú ná a chraobhscaoile gur díolachán ag Fo-Shirriamh an díolachán san na díolachán earraí, ainmhithe ná maoine a tógadh i bhfeidhmiúchán.

(6) Aon Fho-Shirriamh a thógfidh earraí, ainmhithe no maoin eile i bhfeidhmiúchán fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite féadfa sé na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin do dhíol ar cheant phuiblí in aon áit no áiteanna is tairbhí ina bhféadfar, dar leis, na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin do dhíol pe'ca laistigh no lasmuich dá bháillíocht é, agus pe'ca laistigh no lasmuich de theoranta críche Shaorstáit Éireann é, agus féadfa sé na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin no aon chuid díobh d'aistriú no féachaint chuige go n-aistreofar an céanna ón áit inar gabhadh an céanna go dtí an áit no na háiteanna díolacháin sin.

(7) Gach earra, ainmhí agus maoin eile a thógfidh aon Fho-Shirriamh i bhfeidhmiúchán fé aon deimhniú den tsórt san roimhráite, féadfidh an Fo-Shirriamh iad do chur, go dtí go ndíolfar iad, i bpóna, i stór agus i gcimeád i pé áit no áiteanna is oiriúnach leis, pe'ca laistigh no lasmuich dá bháillíocht atáid no laistigh no lasmuich de theoranta críche Shaorstáit Éireann, cé ná beidh sé ceaptha ná údaruithe do réir dlí an áit no na háiteann a san d'úsáid mar phónaí.

(8) Pé cás ina ndéanfidh an Fo-Shirriamh, no ina ndéanfar le n'ordú, aon earraí, ainmhithe no maoin eile d'aistriú fén alt so go dtí áit lasmuich dá bháillíocht, tógfidh an Fo-Shirriamh i dteanta méid na cánach a bheidh luaidhte sa deimhniú fé n-ar gabhadh na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin, agus méid gach éilimh eile a bheidh iontóghta do réir no de bhua an ailt seo tógfa sé méid na gcostas uile a chuirfe sé suas—

(a) le linn no i dtaobh aistriú na n-earraí, na n-ainmhithe agus na maoine sin ó sna háiteanna inar gabhadh iad go dtí gach áit (maraon le háit an díolacháin) ’na n-aistreofar na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin chuige roimh iad do dhíol;

(b) le linn no i dtaobh na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin do chur i stór, i bpóna agus i dtaisce (maraon le beatha agus uisce do thabhairt do sna hainmhithe sin) idir aimsir na gabhála agus aimsir an díolacháin;

(c) le linn no i dtaobh díolachán agus aon iarracht ar dhíolachán na n-earraí na n-ainmhithe no na maoine sin nách díolachán ná iarracht ar dhíolachán laistigh de bháillíocht an Fho-Shirriaimh.

Féadfidh an Fo-Shirriamh gach costas agus caiteachas den tsórt atá luaidhte sa bhfo-alt so do bhaint as sochar díolachán na n-earraí, na n-ainmhithe agus na maoine mar chéad mhuirear ar an sochar san.

(9) Is é an Fo-Shirriamh is aon bhreitheamh ar ce'ca áit no áiteanna is tairbhí ná bhféadfar aon earraí, ainmhithe no maoin eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, agus ní luífidh aon aicsean i gcoinnibh aon Fho-Shirriaimh i dtaobh é do dhíol aon earraí, ainmhithe no maoin den tsórt san roimh-ráite lasmuich dá bháillíocht.

(10) Gach duine a dhéanfidh tar éis rithte an Achta so aon earraí, ainmhithe no maoin eile a thógfidh Fo-Shirriamh i bhfeidhmiúchán fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite do cheannach go macánta ar dhíolachán a cuirfar ar siúl ag Fo-Shirriamh no fé n'údarás, beidh dea-theideal éifeachtúil aige i gcoinnibh gach n-aon chun na n-earraí, na n-ainmhithe agus na maoine a cheannóidh sé mar sin in ainneoin aon neamhéifeachta no nea-rialtachta i no mar gheall ar ghabháil no díolachán na n-earraí, na n-ainmhithe no na maoine sin, agus pe'ca is fíor no nách ea go raibh a fhios aige no gur cheart do a fhios do bheith aige no go bhféadfadh sé a fhios de bheith aige no go bhfuair sé aon tsaghas fógra gur díolachán ag Fo-Shirriamh no fé n'údarás an díolachán san.

(11) Ní dhéanfa sé dochar ná difríocht do chomhacht ná d'údarás Fo-Shirriaimh chun aon earraí, ainmhithe no maoin eile a thógfa sé i bhfeidhmiúchán fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite do dhíol, na hearraí, na hainmhithe nó an mhaoin sin do bheith as cimeád an Fho-Shirriaimh no aon chur isteach do dhéanamh in aon tslí ar a chimeád ortha aon tráth no tráthanna idir aimsir na gabhála agus an aimsir 'na ndíolfar na hearraí, na hainmhithe agus an mhaoin sin.

(12) Ní luífidh aon aicsean i gcóinnibh Fo-Shirriaimh i dtaobh ná mar gheall ar é do dhul no do bhrise isteach in aon tailte, in aon tigh, in aon chlós no in aon áitreabh eile chun tógaint i bhfeidhmiúchán fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite do dhéanamh ar aon earraí, ainmhithe no maoin eile a bhí no d'fhéadfadh a bheith ar na tailte sin no sa tigh, sa chlós no san áitreabh san, ná fós i dtaobh ná mar gheall ar aon díobháil a dineadh do sna tailte, don tigh no don áitreabh san leis an dul isteach no leis an mbrise isteach san no le n-a linn: Ar choiníoll gur dhin an Fo-Shirriamh, sarar bhris sé isteach in aon tigh comhnuithe no foirgneamh eile, iarrachtaí réasúnta ar dhul isteach go síochánta agus gan fóiréigean: Ar choiníoll fós, in aon chás in ar bhris an Fo-Shirriamh isteach agus in ar chuaidh sé isteach in áitreabh aon duine seachas an faillitheoir a bhí ainmhithe sa doimhniú, go bhfuair sé ann no air aon earraí, ainmhithe no maoin eile leis an bhfaillitheoir no go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go raibh earraí, ainmhithe no maoin éigin eile den tsórt san ann no air.

(13) Ní luífidh aon aicsean i gcoinnibh aon Fho-Shirriaimh, agus ní chuirfe sé é féin fé aon phionós, i dtaobh ná mar gheall ar gur dhin sé, fé aon deimhniú den tsórt san roimh-ráite, níos mó no níos lú earraí, ainmhithe no maoine eile do ghabháil no do dhíol ná mar a bheadh no d'fhéadfadh a bheith dóthanach chun iomlán ná cánach a bhí luaidhte sa deimhniú san d'íoc chó maith le gach táille, éileamh agus costas do bhí iontógtha do réir no de bhua an deimhnithe sin.

(14) Ní bhainfidh na fo-altanna san uile, (3) go (13) den alt so, ach le haon deimhniú den tsórt san roimh-ráite a bhaineann le Cáin Ioncuim i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, no i gcóir aon bhliana roimhe sin.

Féadfar ús, dividenda agus bliainchíosanna áirithe d'éileamh fé Sceideal D.

8. —(1) I gcás aon ús, dividenda, bliain-chíosanna no scaranna de bhliain-chíosanna, le n-a mbaineann an t-alt so, no na profidí a ghabhann le haon ús, dividenda, no bliain-chíosanna den tsórt san, do bheith ionchurtha fé cháin ioncuim fé Rialacha Sceideal C den Acht Cánach Ioncuim, 1918, agus gan aon cháinmheas do bheith déanta ortha i gcóir aon bhliana fén Sceideal san, féadfar cáin ioncuim do chur agus cáinmheas do dhéanamh ar an ús, na dividenda, na bliain-chíosanna, na scaranna de bhliain-chíosanna no na profidí sin agus an té a bhí i dteideal an t-ús, na dividenda, no na híocaíochta bhliantúla eile sin d'fháil beidh an cháin ioncuim sin iníoctha aige i gcóir na bliana san fén gCás cóir i Sceideal D.

(2) Baineann an t-alt so le gach ús, dividendum, bliain-chíos agus scar de bhliain-chíos is iníoctha as aon ioncum puiblí is le Saorstát Éireann no as aon ioncum puiblí is leis an mBreatain Mhóir no le Tuaisceart Éireann no leis an mBreatain Mhóir agus Tuaisceart Éireann.

Saoirse o cháin ag Ioncum Dearcaisí sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

9. —Deonfar saoirse—

(a) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, fé Sceideal A den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ar chíosanna agus profidí aon tailimh, tionóntachán, ionoighreachtaí, no oigreachtaí is le haon ospideul, scoil phuiblí no tigh déirce, sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, no atá dílsithe in iontaobhaithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chun crícheanna déirciúla, sa mhéid go gcuirtar an céanna chun crícheanna déirciúla amháin;

Ach in ainneoin aon tsaoirse den tsórt san do lomháil, ní déanfar glana amach ná atharú ar aon cháinmheas ar na maointe fé seach ach beidh sé i bhfeidhm agus tógfar é;

(b) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, fé Sceideal C den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ar aon ús, bliain-chíosanna, dividenda no scaranna de bhliain-chíosanna, agus ó cháin i gcóir na bliana chéanna fé Sceideal D den Acht chéanna ar aon ús bhliantúil no íocaíocht bhliantúil eile atá ina chuid d'ioncum aon chólucht daoine no iontaobhacht sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chun crícheanna déirciúla amháin no is féidir a chur chun crícheanna déirciúla amháin do réir na rialacha no na rialáchán a bunuíodh le hAcht Páirliminte, cairt, aithne, dintiúir iontaobhachta no uacht sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus sa mhéid go gcuirtar an céanna chun crícheanna déirciúla amháin;

(c) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, fé Sceideal C den Acht Cánach Ioncuim, 1918, ar aon ús, bliain-chíosanna, dividenda no scaranna de bhliain-chíosanna atá in ainm iontaobhaithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus nách féidir a chur ach chun deisiú do dhéanamh ar árd-eaglais, coláiste, eaglais, no séipeul, no ar fhoirgneamh ná húsaidtear ach chun Dia d'adhra ann, agus sa mhéid go gcuirtear an céanna chun na gcrícheanna san:

Ach ní bhainfidh an tAlt so ach le cás gur leis an ospideul, scoil phuiblí no tigh déirce sin na tailte, tionóntacháin, ionoighreachtaí no oighreachtaí roimh-ráite, no go rabhadar dílsithe sna iontaobhaithe sin, ar an 5adh lá d'Abrán, 1923, no le cás inar dtáinig an t-ús, na bliain-chíosanna, na dividenda, na scaranna de bhliain-chíosanna, an t-ús bhliantúil no na híocaíochta bliantúla eile as súncála no maoin eile a bhí ar seilbh ag an gcólucht daoine no ag an iontaobhacht no ag na hiontaobhaithe sin, no a bhí fé réir na rialacha no na rialachán san, ar an 5adh lá d'Abrán, 1923.

Cáin ar Ioncuim o dhividenda coigríche.

10. —(1) In aon chás in ar cuireadh fé chúram éinne i Saorstát Éireann chun iad d'íoc le héinne i Saorstát Éireann aon ús, dividenda, no íocaíochtanna bliantúla eile is iníoctha as aon Ioncum Puiblí seachas Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann no is iníoctha mar gheall ar stuic, cistí, scaranna no urrúsanna aon chuideachtan, cumainn, fionntair no gnótha choigríche beidh comhacht ag na Coimisinéirí Ioncuim chun an duine sin, inar cuireadh déanamh na híocaíochta san ar a chúram d'fhuascailt ón oblagáid a bheidh air an cháin d'íoc ar an íocaíocht san agus a cuireadh air le hUimh. 1 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceideal C, agus le hUimh. 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Acht Cánach Ioncuim, 1918.

(2) Nuair a bheidh an fhuascailt roimh-ráite acu á dheona beidh comhacht ag na Coimisinéirí Ioncuim aon choiníollacha d'ordú a chífar dóibh is gá a ordú chun deimhin do dhéanamh de go ngearrfar agus go n-íocfar aon cháin is inghearrtha agus is iníoctha mar gheall ar an ús, na dividenda no na híocaíochtanna bliantúla eile sin, fé fhorálacha an Achta Chánach Ioncuim, 1918, agus fé sna hAchtanna le n-ar dineadh an céanna do bhuanú agus do leasú.

(3) Is leor leitir fé láimh Rúnaí no Rúnaí Chonganta na gCoimisinéirí Ioncuim, no foillsiú fógra sa chéill sin san Iris Oifigiúil á rá go bhfuil na Coimisinéirí Ioncuim tar éis gach comhacht no aon chomhacht dá mbronntar orra leis seo d'fheidhmiú, is leor san mar fhianaise ar an méid sin do bheith déanta aca.

(4) Nuair a fuasclófar fé sna comhachtanna a bronntar ar na Coimisinéirí Ioncuim leis an alt so, an duine 'nar cuireadh de chúram air an t-ús, na dividenda, no na híocaíochtanna bliantúla eile d'íoc, nuair a fuasclófar é o íoc na cánach a bheidh ar na nithe sin beidh an cháin sin inghearrtha agus ionmhuirir fén gcás ceart i Sceideal D, ar an duine a bheidh i dteideal an t-ús, na dividenda, no na híocaíochtanna bliantúla eile sin d'fháil, agus beidh sí iníoctha ag an duine sin.

(5) Cuirfar le Riail 1 de sna Rialacha i dtaobh úis, dividenda, agus íocaíochtanna bliantúla eile 'na ndintar fé Sceideal C den Acht Cánach Ioncuim, 1918, a n-íoc do chur ar chúram daoine seachas Banc Shasana, Banc na hÉireann, agus Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta, na focail seo a leanas:—

“Deifreofar sna cuntaisí roimh-ráite idir chuntaisí fé leith gach duine de sna daoine a bheidh i dteideal na dividenda d'fháil, agus beidh ainm agus seola gach duine de sna daoine sin ionta agus mion-innste ar na méideanna is iníoctha agus ar an ioncum puiblí gur as atá gach méid fé leith iníoctha.”

(6) Déanfar Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Acht Cánach Ioncuim, 1918, do léigheamh gach tráth feasta fé mar a déanfí, le linn Riail 7 san d'achtú, an tuille a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin do chur le Riail l de sna Rialacha i dtaobh úis, dividenda, no íocaíochtanna bhliantúla eile 'na gcuirtar a n-íoc ar chúram daoine seachas Banc Shasana, Banc na hÉireann, agus Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta.

Gearra agus muirearáil cánach ioncuim maidir le hoifigí puiblí.

11. —(1) Na comhachta agus na dualgaisí a bhaineann le cáin ioncuim do ghearra agus do mhuirearáil maidir le hoifigí agus fostaíochtanna sochair in aon cheann de Thithibh an Oireachtais no in aon Chúirt no roinn phuiblí no oifig agus atá á bhfeidhmiú agus á gcó-líona go dtí so ag coimisinéirí a ceapadh go speisialta fé alt 69 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, feidhmeofar agus có-líonfar iad feasta, ach amháin mar a údarófar ina dhiaidh seo anso, ag na Coimisinéirí chun crícheanna speisialta na nAchtanna Cánach Ioncuim (dá ngairmtear “Coimisinéirí Speisialta” ina dhiaidh seo anso) agus gach luadh no tagairt dá bhfuil in aon reacht do Choimisinéirí a ceapadh go speisialta fé alt 69 sin léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do sna Coimisinéirí Speisialta.

(2) Na comhachta agus na dualgaisí maidir le cáin ioncuim atá á bhfeidhmiú agus á gcó-líona go dtí so ag cáinmheastóirí in aon chúirt no oifig dar ceapadh Coimisinéirí go speisialta fé alt 69 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, feidhmeofar agus có-líonfar iad feasta, ach amháin mar a údarófar ina dhiaidh seo anso, ag Cigire Cánach no oifigeach eile a ceapfar chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncuim agus gach luadh no tagairt dá bhfuil in aon reacht do sna cáinmheastóirí roimh-ráite léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don Chigire Cánach no don oifigeach eile a ceapfar amhlaidh mar adubhradh.

(3) Má shocruíonn an tAire Airgid ná fuil sé oiriúnach, de dheascaibh nithe fé leith a bhaineann le haon oifig phuiblí áirithe, na comhachta agus na dualgaisí a luaidhtear sna fo-ailt deiridh sin no aon cheann no breis de sna comhachta agus de sna dualgaisí sin do bheith á bhféidhmiú agus á gcó-líona i dtaobh na hoifige sin ag na hoifigigh 'na n-aistrítear an céanna chúcha roimhe seo anso, ceapfidh na Coimisinéirí Ioncuim pé oifigigh no daoine a mholfidh an tAire Airgid chun na comhachta agus na dualgaisí sin d'fheidhmiú i dtaobh na hoifige sin.

(4) Sa mhéid ná tagaid le forálacha an ailt seo scuirfidh Ailt 69 agus 117 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, d'éifeacht do bheith acu.

Oiriúnuithe ar Achtanna áirithe

12. —(1) Léireófar Alt 27 den Acht Airgid, 1920, agus Alt 28 den Acht Airgid, 1921 (a bhaineann le faoiseamh sa Ríocht Aontuithe o Cháin Ioncuim Tiarnais) agus beidh éifeacht acu fé mar a bheadh—

(a) na focail “Saorstát Éireann” in ionad na bhfocal “United Kingdom” i ngach áit ina bhfuil na focail sin in aon cheann de sna hailt sin, agus

(b) na focail “an Bhreatain Mhóir agus Tuaisceart Éireann” in ionad an fhocail “Dominion” i ngach áit ina bhfuil an focal san in aon cheann de sna hailt sin.

(2) Beidh ag alt 27 san den Acht Airgid, 1920, agus ag alt 28 san den Acht Airgid, 1921, mar a leasuítear iad leis an bhfo-alt deiridh sin, éifeacht, fé réir forálacha aon Ordú atá déanta cheana no a déanfar ina dhiaidh seo ag Seanascal Shaorstáit Éireann ar chomhairle Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann fén Acht Cánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923) , agus, i gcás aon choinblioctha idir fhorálacha altanna 27 agus 28 san no aon ailt díobh agus forálacha aon Ordú den tsórt san roimh-ráite, is iad forálacha an Orduithe sin a sheasóidh.

(3) Nuair a bhainfidh le Saorstát Éireann aon Acht a dhin Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí agus a bhaineann le cáin ioncuim no le n-a gcuirtar na hAchtanna Cánach Ioncuim i mbaint, léireofar na focail “foreign” “foreign state” agus “abroad” fé seach mar fhocail a fholuíonn gach áit lasmuich de Shaorstát Éireann no lasmuich den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é, fé mar a éileoidh an cás.

(4) Cuirfar le mír (a) de Chlás 1 de Sceideal D den Acht Cánach Ioncuim, 1918, an fho-mhír seo a leanas:

“(iv.) chun éinne, pe'ca saoránach de Shaorstát Éireann é no nách ea, bíodh ná comhnuíonn sé i Saorstát Éireann, as díolachán aon earraí no áirnéise a dhin an duine sin, go hiomlán no go leathrannach, i Saorstát Éireann,”

(5) Chun an mheánacht a luaidhtear i Rialacha 1 agus 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cás 5 i Sceideal D den Acht Cánach Ioncuim, 1918, do dhéanamh amach, tuigfar an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann do bheith lasmuich de Shaorstát Éireann ar feadh iomláine na dtrí mblian a áireofar sa mheánacht san.

(6) Déanfar Riail 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. agus Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cás V. i Sceideal D den Acht Cánach Ioncuim, 1918, do léiriú agus beidh éifeacht aca fé mar a bheadh an focal “saoránach de Shaorstát Éireann” in ionad an fhocail “British subject.”

(7) Léireofar Riail 7 de sna Rialacha Generálta de Sceideal A, B, C, D, agus E den Acht Cánach Ioncuim, 1918, agus beidh éifeacht aca fé mar a bheadh—

(a) an focal “saoránach de Shaorstát Éireann” in ionad an fhocail “British subject,” agus

(b) na focail “Saorstát Éireann” in ionad na bhfocal “British, Indian, Dominion or Colonial.”

Diúité ar thé.

13. —(1) An diúité custuim do réir ocht bpingne an púnt mar atá iníoctha anois ar thé a tugtar isteach i Saorstát Éireann leanfar d'é do mhuirearáil, do thógaint agus d'íoc ar an té go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1924.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Acht Airgid, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so tar éis an focal “Saorstát Éireann” do chur in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Leanfar de dhiúitéthe Custuim áirithe.

14. —(1) Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe a céadghearradh le halt 8 den Acht Airgid (Uimh. 2), 1915, agus atá iníoctha anois i Saorstát Éireann, leanfar d'iad do mhuirearáil do thógaint agus d'íoc suas go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1924.

(2) Na diúitéthe iompuirt nua do céad-ghearradh le halt 12 den Acht Airgid (Uimh. 2), 1915, agus atá iníoctha anois i Saorstát Éireann, leanfar d'íad do mhuirearáil, do thógaint agus d'íoc go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1924.

(3) Bainfidh forálacha ailt 8 den Acht Airgid, 1919, leis na diúitéthe a luaidhtear san alt so tar éis an focal “Saorstát Éireann” do chur in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Leanfar de chánacha agus diúitéthe an Sceidil.

15. —(1) Na cánacha agus na diúitéthe a áirítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, leanfar d'iad do mhuirearáil, do thógaint, do ghearra agus d'íoc i Saorstát Éireann go dtí go n-achtóidh an tOireachtas a mhalairt agus gan dochar do sna forálacha reachtúla atá ann fé láthair i dtaobh ais-tarraicí, aisíocanna agus liúntaisí.

(2) I rith na tréimhse a thosnóidh ar dháta rithte an Achta so agus a chríochnóidh an 30adh Abrán, 1924, féadfar Clóroform agus Aetéir Sulfurach do sheachada d'aon ospideul puiblí, a usáideann an céanna chun crícheanna Leighis agus Máinliaghais, gan cáin d'íoc sna cásanna san ina gceadóidh na Coimisinéirí Ioncuim é agus fé pé coiníollacha maidir le cruthúnas urraíocht agus mar sin a leagfidh na Coimisinéirí Ioncuim amach chun an tIoncuim do chosaint.

(3) Na forálacha reachtúla agus na fórálacha eile go léir a bhí i bhfeidhm ar an 31adh lá de Mhárta, 1923, i Saorstát Éireann maidir leis na cánacha agus na diúitéthe sin fé seach, go dtí go n-achtóidh an tOireachtas a mhalairt bainfid leis na cánacha agus na diúitéthe sin, fé réir na n-oiriúnuithe agus na n-atharuithe atá déanta cheana no a déanfar ina dhiaidh seo ar na forálacha san leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no fé.

(4) Leanfidh forálacha alt 8 den Acht Airgid, 1919, de bheith ag baint le pé cinn de sna cánacha agus de sna diúitéthe a luaidhtear san alt so agus le n-ar bhain an céanna ar an 31adh lá de Mhárta, 1923, ach go gcuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland” san alt san.

Baint amach cánacha agus diúitéthe atá fé chúram na gCoimisinéirí Ioncuim.

16. —Gach imeacht chun aon cháin no diúité do bhaint amach agus atá anois fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim, no chun aon fhíneáil, pionós no cailliúint do bhaint amach a tharraig éinne air féin mar gheall ar aon cháin no diúité den tsórt san (mara mbeidh údarás do réir dlí leis an gcéanna do bhunú ar sheirbheáil na gCoimisinéirí Ioncuim no duine dá n-oifigigh no ar sheirbheáil Oifigigh Síochána), bunófar é ar sheirbheáil Ard-Aturnae Shaorstáit Éireann.

Oiriúnú ar alt 38 d'Acht na Stampa-Dhiúitéthe (Éirinn), 1842

17. —(1) Ní bhainfidh Alt 3 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ) (a bhaineann le brí na hainme “Ireland” i Reachta Briotáineacha) le halt 38 d'Acht na Stampa-Dhiúitéthe (Éirinn), 1842 (a thugann saoirse o dhiúité leagáide do leagáidí do dhéarcaisí in Éirinn).

(2) Léireofar alt 38 san d'Acht na Stampa-Dhiúitéthe (Éirinn), 1842, agus beidh éifeacht aige fé mar a bheadh—

(a) na focail “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Ireland” sa chéad áit ina bhfuil an focal san in alt 38 san; agus

(b) na focail “Saorstát Éireann no Tuaisceart Éireann” in ionad an fhocail “Ireland” sa dara áit agus sa tríú háit ina bhfuil an focal san in alt 38 san.

(3) Ní leanfidh an t-alt so i bhfeidhm ach an fhaid is deimhin leis an Aire Airgid saoirse o dhiúité do bheith á thabhairt i dTuaisceart Éireann, do réir na dlí i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, de shórt na saoirse o dhiúité i Saorstát Éireann a tugtar le halt 38 san fé mar a leasuítear leis an alt so é.

Oiriúnú ar achtacháin a bhaineann le bannaí.

18. —(1) Gach foráil, a iarrann go raghfí fé bhanna agus atá in aon Acht le n-a mbaineann an t-alt so, is leor de chó-líona uirri dul fé bhanna leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus gach luadh no tagairt atá in aon Acht le na mbaineann an t-alt so do bhanna fé n-a raghfí, fé aon Acht den tsórt san no dá réir, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar is dá mbeadh ann luadh no tagairt do bhanna a bheadh mar é agus 'na raghfí fé leis na Coimisinéirí Ioncuim.

(2) Gach banna fé n-ar chuathas go dtí so no fé n-a raghfar ina dhiaidh seo, fé aon Acht le n-a mbaineann an t-alt so no dá réir, féadfar é do chur i bhfeidhm le haon imeachta no meádhoin eile, a bunófar ag na Coimisinéirí Ioncuim no ar sheirbheáil na gCoimisinéirí Ioncuim, de shórt na n-imeachta no na meádhon eile le n-a bhféadfí a leithéid eile sin de bhanna d'fheidhmiú roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922.

(3) Bainfidh an t-alt so le gach Acht do dhin Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, agus a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann an 31adh lá de Mhárta, 1923, agus a bhain le haon chuid de sna cánacha agus de sna diúitéthe a luaidhtear san Acht so no sa Sceideal a ghabhann leis seo no le bainistí aon chánacha agus diúitéthe dhíobh san.

Leasú ar Alt 13 d'Acht na Stampaí, 1891.

19. —Ní luífidh athchomharc, fé alt 13 d'Acht na Stampaí, 1891 (pe'ca fé mar a céad-achtuíodh é no mar a dineadh, le haon achtachán eile, é do chur i mbaint), i dtaobh aon cheist a bhaineann le luach aon mhaoine agus, in ionad an athchomhairc sin, éinne ná beidh sásta le haon bhreith áirithe a thabharfidh na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh luach aon mhaoine chun críche cáinmheasa fén Acht san féadfa sé athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin ar a gcuma a orduítear le hAilt 33 agus 34 den Acht Airgid (1909-10), 1910; agus bainfidh le hathchomharc fén alt so oiread de Chuid I. den Acht san agus bhaineann le hathchomhairc.

Leasú ar an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 .

20. —Gach Ordú a dineadh fén Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , ag Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann chun atharú no oiriúnú do dhéanamh ar aon Reacht Briotáineach (fé mar a mínítear leis an Acht san é) a bhaineann le haon cheann de sna cánacha agus de sna diúitéthe a luaidhtear san Acht so no sa Sceideal a ghabhann leis seo no le bainistí aon chánacha agus diúitéthe den tsórt san, tiocfa sé i ngníomh agus in éifeacht ón dáta adeirtar san Ordú san in ainneoin an dáta san do theacht roimh dháta an Orduithe, agus mara luaidhtear aon dáta den tsórt san ann tiocfidh an tOrdú san i ngníomh agus in éifeacht o dháta an Orduithe.

Tabhairt amach urrúsanna saor o cháin.

21. —(1) Aon urrús 'na bhfuil comhacht ag an Aire Airgid é do thabhairt amach chun aon airgead no iasacht do sholáthar, féadfar é do thabhairt amach fé choiníoll ná féadfar colann ná ús an urrúis sin do chur fé aon cháin i Saorstát Éireann má tespeántar, ar an gcuma a ordóidh an tAire Airgid, go bhfuil tairfe únaereacht an urrúis sin ag duine no daoine ná comhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann, agus beidh gach urrús a tabharfar amach fén gcoiníoll san saor o cháin dá réir sin.

(2) Ní bhainfidh forálacha Alt 34 den Acht Airgid, 1917, agus Alt 42 den Acht Airgid, 1918 (le n-a bhforáltar stuic agus bannaí áirithe a thugann an Ciste án Briotáineach amach do ghlaca in íoc diúitéthe báis) le cás aon éilimh ar dhiúitéthe báis a eireoidh i Saorstát Éireann as bás a thárlóidh ar an 1adh lá d'Abrán, 1924, no dá éis:

Ach i gcás diúitéthe báis do bheith iníoctha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chó maith le i Saorstát Éireann mar gheall ar mhaoin a fágfar le linn báis a thárlóidh roimh an 1adh lá d'Abrán, 1924, ní bhainfidh alt 34 san den Acht Airgid, 1917, agus alt 42 san den Acht Airgid, 1918, ach leis an bhfarasbár de sna stuic agus de sna hurrúsanna san a fhanfidh tar éis oiread den ghabháltas a chur chun íoctha diúitéthe báis sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann agus is féidir a chur chuige sin, agus i ngach cás den tsórt san beidh teideal ag na Coimisinéirí Ioncuim chun oiread eolais d'fháil o lucht na stoc no na mbannaí do thairisgint in íoc diúitéthe báis, agus a chuirfidh ar a gcumas a shocrú an mór é an farasbár roimh-ráite.

Gearr-Theideal agus dáta tús feidhme an Achta so.

22. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barra-cháin do theacht i bhfeidhm agus éifeacht do bheith aige ón 6adh lá d'Abrán, 1923, agus tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le haon cháin eile no le haon diúité do theacht i bhfeidhm agus éifeacht do bheith aige ón 1adh lá d'Abrán, 1923.